Líon alt a aimsíodh: 7
Siúinéir agus tógálaí ón gCillín, Gleann Fleisce, ba ea a athair Conchubhar agus ba í Maighréad Ní Thuama ó Screathan na nGamhan, Cúil Aodha, a mháthair ··· Bhí feirm bheag acu ach d’éirigh le Conchubhar, agus le Próinséas ina dhiaidh, í a mhéadú de réir a chéile ··· Deir Donncha Ó Cróinín faoi in Béaloideas 32, 1964: ‘...bhí craobh bhuacach de Chonradh na Gaeilge ag obair i mBaile Mhúirne, agus Próinséas Ó Ceallaigh, O.G., i mbun agus i mbarr gach éinní
Ba iad Conchubhar Ó Cróinín, feirmeoir, agus Gobnait Ní Luasa (Abigail Lucy) a tuismitheoirí
‘Ríscéalaí Mhúscraí’ a thug an scoláire Donncha Ó Cróinín air ··· D’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann dhá chnuasach d’ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín [q.v.] uaidh agus chuir Donncha Ó Cróinín eagar orthu: Scéalaíocht Amhlaoibh Í Luínse (1971) agus Seanachas Amhlaoibh Í Luínse (1980) ··· Moladh go hard a iarracht ar amhrán nuadhéanta ag Feis na Mumhan (An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902) agus san iomaíocht an lá sin bhí Riobard Bheldon [B2], Conchubhar Ó Deasumhna [B4], Domhnall Ó Conchubhair (1847-1930) [B3] agus Diarmuid Ó Muimhneacháin [B2]
Sa teach an oíche sin bhí Diarmuid, Cáit, Gobnait, Séamus agus Conchubhar ··· Ag cur síos air mar scéalaí deir Donncha Ó Cróinín sa nóta ar chlúdach an cheirnín: ‘Ba dhóigh leat gurb shin é an chéad uair aige ag gabháil don scéal, agus uaireanta nuair a shroisfeadh sé buaic na truaimhéile thiocfadh na deora, agus chaithfeadh sé stop den innsint ar feadh tamaill’ ··· Ag tagairt do Dhiarmuid arís dúirt Donncha in Béaloideas 32, 1964: ‘Bhí aithne cheana féin aige [Seán Ó Cróinín] [q.v.] ar Dhiarmuid ’ac Coitir agus ar a chumas scéalaíochta, ach bhí seó shaoil seanchais agus mioneolais ag Diarmuid de bhreis ar na scéalta agus raidhse seanamhrán
Ba iad a thuismitheoirí Seán Ó Cróinín, duine ‘des na Pronnséisigh ón bPlantation’, agus Eilís Uí Chróinín (Ní Iarfhlaithe), amhránaí aitheanta faoin ainm Bess Cronin ··· Bhí Conchubhar Ó Deasmhumhna [B4] ina chomharsa béaldorais aige agus an scéalaí cáiliúil Maidhc Mór Ó Loingsigh ··· (Donncha Ó Cróinín in Béaloideas 32, 1964)
I lámhscríbhinní Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, d’aimsigh Seán tagairt ag Seán Ó Cróinín[q.v.] do mhuintir a mháthar: gur bhean de mhuintir Iarlaithe na Tuinne í ··· Bhí a fhios go raibh gaol ag Micheál le Conchubhar Ó Deasumhna[B4] agus rinne Seán amach go mba dheirfiúracha iad máithreacha na beirte ··· Ní hamháin go raibh Ellen 48 bliana d’aois nuair a rugadh Micheál ach bhí ochtó bliain d’aois ag a dheartháir Mathúin Ó Tuama, dar le Seán Ó Cróinín, in Eanáir 1941
Bhailigh Seán Ó Cróinín [B5] seanchas óna athair (réamhrá le Seanchas an Táilliúra) ··· Bhí Aindrias féin in ann dul siar na seacht nglún: Aindrias, Séamus, Seán, Séamus, Seán, Conchubhar, Eoin Mór; bhí gaol gairid ag a shinsir i bhfad siar leis an bhfile Séamus Mór Ó Muimhneacháin ··· Comharsa i nGaorthadh na Péice ba ea Tadhg Ó Buachalla [B4] agus ba é Aindrias a chuir eagar in Seanchas an Táilliúra (1978) ar an ábhar a bhailigh Seán Ó Cróinín [B5]