Líon alt a aimsíodh: 2
Ar an gCarraig i nGaoth Dobhair a rugadh é (Owen McBride) 1 Eanáir 1898 agus ba é an dara mac é ag Conal Anna Mac Giolla Bhríde (cé gur ‘Colum McBride’ atá sa teastas breithe) agus Máire Nic Ghiolla Easbuic (Máire Eoghain Rua nó Mary Gillespie) ··· Bhí spéis mhór aige sa tseanchas agus théadh ag airneál go minic i dteach a uncail, Éamonn Mac Giolla Easbuic ··· Cuid de na drámaí a léirígh siad ina dhiaidh sin ba é Eoghan a chuir ar fáil iad: drámaí a bhunaigh sé ar shaol na háite, ar déanamh an phoitín agus ar chúrsaí cleamhnais; drámaí a scríobh sé ar théamaí staire mar shaol an Athar Séamus Mac Pháidín (In Aimsir an Mháirtínigh), agus mar a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill an sceitheadóir James Carey (An Fealltóir)
Ar an gCarraic i nGaoth Dobhair a rugadh ‘Annie Chonaill’ 2 Aibreán 1910 agus ba iníon í le Conal Anna Mac Giolla Bhríde agus Máire Nic Giolla Easbuic ··· Tháinig an t-aos óg seo le chéile i lochta nó scioból le hÉamonn Mac Giolla Easpaig [a n-uncail] agus faoi threoir Eoghain Mhic Giolla Bhríde cuireadh tús leis an gcleachtadh den chéad dráma Gaeilge, An tAonach.’ Ag tagairt don chéad léiriú deir sí: ‘Dúirt seanbhean amháin liom agus í ag cuachadh a seál thart uirthi féin ag dul amach an doras “Bhí oíche rua againn ··· Deirfiúr ba ea í le Eoghan Mac Giolla Bhríde (1898-1939) [B4] ··· ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair an chéad dream agus an t-aon dream a thug dráma Gaeilge amach as an tír.’ Ba é cathaoirleach an Chonartha i nGlaschú, Pádraig Mac Pháidín [B5], a thug anonn iad