Líon alt a aimsíodh: 4
Duine de na mic léinn a bhí ag foghlaim uaithi ba ea Douglas Sealy agus gheofar tuairim dá háilleacht, dá pearsantacht, dá hábaltacht mar mhúinteoir, agus dá cumas mar amhránaí in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann in Eanáir 1977 (i gcló i leabhar Éamoin Uí Chiosáin, chomh maith le pictiúr dubh is bán den phortráid a rinne Charles Lamb) ··· I gcomhpháirt le Pádraig Ó Concheanainn d’aistrigh sí ó Bhéarla an Chaptaen Charles McGuinness an leabhar eachtraíochta Viva Irlanda le cur i gcló sa pháipéar agus thug an Gúm amach mar leabhar é, Ceathrar comrádaí, 1943
Charles Lamb, péintéir mórcháiliúil, a hathair ··· An oíche áirithe seo ann is ar chailín darb ainm Laillí Lamb a bhí a aird dírithe ··· Gheofar cuntas ar an lánúin sin Lamb in Dictionary of Irish Biography (2009)
Oíche Nollag 1929 a saolaíodh Peadar Lamb ar an mBóthar Buí in aice na Ceathrún Rua ··· Ba as Port an Dúnáin i gContae Ard Mhacha dá athair, Charles, ealaíontóir a tháinig go Conamara ar mholadh Phádraic Uí Chonaire agus a bhfuil cáil mhór ar a shaothar, go háirithe na pictiúir ina bhfeictear gnáthmhuintir Chonamara agus Árann ··· D’fhreastail Peadar Lamb ar Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua agus ina dhiaidh sin chaith sé cúig bliana i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá, Gaillimh, sular oileadh mar bhunmhúinteoir é i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach ··· Ón mbliain 1954 go dtí go gairid sular bhásaigh sé, bhí Peadar Lamb ar dhuine de na haisteoirí Éireannacha ab aitheanta agus ba chruógaí dá raibh – ar stáitse, ar teilifís agus i scannáin ··· I dtús a shaoil ar stáitse bhí Peadar Lamb páirteach mórán i ngach ceann de na drámaí agus de na geamaireachtaí i nGaeilge a ndearnadh léiriú orthu in Amharclann na Mainistreach mar chuid de pholasaí na linne sin
Ó Charles Lamb a bhíodh sé ag foghlaim na healaíne sin