Líon alt a aimsíodh: 1
Ba i bPoll Raithní ar leithinis an Chorráin a rugadh Seán Ó hÉalaí ar an 27 Eanáir 1938, an té ba shine de bheirt chlainne a saolaíodh do Tom Sheáin Ó hÉalaí as an mbaile sin agus dá bhean Catherine Terry Ghallchóir ··· Gur tháinig a cheapachán raibh aon fhostaí de chuid an stáisiúin lonnaithe go lánaimseartha sa limistéar Gaeltachta sin, agus mar chuid dá chuid oibre bhíodh sé ag plé le cúrsaí nuachta agus spóirt, le ceol agus leis an ngné den saol ab ansa leis: caint, comhrá agus seanchas ··· Dá uireasa bheadh fáil ag na glúnta atá le theacht ar shaibhreas a gcuid cainte, ar chumas a gcuid grinn agus ar an eolas a bhí acu ar an stair a bhain leis na ceantair dar díobh iad ··· Bhí na scórtha acu ann, ach ar an dream ba iomráití acu bhí Seán Ó Dochartaigh as Ceathrú Thaidhg (nó ‘Stanton’ mar ab fhearr aithne air), Micky Joe Ó Conólaí as Ros Dumhach, Mary John Tom Breathnach as an nGlais ar an bhFód Dubh, Biddy Phat Mhicil Conboy (Bríd Pheaits Mhicil Loideáin) as Ceapaigh na Creiche i gCoill an tSiáin i dTuar Mhic Éadaigh, a rugadh in 1899 agus a raibh cuimhne ghléineach aici ar chuairteanna Phádraig Mhic Phiarais ar an gceantar sin, agus Tony Chatherine Antoine William Ó Cathmhaoil as Buaile an Ghleanna ar an gCorrán, Acaill, údar na leabhar Seanfhocail as Acaill (1995) agus A chomhairle féin do Mhac Anna: seoda as Acaill (1999), leabhair nach mbeadh ann murach Ó hÉalaí ··· Fearacht bhunáite mhuintir Acla raibh de rogha ag Tom Sheáin ach aghaidh a thabhairt ar Shasana agus ar Albain, áit a raibh obair le fáil ar fheirmeacha agus ar shuíomhanna tógála fad agus a d’fhan a bhean agus a chlann sa bhaile ag tabhairt aire don gheadán beag talún a bhí ansiúd aige agus a bhfillfeadh sé air gach uile Nollaig nó le hobair an earraigh a dhéanamh