Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) [B3] agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh ··· Cabinéadaire ba ea é tráth ach iompórtálaí saothair ealaíne, agus siopa aige i Sráid Nassau agus brainse i Londain, ba ea é nuair a rugadh Cathal ··· D’aistrigh siad go 29 Sráid Fheardorcha Thuaidh nuair a bhí Cathal cúpla bliain d’aois agus d’fhreastail sé ar Scoil Cholmcille, Sráid Doiminic ··· Bhí Cathal ag freastal ar Choláiste Belvedere ag an am agus is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902 go bhfuair Cathal onóracha i scrúduithe Chompántas an Phléimionnaigh
Damn the thing he knows but low songs from pantomimes, come-all-ye’s by Cathal McGarvey, and his prayers” ··· Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: Sammy nó Somhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack ··· Ag deireadh an chéid bhí post ag Cathal i gcomhlacht J ··· Shíl a mhac Cathal (a rugadh in 1896 agus a bhí fós ina bheatha i Newcastle-on-Tyne um Nollaig 1988) gur le cabhair Chonradh na Gaeilge a bhí an siopa ar cíos aige, nárbh acmhainn dó féin é ··· Is é an cur síos a rinne Cathal óg ar an siopa: “Beautifully decorated in colour, and in Gaelic scroll and looking like a section of the Book of Kells, cocking a snook at the Dublin Castle minions ...” Gearradh fíneáil deich scilling ar Chathal uair faoina ainm a bheith i nGaeilge os cionn an tsiopa
Tiománaí traenach agus Pairneilíteach dílis ba ea a athair Cathal agus ba as Baile Raghnaill dá mháthair Éilís Nic Ghiolla Earnáin ··· Dhoire, nuair a bhí Cathal an-óg agus is ann a chuaigh sé ar scoil ··· B’é Cathal a thug an scéal ó Shéamas Ó Conghaile go dtí Dennis McCullough go raibh plean míleata réidh ag Arm Cathartha na hÉireann ··· Faoi Cháisc 1916 bhí Cathal agus céad óglach in éineacht leis ullamh chun troda in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain
Chomh luath agus a bhí sé in aois fir, bhí sé [Cathal] sáite in achan rud Gaelach in oirthear an chontae ··· Bhí mórchuid daoine in aghaidh an chló rómhánaigh agus nuair a glacadh le rún á cháineadh ag cruinniú speisialta ar 28 Iúil 1931 ba é Cathal an t-aon duine amháin a bhí in aghaidh an rúin, seachas Liam de Róiste [B3] ··· Is dóigh gurb é aighneas an chló atá i gceist in eireaball na habairte seo in Inniu 8 Iúil 1949: ‘Fear lách dea-mhúinte nach raibh claon ar bith ann Cathal Ó Tuathail ach fuair sé íde nár thuill sé’ ··· Toisc a dhealraimh, b’fhéidir, thugtaí ‘Cathal Buí’ agus ‘An Síneach’ air
In Cathal Buí: amhráin (1975) tá a bhfuil d’eolas ar fáil faoi bailithe ag Breandán Ó Buachalla ··· an Chabháin, a rugadh Cathal ··· Tá leagan de i gcló ag Ó Buachalla ar an ábhar gur air a leagtar é ach deir sé faoin leagan a roghnaigh sé in Nua-Dhuanaire II (1976): ‘Is cinnte nach é [Cathal Buí] a chum é, ámh, agus b’fhéidir go dtéann an bunamhrán siar go dtí an 17ú haois.’ Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Bhí triúr deartháireacha agus aon deirfiúr amháin ag Cathal; dornálaí nótáilte a dheartháir Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla i 1937 agus 1938 ··· Múinteoirí sa dá scoil sin a chuir i dtreo na Gaeilge é; chuir fear sa bhunscoil Cathal a bhailiú airgid do Chiste na Teanga agus gan ach ocht mbliana slánaithe aige ··· In Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) tugann Dorothy Ní Uigín cur síos ar a shaothar ar son Inniu: ‘Ar 26 Eanáir 1951 cuireadh tús le “Scéal Lorgaireachta” le Cathal Ó Sándair; sraith scéalta a bhí anseo do dhaoine óga a raibh Réics Carló ina laoch iontu ··· Faoi dheireadh 1953 bhí leathanach iomlán ag Cathal Ó Sándair sa nuachtán do dhaoine óga le Réics Carló, comórtais áirithe, agus píosaí beaga eolais a gcuirfeadh daoine óga suim iontu.’ D’éirigh go maith leis ar dtús mar scríbhneoir lánaimseartha ach tar éis tamaill bhí sé fágtha gan mórán de theacht isteach aige
Bhí aiste fhada dar teideal ‘Passing of a pioneer in development of Gaeltacht areas – Cathal Mac Gabhann’ ag Nollaig Ó Gadhra in Connacht Tribune 16 Nollaig 2005 ··· In Eanáir 2005, nuair a bhí 25 bliana den Údarás á chomóradh, dúirt an tAire Éamon Ó Cuív go raibh de thoradh ar fheachtas chearta sibhialta na Gaeltachta agus ar rud a rinne Cathal, is é sin Ghaeltarra a dhílárú, go raibh plé áitiúil agus díospóireacht á gcothú sa Ghaeltacht, sin agus an tionchar a bhí ag an dá rud maidir le ceist bheo a dhéanamh de cheist na Gaeltachta ··· I rith a théarma ceannais bhíodh Cathal le feiceáil agus le clos go minic ar chláir chúrsaí reatha mar ‘Féach’
Sa chlann acu bhí Máire, Áine (Neans) agus Cathal ··· Rugadh Máire ar 9 Nollaig 1887, Neans ar 16 Samhain 1889, agus Cathal ar 29 Márta 1892 ··· In 1892 a rugadh Cathal de Paor ··· Luaitear mar bhuaiteoir i gcomórtas logainmneacha ag Oireachtas 1912 “Cathal de Paor, Rúnaí, Cumann Dinn-seanchais na hÉireann” ··· Ag tagairt do 1913 scríobh Cathal Ó Seanáin [q.v.] i ndiaidh bhás Chathail: “That year he was one of the youngest of a little group of Dublin citizens above the battle, who strove to arouse some decent civic spirit in the turbulence of the great labour upheaval”
I bPáras a cuireadh oideachas ar Skelton agus d’fhoghlaim Cathal léamh na Fraincise uaidh ··· Is le linn dó a bheith sa chathair a chuir Cathal aithne ar Sheán agus ar Thadhg Ó Neachtain agus a gcomhluadar agus a chóipeáil sé ábhar as ‘Leabhar Bhaile an Mhóta’ a bhí an t-am sin ag muintir Uí Neachtain ··· Íorónach go leor, d’iompaigh a dheartháir óg Hugh a chóta i 1777 d’fhonn gurbh aigesean a bheadh Béal Átha na gCarr; lean an cás ar feadh ocht mbliana agus bhí Cathal go mór as póca de dheasca an tsocraithe a rinneadh
Ar 27 Deireadh Fómhair mhol Cathal Brugha go mbunófaí Aireacht le haghaidh na Gaeilge agus go dtoghfaí Uachtarán Chonradh na Gaeilge mar Aire ··· Deirtear nach nglacadh sé féin ná Cathal Brugha na tuarastail a bhí ag dul dóibh mar airí (Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969, le Tomás Ó Dochartaigh) ··· An bheathaisnéis an fhoirm is mó a shaothraigh sé: Beatha Lorcáin Naomhtha Uí Thuathail (1905); Brian Bóirmhe: a shaol agus a bheatha (1906); Beatha an Athar Tiobóid Maitiú (1907); Beatha Bhreandáin, a imeachtaí agus a iomramha (1915); Cathal Brugha (1942); A trinity of martyrs: Terence Mac Swiney, Cathal Brugha, Austin Stack (1947)
Iarmhac léinn aige Cathal Goan, Ardstiúrthóir RTÉ, agus dúirt an tUltach seo ar lá na sochraide: Níorbh fhada gur mhéadaigh mo thuiscint ar na focla a bhí á rá aige, mo mheas dá réir ar an ealaín, an ghéarchúis agus an saothar a bhain lena dtiomsú agus mo chion ar an duine croíúil ceart a bhí dár spreagadhna mar mhic léinn tríd an mháistreacht iontach teanga sin i dtreo na fiosrachta agus na hurraime don léann a chleacht sé féin ar feadh a shaoil ··· Foilsíodh Cnuasach Chléire in eagar ag James McCloskey agus Cathal Goan in 2017 ··· Ní foláir nó is tuairim an ama chéanna a mhéadaigh ar a spéis i bhfilí Uladh agus foilsíodh Peadar Ó Doirnín: amhráin (1969) agus Cathal Buí: amhráin (1976) ··· Thaistil siad le chéile go deisceart Ard Mhacha, go hÚrchill an Chreagáin agus go hÚrchnoc Chéin Mhic Cáinte, ag déanamh cláracha faoi fhilí Oirialla, Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaidh agus Cathal Buí
Ina cuntas ar Ó Luinín in DIB scríobhann Katherine Simms go ndearna Cathal Ó Conchubhair[q.v.] tagairt dó mar ‘Cormac of the Cúl’ son of Matha ’the White’ Ó Luinín
Ina measc bhí Tuibear, Aodh Bui Mac Cruitín[q.v.], Cathal Ó Luinin[q.v.], Proinsias Bhailis[q.v.], Diarmuid Ó Conchubhair[q.v.], Anthony Raymond[q.v.], Aodh Mac Gabhráin[q.v.], Cathal Ó Conchubhair[B6], John Fergus[q.v.] agus gan amhras Seán Ó Neachtain[q.v.]
Dúirt Cathal Ó Tuathail [q.v.] in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair ··· ‘Choinnigh sé ón am sin dhá cheist os comhair an phobail, mar atá, staid na Gaeltachta agus faillí an Choiste Gnó maidir le tógáil Halla Thomáis Ághas’, a dúirt Cathal Ó Tuathail ··· In éineacht le Cathal, Seán Beaumont[B1], Earnán de Siúnta[B1], Seán Ó hUadhaigh[B2], agus Séamus Ó Tallamhain[B3] bhunaigh sé Coiste na bPáistí in 1932 d’fhonn páistí an lucht oibre a chur chun na Gaeltachta ar saoire; b’eisean an rúnaí agus an duine ba ghníomhaí, b’fhéidir, den seisear
Tá cuntas iomlán ar shaol, ar shaothar is ar mhuintir Mhicí, mar aon lena nginealach, ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta (1993) ··· ‘Dar le Micí gur fhoghlaim sé níos mó ar an scoil oíche ná mar a d’fhoghlaim sé ar scoil an lae’, deir Cathal Póirtéir
Cathal ab ainm dá athair ··· B’amhlaidh a cuireadh a mhuintir as seilbh a ngabháltais i nGartán agus gur chuaigh Cathal le ceird na báicéireachta i nGort an Choirce
Kelly in Innti 12, 1989 (‘Suaimhneas ort—Conleth Ellis 1937-1988’); ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995; ag Cathal Ó hÁinle in Comhar, Meitheamh 1988 ··· In Comhar, Aibreán 1987 (‘Filíocht Ghaeilge Chonleth Ellis’) pléann Cathal Ó hÁinle a dhéantús
Gheofar cuntais air in Comhar, Nollaig 1999 ag Mícheál Mac Aonghasa, agus in Carn, geimhreadh 1999-2000 ag Cathal Ó Luain, Mícheál Mac Aonghasa, Peter Beresford Ellis, agus Mark Kermode; ag Brendan McWilliams (‘Weather Eye’) in Irish Times 6 Nollaig 1999 ··· Bhronn an Conradh Ceilteach féilscríbhinn air, For a Celtic Future: A Tribute to Alan Heusaff, 1984 in eagar ag Cathal Ó Luain
ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ar feadh 1944-57 go dtí gur bhuaigh Cathal Ó hEochaidh an suíochán ··· Ní raibh sé ag réiteach le Cathal Ó hEochaidh ach deirtear go raibh siad cairdiúil le chéile ar bhonn pearsanta
Bhí an-bhaint aige leis an leabharlann sa Choláiste agus chuidigh go mór lena chara Cathal Ó Conchubhair[q.v.] chun teacht ar lámhscríbhinní ann ··· Deir Nollaig Ó Muraíle in The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh ..., 1996: ‘With the support of Edmund Burke, he [Cathal Ó Conchubhair] urged Leland to undertake a fairminded history of Ireland
Ba iad Cathal O’Boyle, múinteoir scoile, agus Susan McLarnon a thuismitheoirí ··· Bhí dúil mhór ag Cathal i gceol dúchasach na hÉireann
His beautifully clear and distinct diction in acting and broadcasting was especially noticeable’ (i gcuntas a scríobh Cathal Ó Seanáin [B1] in Evening Press 5 Feabhra 1960) ··· Dúirt Cathal Ó Seanáin go raibh spéis ar leith aige i ndeireadh a shaoil go ndéanfaí rud éigin ar son a raibh fágtha den Bhriogáid Éireannach a chuir Casement ar bun sa Ghearmáin
Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont [B1], Seán Ó hUadhaigh [B2], agus Earnán de Siúnta [B1] ··· A chomhoibrí sa Chonradh agus i gCoiste na bPáistí, Cathal Ó Tuathail, a sheas leis
Cé go molann Cathal Ó Háinle Peig agus a saothar in ‘Peig, Aonghus Ó Dálaigh agus MacBeth' deir sé gurbh é a creideamh láidir i nDia a bhac uirthi a haigne féin a léiriú ‘ar bhealach suntasach corraitheach’: ‘Ba é an creideamh, dá bhrí sin, valium na linne ··· Dúirt an scoláire béaloidis Seán Ó Súilleabháin faoi Pheig in Scéala Éireann (i gcló ag Cathal Ó Háinle): ‘Bean dathúil phearsanta ba ea í go dtí an lá a cailleadh í, dá mhéad de challshaoth agus de bhuairt a sheol Dia na Glóire chúiche
Bhí sé mór le scoláirí mar an Dr John Curry (c.1710-80) agus Cathal Ó Conchubhair[q.v.] ··· Cathal Ó Conchubhair a chuir Gaeilge air
I measc na mball bhí an tArdeaspag Carpenter [q.v.], Cathal Ó Conchubhair[q.v.], an Tiarna Charlemont, an Dr Thomas Leland [q.v.], Leabharlannaí Choláiste na Tríonóide, Sir Lucius O’Brien, agus d’fhostaigh siad Muiris Ó Gormáin mar amanuensis ··· Bhí Cathal Ó Conchubhair agus Edward Ledwich[q.v.] i measc na scríbhneoirí a chuidigh go luath leis san fhiontar sin
Tá fianaise ann gur thug Cathal Ó Luinín [q.v.] cabhair san aistriúchán sin ··· Deir Séamus Ó Casaide; ‘The Irish translation of the Book of Common Prayer ..., I have reason to believe, the work of Cathal (or Séurllus) Ó Luinín (anglicé Lynegar) from Fermanagh.’ Deir McAdoo an rud céanna ach cuireann an méid seo leis: ‘Something has already been said to shew that the book of 1712 suffers through its endeavour to keep too close to the English
D’fhoilsigh Cathal Ó Conchubhair é i 1775 faoin teideal Ogygia vindicated against the objections of Sir George MacKenzie ··· Ba dhóigh le Cathal Ó Conchubhair[B6] go raibh sé ag obair le fada ar ‘Ogygia Christiana’; bhí de thuairim ag Walter Harris (1686–1761) go raibh an lámhscríbhinn ag muintir Fhlaithbheartaigh ach níl tuairisc air inniu
Bhí a athair agus uncail leis i bpríosún in Wormwood Scrubs, in Wandsworth agus in Frongoch i ndiaidh 1916: tá Owen Hughes, Achadh Ghobhair, agus Charles [Cathal/Cormac] Hughes, Cathair na Mart, liostaithe ag Seán O Mahony in Frongoch: University of Revolution, 1987; toisc a óige a bhí sé is go dtí Bellini in Albain a cuireadh a uncail Pádraig ··· Bhí a uncail Cathal ina rúnaí ag Feis Chonnacht i 1908; faoi 1917 bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag tacú le Pádraic Ó Conaire [B2] chun An Ridireacht Liteartha a bhunú d’fhonn cabhrú leis an scríbhneoireacht Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 21 Aibreán 1917)
Tá cuntais air sna haistí sin a scríobh Nessa Ní Shéaghdha, Cathal Ó Háinle, May H ··· Deir Cathal Ó Háinle (‘Seán agus Tadhg Ó Neachtain: Cleamhnas agus Gaol’ in Éigse, XXXV, 2005) go bhfuair Máire bás 11 Aibreán 1733 agus gurbh í Bett/ Betty/ Bess Meares ón Muileann gCearr, Co
Tá cuntas ar mhuintir seo Mhicí ag Cathal Póirtéir in Micí Sheáin Néill: scéalaí agus scéalta, 1993 agus tá cuntais iarbháis ar Bhidí ag Pádraig Ó Baoighill agus Máire Mhic Niallais in Anois 13-14 Aibreán 1991 agus ag Pádraig Ua Cnáimhsí in An tUltach, Aibreán 1992
Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Cathal Ó Háinle agus Regina Uí Chollatáin ina n-aíonna aige agus cuireadh leagan de i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley ··· Chuir Cathal Ó Háinle eagar ar na scéalta seo in Gearrscéalta an Phiarsaigh (1979)
Bhí an deis ag Cluad agus Cathal a dhúshlán a thabhairt ach ní dúirt siad dada, in ainneoin gurbh í an chomhairle a chuir an Coiste Gnó orthu go labhróidís Gaeilge (An Claidheamh Soluis 8 Aibreán 1916)
Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56 (1998), arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), in eagar ag Cathal Ó Háinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (1999), in eagar ag Ríonach Uí Ógáin ··· Foilsíodh dhá shaothar eile leis in 2002: Barbed Wire, in eagar ag Cathal Ó Háinle agus An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, in eagar ag Seán Ó Laighin
Ní raibh Cathal Ó Conchubhair[B6] in ann brí a bhaint go hiomlán as an nGaeilge iontu, ach gan amhras bhí Charles Vallancey[B6] teann as a chumas féin sa teanga agus bhain leas astu in Essay on the antiquity of the Irish language, 1772 agus arís sa tsraith Collectanea de rebus hibernicis
File, cruitire, cara le Cathal Ó Conchubhair[B6] agus le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.]
Ba é Cathal Brugha[B5] a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é agus chaith sé tamall i bpríosún i ndiaidh Éirí Amach 1916
Tá an fheartlaoi a scríobh a mhac Cormac i gcló in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998; in An tUltach, Bealtaine 1998 tá ‘Saothar Phadaí’ le Cathal Ó Diolúin; tá ‘Pádraig Ó hÁdhmaill’ le Gearóid Mac Giolla Domhnaigh san iris chéanna, Meitheamh 1998
Bhí stór mór amhrán ag Neilí Mhicí Hiúdaí mar a b’fhearr aithne ag a cairde uirthi agus tá cuntas iarbháis in Ceol VII, uimhreacha 1 agus 2, 1984 ag Cathal Goan, atá pósta ar iníon dearthár di, Maighread Ní Dhomhnaill; tá iontráil nach bhfuil ainm leis in The companion to Irish traditional music (1999) in eagar ag Fintan Vallely
Go dtí lá a bháis bhí sé ina rúnaí ag Craobh Inse Chór; nuair a chuaigh Feis Bhaile Átha Cliath in éag ba iad Tomás agus Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina Uachtarán ar an gConradh 1965-68, a d’athbhunaigh é agus chaith sé tamall maith ar choiste na Feise sin
Cháin Cathal Brugha agus Abhaistín de Staic an cur isteach, dar leo, a bhí sé a dhéanamh ar reáchtáil na ranna cosanta agus gnóthaí baile a bhí faoina gcoimirce siúd ··· Bhí nimh san fheoil idir é agus Cathal Brugha go háirithe
Bhí baint lárnach aige le trí scannán faisnéise de chuid RTÉ: My own place (1980) (Tony McMahon a stiúir); Cur agus cúiteamh (1990) (Cathal Goan a stiúir); The story of the wren (1991) (Ríonach Uí Ógáin a stiúir)
Tá cuntais air: ag Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán ar an gConradh 1965-68, in Feasta, Samhain 1997; ag Muiris Mac Conghail agus Mícheál Ó hUanacháin in Irish Times 12 Samhain 1997; ag Micheál Mac Aonghusa in Feasta, Márta 1998
B’fhéidir gurbh é Cathal Ó Sándair[q.v.] an scríbhneoir Gaeilge is mó dá raibh ag foghlaim na teanga uaidh
Chill Mhantáin, bhí teach darb ainm ‘St Valerie’ aige agus thagadh a chairde ar cuairt chuige ann, Silbhester Ó hAllmhuráin [q.v.], Cathal Ó Conchubhair [q.v.], agus Charles Vallancey [q.v.] ina measc
Cathal Ó Beirn a scríobh i mBéarla, 1935
Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair[q.v.], Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara
Deir Charles Mac Neill [Cathal Mac Néill B6]: in Publications of Irish interest published by Irish authors on the Continent of Europe prior to the 18th century, 1930 gurb é atá sa chuid sin den leabhar ná Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe ..., 1663 le John Dowley [Seán Ó Dubhlaoich q.v.]