Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
In Irisleabhar Má Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) tugann Dorothy Ní Uigín cur síos ar a shaothar ar son Inniu: ‘Ar 26 Eanáir 1951 cuireadh tús le “Scéal Lorgaireachta” le Cathal Ó Sándair; sraith scéalta a bhí anseo do dhaoine óga a raibh Réics Carló ina laoch iontu ··· Faoi dheireadh 1953 bhí leathanach iomlán ag Cathal Ó Sándair sa nuachtán do dhaoine óga le Réics Carló, comórtais áirithe, agus píosaí beaga eolais a gcuirfeadh daoine óga suim iontu.’ D’éirigh go maith leis ar dtús mar scríbhneoir lánaimseartha ach tar éis tamaill bhí sé fágtha gan mórán de theacht isteach aige ··· Is é seo an scríbhneoir Gaeilge is bisiúla a rinne freastal ar an aos óg; meastar gur timpeall 160 leabhar a scríobh sé, a bhfuil cuid díobh gan foilsiú, agus tá liosta 106 teideal i gcló i gcatalóg an Ghúim, Leabhair agus Ceol: Liosta Ginearálta, 1962 ··· Bhí triúr deartháireacha agus aon deirfiúr amháin ag Cathal; dornálaí nótáilte a dheartháir Jack a bhuaigh craobh na hÉireann i meáchain éagsúla i 1937 agus 1938 ··· Múinteoirí sa dá scoil sin a chuir i dtreo na Gaeilge é; chuir fear sa bhunscoil Cathal a bhailiú airgid do Chiste na Teanga agus gan ach ocht mbliana slánaithe aige
Ní raibh sí go líofa aici go ceann 12 bliain agus le Béarla a tógadh Sceilg ··· Luaitear in An Claidheamh Soluis 2 Bealtaine 1908 gur léiríodh dráma trí ghníomh leis Seán Óg i gCathair Dónall agus gur ghlac cainteoirí dúchais na 17 ról ann ··· Ar 27 Deireadh Fómhair mhol Cathal Brugha go mbunófaí Aireacht le haghaidh na Gaeilge agus go dtoghfaí Uachtarán Chonradh na Gaeilge mar Aire ··· Deirtear nach nglacadh sé féin ná Cathal Brugha na tuarastail a bhí ag dul dóibh mar airí (Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969, le Tomás Ó Dochartaigh) ··· Mac díobh ba ea Seán óg Ó Ceallaigh (1908–1975) a bhí ina Ard-Rúnaí ag an gConradh sna 1930idí
His beautifully clear and distinct diction in acting and broadcasting was especially noticeable’ (i gcuntas a scríobh Cathal Ó Seanáin [B1] in Evening Press 5 Feabhra 1960) ··· D’aistrigh sé An craipí óg ón mBéarla chun go gcuirfeadh Gearóid Ó Lochlainn[B3] in eagar é mar cheoldráma gearr ··· Slataire d’fhear óg ó Chorca Dhuibhne ab ea é a raibh togha na Gaeilge aige, agus ar nós an tSeabhaic bhí an ceol ann, agus ba mhóide meas an phobail air an ceol céanna ··· Dúirt Cathal Ó Seanáin go raibh spéis ar leith aige i ndeireadh a shaoil go ndéanfaí rud éigin ar son a raibh fágtha den Bhriogáid Éireannach a chuir Casement ar bun sa Ghearmáin
Tá scéal a óige inste aige in Na laetha a bhí, 1953 (eagrán nua 1967) ··· I measc na leabhar ar fad a dhéanann cur síos ar óige na n-údar is dóigh nach bhfuil leabhar ar bith a bhfuil meon an linbh le feiceáil chomh soiléir ann agus atá in Na laetha a bhí, le hEoghan Ó Domhnaill’ ··· Cathal Ó Beirn a scríobh i mBéarla, 1935 ··· Peileadóir Gaelach aitheanta le linn a óige ba ea é; amhránaí cumasach agus seanchaí é a chraol go minic ar Radio Éireann
Tá cuntais air: ag Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán ar an gConradh 1965-68, in Feasta, Samhain 1997; ag Muiris Mac Conghail agus Mícheál Ó hUanacháin in Irish Times 12 Samhain 1997; ag Micheál Mac Aonghusa in Feasta, Márta 1998 ··· Dhein sé cúram ar leith de na healaíona físeacha, agus ba mhinic grianghrafanna de shaothar ealaíontóirí óga i gcló aige i Feasta.’ Bhí cuid mhór de Mhór-roinn na hEorpa siúlta aige
Ó Tuama, le tionlacan ó na deartháireacha Cormac agus Fionán de Barra; Triúr bleachtairí óga (1995), úrscéal do dhéagóirí óga le Dónall féin, a bhuaigh duais Oireachtais; Fuadach Juventus (1998), aistriúchán ón Iodáilis le Dónall ar úrscéal do dhaoine óga le Carlo Moriondo; I ndiaidh mo bháis (2001), úrscéal le Dónall faoin ainm cleite Cathal Ó Floinn, a bhuaigh duais Oireachtais; Ríomhaire Shain Nioclás (2001), le Francesco Tecce, aistrithe ón Iodáilis ag Róisín; Ceol na Nollag (2002), cumadóireacht Dhónaill agus Róisín anseo ina measc, ‘An Leanbh Íosa’, a chum Dónall agus é ina dhéagóir; Ag réiteach le haghaidh faoistine (2005), le Dónal Ó Cuilleanáin, aistrithe ón mBéarla ag Ciarán Ó Coigligh; Daoine dathúla an iarthair (2005), le Seán Ó Corbáin, scéalta beaga greannmhara, suimiúla faoi mhuintir an iarthair; Aiséirí/Requiem (2006), saothar ealaíne le hEoin Mac Lochlainn sna cillíní mar a raibh laochra 1916 i gCill Mhaighneann agus dánta le Ciarán Ó Coigligh; agus Mo leabhairín dánta (2007), rannta do leanaí le Con Ó Tuama le healaín ó Dhamhnait Ní Thuama
Ar Shráid na Blarnan i gcathair Chorcaí a rugadh Liam Ó Murchú, nó Billy Murphy mar a bhí air ina óige, ar an 10 Feabhra 1929, an duine is óige clainne ag Kennedy Murphy, a throid le Fiúsailéirí Bhaile Átha Cliath sa Chéad Chogadh Domhanda, agus a bhean Julia Buckley, oibrí i muileann línéadaigh ··· D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath agus le himeacht ama ceapadh mar chomhairleoir ar chúrsaí dlí é ag na hairí sláinte, Seán Mac an tSaoi agus Cathal Ó hEochaidh faoi seach ··· Bhí tithe ag Gael Linn ar an mBuailtín agus thógaidís ceann ar cíos ar feadh míosa ··· Ba mhinic a chan sé ‘Sliabh na mBan,’ ‘Dónall Óg’ agus go leor eile, i dTigh Uí Chatháin i mBaile an Fheirtéaraigh nuair a bhíodh oícheanta go maidin acu
Ach d’fhág sé an scoil go hóg ··· Ach má d’fhág an Guairimeach an scoil go hóg, níor fhág sé an léann ná an fhoghlaim ··· Bhí staidéar agus taighde déanta aige ar na seanfhilí agus ar a saothar: Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, Riocard Bairéad, Art Mac Cumhaigh agus Micheál Mac Suibhne, a dtagraíodh sé go minic dóibh go poiblí, agus bhí saothar scríbhneoirí móra agus filí an Bhéarla léite freisin aige ··· Phós Seosamh Naoko Nakayama ón tSeapáin sa bhliain 1996 agus bhí beirt mhac acu, Seosamh Óg agus Riocard
‘Gael de fhíor-threibh Gael’ a thug Cathal Ó Tuathail [B4] air in Sunday Independent 13 Meán Fómhair 1934 ··· As an Tamhnaigh, Cill Charthaigh, dá athair Micheál agus bhí siopa grósaeireachta agus crua-earraí aige nuair a rugadh Micheál óg ··· Bhí an t-athair ag obair mar pheidléir sna Stáit Aontaithe ó 1867 go 1876 agus tá cuntas air in Micheál óg 1884-1958 ó’n a pheann féin agus cuid dá dhánta, (1983) in eagar ag Pádraic Mac Seáin S.P ··· ‘Díorfach beag faonlag’ ba ea Micheál óg nuair a bhí sé ag freastal ar Scoil an Chaonacháin i gCill Charthaigh ··· Lean a spéis sa drámaíocht agus tuairiscíodh in Ar Aghaidh, Nollaig 1935: ‘Ar 30 Deireadh Fómhair chuir Micheál Óg Mac Pháidín ceist ar Aire an Airgid muran féidir leis smacht a choinneál feasta ar an Abbey Theatre an smaoinfeadh sé faoin deontas atá á fháil acu a choinneáil uatha le go dtabharfaí an t-airgead sin le cuidiú le drámaí sa Ghaeltacht’
Ba iad Cathal O’Boyle, múinteoir scoile, agus Susan McLarnon a thuismitheoirí ··· Múinteoir scoile ba ea í agus bhí sí i measc na mban óga a théadh go hÓ Méith sa samhradh ag foghlaim Gaeilge ··· Bhí sí ina cónaí le clann Bhaoill le linn óige Sheáin ··· Bhí dúil mhór ag Cathal i gceol dúchasach na hÉireann ··· Bhíodh ceoltóirí agus Gaeilgeoirí sa teach aige go minic nuair a bhí Seán óg
Agus tá sé go diail cliste mar oide, agus go leor oidí óga seolta i mbun gnótha aige ··· Is maith an aithne a bhí ag Cathal Brugha [q.v.] air agus ag dea-Ghaeil eile’
na Mí, a athair, Cathal, agus ba í Máiréad Downs a mháthair ··· In fact this legacy was not paid to the trustees until June, 1820, after a lawsuit which began in 1815.’ Deirtear in Warburton’s History of Dublin, 1815, sa tagairt do ghanntanas na sagart le Gaeilge: ‘To remedy this a pious scrivener, of the name of Keenan, sunk one thousand pounds of his hard-earned property, the produce of a long, laborious and economical life, for £60 per annum to support an Irish professor “for teaching and instructing the students of the College of Maynooth the Irish language in the Irish character”.’ Dhealródh sé ar shliocht as The Life of Archbishop Crolly of Armagh, 1851 le George Crolly, atá i gcló ag Ó Muirithe, gur mhisnigh Ó Briain mic léinn, ollúna óga agus léachtóirí sóisearacha chun Gaeilge a labhairt os ard i bproinnteach an Choláiste, fiú mura raibh ach beagán den teanga ar eolas acu—an Fhraincis is mó a labhraíodh cuid mhór de na hollúna ··· ‘This proceeding soon had the desired effect; for the Gallican party were glad to compromise matters, by making English the ordinary medium of communication at table.’ Bhí sé cairdiúil le Mícheál Óg Ó Longáin[q.v.], Éadbhard Ó Raghallaigh agus Donnchadh Ó Floinn[q.v.]
De réir Dhaonáireamh 1901 ba é Ailbhe an duine ab óige den cheathrar mac agus den bheirt iníonacha a bhí ag cur fúthu sa teach ar 31 Márta 1901 ··· Bhí a dheartháir Cathal (a maraíodh i gCill Orglan Aoine an Chéasta 1916 in éineacht le Dónall Ó Síocháin agus Conn Céitinn ar a mbealach chun bualadh le Ruairí Mac Easmainn) as láthair an oíche sin ··· I nDaonáireamh 1911 ní raibh sa teach ar 2 Aibreán ach beirt dheartháireacha agus deirfiúr amháin agus cé gurbh é Ailbhe an duine ab óige ba é a líon an tábla agus a shaighneáil é mar cheann an teaghlaigh faoin ainm ‘Ailfrid Ua Muineacháin’
Phós sé Catherine Lough (Cáit de Loch) ó Bhéal Feirste go luath sna 1890idí agus rugadh ceathrar mac dóibh: Sammy nó Somhairle a bhí i Scoil Éanna agus a bhuaigh an chéad duais don amhránaíocht ar an sean-nós ag Feis Laighean i 1902, Cathal óg a bhuaigh bonn óir ag an bhFeis Cheoil, Colm a bhfuil fógra a bhreithe i nGaeilge in An Claidheamh Soluis ar 9 Márta 1901, agus Jack ··· Is é an cur síos a rinne Cathal óg ar an siopa: “Beautifully decorated in colour, and in Gaelic scroll and looking like a section of the Book of Kells, cocking a snook at the Dublin Castle minions ...” Gearradh fíneáil deich scilling ar Chathal uair faoina ainm a bheith i nGaeilge os cionn an tsiopa ··· Damn the thing he knows but low songs from pantomimes, come-all-ye’s by Cathal McGarvey, and his prayers” ··· Ag deireadh an chéid bhí post ag Cathal i gcomhlacht J ··· Shíl a mhac Cathal (a rugadh in 1896 agus a bhí fós ina bheatha i Newcastle-on-Tyne um Nollaig 1988) gur le cabhair Chonradh na Gaeilge a bhí an siopa ar cíos aige, nárbh acmhainn dó féin é
Dúirt an tÍosánach Seosamh Ó Muirthile faoi: Isé rinne Micheál don aos óg eolas a dhéanamh dóibh cá bhfuil an meon dúchais ina iomláine, á gcur isteach dó i dtithe na Gaeltachta ··· Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí sí ina cónaí in Inis Meáin go fóill, í 52 bliana d’aois agus gan ach aon duine amháin clainne sa teach aici, Peadar, an mac ab óige ··· Dúirt Cathal Ó Tuathail [q.v.] in aiste ar Mhicheál in Sunday Independent 6 Bealtaine 1934 gurbh in 1899 a tháinig sé chun cónaithe sa phríomhchathair ··· ‘Choinnigh sé ón am sin dhá cheist os comhair an phobail, mar atá, staid na Gaeltachta agus faillí an Choiste Gnó maidir le tógáil Halla Thomáis Ághas’, a dúirt Cathal Ó Tuathail ··· In éineacht le Cathal, Seán Beaumont[B1], Earnán de Siúnta[B1], Seán Ó hUadhaigh[B2], agus Séamus Ó Tallamhain[B3] bhunaigh sé Coiste na bPáistí in 1932 d’fhonn páistí an lucht oibre a chur chun na Gaeltachta ar saoire; b’eisean an rúnaí agus an duine ba ghníomhaí, b’fhéidir, den seisear
Scríobhadh péire beathaisnéis Ghaeilge: Cathal Brugha, 1942 lena chara ‘Sceilg’ (Seán Ó Ceallaigh) [B3] agus Cathal Brugha: a shaol is a thréithre, 1969 lena nia Tomás Ó Dochartaigh ··· Cabinéadaire ba ea é tráth ach iompórtálaí saothair ealaíne, agus siopa aige i Sráid Nassau agus brainse i Londain, ba ea é nuair a rugadh Cathal ··· D’aistrigh siad go 29 Sráid Fheardorcha Thuaidh nuair a bhí Cathal cúpla bliain d’aois agus d’fhreastail sé ar Scoil Cholmcille, Sráid Doiminic ··· Bhí Cathal ag freastal ar Choláiste Belvedere ag an am agus is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 20 Meán Fómhair 1902 go bhfuair Cathal onóracha i scrúduithe Chompántas an Phléimionnaigh
Íorónach go leor, d’iompaigh a dheartháir óg Hugh a chóta i 1777 d’fhonn gurbh aigesean a bheadh Béal Átha na gCarr; lean an cás ar feadh ocht mbliana agus bhí Cathal go mór as póca de dheasca an tsocraithe a rinneadh ··· Tá eolas ar a shinsir agus ar a óige ag Charles O’Conor S.J ··· I bPáras a cuireadh oideachas ar Skelton agus d’fhoghlaim Cathal léamh na Fraincise uaidh ··· Is le linn dó a bheith sa chathair a chuir Cathal aithne ar Sheán agus ar Thadhg Ó Neachtain agus a gcomhluadar agus a chóipeáil sé ábhar as ‘Leabhar Bhaile an Mhóta’ a bhí an t-am sin ag muintir Uí Neachtain ··· Bhí comaoin curtha air féin ag Ruairí Óg Ó Flathartaigh, dúirt sé, ach bhí sé an-dian ar Chéitinn
Bhí fógra acu a thóg dhá thrian de chlúdach Misneach 18 Nollaig 1920, mar shampla ··· Sa chuntas a thug sé don Bhiúró Staire Míleata deir sé gurbh iad Micheál Ó Coileáin agus Cathal Brugha [q.v.] a d’iarr air dul chun na hIodáile ar thóir arm (cuntas báis in The Irish Times) ··· Bhí cáil an cheoil ar Róisín (1919–2005) freisin agus bhí baint mhór aici leis an gClaisceadal; bhí sí pósta ar Shéamus Ó Tuama (d’éag 1992), státseirbhíseach a raibh cáil air mar aisteoir agus ar mhac é le Seán (Fear) Ó Tuama[q.v.] agus ar dheartháir é le Seán óg Ó Tuama [q.v.] ··· Múinteoir eacnamaíocht bhaile ba ea an ceathrú hiníon, Niamh Uí Chinnéide (1921–2009), agus ba í Nuala Uí Dhubhghaill (1923–) an duine ab óige sa teaghlach ··· Toradh ar a óige i Sasana gur fhan beagán den tuin Shasanach ar a chuid Béarla, agus gur fhan mórdhúil ann (agus go deimhin ina mhac Fionnbarra freisin) go deireadh, sa chruicéad
Seo é an file a leagtar ‘Laoi Oisín ar Thír na nÓg’ air ··· Deir Brian Ó Dálaigh faoina athair Pádraig Óg: ‘It is likely that this Patrick Oge.. ··· Le haimsir Fhinn Mhic Cumhaill a bhaineann na scéalta seo agus deireann Cathal Ó Háinle in Promhadh Pinn, 1978 (‘An tÚrscéal nár tháinig’): ‘Scéal rómánsaíochta agus casadh maoithneach ann is ea an scéal sin, agus tá casadh den chineál céanna sa scéal eile a chum an Coimíneach, Eachtra Chloinne Thoroilbh ··· Ach bíodh is gur bhain Ó Coimin casadh as an traidisiún rómánsúil, ní féidir úrscéal a thabhairt ar cheachtar den dá scéal sin mar a rinne [Alan] Bruford [in Gaelic Folktales and Mediaeval Romances, 1969], mar nach bhfuil aon iarracht iontu ar scagadh a dhéanamh ar charachtar na bpearsana.’ Is é ‘Laoi Oisín ar Thír na nÓg’ an saothar is mó a luaitear a ainm leis ··· Brian Ó Luanaigh[B1] is túisce a thuairimigh gurbh é Coimín a chum agus ba é ba thúisce a chuir in eagar é, mar chuid d’imeachtai an Chumainn Oisínigh (Laoidh Oisín ar Thir na nÓg
Bhí aithne aige óna óige ar mhuintir Bhéal Átha na gCarr agus ba é a mhúin ceol do Chathal Ó Conchubhair [q.v.]; dá athair a chum sé ‘Donnchadh Mac Cathail óig’ agus don mháthair ‘Mailí na ráite suairc’ ··· Chuir Máire Mhic Dhiarmada spéis sa bhuachaill óg ··· I measc na ndaoine a raibh aithne aige orthu bhí Cathaoir Mac Cába [q.v.], Toirdhealbhach óg Mac Donnchadha [q.v.], Séamus Dall Mac Cuarta [q.v.], Pádraig Mac a Liondain[q.v.], Aodh Mac Gabhráin [q.v.], Pilib Mac Brádaigh [q.v.], an Dochtúir Patrick Delany, ollamh i gColáiste na Tríonóide agus cara le Swift, gan trácht ar na pátrúin go léir ··· Scríobh Cathal Ó Conchubhair ina dhialann: ‘Dia Sathairn, an XXV lá don Mhárta, 1738
Ar na leabhair léi a foilsíodh tá: Teach in airde: fronsa beag i gcomhair buachaillí, 1936; Lá Bealtaine: dráma beag grinn i gcomhair cailíní óga (a cuireadh i gcló in Catholic Bulletin, Samhain 1936); Buaidhirt agus bród: drama beag grinn i gcomhair páistide (c.1935); Na buidéil draíochta, c.1936; An Choróin ar iarraidh [dráma],1940; Bronntanas Nollag [dráma], 1940; An t -úbhall órdha, 1940; An tseanbhean a bhí ina cónaí i mbróg, 1940; Morann an ceart-bhreitheamh, 1940; Forbhas Chluain Meala, 1941; Niall agus Gormfhlaith [dráma], 1941; Máistir nó máistreás, 1943; Féasóg Gorm in Éirinn, 1943; Cathal Crobh Dearg, 1943; Coinneal na Nollag agus sgéalta eile, 1944; Áilleacht agus an beithíoch [ceoldráma], 1946; Oilibhéar Beannuithe Ploingcéad [dráma], 1948; Work and play: a play for schoolchildren, 1954; A house to let: a farce for juniors, 1954; May Day, a play for schoolchildren, 1954; Fairy tales retold, 1958; The Emerald Ring and other Irish fairy tales, 1960; Cochaillín dearg agus an mactíre, 1961; Luaithrín agus an Prionsa [dráma], [1961]; Dánta do leanaí ··· Ní miste a rá go raibh gach fear óg dá raibh sa rang i ngrá léi ··· I gContae Bhaile Átha Cliath a rugadh Margaret, Laurence óg, Jane agus Brigid ··· Ach deir Caitlín Uí Thallamhain go raibh roinnt Gaeilge foghlamtha aici as leabhair Eoghain Uí Ghramhnaigh[B4] agus tá an abairt seo ag Proinsias Mac Aonghusa in Éamon de Valera: na blianta réabhlóideacha, 1982: ‘Bunmhúinteoir í a tógadh i dtuaisceart Chontae Átha Cliath agus a thug a cuid Gaeilge léi ó phílear as Árainn a bhí ag obair sa gceantar’
Ba é an duine ab óige sa chlann Micheál, a rugadh ar 27 Iúil 1873, de réir thaifid pharóiste Uíbh Laoghaire ··· Thóg an ceardchumann crois cheilteach os cionn na huaighe i nGlas Naíon agus greanta uirthi tá focail an Phiarsaigh i mBéarla agus i nGaeilge: ‘Cothaíonn bás beatha agus ghníonn uaigheanna tírghráthóirí náisiúin bhíogúla’ ··· Ba é an scéal céanna aige é i mBéal Feirste mar a raibh sé ina uachtarán ar Chraobh Thír na nÓg agus ina bhall de choiste bainistíochta Choláiste Chomhghaill ··· Rugadh beirt leanaí eile dóibh ach fuair siad bás go hóg ··· Tá cuntais air in Sunday Independent 17 Meitheamh 1934 ag Cathal Ó Tuathail [q.v.] agus in Inniu 11 Lúnasa 1950
Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56 (1998), arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), in eagar ag Cathal Ó Háinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (1999), in eagar ag Ríonach Uí Ógáin ··· Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004) ··· Bhuaigh sé scoláireacht an Rí in 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é ··· Agus dúirt Breandán Ó hEithir in Thar ghealchathair soir: ‘Is iomaí sin duine, mar shampla, a chuaigh i ngleic leis sna nuachtáin nár thógtha orthu a mheas go raibh seirbhís rúnda éigin ag obair sa tír ab éifeachtaí go mór fada ná an Brainse Speisialta’ ··· Foilsíodh an séú cnuasach gearrscéalta in 1977, An tsraith tógtha
D’éag seisean den eitinn go hóg ina shaol ··· Ba iad an seisear sin: Séamus féin, a bhí mar chisteoir, an rúnaí Micheál Ó Maoláin as Árainn, Cathal Ó Tuathail, Seán Beaumont [B1], Seán Ó hUadhaigh [B2], agus Earnán de Siúnta [B1] ··· A chomhoibrí sa Chonradh agus i gCoiste na bPáistí, Cathal Ó Tuathail, a sheas leis
Thóg scata de mhuintir Bhaile Átha Cliath teach ar cíos ó Mhuiris Ó Maoilriain agus bhaist siad ‘Dóchas na hÉireann’ air ··· Bhí a rian sin ar a gcuid Gaedhealuinne agus thóg siad leo í go cruinn agus go líofa” ··· Sa chlann acu bhí Máire, Áine (Neans) agus Cathal ··· Rugadh Máire ar 9 Nollaig 1887, Neans ar 16 Samhain 1889, agus Cathal ar 29 Márta 1892 ··· Thaithíodh náisiúnaithe óga thús an chéid an bhialann sin
I Lios an Fhóid in aice leis an Móta san Iarmhí a rugadh é i mBealtaine 1828 agus ba é an duine ab óige é de naonúr, cúigear cailiní agus ceathrar buachaillí ··· Is léir on gcur síos úd atá aige ar aonach in Áth Luain tuairim 1841, nuair is Gaeilge a bhí á labhairt ann ag breis is nócha faoin gcéad de dhaoine (in Teanga thíoramhuil na hÉireann, 1897), go raibh spéis sa teanga aige óna óige ··· In the Stad, Cathal MacGarvey’s [B2] pleasant tobacco shop in North Frederick Street, Dublin, he sat evening after evening talking to visitors in what he called simple Westmeath Irish
Tógadh Nuala, a deirfiúr, Máirín, agus a ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí agus Darach, le Gaeilge ar an gCarraig Dhubh, Co ··· Thóg Nuala sos gairme an bhliain chéanna le dul i mbun an Bhéil Bhinn, togra leis na healaíona béil a chur chun cinn i mBré, idir amhránaíocht, fhilíocht agus drámaíocht ··· I measc na bhfilí a léigh ag ócáidí agus ag féilte filíochta a reáchtáil an Béal Binn i mBré sna blianta sin, bhí Biddy Jenkinson, Joe Steve Ó Neachtain, Liam Ó Muirthile, Marcus Mac Conghail, Nuala Ní Dhomhnaill, Peter Donnelly (The Racker), Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searcaigh, Michael Davitt, Tadhg Mac Dhonnagáin, Áine Ní Ghlinn agus Louis de Paor ··· Bhí neart ar bun ag an mBéal Binn le haisteoirí óga an cheantair freisin ··· Ar shaothair Nuala do ghasúir tá An cáca pórtair a léiríodh ar stáitse den chéad uair i mí Iúil 2004 agus arís ar Oíche Mhór Drámaíochta na nÓg leis An fathach a bhí gar dó féin, leagan de The selfish giant le Oscar Wilde, in Ionad Ealaíon an Mermaid, Bré, i Márta 2005
Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc ··· Thóg siad aon duine dhéag de theaghlach; triúr cailíní – Mary, Sheila agus Rose Kathleen – agus ochtar mac – Joe, Paddy, Charlie, Barney, Seamus, Brendan, Dermot (Diarmaid) agus Francis ··· Ba ag an am seo a casadh Teresa O’Neill as Machaire Fíolta air agus i ndiaidh a bpósta shocair siad síos i Machaire Fíolta áit ar thóg siad féin seisear de theaghlach, triúr mac – Crónán, Éamonn agus Donncha – agus triúr iníonacha – Medb, Sineád, agus Caitlín ··· Scríobh a chomhghleacaí an tOllamh Séamus Mac Mathúnna in Súgán an dúchais (2018) go raibh ‘sé spreagúil agus íorónach araon, féith an ghrinn go láidir ann agus é in innimh domhan litríocht na Gaeilge a mhúscailt ina steillbheatha os comhair a gcuid súl amach do na scoláirí óga
Tá an fheartlaoi a scríobh a mhac Cormac i gcló in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998; in An tUltach, Bealtaine 1998 tá ‘Saothar Phadaí’ le Cathal Ó Diolúin; tá ‘Pádraig Ó hÁdhmaill’ le Gearóid Mac Giolla Domhnaigh san iris chéanna, Meitheamh 1998 ··· Bhí cáil mar lúthchleasaí air ina óige ··· Bhí sé pósta ar Mháire Ní Ghormáin agus thóg siad a gcúigear leanaí le Gaeilge
Dhealródh gurbh óna óige a bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge ··· Go dtí lá a bháis bhí sé ina rúnaí ag Craobh Inse Chór; nuair a chuaigh Feis Bhaile Átha Cliath in éag ba iad Tomás agus Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina Uachtarán ar an gConradh 1965-68, a d’athbhunaigh é agus chaith sé tamall maith ar choiste na Feise sin
Tógadh ina Chaitliceach é ach thréig sé an eaglais sin ina óige de bharr ionsaithe na n-easpag ar an bpoblachtánachas ··· Réabhlóidí i gcaitheamh a óige, fear mór leabhar, scoláire, staraí agus scríbhneoir ba ea é ··· Reathaí maith ba ea é ina óige agus bhí sé tugtha don rothaíocht ··· Cathal Ó Seanáin [B1] a thug an óráid os cionn na huaighe (Inniu 30 Nollaig 1955)
I gcathair Luimnigh a rugadh é ar 26 Samhain 1925 agus ba é an duine ab óige é de sheisear, cúigear buachaillí agus cailín ··· Thiobraid Árann, a rugadh é in 1875 agus chaith sé cuid dá óige sna White Walls, ceantar tuaithe cúpla míle soir ón bPort Nua ··· Bhí clann mhór páistí ag Máirtín agus ba í Dolly (Delia) an duine ab óige díobh ··· Ba é Sean óg Ó Tuama[q.v.] a ceapadh, fear a raibh cáil air mar phoblachtach, mar iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus go háirithe mar dhuine a bhí fíoreolach ar amhráin na Gaeilge agus an Claisceadal a bheith á stiúradh aige in Acadamh an Cheoil le tamall de bhlianta ··· Tar éis an aifrinn ba iad Seamus Heaney, príomhfhile Éireann, Cathal Goan, Ceannasaí RTÉ, Muiris Ó Róchain, Sráid na Cathrach, Co
Is ansin a tógadh é agus is ann a chaith sé formhór a shaoil ··· Ceathrar clainne a bhí acu, mar atá, Conchubhar, Niamh, Bríd agus Dónal Óg ··· Bhí an-mheas ag a chomhaoiseanna agus ag an dream ab óige ná é air mar pheileadóir ··· Rinne sé impí phoiblí ar an té a thóg an adharc í a thabhairt ar ais, agus dhein tagairt don ‘ancient priceless horn’ ··· Gan trácht ar na hamhráin, thosaigh Dónal ag cumadh dánta go hóg agus chum sé suas le dhá chéad acu ar gach aon ábhar
Ainneoin go raibh sé glúin níos óige ná iad, bhí aithne mhaith aige ar na scríbhneoirí iomráiteacha Séamus agus Seosamh Mac Grianna, clann Fheidhlimí (Dhomhnaill Phroinsias) Mhic Grianna, agus go háirithe ar Sheán Bhán, an mac ab óige sa teaghlach ··· Chuaigh siad a chónaí in 27 Sráid Surrey i nGlaschú ar feadh tréimhse de bhlianta ach ba é mian na beirte go dtógfaí an teaghlach sa bhaile i dTír Chonaill agus cheannaigh siad feirm bheag i Mín na Leice, cúpla míle soir ó Rann na Feirste ··· Bhí an-bhua i gcónaí aige agus é ag labhairt le daoine óga nó bhí féith an ghrinn go smior ann agus foighne gan insint lena cois ··· Dar le Cathal Ó Searcaigh go raibh sé ar na cainteoirí ba bhlasta dár casadh air riamh
D’fhoilsigh sé ailt bhreátha ar oidhreacht liteartha Chonnacht bunaithe ar théacsanna ó Chín Dromma Snechtai go Leabhar na hUidhre (Cambridge Medieval Celtic Studies 16, 1988) agus ar ghnéithe de thraidisiún liteartha Ros Comáin ó Ghiolla Comáin Ó Conghallain go Cathal Óg (Comhdháil an Chraoibhín, 1994) ··· Ar an mballa sa bhaile bhíodh pictiúr ar crochadh aige a tógadh i nGaillimh i dtús na 1940idí, ina raibh sé féin agus ceathrar de lucht a chomhaimsire sa choláiste: Seán Mac Réamoinn, Siobhán Nic Cionnaith, Breandán Mac Giolla Choille agus Pádraic Ó Raghallaigh ··· Mar a scríobh an tOllamh Gearóid Denvir i nóta iarbháis ar Biseach 2015: Go fiú agus praiseach déanta ag duine de phíosa scríbhneoireachta, ní déarfadh sé ach ‘meastú arbh fhearr é a rá ar an gcaoi seo?’ Nó dá mbainfeadh duine mí-bhrí ar fad as líne nó rann, ‘Meastú nach é seo a bhí i gceist ag an bhfile?’ Chuir sé leis an oiliúint chiúin chineálta sin agus mé mar chomghleacaí óg aige, oiliúint a lean sna litreacha lán eolais a chuireadh sé chugam le moltaí fiúntacha an fhíorscoláire ··· Chuir siad fúthu i Stigh Lorgan, Baile Átha Cliath, agus thóg siad cúigear clainne
Bhí Donncha Ó Laoire marbh faoin am seo agus thosaigh sé i 1965 ar an gclár raidió Mol an Óige a dhéanamh i gcomhar lena iníonsan Déirdre ··· Ghoill bás a dhearthár óig Éanna 9 Márta 1974 go mór air ··· I 1987 freisin thaistil sé Gaeltacht na hÉireann le Cathal Goan ag réiteach seacht gclár raidió i dtaobh staid na teanga
Cuireann ‘Seán de Búrca’ (ainm cleite) síos air in Comhar, Nollaig 1951: ‘Bhíodh Seán Ó Conghaile le cloisteáil ag na haeríochtanna agus na coirmeacha ceoil go léir agus bhí gean agus gnaoi ag óg agus aosta air ··· Ní ag iarraidh bheith ag cumadh litríochta a bhí mé ach scéalta soléite a chur ar fáil do dhaoine óga ··· Rud éigin cosúil leis an rud a dhein Cathal Ó Sandair ina dhiaidh sin ach go mba ghearrscéalta a bheadh agamsa ...
Bhí seisear clainne orthu agus le Gaeilge a tógadh iad; fuair duine díobh bás go hóg ··· Bhí Seoirse Mac Niocaill[B2] agus Cathal Ó Tuathail[B4] ag cabhrú leis agus an cúram sin air
ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh ar feadh 1944-57 go dtí gur bhuaigh Cathal Ó hEochaidh an suíochán ··· Ní raibh sé ag réiteach le Cathal Ó hEochaidh ach deirtear go raibh siad cairdiúil le chéile ar bhonn pearsanta ··· Bhí sé ar an mbeagán sin dár n-aos polaitíochta a thóg an chlann leis an Ghaeilge’ ··· Bhí aiste aige in Comhar, Bealtaine, 1945: ‘An tAos Óg agus an Phoilitíocht’
In Cathal Buí: amhráin (1975) tá a bhfuil d’eolas ar fáil faoi bailithe ag Breandán Ó Buachalla ··· an Chabháin, a rugadh Cathal ··· Tar éis dó tuairiscí an bhéaloidis agus eile a scagadh tá Ó Buachalla sásta gur sa chuid de Bhréifne a bhí i bhFear Manach a rugadh é ach gurbh i Liatroim agus sa Chabhán a chaith sé a óige agus cuid dá shaol ··· Tá leagan de i gcló ag Ó Buachalla ar an ábhar gur air a leagtar é ach deir sé faoin leagan a roghnaigh sé in Nua-Dhuanaire II (1976): ‘Is cinnte nach é [Cathal Buí] a chum é, ámh, agus b’fhéidir go dtéann an bunamhrán siar go dtí an 17ú haois.’ Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »
Turas é a rinne sé go minic i rith a shaoil agus chuir sé aithne ar dhaoine mar Mhuircheartach óg Ó Súilleabháin (d’éag 1754), Cathal Ó Conchubhair[q.v.], Conchubhar Ó Domhnaill, Caitliceach a raibh eastát aige i Liatroim agus a bhí i dteideal a bheith ina iarla ar Thír Chonaill, dar lena mhuintir, agus ar Iarla Chinn Mara
Bhí croí na hóige ann go lá a bháis agus bá aige le daoine óga; do dhaoine óga, tar éis an tsaoil, a chum sé a chuid leabhar—An baile seo ‘gainne, Jimín, Seáinín, Leabhar Mhóirín ··· Deir Cathal Ó Tuathail[B4] gurbh é an chéad eagarthóir é sa Ghúm (Sunday Independent 4 Samhain 1934) ··· Nach leis a tógadh sinn ··· Ba mhaith leis i gcónaí téagar éigin don óige a chur ar “easair fholamh” na Gaeilge’ (Feasta, Nollaig 1964)
Ba é an duine ab óige é ag Seán Mór Ó Muimhneacháin agus Neil Ní Choileáin ··· Thagadh a bhuanchara Cathal Brugha ar cuairt go dtí an bheairic chuige nuair a tharlaíodh sa cheantar sin é ··· Thóg sé feirm bheag ar cíos i Mainéar Chill Bhríde i gCill Mhantáin i 1921 agus chaitheadh sé go leor ama ag fiach is ag foghlaeireacht sa cheantar
Dhoire, nuair a bhí Cathal an-óg agus is ann a chuaigh sé ar scoil ··· Tiománaí traenach agus Pairneilíteach dílis ba ea a athair Cathal agus ba as Baile Raghnaill dá mháthair Éilís Nic Ghiolla Earnáin ··· B’é Cathal a thug an scéal ó Shéamas Ó Conghaile go dtí Dennis McCullough go raibh plean míleata réidh ag Arm Cathartha na hÉireann ··· Faoi Cháisc 1916 bhí Cathal agus céad óglach in éineacht leis ullamh chun troda in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain
Cuireadh sochraid mhór air agus labhair an tAthair Mathúin Ó Riain agus Cathal Brugha [q.v.] ag an uaigh ··· Níl sé ag réiteach go hiómlán maidir le pointí beaga i dtaobh a óige leis an gcuntas seo
Thagadh sé go hÉirinn go minic le linn a óige ··· A chomh-Chéiteannach Cathal Brugha a thug Piaras isteach i mBráithreachas na Poblachta
I ndiaidh a oirnithe i Liospóin tuairim 1753 d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus bhí ina shagart óg i bparóiste Naomh Muire ··· Bhí sé mór le scoláirí mar an Dr John Curry (c.1710-80) agus Cathal Ó Conchubhair[q.v.] ··· Cathal Ó Conchubhair a chuir Gaeilge air
Bhí Cathal Ó Conchubhair [q.v.], Thomas Leland, Charles Vallancey [q.v.] agus Tomás Ó Gormáin mar phátrúin aige ··· Cheannaigh Éadbhard Ó Raghallaigh[q.v.] roinnt dá lámhscríbhinní ón scríobhaí óg Henry Wright nó Énrí Mac an tSaoir, an fear a fuair a bhformhór
Rugadh é ar 20 Márta 1645 agus tógadh i Ráth Nístin é ··· Deir Cunningham agus Gillespie: ‘It is to Brownlow’s interest in the history and culture of his local area that we owe the survival of some of the earliest extant documents relating to the life of St Patrick, compiled in the ninth century and now known as the Book of Armagh.' Bhí a dhóthain Gaeilge ag Arthur chun an tuireamh ar Eoghan Ruadh Ó Néill, ‘Do chaill Éire a céile fírcheart’ leis an Athair Cathal Mac Ruairi, a aistriú go Béarla in 1700 ··· He would at least have contributed in no small way to the process.’ Luaitear an file Peadar Ó Doirnín [q.v.] uaireanta sa chomhthéacs seo agus deirtear go raibh baint aige le Brownlow ach is dóigh go raibh sé i bhfad ró-óg chun go mbeadh aithne acu ar a chéile
Deir Knott féin faoin bhfile: ‘I do not think that a better representative of Irish bardic poetry in style, compass of subject, capabilities or limitations could be found than Tadhg Dall Ó Huiginn.’ San aiste ‘D’Fhior Chogaidh Comhailtear Síothcháin’ in Léachtaí Cholm Cille I: Stair (1971) pléann Cathal Ó Háinle dánta Thaidhg, Eochaidh Uí Eodhasa [q.v.] agus Eoghain Rua Mhic an Bhaird [q.v.] mar fhianaise ar mheon na bhfilí sin i leith chúrsaí náisiúnta a linne ··· I bhfiosrúchán a rinneadh i mBaile an Mhóta 12 Eanáir 1593 tugadh fianaise gur éag Tadhg Dall i gCúl re Coill 31 Márta 1591 agus gurbh é a mhac Tadhg Óg, a bhí in aois naoi mbliana ag am an bháis, a bhí mar oidhre air