Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Níor chuimhin le Breandán an t-am nach raibh an teanga aige ··· Bhí Breandán ag foghlaim an phianó agus an veidhlín ag an am sin freisin ··· Ach bhí an eitinn coitianta go maith anuas go 1950 agus tholg Breandán é ··· Agus ag tagairt dó d’aisteoirí an Damer timpeall 1962 deir Pádraig Ó Siadhail (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993): ‘Cuireadh le mianach na buíne sin nuair a tháinig Breandán Ó Dúill, Mae Crowe is Dónall Farmer .. ··· Bhí cáil náisiúnta orthu go léir agus níl á lua anseo ach leath na gcomrádaithe a bhí ag Breandán sa phost sin: Neasa Ní Annracháin, Ginette Waddell, Brendan Cauldwell, Peter Dix, Conor Farrington, Séamus Forde, Aiden Grennell, Eamonn Keane, Eamon Kelly, Laurence O’Dea, Brian O’Higgins, Tom Studley, Niall Tóibín
Pearsa phoiblí ba ea an Buachallach, dar le Declan Kiberd (Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010): “Unlike many scholars, he made a point of writing regularly for a wide audience in newspapers and magazines, often taking strong positions in public debates.’ Samplaí fánacha is ea: a pháirt sa troid, in éineacht le staraithe nótáilte sna 1970idí, ar mhaithe leis Cé an Adhmaid agus oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath a chaomhnú; a throid in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin, Co ··· Ba é Breandán an ceathrú duine den seachtar leanaí acu, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní ··· Cuireann Liam Mac Con Iomaire síos ar thoradh eile a bhí ar an saothar sin: Ba mhinic Ó Buachalla faoi agallamh ar Féach [clár nótáilte teilifise] faoi stair Ghluaiseacht na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge agus chuir sé féin agus [Breandán] Ó hEithir aithne mhaith ar a chéile ··· I mbeathaisnéis úd Bhreandáin Uí Eithir tá cuntas ar a cheapachán mar bhall de Chomhairle na Gaeilge in 1968: Cé go raibh roinnt daoine den scoth ar an gComhairle ní shíleann Breandán Ó Buachalla gur éirigh leo mórán a chur i gcrích ··· Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’ Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge
Cailleadh an t-athair nuair nach raibh ach aon bhliain déag slán ag Breandán agus d’éag a mháthair nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois ··· Ba é a scríobh Ar bhruacha na Life: stair Átha Cliath go dtí an bhliain 1803, 1994 ach ní fhaca i gcló é; deir Vivian Uíbh Eachach, eagarthóir an leabhair: ‘Ar nós Feiristigh eile a rugadh an uair sin, Muiris de Creag (Dublin: 1660-1860), ba ghearr go raibh Breandán ag cur suim mhór ina chathair nua agus ag caitheamh a chuid ama saoir go léir ag déanamh taighde agus staidéir ar stair na hardchathrach ··· Lean Breandán leis an taighde sin ar feadh a shaoil agus, nuair a d’imigh sé ar scor óna phost sa státseirbhís, chrom sé ar an eolas go léir a bhí bailithe aige a chur in eagar agus leabhar staire faoin ardchathair a scríobh i nGaeilge.’
Bhí deartháir le Breandán, Caoimhghín, ina chló-eagraí agus gabhadh é freisin ··· Bhí Breandán sna Fianna agus ansin sna hÓglaigh, sa Tríú Cath de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath ··· I nDeireadh Fómhair 1922 ceapadh Breandán mar chló-eagraí ar fhoireann An Phoblacht agus gabhadh é féin agus beirt dá chomhoibrithe i 1923 gur chaith sé a 21ú breithlá i bpríosún sa Churrach ··· Nuair a bhunaigh an tAire Oideachais Risteárd Ó Maolchatha [B5]An Chomhairle Oideachais i 1950 cheap sé Breandán ina chomhalta ··· Is as gnó sin na gcártaí i nGaeilge a d’eascair An Clóchomhar agus bhí Breandán ina chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh é (Tuairisc, 1982 le Seosamh Ó Duibhginn [q.v.])
Tá a bheathaisnéis scríofa ag Liam Mac Con Iomaire, Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000; deir an staraí Gearóid Ó Tuathaigh ar chlúdach an leabhair: ‘Agus, trí chuntas Mhic Con Iomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhí sa dara leath den fhichiú haois.’ Ní hí an tsuáilce is lú sa leabhar sin a bhfuil de shleachta as dialanna Uí Eithir agus as litreacha ann, agus a bhfuil ann de chuimhní a chairde agus a lucht aitheantais ··· Dúirt Eoghan Harris faoi: ‘Bhí Breandán Ó hEithir ar an iriseoir ab fhearr dár chas mé leis riamh, bar nobody, i nGaeilge nó i mBéarla.’ I dteach banaltrais ar Bhóthar na Trá, Gaillimh, a rugadh é 18 Eanáir 1930 ··· Ba é Breandán an chéad duine a rugadh dóibh agus bhí triúr eile sa teaghlach, buachaill agus beirt chailíní ··· Chaitheadh Breandán laethanta saoire an tsamhraidh ar thír mhór agus bhí Gaeilge agus Béarla aige ó thús ··· Gan amhras bhíodh an colún san Irish Times ag Breandán i rith an ama agus bhíodh sé ag obair freisin do ‘Tuarascáil’, roinn na Gaeilge sa phaipéar sin, agus chaitheadh tamaill timpeall 1973 ina cheannasaí sealadach ar Raidió na Gaeltachta
‘Bhí sé sármhaith ar an leibhéal daonna chun cabhrú le taighdeoir chun cáipéis dhrochscríofa thréigthe a léamh, bíodh an taighdeoir ina ghlas-amaitéarach nó ina scoláire ardléinn; ba mhar a chéile iad ag Breandán ··· State papers presented by Breandán Mac Giolla Choille, Keeper of State Papers; ‘Fenian Documents in the State Paper Office’ (Irish Historical Studies); ‘Mourning the Martyrs: a Study of the demonstration in Limerick 8.12.1867’ (North Munster Antiquarian Journal); Books of Survey and Distribution, Iml ··· Sa réamhrá le Dún Muire, Killiney, 1945-95, 1995 deir an t-eagarthóir Benignus Millett OFM: ‘Here we recall with gratitude the excellent work of Breandán Mac Giolla Choille, who sorted and catalogued all the Mac Eoin papers and a substantial part of the de Valera papers, so that they could be consulted by historians ··· ‘Ón iris sin a tháinig an comhlacht FÁS [Foilseacháin Ábhair Spioradálta] chun cinn agus ba é Breandán agus Art Ó Riain [B1] agus Micheál Ó Conchubhair a chuir bonn daingean faoin gcomhlacht nua ...’ (Ó hÓgáin)
Deir sé freisin: ‘Is cinnte gur cóir Breandán Breathnach a áireamh ar bhailitheoirí móra an cheoil in Éirinn, dála Bhunting [B6], Phetrie [B7], Joyce [B3] agus Uí Néill [B5]; ba mhó an méid ceoil a bhailigh seisean ná mar a bhailigh siad seo, agus is mó an scagadh a rinne seisean ar an méid a bhailigh sé.’ Maítear freisin gurbh é a mhisnigh bailitheoirí eile chun dul i mbun oibre agus scagtha ··· Tá leabharliosta le fáil in The Man and his Music: an Anthology of the Writings of Breandán Breathnach, 1996 ··· Scoláireacht bhardais a thug Breandán go Meánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge ··· Ba é Breandán faoi deara gur fhoilsigh Spól an ceirnín Consain na Gaeilge i 1968 ina bhfuil ceacht foghraíochta á thabhairt ag Máirtín Ó Cadhain[B4]
Breandán Ruaidhrí Mhic Uidhir’ an t-ainm a chuir sé leis an dá amhrán ··· Breandán Ruaidhrí’ a bhí aige ar 13 Eanáir, ach ‘Breandán Mac Ruaidhrí’ a bheadh aige ar ball
Bhí an méid seo le rá ag Máirtín Ó Cadhain[B3] le Sáirséal agus Dill sular foilsíodh é: ‘An fear seo [Breandán Ó Beacháin] agus Seán Ó Ríordáin[B3] an dá fhíorfhile sa nGaeilge’ (nóta ag Tomás Bairéad[B2] in As an nGéibheann, 1973) ··· Ba é Breandán an duine ba shine den dara clann agus ina dhiaidh tháinig cúigear eile, Dominic, Brian, Séamus, Carmel agus mac a cailleadh go hóg ··· Bhí seanmháthair ag Breandán dar sloinne English, máthair Stephen (phós sí faoi dhó), a raibh drochthionchar aici air ··· Cuireadh lena mhíchlú an bhliain sin nuair a luadh a ainm go minic sa chás cúirte a bhí ag Patrick Kavanagh in aghaidh The Leader ; chreid an file go raibh lámh ag Breandán sa phortráid a scríobhadh faoi, rud nárbh fhíor
Ag tacú leis an áitiú sin deir Breandán Ó Buachalla[q.v.] (Aisling Ghéar..., 1996): ‘Mar bíodh gur crochadh na céadta nach é, ar chúiseanna difriúla, ar fud Éireann sa tréimhse sin níl aon chrochadh eile acu ar tugadh an aird chéanna air nó a raibh an éifeacht chéanna aige ag an am ná ó shin ··· Ag Breandán Ó Buachalla in Cork: History and Society..., 1993 in eagar ag P ··· ‘The younger James Cotter, successor to the lands and property, was then only fifteen years old and under the provisions of the Penal Code should therefore be put by the chancellor under a Protestant guardian, whose first duty should be to bring him up in the Protestant creed’ (Hogan agus Breandán Ó Buachalla) ··· Ní chreideann Hogan agus Breandán Ó Buachalla go ndearna sé dánacht ar bith uirthi: ‘Yet this charge of abduction and rape as everyone then knew, was a complete fabrication and was built on a trifling incident which occurred in a Fermoy tavern in August 1718 ··· In aiste (‘“A Most Inhuman and Barbarous Piece of Villany”: An Exploration of the Crime of Rape in Eighteenth-Century Ireland’) in Eighteenth-Century Ireland: iris an dá chultúr 10, 1995 deir James Kelly: ‘Though some modern commentators have claimed that the accusation of rape was fabricated to secure the judicial execution of Cotter because of his controversial political views, the balance of probability is that a rape occurred.’ Deir Breandán Ó Buachalla: ‘...bíodh gur dóichí go raibh cumann éigin eatarthu, níl sé indéanta anois fírinne na heachtra faoi dear an díotáil a dheimhniú.’ D’fhan cuimhne i measc na ndaoine go raibh cumann eatarthu
Scéal mór náisiúnta ba ea é san am agus bhí agóid ar siúl sa cheantar féin agus bhí daoine aitheanta i mBaile Átha Cliath mar Mháirtín Ó Cadhain [B4], Conor Cruise O’Brien, Máire Mhac an tSaoi, Breandán Ó Buachalla agus David Greene [B3] oibrithe go mór faoi ··· Luaitear Máire Feiritéar agus a fear céile Breandán, Breandán Ó Buachalla, Pádraig Ó Snodaigh, Brenda Ní Shúilleabháin, Breandán Ó Cíobháin agus an Bab Feiritéar [q.v.] i measc na ndaoine a thug tacaíocht láidir ag an am ··· Bhí sé pósta ar Áine Ní Chríodáin agus bhí beirt iníonacha, Sorcha agus Sinéad (máthair a ngariníne Nicole) agus beirt mhac acu, Breandán agus Domhnall
An phríomhthábhacht a bhaineann leis gur scríobh sé litreacha abhaile ó Mheiriceá, a ndeir Breandán Ó Buachalla fúthu: ‘Is iad na litreacha sin uaidh an t-aon chnuasach mar iad atá againn sa Ghaeilge ··· Deir Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850: ‘Bhí tamall éigin tugtha aige, leis, mar mhúinteoir ag lucht an Bhíobla’ ··· In Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 (An Clóchomhar) tá tagairt ag Breandán Ó Conchúir do litreacha, atá ar marthain, a scríobh an file ar 22 Meitheamh 1823 agus ar 30 Márta 1852, an chéad cheann chuig Cáit Gráidhin i mBaile Uí Lorcáin, Callainn, agus an dara ceann chuig Tomás Stac in Uí Mhic Coille ··· Deir Breandán Ó Conchúir: ‘Agus is eol dúinn go raibh cnuasach d’amhráin Ghaeilge á aithscríobh aige thall sa bhliain 1857, bliain a bháis.’ Tá sé curtha i Reilig Naomh Agnes in Utica
I measc na nÉireannach a raibh sé mór leo bhí Breandán Ó Beacháin agus is cuntas ar a gcaidreamh ar a chéile ‘Breandán Ó Beacháin: pearsa béaloidis’ in Scríobh 2, 1975 ··· Tugadh obair sheasta d'iriseoirí mar Dhónall Mac Amhlaigh agus Breandán Ó hEithir ··· There will be no replacement for him in Irish journalism', a dúirt Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 8 Iúil 1981
Agus é ag cur ina n-aghaidhsean a d’achtódh orainn glacadh leis gur tháinig deireadh le traidisiún na litríochta le bás Aogáin Uí Rathaille scríobh Breandán Ó Buachalla in Nua-léamha (1996) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha (‘Canóin na Creille: an file ar leaba a bháis’): ‘Ach tuigtear dúinn freisin nach as traidisiún liteartha a bhí ag fáil bháis a fáisceadh Cúirt an Mheon-Oíche, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nó Cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin ··· This study is an extremely important contribution to our understanding of the evolution of Gaelic literary culture in the eighteenth and nineteenth centuries, supplementing the pioneering work of Breandán Ó Conchúir on the Cork scribes of the period ...’ ··· Tá an cuntas is mine air féin agus ar a mhic, mar aon le liosta a lámhscríbhinní, ag Breandán Ó Conchúir in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850 (1982) ··· Tá i gcló ag Breandán Ó Conchúir litir a sheol sé chuig Uilliam Mac Coitir, Cluain Molt, 24 Deireadh Fómhair 1834 ina bhfuil cóip de litir a bhí curtha aige chuig Philip Barron [q.v.]
Duine ar leith ab ea Stiofán, mar ab fhearr aithne ag an bpobal i gcoitinne air, ach Breandán a thug a chlann agus a ghaolta riamh air ··· Ba é Stiofán a rinne cúram na heagarthóireachta agus a stiúir gnó na foilsitheoireachta ar a bhformhór mar a mheabhraigh an tOllamh Breandán Ó Madagáin ina óráid ar ócáid bhronnta na dochtúireachta: D’ainneoin na cruóige a bhain lena chuid oibre féin i gColáiste Phádraig, ar dtús mar léachtóir, agus ina dhiaidh sin mar chláraitheoir ar an gColáiste ar feadh na mblianta fada go dtí anuraidh, d’éirigh leis, as a chuid ama féin, eagarthóireacht a dhéanamh ar bhreis agus dhá chéad leabhar .. ··· (2014) ‘I nDilchuimhne ar Stiofán Breandán ó hAnnracháin’ Comhar 74, uimhir 12, 21–23
I dtús na seascaidí phós sí Breandán Ó Braonáin as Carn an Bhua i gContae Chill Mhantáin ··· Agus a máthair, Peig, ag teannadh amach sna blianta, thosaigh Neans ag roinnt a cuid ama idir an teach a bhí aici féin agus ag Breandán i nDún Laoghaire agus an áit ar tógadh í sa tSeanchill ··· Buaileadh buille trom ar Neans nuair a bhásaigh a fear céile Breandán in 1997
Breandán Mac Aodha directed the compilation of this monumental work which was by far the most comprehensive survey of a Gaeltacht region ever undertaken.’ Saothair eile a luaitear a ainm leo is ea An Outline Plan for Galway City, Conacre in Ireland agus An Agricultural Atlas of Co
Comhghuaillí dílis aige san obair sin ó 1952 ba ea Breandán Ó hEithir[B8] ··· Gheofar cuntas ar an gcairdeas a bhí eatarthu agus ar obair sin na beirte sa Chomhdháil in Breandán Ó hEithir: iomramh aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire ··· Is do Thomás a thoirbhir Breandán an t-úrscéal Sionnach ar mo Dhuán, 1988
Is aithnid go háirithe do phobal na hÉireann Máire, Eibhlín, Seosaimhín, Séamus agus Breandán; tá cuntas orthu mar theaglach in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely ··· Phós sí Breandán Ó Beaglaoich ó Bhaile Dháith agus chuaigh siad chun cónaithe i dteach feirme a muintire
Is minic a shamhlaítí a bhás le deireadh thraidisiún liteartha na Gaeilge, á thabhairt le fios gurbh é file mór deireanach an 18ú haois é, peirspictíocht a dtéann Breandán Ó Buachalla i ngleic léi in Nua-Léamha: Gnéithe de Chultúr, Stair agus Polaitíocht na hÉireann.. ··· Tá an aiste ‘Ó Rathaille, na Cárthaigh agus na Brúnaigh’ le Breandán Ó Buachalla i gcló in Studia Hibernica 31, 2000-2001 ··· Mar uimhir a 15 sa tsraith Subsidiary Series d’fhoilsigh Cumann na Sgríbheann nGaedhilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: Reassessments (2004) le Breandán Ó Buachalla ··· Maidir leis an ngnáthphictiúr den fhile agus é bocht dealbh i ndeireadh a shaoil, pictiúr atá bunaithe ar a bhfuil ina dhánta, deir Ó Buachalla: ‘Ó Rathaille’s poetry is not a realistic reflex of his life; but rather a textual delineation of the poetic world he created.’ D’fhoilsigh Field Day Publications Aogán Ó Rathaille (2007) in eagar ag Breandán Ó Buachalla
Is léargas cuimsitheach ar a shaothar Gaeilge a bhfuil in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin (1986) le Breandán Ó Conaire a d’fhoilsigh An Clóchomhar agus tá clár a shaothair Gaeilge idir ailt, léirmheasanna agus eile ann ··· Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Breandán Ó Conaire agus Louis de Paor ina n-aíonna ann agus cuireadh ábhar atá sa chlár sin i gcló in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley ··· I nGaeilge a bhí trom an cholúin sna blianta tosaigh agus tá 446 mír díobh liostaithe ag Breandán Ó Conaire ··· Tá stair an leabhair inste ag Breandán Ó Conaire
‘In the early years of Saorstát Éireann the city’s [Gaillimh] most prominent politician was Máirtin Mór Mac Donough’, a dúirt Breandán Ó hEithir in Irish Times 4 Feabhra 1984 ··· Deir Breandán Ó hEithir gur le linn Chogadh 1914–18 a tháinig fás an-mhór faoi shaibhreas na clainne ··· Deir Breandán Ó hEithir go bhfuil úrscéal Liam Uí Fhlaitheartha The House of Gold, 1929 bunaithe ar eachtraí mhuintir Mhic Dhonnchadha
Chuir Muiris Mac Conghail síos ar an gcairdeas a bhí aige le Breandán Ó hEithir [q.v.]: ‘B’fhacthas do Bhreandán gur laoch a bhí i gCóilí ··· Bhí rud éigin diamhair eatarthu agus dá fhaid dá mbeadh Breandán gan teacht ar an oileán, ba dhóigh leat gur aréir a d’fhágadar slán ag a chéile agus gurb í an athmhaidin acu í mar lena n-athchaidreamh’ (caint atá taifeadta ag Mac Con Iomaire in Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000)
Tá cuntas ag Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt uirthi in Dúthaigh Duibhneach (2004) ··· Tá aistí ómóis ag Micheál de Mórdha agus Breandán Mac Gearailt in Foinse 12 Meitheamh 2005 (‘Banríon na Scéalta’) agus tá cuntas iarbháis ar leathanach na marbh san Irish Times 18 Meitheamh 2005 (‘Renowned scéalaí with storytelling in her blood’) ··· Bhí seachtar clainne acu, cúigear buachaillí, ar duine díobh Breandán, craoltóir / údar, agus beirt chailíní
I dTeach Altranais ‘Seamount’, Bóthar na Trá,Gaillimh, a rugadh é ar 23 Meitheamh 1933 (sa teach céanna a rugadh Breandán Ó hEithir breis is trí bliana roimhe sin) ··· Cuimhnítear ar na hagallaimh a chuir sé ar mhórúdáir agus pearsana cáiliúla na Gaeilge sa tsraith An Fear agus a scéal, an chéad chlár teilifíse Gaeilge dá raibh riamh ann, ar an gclár Guth na tíre ina gcuireadh sé féin agus Breandán Ó hEithir[B8] síos ar a raibh sna nuachtáin, agus go háirithe ar na tréimhsí fada idir 1969 agus 1985 a chaith sé mar iriseoir nó mar eagarthóir ar Féach, clár cúrsaí reatha atá ar an gclár teilifíse Gaeilge is fearr riamh ar éirigh leis ··· Roghnaíodh é féin agus Breandán Ó hEithir mar ‘Galwaymen of the Year’ an bhliain dár gcionn (Liam Mac Con Iomaire, Iomramh aonair, 2000) ··· Scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine a raibh cáil an léinn orthu nó stádas bainte amach acu sa saol, agus a bhí cairdiúil le Proinsias féin, na baill go léir nach mór – Liam Ó Briain, Eibhlín Ní Bhriain[B8], Donal Foley[B4], Máirtín Ó Cadhain, Dáithí Ó hUaithne, Annraoi Ó Liatháin[B1], Tomás Diolún [B2], Criostóir Mac Aonghusa, Tomás de Bhaldraithe, Máire de Paor, Breandán Ó hEithir, Liam de Paor, Art Ó Beoláin ..., gan ach na mairbh in Beathaisnéis a liostú
Tá cuntas cuimsitheach (‘Páidí Fhéilimí Láidir Mac Cú Uladh’) ar an scéalaí seo ag Breandán Mag Fhinn in Irisleabhar Mhá Nuad 1996-97: féilscríbhinn an Doibhlinigh, 1997 agus is air sin atá an tuairisc seo bunaithe ··· Is dó a thiomnaigh Breandán Ó Doibhlin an t-úrscéal An Branar gan Cur, 1979
In Breandán Ó hEithir: iomramh aonair (2000) le Liam Mac Con Iomaire gheofar cuntas ar shaol na scoláirí i nDroim Conrach i rith na bliana 1945–46 ··· Is léir ar chuntas Mhic Con Iomaire gur cairdeas fadsaolach a snaidhmeadh idir Aindreas agus Breandán Ó hEithir i rith na tréimhse sin ··· (2000) Breandán Ó hEithir: iomramh aonair
In Dúthaigh Duibhneach, 2004 luann Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt i measc bhuaiteoirí bhoinn Uile-Éireann Seán Murphy (1953, 1955, 1959) agus Séamus Murphy (1959, 1962, 1969, 1970) ··· (Tá na húdair buíoch den Dr Breandán Ó Cíobháin a sholáthraigh bunús an chuntais seo dóibh)
Síltear a chumadóireacht a bheith leadránach saoithíneach; tagraíonn Breandán Ó Buachalla dó in Aisling ghéar: Na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603-1788 , 1996 mar 'an té ba dhípholaitiúla de fhilí a linne' ··· Deir Breandán Breathnach in Ceol agus Rince na hÉireann, 1989: 'Shílfeá freisin gurb í an phíb nua a bhí i gceist ag Seán na Ráithíneach taca an ama seo agus é ag tabhairt údair leis an gceol píbe a sheinneann sé: "An chuideachta sásta nuair shílim, ag iomarca laoithe is léinn, / Tugaim go hinnealta píb liom is cuirim go binn i ngléas".' Ach, 'His life is barren of romance', a deir Ó Corcora agus tugann sé tuairisc thur ar a shaol: 'From his poems we gain some ideas of the big houses in the district .. ··· In Studia Hibernica 31, 2000-2001 tá ‘Duanaire Sheáin na Ráithíneach: Smut dá Stair agus den Damhna atá ann’ le Breandán Ó Conchúir
Tháinig Diarmaid féin faoi anáil na mórscoláirí a bhí thuas lena linn: Donnchadh Ó Floinn, Tomás Ó Fiaich, Pádraig Ó Fiannachta, Cathal Ó Háinle, Pádraig Ó Héalaí, Donnchadh Ó Corráin agus a dhuine muinteartha féin Breandán Ó Doibhlin, agus chúitigh sé a saothar leo le líon na scoláirí Gaeilge a spreag sé féin thar na blianta teagaisc ··· Chuaigh an cur chuige nua critice a raibh Breandán Ó Doibhlin ina cheannródaí air i Maigh Nuad i seascaidí an chéid seo caite i bhfeidhm go mór air ··· D’éirigh sé as a phost in 2006 agus thug an tOllamh Breandán Ó Buachalla cuireadh dó bheith ina ollamh ar cuairt in Ollscoil Notre Dame i Meiriceá
Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964 ··· Lena linn nochtadh leac ar bhinn an tí inar rugadh é agus seoladh scannán le Breandán Feiritéar, An Síogaí Iniúchtach (ainm cleite a bhí ag Pádraig)
Tá aistí ann faoi ghnéithe den Chorcorach ag Gearóid Ó Tuathaigh, Declan Kiberd, Seán Ó Tuama, Breandán Ó Buachalla agus Colbert Kearney ··· Sa réamhrá pearsanta atá ag Breandán Ó Buachalla lena aiste in Scríobh 4 deir sé: ‘B’ionadh liom a thanaíocht agus a mhíbhlastacht a bhí an Ghaeilge aige...’ ··· I dtaobh The fortunes of the Irish language scríobh Breandán Ó Buachalla: ‘Leabhar deabhóideach caithréimeach do na fíréin é agus ní aon chomaoin ar a pheann ná ar a aigne é’ (Scríobh 4 )
Aistí a luann an t-údar sin go minic is ea: ‘Ó Cadhain, Ó Céileachair, Ó Flaithearta’ in Comhar, Bealtaine 1967 le Breandán Ó Buachalla; ‘Liam O’Flaherty—Translator (?)’ in Éire-Ireland, samhradh 1968 agus ‘Ó Flaitheartaigh agus Léirmheastóirí eile’ in Irish Times 22 Samhain 1984 le Tomás de Bhaldraithe[q.v.]; ‘A Writer who bolstered the Irish Revival’ in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984 le hEoghan Ó hAnluain; ‘Liam Ó Flaithearta agus a Dhúchas’ in Willie the Plain Pint—agus an Pápa (1977) le Breandán Ó hEithir[q.v.] ··· Ba é David O’Callaghan [B4], máistir Scoil Fhearann an Choirce, a mhúscail a spéis sa teanga; dúirt Breandán Ó hEithir in Comhar, Lúnasa 1976: ‘Táim féin suite de anois nach mbláthódh an Ghaeilge in Inis Mór ar chor ar bith murach teacht an fhir cheanndána chrosta úd as iarthar Luimnigh, Dáithí Ó Ceallacháin.’ Mhúineadh sé léamh agus scríobh na Gaeilge gach Satharn
I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh ··· Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air ··· Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E
San iris sin, faoin ainm pinn ‘An Strainséir’, scríobhadh sé an colún ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ sula ndeachaigh Breandán Ó hEithir[q.v.] ina bhun (Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire)
Tá roinnt eolais ag Breandán Breathnach[q.v.] ina thaobh, mar aon le beagán dá amhráin, in Ceol, Aibreán 1968 ··· Chaith sé tamall i dTeach Banaltrais Pháirc Mheirlinne i nGaillimh sular aistríodh é go hOspidéal Naomh Breandán i mBaile Locha Riach
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Scríobh Breandán Ó hEithir: ‘Fiche bliain ina dhiaidh sin [1956], ceapadh i mo Eagarthóir Gaeilge ar Scéala Éireann mé ··· Chaith sé an bhliain acadúil 1978-79, ar chuireadh ón Ollamh Breandán Ó Madagáin, ina aoi-léachtóir i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe
Labhair Breandán Ó hEithir in Comhar den mhí chéanna ar an bhfuinneamh smachtaithe a bhí ann agus ar an miotal taobh thiar den tséimhe ··· Ar 25 Bealtaine 1965 ‘fuair sé bás i ndeireadh a lae oibre: lá a bhí caite le réiteach, le argóint, le feachtas nua eile’, mar a dúirt Breandán Ó hEithir
Is é an breithiúnas atá tugtha air ag Breandán Ó Buachalla, an fear is mó a bhailigh eolas ina thaobh: ‘Is é is túisce a chuimhnimh ar bhéaloideas na ndaoine a bhailiú, bíodh nár bronnadh an onóir sin air; is é is túisce a chuimhnimh ar “athbheoughadh na teanga” bíodh nach bhfuil an chreidiúint sin tabhartha dó – eisean dáiríribh, “The First Gaelic Leaguer” ··· Dar le Breandán Ó Buachalla, agus tá sé léirithe aige in I mBéal Feirste cois cuain (1968), gurbh é Mac Ádhaimh fear na hoibre i measc bhaill na Cuideachta agus gurbh é a stiúir iad chun na haidhmeanna a chuir siad rompu a bhaint amach: lámhscríbhinní Gaeilge a bhailiú; múinteoirí a chur ag múineadh na teanga; leabhair Ghaeilge a chur i gcló
Nuair a fuair Liam de Noraidh bás b’in é an tuairim a bhí ag Breandán Breathnach (1912–1985) de ··· In Ceol ón Mumhain (1965) tá tuairim an seachtú cuid dár bhailigh sé agus is é a dúirt Breandán Breathnach ina thaobh: ‘Níor cuireadh síos an ceol ceart sean-nóis riamh chomh cruinn is atá sé anseo’
‘B’í sin an chéad iarracht ar chaomhnadh na Gaeilge thall agus is uaidh a d’eascair obair na Gaeilge trí chéile i Meiriceá’, a deir Breandán Ó Buachalla in Go Meiriceá siar .. ··· Breandán Ó Buachalla agus Liam Ó Dochartaigh
Tá an chreidiúint sin agus breis tugtha dó ag Liam agus Tomás Ó Flaithearta’ (Breandán Ó hEithir in ‘Liam Ó Flaithearta agus a dhúchas’, Comhar, Lúnasa 1976) ··· Is cosúil ó phíosa a scríobh a iardhalta Tomás Ó Flaithearta (i gcló in Aran reader in eagar ag Breandán agus Ruairí Ó hEithir) gurbh fhear crua i mbun ranga é: ‘As the liner sneaked along in the now smooth sea I wondered where my old schoolmaster was, if he was still alive, and if he recollected the many tricks I played on him for which he thrashed me with violence and with demoniacal fury ··· Deir Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 5 Nollaig 1982 gur chuir tionchar Uí Cheallacháin a bheirt uncail i dtreo an tsóisialachais
Is é a deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 faoi: ‘Is í an t-aon tuairisc i nGaeilge atá againn ar imeachtaí an chogaidh an dialann a scríobh Toirdhealbhach Ó Mealláin, Proinsiasach ó chontae Thír Eoghain a bhí mar shéiplineach ag Sir Féilim Ó Néill ··· Chuir Ó Donnabháin ardspéis inti nuair a thaispeáin Mac Ádhaimh dó í i mBéal Feirste in 1834 agus bhí ag beartú í a fhoilsiú (I mBéal Feirste cois cuain, 1968 le Breandán Ó Buachalla)
Ach tuairimíonn Breandán Ó Buachalla (nóta in Aisling Ghéar, 1996) nárbh é ioncam an Choláiste faoi deara nár mhór an meas a bhí ag an aos léinn air ··· ‘Aoir nimhneach’ é, dar le Breandán Ó Buachalla agus deir sé: ‘Bíodh go leagtar an dán seo ar Chathal Ó Luinín i bhfoinse amháin, is dóichí gur mar mhagadh a rinneadh sin.’ Scríobh sé dán do John Hall, Leas-Phropast Choláiste na Tríonóide (i gcló ag Quin), agus is dóigh gur ag iarraidh déirce nó pátrúnachta a bhí sé leis an dán adhmholtach a chum sé do Lord St
Tá cúig véarsa dá aisling ‘Ar mbeith sealad domhsa in aicis mhór cois taoide’ i gcló ag Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996 agus ‘aisling fíorshuimiúil’ a thugann sé uirthi ··· Bhí cáil na fáistine air agus in Aisling Ghéar..., 1996 insíonn Breandán Ó Buachalla scéal ar thairngreacht a rinne sé, tuairim 1735, sa dán dar céadline ‘Go cúig roímh luis dá dtugadh grásaibh Dé’, i dtaobh an Phrionsa Séarlas Óg a theacht go hAlbain i 1745
Tugann Breandán Ó Conchúir a bhfuil ar fáil d’eolas faoi in Scríobhaithe Chorcaí 1700-1850, 1982 agus deir sé gur bhailigh Peadar Ó hAnnracháin[B1] (Irisleabhar na Gaedhilge,18, 1908) agus James Buckley (Ls ··· Luann Breandán Ó Buachalla ‘An Buachaill Bán’ in Aisling Ghéar mar cheann de na haislingí ba mhó le rá dár chum filí na Mumhan
Deir Breandán Breathnach in Ceol agus rince na hÉireann, 1989: ‘D’athraigh agus d’athmhúnlaigh sé téacsanna, agus chuir sé véarsaí a chum a dheartháir féin isteach in amhráin, in áit na seanleaganacha a bhí ag rith leis an bpobal ··· Ach deir Breandán faoi Irish music and song, 1887: ‘..
Poblachtach ó Bhaile an Fheirtéaraigh (rugadh 1916) a bhí i bpríosún le Breandán Ó Beacháin [q.v.] agus scríobh seisean ‘Jackeen ag caoineadh an Bhlascaoid’ ina onóir: tá véarsa as ar a leac uaighe in aice leis na Clocha Liatha, Co