Líon alt a aimsíodh: 21
Tá cuntas ag Breandán ‘Brandy’ Mac Gearailt uirthi in Dúthaigh Duibhneach (2004) ··· Tá aistí ómóis ag Micheál de Mórdha agus Breandán Mac Gearailt in Foinse 12 Meitheamh 2005 (‘Banríon na Scéalta’) agus tá cuntas iarbháis ar leathanach na marbh san Irish Times 18 Meitheamh 2005 (‘Renowned scéalaí with storytelling in her blood’) ··· Bhí seachtar clainne acu, cúigear buachaillí, ar duine díobh Breandán, craoltóir / údar, agus beirt chailíní ··· Chuaigh sí i gcion ar scríbhneoirí mar Sheán Ó Ríordáin [B3], Seán Ó Tuama [q.v.], Máire Mhac an tSaoi agus Nuala Ní Dhomhnaill ··· Tá i gcló ag Micheál de Mórdha abairt a scríobh Ó Ríordáin fúithi ina cholún san Irish Times: ‘Peig Sayers eile is ea Cáit Bean an Fheirtéaraigh
In Breandán Ó hEithir: iomramh aonair (2000) le Liam Mac Con Iomaire gheofar cuntas ar shaol na scoláirí i nDroim Conrach i rith na bliana 1945–46 ··· Is léir ar chuntas Mhic Con Iomaire gur cairdeas fadsaolach a snaidhmeadh idir Aindreas agus Breandán Ó hEithir i rith na tréimhse sin ··· I gCorcaigh d’éirigh sé cairdiúil le scríbhneoirí agus le pearsana Gaeilge na cathrach agus go háirithe le Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Tuama (1926–2006), an tAthair Tadhg Ó Murchú agus an dealbhóir Séamus Murphy agus a bhean Maighréad ··· I measc na dtagairtí ina dhialann tagraíonn Ó Ríordáin do ‘shárGaeilge’ Aindreas agus deir Ó Coileáin (1982) gurbh iad Seán Ó Mórdha agus Aindreas a chuaigh i mbun na hidirghabhála ar son Uí Ríordáin chun go bhfoilseofaí alt leis gach Satharn in The Irish Times ··· (2000) Breandán Ó hEithir: iomramh aonair
Is iad na filí a bhfuil a saothar ann: Pádraig Ó Fiannachta, Nicholas Williams, Máirtín Ó Direáin[B8], Breandán Mac Suibhne, Seán Ó Ríordáin, Gearóid Ó Crualaoich, Finín Ó Tuama, S.E ··· Tá sé ar an mbeagán d’fhilí na tréimhse 1970-2005 a luaitear in aon anáil le Seán Ó Ríordáin, Máire Mhac an tSaoi agus Máirtín Ó Direáin ··· I ndiaidh a bháis bhí idir chuntais ar a bheatha, ailt ómóis, agus tuairiscí, agus aistí ar a thábhacht agus a thionchar: ag Pól Ó Muirí in Irish Times 21 Meitheamh, ag Gabriel Rosenstock in ‘Tuarascáil’ sa pháipéar céanna 22 Meitheamh, agus ar leathanach na marbh sa pháipéar sin (‘Loss to Ireland’s artistic circle’) 25 Meitheamh; ag Siobhán Campbell in Sunday Tribune 26 Meitheamh; ag Breandán Mac Gearailt (‘Dúluachair ar lucht Gaolainne i ndiaidh Davitt’) agus ag Alan Titley in Foinse 26 Meitheamh ··· Thug scoláireacht Bhardas Chorcaí é go Coláiste Ollscoile Chorcaí 1968-71 mar a raibh tionchar air ag an Ollamh Seán Ó Tuama, ag an bhfile Seán Ó Ríordáin, a bhí ina léachtóir páirtaimseartha ann, agus ag Seán Ó Riada ··· Ba ghairid go raibh sé féin agus Gabriel Rosenstock ag dul i gcion ar a chéile ann agus dúirt sé leis an nGlaisneach: ‘Bhí dornán daoine óga timpeall an Choláiste a raibh spéis acu inti sin [an fhilíocht]: Pádraig Breatnach, Liam Ó Muirthile, Breandán Mac Suibhne, Nuala Ní Dhomhnaill, agus Finín Ó Tuama agus bhí Tomas Mac Síomóin ag obair sa Choláiste an uair sin.’ San alt sin in Comhar, Nollaig 1984 deir sé: ‘Bhí an Chuallacht Ghaelach bríomhar go maith, Pádraig Hamilton acu mar Oifigeach Liteartha agus cúram eagarthóireachta An Síol air
Nuair a fuair Liam de Noraidh bás b’in é an tuairim a bhí ag Breandán Breathnach (1912–1985) de ··· I nGaeltacht na Mumhan, i dTiobraid Árann, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gCiarraí a bhí an bailiú ar siúl aige agus i measc na n-amhránaithe bhí Síle Bean Uí Ríordáin, An Doirín Álainn ··· In Ceol ón Mumhain (1965) tá tuairim an seachtú cuid dár bhailigh sé agus is é a dúirt Breandán Breathnach ina thaobh: ‘Níor cuireadh síos an ceol ceart sean-nóis riamh chomh cruinn is atá sé anseo’
I measc na nÉireannach a raibh sé mór leo bhí Breandán Ó Beacháin agus is cuntas ar a gcaidreamh ar a chéile ‘Breandán Ó Beacháin: pearsa béaloidis’ in Scríobh 2, 1975 ··· Tugadh obair sheasta d'iriseoirí mar Dhónall Mac Amhlaigh agus Breandán Ó hEithir ··· Fágadh colún deireadh seachtaine faoi Sheán Ó Ríordáin [B3] ··· There will be no replacement for him in Irish journalism', a dúirt Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 8 Iúil 1981
Is i leathanach Chearbhaill a foilsíodh an chéad alt Gaeilge a scríobh Brian Ó Nualláin (Myles na Gaeilge, 1986 le Breandán Ó Conaire ) ··· Scríobh Breandán Ó hEithir i dtaobh a théarma: ‘Measaim gur thuig gach mionaicme pobail, lucht léinn, aos ealaíon agus pobal na Gaeilge go raibh Uachtarán againn nach loicfeadh orthu, ar a gcúiseanna agus ar an tír ··· Léiriú áirithe ar a mheas ar an bhfilíocht an turas a thug sé ar Chúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh 2 Feabhra 1977 nuair a bhí Seán Ó Ríordáin [B3] ag fáil bháis ann: ‘Ní fhéadfadh aoinne bheith níos deise, níos míne, níos muinteartha liom, ná níos imníchí fúm’, a dúirt an file (Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 le Seán Ó Coileáin) ··· Tá an chaint a thug sé os cionn uaigh Uí Ríordáin in Comhar, Bealtaine 1977
Tá eolas ar a bheatha ag Máirtín Ó Murchú in Scéala Scoil an Léinn Cheiltigh, Uimhir 5, Márta 1992; ag Kim McCone in Léachtaí Cholm Cille XXVII, 1997; in Dáithí Ó hUaithne: cuimhní cairde (1994) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe[q.v.] agus Proinsias Mac Aonghusa[q.v.]; ag Breandán Ó Buachalla [q.v.] in Scríobh 5, 1981; ag Proinsias Mac Cana[q.v.] in Ériu xxxiv, 1983; in DIB ag Diarmaid Ferriter; ag Seán Mac Réamoinn[q.v.] in Comhar, Iúil 1981, alt a bhaineann go háirithe leis an bpáirt a bhí aige i bhforbairt na hirise sin ··· Mar gheall ar a phearsantacht (‘oilimpeach’ an cur síos a rinne Seán Ó Ríordáin [q.v.] air uair agus úsáidtear freisin ‘boihéimeach’ ag tagairt do bhlianta a óige), ar a chruth, agus cúlra a mhuintire, ba mhó ba dhíol suntais é ná aon duine dá chomhghleacaithe in earnail léann na Gaeilge ··· Dúirt Breandán Ó Buachalla: Ní chuirfeadsa fiacal ann: chomh fada agus a bhaineann liomsa, b’é príomhscoláire Gaeilge a linne féin é gan dabht, agus is áirithe liom go n-áireofar fós ar cheann de mhórscoláiri na haoise seo é, duine den bhfíorbheagán acu a raibh cáil idirnáisiúnta dáiríre air
agus Breandán Ó Ríordáin, seandálaí ··· Mic leis an tAthair Colm Ó Ríordáin S.J
Aistí a luann an t-údar sin go minic is ea: ‘Ó Cadhain, Ó Céileachair, Ó Flaithearta’ in Comhar, Bealtaine 1967 le Breandán Ó Buachalla; ‘Liam O’Flaherty—Translator (?)’ in Éire-Ireland, samhradh 1968 agus ‘Ó Flaitheartaigh agus Léirmheastóirí eile’ in Irish Times 22 Samhain 1984 le Tomás de Bhaldraithe[q.v.]; ‘A Writer who bolstered the Irish Revival’ in Irish Times 8 Meán Fómhair 1984 le hEoghan Ó hAnluain; ‘Liam Ó Flaithearta agus a Dhúchas’ in Willie the Plain Pint—agus an Pápa (1977) le Breandán Ó hEithir[q.v.] ··· Ba é David O’Callaghan [B4], máistir Scoil Fhearann an Choirce, a mhúscail a spéis sa teanga; dúirt Breandán Ó hEithir in Comhar, Lúnasa 1976: ‘Táim féin suite de anois nach mbláthódh an Ghaeilge in Inis Mór ar chor ar bith murach teacht an fhir cheanndána chrosta úd as iarthar Luimnigh, Dáithí Ó Ceallacháin.’ Mhúineadh sé léamh agus scríobh na Gaeilge gach Satharn ··· The stories are simple but profound in their impact and this is achieved by the keenest observations of men, women and beasts presented with vivid accuracy.’ Seo é an t-aistriú a rinne Ó hAnluain ar thagairt i ndialanna Sheáin Uí Ríordáin: ‘I have read some stories by Liam O’Flaherty and sensed that some living things had been caught between the covers
Tá léachtaí a thug Breandán Ó hEithir, Alan Titley, Gearóid Ó Tuathaigh, Gearóid Denvir agus Louis de Paor ar ghnéithe dá shaothar, dá pholaitíocht agus dá mheon le fáil in Léachtaí Uí Chadhain (1989) in eagar ag Eoghan Ó hAnluain ··· Tá aistí le Proinsias Mac Aonghusa, Aindreas Ó Gallchóir, Rolf Baumgarten agus Seán Ó Ríordáin[B3] in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha agus tá ann freisin an dá chaint a chraol sé 11 agus 18 Bealtaine 1952 faoi na teidil ‘Páipéir Bhreaca’ agus ‘Páipéir Bhána’ ··· Is mar seo a chuir Seán Ó Ríordáin síos air: ‘Ní cosaint na cúise a mhodh oibre ach ionsaí ar an namhaid’ (Irish Times 5 Samhain 1970) ··· Agus dúirt Breandán Ó hEithir in Thar ghealchathair soir: ‘Is iomaí sin duine, mar shampla, a chuaigh i ngleic leis sna nuachtáin nár thógtha orthu a mheas go raibh seirbhís rúnda éigin ag obair sa tír ab éifeachtaí go mór fada ná an Brainse Speisialta’ ··· Scríobh Seán Ó Ríordáin go luath ina dhiaidh sin: ‘Creidim go bhfuil an scríbhneoir ba mhó in Éirinn lena linn imithe agus duine den triúr fear ba mhó.’ D’fhág sé gan foilsiú péire úrscéal, Athnuachan agus Barbed wire, agus ábhar ilchineálach
Bhí an méid seo le rá ag Máirtín Ó Cadhain[B3] le Sáirséal agus Dill sular foilsíodh é: ‘An fear seo [Breandán Ó Beacháin] agus Seán Ó Ríordáin[B3] an dá fhíorfhile sa nGaeilge’ (nóta ag Tomás Bairéad[B2] in As an nGéibheann, 1973) ··· Ba é Breandán an duine ba shine den dara clann agus ina dhiaidh tháinig cúigear eile, Dominic, Brian, Séamus, Carmel agus mac a cailleadh go hóg ··· Bhí seanmháthair ag Breandán dar sloinne English, máthair Stephen (phós sí faoi dhó), a raibh drochthionchar aici air ··· Cuireadh lena mhíchlú an bhliain sin nuair a luadh a ainm go minic sa chás cúirte a bhí ag Patrick Kavanagh in aghaidh The Leader ; chreid an file go raibh lámh ag Breandán sa phortráid a scríobhadh faoi, rud nárbh fhíor
Is mar seo a scríobh Seán Ó Ríordáin [B3] ar an leabhar sin: ‘Braithim féin gur clasaic is ea gach leabhar dá dtáinig as an mBlascaod Mór neamhspleách ar fheabhas mar gur fáisceadh iad uile as an gcúlra clasaiceach céanna—sé sin saol an Oileáin ··· Bhí aithne mhaith ag Breandán Feiritéar air agus scríobh seisean faoi in Scríobh 5, 1981 (in eagar ag Seán Ó Mórdha): ‘Ba chainteoir diongbháilte é, a chuid eachtraithe lán go barra de phictiúirí’
Seán Ó Ríordáin a dúirt an méid sin i ndiaidh a bháis ··· Scríobh Breandán Ó Beacháin dán molta an bhreithimh, Barra Ó Briain, cúpla lá ina dhiaidhsean ··· Ach b’fhéídir gurbh fhearr an suimiú a rinne Seán Ó Ríordáin in aon abairt ghairid amháin: ‘B’fhearr ná an aimsear é mar ábhar cainte’
Is mar chara dílis Sheáin Uí Ríordáin (q.v.) is mó a tarraingíodh aird lucht litríochta na Gaeilge ar an scríbhneoir agus an t-ilteangach Corcaíoch seo agus is mó sin tagairt dó in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (Ó Coileáin 1982) ··· Is ann a d’éirigh dlúthchairdeas idir é agus Seán Ó Ríordáin (q.v.) a bhí tosaithe ag obair san oifig chéanna i mí Eanáir 1937 ··· Bhí alt eile leis, ‘Sráidainmneacha Chathair Chorcaí’, in Sráidainmneacha na hÉireann (1998) in eagar ag Breandán S ··· [eag.] (1980) An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin
Deir Breandán Breathnach[q.v.] in Folk music and dances of Ireland (1971) gurbh é an MRU (mobile recording unit) sna 1950idí a d’athraigh agus a chaomhnaigh oidhreacht cheoil a bhí ag dul i léig le ceithre scór bliain, nó gur mhaolaigh sé ar an meath ··· Bhí Proinsias Mac Aonghusa [q.v.] ag cabhrú leis sa chéad chlár a rinne sé riamh i Sráid Anraí agus bhí sé sa láthair arís ina chlár deiridh mar bhall foirne, clár i dtaobh Éigse Uí Ríordáin i mBaile Bhuirne um Shamhain 1991 (Mac Aonghusa 2001)
His untraditional use of Irish and his experimental modes of narration make him also, one suspects, our most unread novelist of recent times.’ Nocht Seán Ó Ríordáin an tuairim seo in Irish Times 12 Lúnasa 1972: ‘Is deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’ (i gcló in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979) ··· Ar an drochuair, níor thug sé a lucht féachana leis.’ Le linn dó a bheith i bpríosún Mountjoy thug sé faoi The Quare Fella le Breandán Ó Beacháin[B5] a aistriú
Bhí litir aige á chur in aithne don Ardeaspag Ó Ríordáin ach deirtear, cibé fonn a bhí air bheith ag obair ann, gurbh í an liathróid láimhe a tharraing ar ais go hÉirinn é ··· Tagraíonn Breandán Breathnach dá phíobaireacht in Éigse Cheol Tíre 4, 1982–85 Tá cuntais air in Vexilla Regis, 1965, agus in Cork Holly Bough, Nollaig 1982
In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’ ··· Faoina aistí in The Irish Times, deir Seán Ó Mórdha: ‘Colún é seo go bhféachfar air amach anseo mar chuid an-tábhachtach de stair litríochta na Nua-Ghaeilge’ (in ‘An Púca Léannta’, An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, 1980) ··· Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978 ··· Saothar an-neamhghnách is ea é toisc a raibh de fhianaise ar aigne Uí Ríordáin le fáil ag an gCoileánach i ndialann neamhfhoilsithe an fhile ··· De réir ‘Seán Ó Ríordáin: clár saothair’ in Comhar, eagrán speisialta in ómós don fhile, Bealtaine 1977, ba é ‘An dall san studio’ an chéad dán i gcló aige (in Comhar, Márta 1944)
Pointí arda i scéal a bheatha is ea na hócáidí móra litríochta agus foilsitheoireachta lena linn: foilsiú Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i 1950; Nuabhéarsaíocht an bhliain chéanna; Bord na Leabhar Gaeilge—ba í obair Shairséal agus Dill a spreag an rialtas lena bhunú i 1952; foilsiú Eireaball Spideoige, 1952, céadchnuasach Sheáin Uí Ríordáin[B3]; Ceo Meala Lá Seaca, 1952 le Micheál Mac Liammóir[B4], an chéad leabhar a cuireadh i gcló in Éirinn agus i Sasana le hinneall clódóireachta liotagrafaíochta; Claíomh an Díoltais, 1961 le hAnnraoi Ó Liatháin[B1], an chéad leabhar scannánchló a foilsíodh in Éirinn nó i Sasana ··· I measc na ndaoine eile a mhol go hard é bhí Breandán Ó hEithir in Feasta, Iúil 1967, Mac Liammóir agus Earnán de Blaghd[q.v.] in Inniu 23 Meitheamh 1967 agus Eric Mac Fhinn in Ar Aghaidh, Iúil 1967
Chuir Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin eagar ar Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (2000); ba é a iardhalta an tOllamh Máirtín Ó Murchú a scríobh an ‘Focal tiomnaithe’ ann ··· Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal ··· Thar aon ní eile b’é Nuabhéarsaíocht a thug Seán Ó Ríordáin ar an saol mar fhile áitithe, dhá bhliain sarar foilsíodh an chéad chnuasach, Eireaball spideoige (1952) ...’ Chomh luath le 1943 agus 1947 bhí dánta i gcló aige in Comhar ach níor foilsíodh a chéad chnuasach go dtí 1962, Faoileán na beatha, leabhar a roghnaigh an Club Leabhar
Ba mhór an ní, dar leis, go raibh dánta le Seán Ó Ríordáin ar churaclam na scoile tráth gur chríochnaigh an cúrsa Béarla le W ··· Bhíodh an halla léachta lán go doras agus Seán Ó Ríordáin, a ceapadh ina léachtóir páirtaimseartha in 1969, ag caint ··· Sular fhág sé RTÉ, in 1993, bhí Ó Muirthile tosaithe cheana ag soláthar ábhair don Irish Times, ar bhonn ócáideach ó 1985 agus i mbabhtaí ina dhiaidh sin nuair a bhíodh sos á thógáil ag Breandán Ó hEithir óna cholún ‘Ag cuimilt meala’ ··· Bhain Tine chnámh (1984), an chéad chnuasach filíochta leis, Duais Sheáin Uí Ríordáin agus Duais an Fhorais Ghael-Mheiriceánaigh sa bhliain 1984