Líon alt a aimsíodh: 3
Ba é Seán Ó Murchú (‘Purge’) a hathair agus ba í Bríd Ruiséal a máthair ··· Ba é Micheál Ruiséal[q.v.], file, seanathair Eibhlín agus ba uncail léi an Tomás Ruiséal arbh iad saighdiúirí na Breataine a mharaigh é i gCarraig an Chabhaltaigh, Co ··· D’oibrigh uncail eile le hEibhlín, Seán Ruiséal, sna mianaigh in Butte, Montana, Meiriceá, agus ba é a chum ‘Amhrán na Mianach’ úd a chloistí go minic ag amhránaithe Chorca Dhuibhne
‘Bhí Liam Ruiséal ann [i gCathair Chorcaí] agus é chomh Gaelach le haon duine acu san; do bhain sé feidhm as an siopa leabhar a bhí aige chun leabhra Gaeilge a chur os comhair agus faoi bhráid an phobail ··· Bhí sé de bhua ag Liam Ruiséal go raibh an Ghaeilge agus an gáire agus an suairceas de ghnáth mar chuideachta san áit a mbíodh sé’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944 le Peadar Ó hAnnracháin) ··· Phós sé Bríd Dixon, a pháirtí sa tsiopa leabhar, Domhnach Cásca 1919
Scéalaithe leis ba ea a hathair, a dheartháirsean Tadhg, agus a seanmháthair agus a seanaintín ar thaobh na máthar, Cáit, Bean Uí Shé (1861-1941) agus Máire Ruiséal, Bean Uí Lúing (1856-1946) ··· Agus í ar Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, idir 1923 agus 1931, d’insíodh nó léadh na múinteoirí, Bríd Ní Lúing, ar gheall í le máthair aici, agus Muiris Ó Dálaigh, scéalta dóibh ··· Bhailíodh na comharsana isteach i dteach a hathar chun a bheith ag éisteacht le scéalaithe agus thaithíodh sí teach a seanaintín Máire Ruiséal go minic ··· Scéalta gearra grinn agus scéalta fada a bhí ag Máire ach is scéalta crábhaidh is mó a bhí ag a seanmháthair Cáit Ruiséal