Líon alt a aimsíodh: 41
Tá cuntas ar an gcaidreamh sin ag Seán Ó Coileáin in Scríobh 4 (1979) (‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’) ··· Rugadh Brian Ó Ceallaigh ar 13 Eanáir i gCill Airne mar a raibh siopa éadaigh, agus teach ósta ar ball, ag a athair John Kelly, J ··· D’iarr an mháthair ar An Seabhac timpeall 1915/6 ceachtanna Gaeilge a thabhairt do Bhrian cúpla oíche sa tseachtain ··· Sular fhág sé an t-oileán d’iarr Brian ar Thomás cín lae a scríobh ··· Tá cuntas Bhriain le fáil mar bhrollach (‘Ag tagairt don leabhar’) in Allagar na hInise agus an dáta Márta 1928 leis
Chuir sé aithne ar na cuairteoirí a thagadh go dtí an t-oileán, ar Robin Flower[B3] agus ar Bhrian Ó Ceallaigh[B1] go háirithe, agus bhí éifeacht acu air ··· Choinnigh sé dialann do Bhrian Ó Ceallaigh i rith na tréimhse 1923-24 ··· Thabharfá leat go raibh an Decameron ar cheann de na leabhair a thug cuairteoirí mar Bhrian Ó Ceallaigh[B1] chun an Oileáin—chonaic George Thomson cóip i dteach Mhuiris Uí Shúilleabháin[q.v.] uair
‘In disgust Maguire quit the Irish army and retired to Knockninny, there to become famous as a patron of Irish learning.’ Anuas air sin, pléann Bernadette Cunningham agus Raymond Gillespie saol agus lámhscríbhinní Bhriain san alt ‘The Purposes of Patronage: Brian Maguire of Knockninny and His Manuscripts’, Clogher Record, 1988 ··· Ag Colm Ó Lochlainn [B4] in Tobar Fíorghlan Gaedhilge: deismireachta na teangadh 1450 - 1853, 1939 tá i gcló teistiméireacht don Chaptaen Brian Mag Uidhir a scríobhadh tuairim 1700 ··· Bhí an Brian seo síolraithe ó Éamonn na Cúile a bhí ina rí ar Fhear Manach anuas go 1484 ··· Conchubhar Modartha a thugtaí ar athair Bhriain ··· Tá tagairtí don Bhrian seo agus dá mhuintir ag an Athair P
Ba ar Dhonnchadh, agus ar Bhrian ar a thuras, a bheadh an teideal “Mac Con Mara Fionn” mura mbeadh cúrsaí polaitíochta.’ Tá aiste le Brian Ó Dálaigh, ‘“Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ in County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha ··· I measc na n-aistí léirmheasa nach miste a lua tá ar scríobh Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 4 (1964) agus in Repossessions, selected essays on the Irish literary heritage, 1995 (‘Brian Merriman and his Court’), agus ‘Brian Merriman agus Cúirt an Mheán Oíche’ in Merriman agus filí eile, 1985 le hArt Ó Beoláin (An Clóchomhar) ··· Ar ball bhí feirm bheag in aice Loch Gréine ag Brian agus scoil scairte aige in aice le faiche an aonaigh i gCill Chláráin ··· Tá an tagairt seo ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953: ‘Timpeall leathmhíle slí ó 12 Duke Street, Piccadilly, bhí cónaí ar tháilliúir eile a chuaigh anonn go Sasana le linn Thomáis agus a bhí ag gabháil dá cheird thall—Andrew Bugley, cliamhain Bhriain Merriman, a chónaigh ag 6 Denzelle Street, Clare Market.’ Tá aiste ag Séamas de Barra ··· ‘An Chairt Bheathaisnéise ag Pilib Barún ar Bhrian “Merriman” Mac Con Mara (1836)’ in Studia Hibernica 30, 1998–99
Deirtear i lámhscríbhinn in Ollscoil na Ríona gur Bhrian a bhí ar a athair ach nuair a bhí an tAthair Lorcán Ó Muireadhaigh[B4] ag téisclim i gcomhair Amhráin Shéumais Mhic Chuarta, 1925 a fhoilsiú d’inis Brian Mac Cuarta, Ó Méith, ginealach an fhile dó, gur Art a bhí ar a athair agus gurbh é an Art sin an chéad duine dá mhuintir a lonnaigh in Ó Méith, Co ··· Caoineann sé beirt deartháireacha leis agus luann deirfiúr sa dán ‘An Chéad Mhairgne’ (‘Mo Bhrian, mo Ruairí, mo Róis’) ··· Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú ··· The Earl of Louth had such a regard for him that, thro’ love and friendship, he would not allow to have him interred amongst his ancestors in the graveyard of Newtown, near Slane, his proper burying place, but caused to have him buried in Louth Church yard just beside his own place of interment.’[sic] Sa dán sin luann Mac Cuarta a ghaolta (‘Mairghréad is Ruairí is Brian, mo chuallaí’) atá curtha i mBaile Nua na Manach agus deir: ‘Is déantar uaigh dhamh ar ghar an triúir’
Do Thadhg Ó Rodaighe[q.v.] a chum sé roinnt dá dhánta agus do Bhrian Mag Uidhir (d’éag Deireadh Fómhair 1712), ar mhac é le Cúchonnacht Mór Mag Uidhir a thit in Eachroim (an Brian ar scríobh Ó Cearbhallán [q.v.] amhrán dó), an dán ‘Faoilidh Fir-Mhanach anocht’
Is dóigh liom féin go raibh dlúthbhaint idir Bhrian Ó Fearraoil [Ó Fearghail B6] agus scríobhaí na staire .i ··· Is féidir, fós, go raibh gaol idir bhean Bhriain agus an tAthair Ó Ceallaigh, ach níl aon deimhniú le fáil air sin.’ Ba dhóigh léi go raibh an lámhscríbhinn i seilbh Bhriain tamall
Deir an Coileánach faoi Bhrian Ó Ceallaigh in Oidhreacht an Bhlascaoid: ‘B’é dhuine ba thábhachtaí díobh Brian Ó Ceallaigh agus iad go léir a thógaint le chéile, mar b’é seo an té ba bhun le Allagar na hinise agus An tOileánach agus n’fheadar cé méid eile de litríocht an Bhlascaoid a scríobh’ ··· Ba é a dúirt Brian Ó Nualláin[q.v.]: ‘I read contemporary literature in five languages ... ··· Thosaigh Tomás ar chín lae a scríobh le cur chuig Brian Ó Ceallaigh agus is é ar 5 Nollaig 1918 an dáta tosaigh sa leabhar Allagar na hinise (1928) a bunaíodh ar ábhar an chín lae sin arbh é an Seabhac a rinne eagarthóireacht air ··· Rinne an Seabhac cur síos in 1937 ar an gcaoi ar thathantaigh Brian Ó Ceallaigh ar Thomás scéal a bheatha a scríobh (i gcló in Tomás an Bhlascaoid) ··· ‘Ach, mo chreach, ní raibh d’fhaid sa chéad “bheatha” sin ach cúpla leathanach fúlscap!’ An chéad turas eile a chuaigh Brian don Oileán thug sé leis My childhood agus In the world, péire leabhar le Maxim Gorki, agus The Iceland fisherman le Pierre Loti, gur léigh sleachta astu do Thomás
Bhí beirt den ainm seo timpeall an ama chéanna: an fear áirithe seo, Tiarna Inis Ceithleann, mac Chonchubhair Rua, a thug pátrúnacht do na Ceithre Máistrí, agus arbh é an Machaire Steafánach, Fear Manach, a áit chónaithe; agus Brian Mag Uidhir (c.1585–1655) [q.v.], mac Chúchonnacht, an tIompú Deiseal, Co ··· Luann siad a theideal ann (‘a Bhriain Ruaidh Meig Uidhir, a thighearna Innsi Ceithlionn a chéidfhear dar goireadh an t-ainmsi do shíol Uidhir le mórdhacht Rígh Saxan, Franc, Alban, Éireann Carolus...') ··· Bronnadh ridireacht ar Bhrian ar 2 Feabhra 1626
Tá píosa próis aige in ‘Tuireadh na Gaedhilge agus Teastas na hÉireann’ a ndeir Williams agus Ní Mhuiríosa faoi (Traidisiún Liteartha na nGael, 1979): ‘Sin píosa maith scríbhneoireachta, é lom, fuinneamhach, rithimeach; is é an trua nár chleacht Ó Gadhra an prós níos minicí.’ Scríobh sé dánta molta ar dhaoine cáiliúla a linne mar Bhrian Ó hUiginn, dlíodóir nótáilte a d’éag 1715, agus Toirdhealbhach Óg Mac Donnchadha [q.v.], abhcóide, agus tá léargas áirithe ar Éirinn na linne ina shaothar i gcoitinne
I gCarraig Mhic Dhiarmada, oileán i Loch Cé, a bhí cónaí ar Bhrian: b’in é ceannáras an taoisigh ach deir Pól Breathnach: ‘The chieftainship passed to Toirrdelbhach and Tadhg (1568–1585) after Ruaidhri, their rival, taking the side of the English and becoming seneschal of Moylurg in 1571 ··· That position was incompatible with Gaelic inauguration, and hence, when Brian is styled “chief of his name” in the records of the composition of Connacht, and Connor Óg, son of Tadhg, “tanist”, these terms indicate rather what might have been expected than what actually occurred ··· Brian was on the English side until his death in 1592 and was closely associated with Bingham in particular.’ Ní hamháin gur thug an Brian seo fir le chéile chun Annála Loch Cé a scríobh ach scríobh sé féin cuid díobh ··· Deir Breathnach: ‘Hennessy complained that Brian employed an incorrect orthography ··· Bhí mac acu, Brian Óg, a d’éag ar 28 Eanáir 1637: ba dhóigh le Láimhbheartach Mac Cionnaith (Iomarbhágh na bhfileadh, 1918) gurbh fhéidir gurbh é an file den ainm sin é a ghlac páirt san iomarbhá
Tá cuid dár bhailigh Bushe uaidhsean, ó Bhrian Shaffrey ó Mhaigh nEalta, agus i gContae Mhaigh Eo i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge in 1891
B’fhéidir gurbh é An Béal Bocht, 1941 le Brian Ó Nualláin[q.v.], ceann de chlasaicigh na Nua-Ghaeilge, an éacht foilsitheoireachta ba mhó a rinne siad ··· Tá scéal a fhoilsithe ag Breandán Ó Conaire in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin, 1986
Bhí Toirdhealbhach óg pósta ar Mary O'Rorke a bhí síolraithe ó Bhrian Ó Ruairc na Múrtha, agus ar neacht léi Mallaí Ní Ruairc, máthair Chathail Uí Chonchubhair [B6], Béal Átha na gCarr; is de bharr na cabhrach a fuair siad ó Thoirdhealbhach a d’éirigh leis na Conchubharaigh greim a choimeád ar 700 acra i mBéal Átha na gCarr
Is dóigh leis an Súilleabhánach gur do Bhrian na Múrtha Ó Ruairc agus dá fhéile a chaitheadh sé le daoine ina chaisleán i nDroim dhá Thiar, Co
Chuir an Brian seo leabhair mar ‘An Leabhar Gabhála’ agus ‘Réim Ríoghraidhe na hEreann agus Seanachas na Naomh’ á gcóipeáil ··· Bhí ollamh aige, Pádraig Ballach Ó Luinn, agus scríobhaí, Brian óg Ó Cianáin, chun an obair sin a dhéanamh ··· Chum Eochaidh Ó hEodhasa[q.v.] agus Brian Ó Corcráin [q.v.] dánta dó ··· Bhí meas dílseora air ag an rialtas; fuair sé post mar choimisinéir contae, mar a fuair Brian Rua (1589–1632) [q.v.], agus faoi Phlandáil Uladh bhí 2,000 acra aige i dTulach Mhaol agus san Iompú Deisceal, móide 500 acra nuair a fuair a dheartháir Toirdhealbhach bás ··· 'The King’s Maguire’ a thugann Ó Gallachair air agus é ag cuimhneamh, ní foláir, gur 'The Queen’s Maguire’ a thugtaí ar athair Bhriain Rua: tugann sé 'Tadhg an Dá Thaobh’ air freisin agus tá fianaise gur thug sé eolas don rialtas i dtaobh éirí amach a bheith á bheartú i 1641
Seo é an tÓgánach a bhí páirteach san fheachtas a bhí ann tuairim 1947 chun leacht cuimhneacháin a chur suas le hómós do Bhrian Merriman i reilig na Fiacaile
Luann Brian Ó Dálaigh é ina aiste, ‘“Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000), in eagar ag Ciarán Ó Murchadha ··· Deir sé gurbh ó bhéal Uí Raghallaigh a scríobh Philip Barron síos in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman
Do Bhrian Mag Uidhir (d’éag 1655) [q.v.] ceann díobh nuair a fuair sé brontanas spéacláirí uaidh ··· Nuair a chuir Iorard de Teiltiún agus Seosamh Laoide[B1] eagrán amach i 1912 is é a thug siad air ‘Úrscéal a deachtaíodh sa chúigiú ceannair [sic] déag’ agus dúirt siad gurbh é ‘Brian Ó Corcrán [Biocáire Chlaoininse] a dheachtaigh’ é ··· Deir Bergin: ‘Brian Ó Corcrán was probably the author of Eachtra Mhacaoimh an Iolair, a romance adapted from the French, which has been attributed without sufficient reason to his namesake the vicar of Cleenish in Loch Erne who died in 1487.’ In Éigse XXXIV, 2004 tá ‘Brian Ó Corcráin agus Eachtra Mhacaoimh an Iolair’ le Caoimhín Breathnach ··· Brian Ó Corcráin cnámha an scéil seo ag duine uasal a dúirt gurb as Fraincis a chuala sé féin dá insint é, agus mar a fuair mise spéis ann do dheachtaigh mar seo é agus do chuireas na laoithe beaga seo mar chomaoin air, agus ní raibh an scéal féin i nGaeilge ariamh go nuige sin.’ (an litriú leasaithe ag na húdair)
Cibé titim ar gcúl a tharla i dteaghlach Uí Luanaigh tar éis do Bhrian bás a fháil is ag obair do chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath le capall is trucail a shaothraigh a mhac Brian, athair Liam, a bheatha (eolas ó mhac Liam); ‘oibrí ar na duganna’ a bhí ann, dar leis an nGlaisneach ··· Garmhac ba ea é le Brian Ó Luanaigh [B1] a ghlac páirt in Éirí Amach 1848, a bhí ina ollamh le Gaeilge san Ollscoil Chaitliceach agus a bhí ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus ina rúnaí oinigh acu 1879-1901 ··· Mhaíodh Brian gurbh í a bhean ceann fine mhuintir Mhic Chruitín
Bhí sé tamall freisin ina bhall de chomhlacht amharclainne Field Day agus bhí an phríomhpháirt aige sa chéad léiriú a rinne an comhlacht sin ar dhráma Bhrian Friel, Translations
Scríobh Brian Mac Cumhghaill cuntas ar a bheatha, ar an mbéaloideas ina thaobh, agus ar a phátrúin, muintir Mhic Dhomhnaill i gCill Chaoi, Co ··· Bhí ard-mheas ar an Séarlas seo ag filí an Chláir; chuir Brian Ó Luanaigh[B1] eagar ar dhánta a cumadh dó féin agus dá mhuintir in Dánta Clainne Domhnaill ··· Deirtear go raibh aithne aige ar Bhrian Merriman agus go dtugadh sé cuairt ar theach tábhairne Sheáin Uí Thuama[q.v.] i Luimneach
Is dóigh gurbh é an ‘Ognieff’ úd an ceann fine agus gurbh é sin an Brian Ó Gnímh céanna a scríobh dánta do mhuintir Néill agus Mhic Dhomhnaill sa tréimhse 1573–86 ··· Glactar leis go minic gur Bhrian ab ainm d’athair Fhear Flatha
An bhfuil an tóraíocht fhada thart?’ Deir Brian Ó Dálaigh ina aiste, “Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ (County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha) gurbh é Barún a scríobh ó bhéal Mhichíl Uí Raghallaigh [B6] in 1836 an chéad chuntas ar Bhrian Merriman
Rinne Brian agus Tomás margadh le chéile: mhúin Tomás léamh agus scríobh na Gaeilge dósan agus d’fhoghlaim sé ceartfhuaimeanna na Gaeilge ó Bhrian ··· Chorcaí, é; agus Brian Mac Gabhann, as Baile Chruaich, Co
Ar Bhrian Ó Luanaigh [Bl] a bhí cúram na Gaeilge ann ag an am agus cibé aighneas a bhí aige le húdaráis na hollscoile níor fhéad sé léachtaí a thabhairt
Seachas a bhfuil luaite cheana, is iad na leabhair dá chuid is mó a mbíonn trácht orthu: Abhráin Ghrádha Chúige Chonnacht, 1893: A Literary history of Ireland, 1899 (athchló le réamhrá ó Bhrian Ó Cuív 1967); Giolla an Fhiugha agus Eachtra Cloinne Rígh na hIoruaidhe, 1899 (in eagar do Chumann na Scríbheann Gaeilge): Ubhla den Chraoibh, 1900; Abhráin atá leagtha ar an Reachtúire, 1903; Abhráin Diadha Chúige Chonnacht, 1906; Sgéaluidhe fíor na seachtmhaine, 1909; Gabháltas Shéarlais Mhóir, 1917 [1919] (in eagar do Chumann na Scríbheann Gaeilge); Sgéalta Thomáis Uí Chathasaigh, 1939 (in eagar do Chumann na Scríbheann Gaeilge)
Ba é Brian an cúigiú duine ··· Leath na lámhscríbhinní a d’fhág an Brianach le huacht ag an Acadamh Ríoga ba é Brian a scríobh iad ··· Brian a bhailigh na dánta agus a chuir eagar orthu ··· I Meitheamh 1877 phós sé Siobhán Nic Cuirtín: ‘Brian O’Looney (1828-1901) married Susan Curtin, daughter of James Curtin of Tullavroe in the parish of Rath’ ··· Mhaígh Brian gurbh í a bhean ceann fine na gCruitíneach (litir i gcló ag Ní Mhuiríosa)
Cuid a dó (1700-1850)(g.d.): ‘B’é Donncha Rua an file grinn ba mhó d’fhilí na Gaeilge, lasmuich de Bhrian Merriman[q.v.]
Chuir sé nótaí, gluaiseanna agus ginealach le Leabhar Fhiodhnacha agus is fianaise bhreise ar a chuid scoláireachta gluais a chuir sé le dán a chum Seán mac Torna Uí Mhaolchonaire do Bhrian na Múrtha Ó Ruairc i 1566, ‘Fuair Bréifne a díol do shaoghlond’
Ó thús chúrsa a bheatha gairmiúil síleadh gur chuir a sháreolas ar theanga a cheantair féin go mór lena chumas mar scoláire Sean-Ghaeilge; is é a deireadh Micheál Ó Briain [B2], scoláire Sean-Ghaeilge, leis gur mhór an trua nach í an Nua-Ghaeilge a lean sé ··· Ar Bhrian Ó Cuív[q.v.] a thit sé an drochscéal a thabhairt dó agus scríobh Séamas ar ais chuige 25 Deireadh Fómhair 1984: ‘Thurneysen a mhol an obair sin domsa ar dtúis, lá amháin ina ranng—’sé dubhairt sé chó fada lém chuimhne—“tá an fhoidhne agatsa chun é a dhéanamh” ...
Tá cuntais air in: Who’s Who 1986; Éigse XXV, 1991 ag Brian Ó Cuív[q.v.]; Études Celtiques XXX, 1994 ag Ann T.E ··· Sa réamhrá gabhann Jackson buíochas freisin le Gordon Quin[q.v.] agus le scoláirí eile, agus is do Bhrian Ó Cuív a thoirbhir sé an leabhar
Faoi 1964 bhí sé ina léiritheoir feidhmeach acu agus ba é a bhí mar bhéal múinte an bhliain sin ag léiritheoirí nua mar Sheán Ó Mórdha, Eoghan Harris agus Brian Mac Lochlainn ··· Agus ba é a tuigeadh do Bhrian Mac Aongusa, duine dá chomharbaí sa cheannaireacht, go raibh ardmheas ag foireann Raidió na Gaeltachta i gcoitinne ar Aindreas agus sin de bharr gur thug sé seasamh ar leith don stáisiún nua seo agus i ngeall ar a eitic láidir oibre ··· Ní raibh, dar le Brian, agus é ag comhrá le húdair na Beathaisnéise, ach an dea-fhocal acu ina thaobh
Maíonn Brian Ó Catháin go bhfuil ‘neamart déanta, ag lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla araon, i gCaoimhin agus é faoi scáth na beirte eile, Brian agus Ciarán, cuid mhaith.’ Is díol suntais an dá leagan a chleacht sé dá ainm baiste: Caoimhghin i dtús a shaoil, agus i ndiaidh 1948, Caoimhin, gan síneadh fada i gceachtar acu ··· Ba é an séú duine é den dáréag clainne a bhí ag Micheál Victor Ó Nualláin agus a bhean, Aigneas Ní Ghoirmligh (Gearóid, Ciarán, Brian, Róisín, Fergus, Caoimhin, Maeve, Nessa, Nuala, Sheila, Micheál agus Niall) ··· Deartháireacha le Caoimhin ab iad Ciarán agus Brian Ó Nualláin, agus b’uncail leis an tAthair Gearóid Ó Nualláin ··· Is ar chrann Bhriain a thit sé soláthar don chuid eile go ceann aon bhliain déag, ós aige amháin a bhí post buan le tuarastal rialta ··· Mhaígh Micheál, deartháir óg le Caoimhin, nár tugadh aitheantas ceart do Bhrian riamh as an íobairt seo
Sampla díobh siúd is ea dán fada fáilte roimh Bhrian Mac Mathúna nuair a ceapadh ina ardeaspag ar dheoise Ard Mhacha é
Bhí sí seacht mbliana déag ag an am agus ba ansin a bhuail sí lena fear céile Brian Ó Maoileoin a bhí ag múineadh Gaeilge ann ag an am ··· Is fearr an aithne atá ar Bhrian mar scríbhneoir Gaeilge, mar údar ar úrscéalta agus ar dhrámaí a bhain duaiseanna Oireachtais ó na 1970idí ar aghaidh ··· Théadh Caitlín agus Brian go Rann na Feirste agus go Ros Goill, Co ··· Bhí cúigear clainne ag Caitlín agus Brian, triúr iníonacha, Caoimhe, Máire agus Bríd, agus beirt deartháireacha, Pádraig agus Brian Óg ··· Bhí stair agus Béarla á múineadh ag Brian agus chuir sé an-spéis i bpobal na Másaíoch, an pobal a raibh cónaí orthu san áit ar chuir siad fúthu ann, is é sin Tír na Másaíoch
Deartháir le Ciarán ba ea Brian Ó Nualláin[B5] agus ba uncail leis Gearóid Ó Nualláin[B2] ··· Bhí sé in aon rang lena dheartháireacha Brian agus Gearóid ··· I gcomhar le Brian agus le Niall Sheridan chuir sé eagar i 1934 ar an iris ghrinn Blather ··· Ba dual dó san gan amhras agus sa méid sin ach go háirithe ba bheirt ar aon aigne Ciarán agus a dheartháir Brian ··· In New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, geimhreadh 1999, san aiste ‘Brother of the More Famous Flann: Ciarán Ó Nualláin’, díríonn John Cronin aird ar ghnéithe de shaol agus de charachtar na beirte: nár labhair an t-athair le ceachtar acu i dtaobh a gcuid scríbh­inní agus na fáthanna a bhí leis sin; na mná gan a bheith i láthair ina gcuid scéalta; a mhéid atá le foghlaim faoi Bhrian in Óige an Dearthár
Gheofar tuairim dá chumas mar fhile agus mar aistritheoir araon sa leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheon-Oíche’ a chuir sé ar fáil (The Midnight Court: a New translation, 1982) agus sna haistriúcháin ar dhánta Uí Ríordáin atá i gcló in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 le Seán Mac Réamoinn; tá freisin sa chnuasach aistí sin an cuntas a scríobh sé ar Bhrian Merriman[B6]
Is léargas cuimsitheach ar a shaothar Gaeilge a bhfuil in Myles na Gaeilge: lámhleabhar ar shaothar Gaeilge Bhrian Ó Nualláin (1986) le Breandán Ó Conaire a d’fhoilsigh An Clóchomhar agus tá clár a shaothair Gaeilge idir ailt, léirmheasanna agus eile ann ··· Bhí Brian 12 bliain d’aois nuair a d’aistrigh an teaghlach go Plás Hoirbeaird, Baile Átha Cliath, agus is ag an bpointe ama sin a cuireadh Brian ar scoil den chéad uair, chuig na Bráithre Críostaí i Sráid Synge ··· Tugadh cló nua amach in 1960 agus cuireadh fáilte chomh mór sin roimhe gur misníodh Brian chun an t-úrscéal gairid The hard life (1961) a scríobh
San iris chéanna, 21 Márta 1903, tuairiscíodh gurbh é Pádraig, mac le sean-Fhionán Ó Loingsigh, a bhain duais Sir Thomas Lipton, £50, le haiste ar Bhrian Bórumha
Ag cuimhneamh dúinn ar chúinsí na 1930idí in Éirinn, ní léir cén chaoi ar éirigh leis cor chomh fíor-neamhghnách sin a ionramháil; rugadh triúr dóibh, William, Patrick (a bádh i Loch Deirgeirt 1956) agus Brian ··· Bhí sé ina bhall den choiste a d’fhéach sna 1940idí le leacht a thógáil san Fhiacail in ómós do Bhrian Merriman