Líon alt a aimsíodh: 1
MAC AINGIL, Aodh (c.1572–1626) Aodh MAC AINGIL c.1572 1626 Dún Phádraig, Co ··· 2010 In A new history of Ireland III (1976) in eagar ag Moody, Martin agus Byrne, deir Benignus Millet (‘Irish literature in Latin, 1550–1700’): ‘Mac Caghwell [Mac Aingil] was the first really bright star shining in the Irish theological sky for more than a hundred years, since the death of Maurice O’Fihely in 1513.’ Tá a bheathaisnéis scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill, Bráithrin bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985) agus thug Cainneach Ó Maonaigh[B2] cuntas air ina eagrán de Scáthán shacramuinte na haithridhe (1952) arb é an chéad imleabhar é sa tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr ··· Ní mór saothar ceannródaíoch Thomáis Ui Chléirigh[B4] a lua freisin, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1935) ··· In Seanchas Ard Mhacha, 1975 (‘Aodh Mac Aingil, Gael san Eoraip’) deir Noel Ó Gallchóir: ‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne.’ I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh é; deir Ó Gallchóir gur tugadh fianaise air sin nuair a bhí ardeaspagóideacht Ard Mhacha i gceist in 1626 agus nach bhfuil fianaise ar bith gur i Sabhall a rugadh é ··· Mac Cathmhaoil a cheartsloinne agus sa Laidin ba ghnách leis ‘Hugo Cavellus’ a thabhairt air féin