Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Drámadóir, file agus liriceoir ab ea Aodh Ó Domhnaill a chaith a shaol oibre i mBanc Ceannais na hÉireann; scríbhneoir go smior ó na 1970idí nuair a chum sé amhráin don bhanna ceoil Na hUaisle, trí na 1980idí agus 1990idí nuair a foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, agus go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin ··· I mBaile Átha Cliath a rugadh Aodh ar an 19 Meán Fómhair 1947, an tríú duine clainne ag Anton Ó Domhnaill, príomhoide scoile ó Mhín Beannaid, na Rosa, Co ··· Bhunaigh Aodh agus beirt ghiotáraithe, a dheirfiúr Nora Ní Dhomhnaill agus Dominic Ó Longáin, a bhí ag obair leis sa Bhanc Ceannais, an grúpa ceoil Na hUaisle in 1970 ··· Is é an t-ardán is mó a fuair an grúpa a bheith mar aíonna ar shraith teilifíse, Óró, sé seachtaine as a chéile agus amhrán nuachumtha ag Aodh ar gach clár acu ··· Tréimhse níos faide a chaith Aodh le filíocht – d’fhoilsigh Coiscéim trí chnuasach leis, Feic (1984), Cambhaill (1987) agus Is araile (1993) – agus tréimhse níos faide fós leis an drámaíocht
Vincent Morley is grinne a rinne staidéar ar a bheatha agus a shaothar in An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitín c.1680–1755 (1995) ··· Foilsíodh Aodh Buí Mac Cruitín (2012) ina bhfuil 21 dá dhánta curtha in eagar ag Vincent Morley ··· Phós Aodh agus bhí beirt iníonacha aige ··· Chum Aodh dánta moltacha do Dhonnchadh Ó Lochlainn; scríobh sé lámhscríbhinn do Sir Donnchadh Ó Briain i Léim an Eich ··· Bhí sé ina bhall den ghrúpa arbh iad an triúr ba thábhachtaí díobh Tadhg Ó Neachtain[q.v.], Risteárd Tuibear[q.v.], agus Aodh féin; is dóigh gurbh é an scoláire ba mhó orthu é; ‘an crann os coill’ an cur síos air i ndán Thaidhg (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’)
An foclóir Béarla Gaoidheilge ar na chur a neagar le Conchubhar Ó Beaglaoich mar aon le congnamh Aodh bhuidhe mac Cuirtin ..., 1732 i bPáras ··· Deir sé; ‘Ba é an chéad iarracht é ar fhoclóir Béarla-Gaeilge a chur i gcló agus ba mhisniúíl éachtach an iarracht i tráth a raibh lucht léinn na Gaeilge in isle bhrí.’ Is beag eolas atá againn ar Chonchubhar Ó Beaglaoich, seachas a dtugann Aodh Buí Mac Cruitín[q.v.] sa dán a chuir sé leis an réamhrá ··· In An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitin ..., 1995 tuairimíonn Vincent Morley go raibh beirt den sloinne ‘Ó Beaglaoich’ ag obair sa pharóiste chéanna, agus an t-eolas a bhí ag Hayes ar Thadhg gur leag sé ar Chonchubhar é trí dhearmad – nó gur tharla, b‘fhéidir, Tadhg agus Conchubhar araon mar ainmneacha baiste ar fhear díobh ··· to come to Paris, Abbé Begley enabled him to publish there in 1732 his English-Irish Dictionary.’ Ach is dóigh le Morley agus de Bhaldraithe araon nach i an teanga liteartha a chleachtadh Aodh Buí atá ann, gurbh é sin a bhí i gceist ag Eoghan Ó Comhraí nuair a thagair sé don ‘corrupt and silly text’ nach bhféadfadh go mbeadh aon bhaint ag Mac Cruitín leis ··· Tuairimíonn de Bhaldraithe gur shíl Ó Beaglaoich gur mhó an meas a bheadh ar a fhoclóir dá mba scoláire mar Aodh a chumfadh an dán brollaigh agus gurbh shin ar thug Aodh de chúnamh
In A new history of Ireland III (1976) in eagar ag Moody, Martin agus Byrne, deir Benignus Millet (‘Irish literature in Latin, 1550–1700’): ‘Mac Caghwell [Mac Aingil] was the first really bright star shining in the Irish theological sky for more than a hundred years, since the death of Maurice O’Fihely in 1513.’ Tá a bheathaisnéis scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill, Bráithrin bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985) agus thug Cainneach Ó Maonaigh[B2] cuntas air ina eagrán de Scáthán shacramuinte na haithridhe (1952) arb é an chéad imleabhar é sa tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr ··· Ní mór saothar ceannródaíoch Thomáis Ui Chléirigh[B4] a lua freisin, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1935) ··· In Seanchas Ard Mhacha, 1975 (‘Aodh Mac Aingil, Gael san Eoraip’) deir Noel Ó Gallchóir: ‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne.’ I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh é; deir Ó Gallchóir gur tugadh fianaise air sin nuair a bhí ardeaspagóideacht Ard Mhacha i gceist in 1626 agus nach bhfuil fianaise ar bith gur i Sabhall a rugadh é ··· Ar fhilleadh abhaile dó, d’fhostaigh Aodh Ó Néill mar oide tí é dá bheirt mhac, Anraí agus Aodh Óg ··· Gheofar eolas ar an gcuid sin dá shaothar in An Léann Eaglasta in Éirinn 1200–1900 (1988) in eagar ag Máirtin Mac Conmara (‘Aodh Mac Aingil ..
Phós sí Aodh Ó Tuama, múinteoir taistil, 30 Meán Fómhair 1919 i gCathair Chorcaí ··· Nuair a d’fhiafraítí di conas a casadh Aodh uirthi deireadh sí gur tharla an bheirt acu i rang foghraíochta an Dr Risteáird Ó Dálaigh [B2] i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, go mbíodh scáthán ag gach duine chun féachaint an raibh an teanga san áit cheart le fuaim áirithe a dhéanamh agus go bhfaca sí Aodh sa scáthán ··· Bhí seachtar mac acu, Conchubhar, Seán (an scoláire agus an scríbhneoir), Aodh, Pádraig, Liam, Tadhg, Barra, agus triúr iníon, Máire, Siobhán agus Bríd ··· Fuair sí bás 12 Nollaig 1979 agus a bhog Aodh go ‘Inchiquin’, Páirc an Charraigín, Baile an Locha ansin ··· Tá sí féin agus Aodh curtha i Reilig Fhionnbharra i gCorcaigh
‘A national figure and the daily delight of many readers’, a thug léirmheastóir ar an gcolúnaí, Aodh de Blacam ··· Rugadh Aodh (Hugh Saunders Blackham) i Londain ar 16 Nollaig 1891 ··· Timpeall an ama seo a d’iompaigh Aodh ina Chaitliceach ··· Tharraing sé chuige ‘Aodh de Blacam’ mar ainm cleite ach tar éis tamaill chloígh sé leis ar fad ··· Dúirt seisean ina réamhrá: ‘After almost fifty years the work of Aodh de Blacam remains the best introduction to Irish literature’
D’fhan cuimhne ag Ó Fiaich ar Aodh ag dul i mbun oibre an chéad lá: ‘Tháinig muid go Coláiste Bhríde sa bhliain chéanna, eisean mar mhúinteoir óg gealgháireach, mise mar ghasúr scoile ··· Bhí eagla orainn roimh chuid de na múinteoirí eile agus roimh lucht stiúrtha an Choláiste ach ní raibh faitíos ná cotú riamh ar dhuine ar bith roimh Aodh Ó Duibheannaigh ··· Sa réamhrá deir Ó Baoill: ‘Thug Aodh bunadhas a bhfuil de cheoltaí annseo damh agus chuidigh sé go mór liom na h-amhráin a sgríobhadh amach.’ Foilsíodh i 2001 Amhráin Hiúdaí Fhéilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste ··· Pádraig Ó Baoighill a chuir in eagar agus Mánus Ó Baoill a chóirigh an ceol, 2001; tá ann 19 amhrán agus deich laoithe/dánta a bhailigh Aodh Ó Duibheannaigh agus Pádraig Ó Droighneáin—Aodh a bhailigh dosaen de na hamhráin agus sé cinn de na laoithe ··· Is mar seo a liostaíonn Vallely na taifid tráchtála a rinne sé: ‘An Cailín Gaelach’ (FSB 003); Aodh Ó Duibheannaigh (CEF 048) [Mac Grianna anthology] (CEF 049)
Tá eolas ina thaobh le fáil in Seanchas Clainne: Aodh Ó Coirbhin agus a mhuintir, 2003 lena iníon Aedín Ní Choirbhin, i gcuntas le Liam Mac Reachtain [B4] in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1975 agus i dtuairisc a bháis in Irish News and Belfast Morning News 29 Meán Fómhair 1975 ··· Is beag duine a raibh aon bhaint bheag ar bith aige le cúrsaí na Gaeilge sa Tuaisceart nach raibh aithne aige nó aici ar Aodh Ó Coirbhin a cailleadh cúpla seachtain ó shin’, a deir Mac Reachtain ··· Ach duine de na Bráithre Críostaí a thug ‘Ó Coirbhin’ ar Aodh agus é ina bhuachaill scoile ··· Bhaineadh Aodh úsáid as na leaganacha Gaeilge agus Béarla; tá an dá leagan sna fógraí báis san Irish News ··· I bparóiste Naomh Pól, Béal Feirste, a rugadh Aodh (Hugh Cristopher) 25 Nollaig 1899
Bhí sé féin agus Aodh Mag Uidhir i bhfochair a chéile den chéad uair tuairim 1586 ag cóisir, i gCaisleán Inis Ceithleann, b’fhéidir, mar a ndearna siad conradh le chéile go gcuirfeadh Eochaidh ceathrú ag moladh Aodha i ngach dán a chumfadh sé (‘Connradh do cheanglas le hAodh’) ··· Bhronn Aodh feirm air sa Chorrán in aice le Béal Átha na Mallacht ach ní róshasta leis a bhí Eochaidh agus rinne a ghearán le hAodh sa dán ‘T’aire ríomsa a rí ó nUidhir’ ··· Is é ‘Fuar liom an adhaighsi d’Aodh’ an dán is aitheanta dá dhéantús i ngeall ar an aistriúchán a rinne James Clarence Mangan (‘O’Hussey’s ‘Ode to the Maguire’) agus tá sé i gcló in The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol ··· Is mar ollamh ag Mag Uidhir Fhear Manach a chaith sé cuid mhór dá shaol; le Cúchonnacht a d’éag 1589; le hAodh, a mhac, a d’éag 1600; le leasdeartháir Aodha, Cúchonnacht, a d’imigh chun na Róimhe leis na hiarlaí um Meán Fómhair 1607 agus a d’éag in Genoa 12 Lúnasa 1608 ··· Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’)
Tá a bhfuil d’eolas i dtaobh an fhile seo cruinnithe ag Colm Beckett agus i gcló in: Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, An Clóchomhar, 1967, mar a bhfuil eagar curtha aige ar thráchtas fealsúnachta a scríobh an file; agus in Aodh Mac Domhnaill: dánta, An Clóchomhar, 1987 ··· Faoin am sin is ag obair don London Hibernian Society i nGlinnte Aontroma a bhí Aodh ··· Fiú nuair nach raibh aon scoláirí ag freastal ar na scoileanna, tharla gur fhógair easpag Caitliceach na deoise bac a bheith ar Chaitlicigh sin a dhéanamh, d’éirigh le hAodh an dubh a chur ina gheal ar an Home Mission d’fhonn a phost a choimeád ··· Nuair a tharla easaontas idir é agus Art Mac Bionaid[q.v.], duine eile de chúntóirí Mhic Ádhaimh, chum Art an aoir ‘An t-ollamh úr’ leis an ionadh a bhí air Aodh a bheith ‘ag ceartú ceoil is ag cumadh rann’ a chur in iúl ··· Tá fiúntas inti fosta ó thaobh an eolais atá inti ar mhodhanna feirmeoireachta; na barra a shaothraítí; béasaí agus bealaí na tuaithe—cuid acu a bhí imithe as úsáid cheana féin nuair a bhí Aodh Mac Domhnaill ag scríobh, go ndéantaí bágún d’fheoil an bhroic, go n-ití an ghráinneog, go gcuirtí eorna sna garraithe sula raibh na prátaí coitianta.’ Cuir lena ais-sean cur síos a rinne an Canónach Feardorcha Ó Conaill[B2] ar an ‘Fealsúnacht’ ina léacht ‘The Philosophy of Aodh Mac Domhnaill’ (Journal of the County Louth Archaeological Society, Samhain 1915): ‘He was not an Empedocles, nor a Plato, nor a Lucretius, but he proved conclusively that neither penury nor lack of book knowledge can altogether suppress the development of natural genius
Tá cur síos ar Aodh, ar a shinsir agus a shliocht ag Rupert S ··· D’aistrigh Aodh as sin go Larkfield ··· Thugadh Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin[q.v.] cuairt ar Larkfield ach mhaslaigh sé Aodh nuair a chum sé ‘The Hawk of Ballyshannon’ in onóir do dhuine de mhuintir Uí Dhomhnaill Bhaile Uí bhFiacháin, rud ab ionann agus aitheantas mar oidhrí an Iarla a thabhairt dóibh sin; chum Cearbhallán foinn do mhuintir Dhomhnaill i mBaile Uí bhFiacháin ach ní luann D.J
Scríobh Eoghan dán d’Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar a imeacht chun na Spáinne (‘Rob soraidh t’eachtra a Aoidh Ruaidh’) ··· Deir si: ‘Eoghan Rua Mac an Bhaird’s address to Nuala, daughter of Aodh Dubh Ó Domhnaill, conceived as a solitary mourner at the tomb in Rome of her kinsmen is, I think from its subject and treatment, the noblest and most moving of all the known elegies in the classical style.’ Tugann an scoláire céanna ‘a thoughtful and graceful writer’ ar an bhfile in Irish Syllabic Poetry..., 1928 ··· Chuir sé dán (‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’) chuig Aodh Ó Domhnaill, mac le Ruairí, in éineacht le ‘leabhar ar riaghlachaibh et ar inneall an chogaidh’ ··· Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird .. ··· an dá dhán úd “Fogas furtacht don tír thuaidh” agus “A leabhráin ainmnighthear d’Aodh”.’ Tá an dara dán sin chomh maith le trí cinn eile le hEoghan Rua in eagar ag Osborn Bergin[B2] in Irish bardic poetry, 1970: ‘Dána an turas trialltar sonn’, ‘Rob soruidh t’eachtra, a Aodh Ruaidh’ agus ‘Truagh do chor a chroidhe tim’ (dán a chum sé nuair a chuala sé Ruairi Ó Domhnaill a bheith go dona tinn)
A mhac Aodh a tháinig i gcomharbacht air in ainneoin fhreasúra Chonchubhair Rua Mhig Uidhir ··· Bhí Eochaidh Ó hEodhasa ina ollamh agus ina chara ag an Aodh sin (d’éag 1600) agus is é Aodh atá i gceist ina dhán mórchlúiteach ··· ‘Fuar liom an adhaighsi d’Aodh
D’imigh triúr de na mic go Meiriceá agus thug Niall agus Aodh Albain orthu féin ··· Tharla go raibh feachtas ar siúl chun airgead a bhailiú don ardeaglais nua a bhí le tógáil i Leitir Ceanainn agus facthas go raibh ardchumas ag Aodh ar dhaoine a spreagadh ··· Bhí an bua céanna ag Aodh ··· D’éag Aodh ar 27 Feabhra 1937 ach mhair Niall anuas go dtí 29 Bealtaine 1961, é ina chónaí lena dheirfiúr ar an mBealtaine
D’éag Aodh 12 Feabhra 1977 ··· Tá cuntas air in Irish Times 15 Iúil 2006 faoin teideal ‘Musical visionary who pushed the boundaries’ agus deirtear ann: ‘Although steeped in the tradition, primarily through his father’s Donegal roots and through Aodh’s role as a music collector, Skara Brae took some of the oldest songs in the tradition and breathed fresh life into them, with their peerless sibling harmonies and sympathetic yet startling arrangements.’ In Béaloideas 74, 2006 tugann Ríonach Uí Ógáin cuntas ar a shaol agus cuireann béim ar leith ar ar bhailigh sé d’amhráin idir Ghaeilge agus Bhéarla i nDún na nGall le linn dó a bheith fostaithe ag Rannóg an Cheoil Tíre, Roinn Béaloideas Éireann (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) ó Aibreán go Lúnasa 1974
I nDaonáireamh 1911 thug Aodh (65) le fios go raibh sé pósta le 44 bliana, go raibh a bhean 62 bliana d’aois, gur cúigear a rugadh dóibh agus, in ainneoin eolas 1901, go raibh an cúigear beo ··· Chuir an leasdeartháir seo Aodh ag ól agus i ndiaidh seachtaine ní raibh fágtha aige ach scilling ··· Ar 15 Aibreán dúradh go raibh mar chúntóir ag Aodh ‘J
Cuireadh oideachas ar Aodh i gConnachta mar a raibh Thadeus Higgen ar dhuine dá mháistrí; is dóigh le Breatnach gurbh é sin Tadhg Óg Ó hUiginn, mac le Tadhg Dall [q.v.] ··· I dtús na bliana dár gcionn a casadh air an Froinsiasach Pádraig Pléimeann [q.v.] a bhí ar a bhealach chun na Róimhe mar chompánach ag Aodh Mac Aingil [q.v.]
Inné, 24 Meán Fómhair 1609, adhlacadh mac agus oidhre dílis diongbhála Uí Néíll – Aodh Ó Néill, Barún Dhún Geanainn, agus ábhar tiarna Chineál Eoghain agus an taobh ó thuaidh d’Éirinn gan imreasain gan freasúra ··· Mo chreach Aodh!’ Bhain Tadhg le teaghlach léannta a bhí ina gcroinicithe ag Mag Uidhir Fhear Manach le cúpla céad bliain; tugann Ó Fiaich liosta dá shinsir ar shaoithe agus sheanchaithe iad a d’éag 1373–1537 ··· Tugadh pardún do sheachtar dá mhuintir in Ard Mhacha 6 Nollaig 1602 agus ba dhuine díobh ‘Teige O Kinnane gentleman’ agus ‘Coconnaght O Kinan, priest.’ B’fhéidir go bhfuair sé tailte in Ard Mhacha ó Aodh Ó Néill ··· ‘Nuair a bhíothas ag socrú i bhfómhar 1607 cé rachadh chun na Spáinne in éineacht le hAodh Ó Néill agus cé d’fhanfadh i Lováin, leagadh amach go bhfanfadh Ó Cianáin i bhFlóndras i gcuideachta na Cuntaoise agus na bpáistí ··· Deir Aodh de Blacam [B1]: ‘It appears that Teig was not counted of sufficient importance to receive the confidence of the leaders; for his book tells us nothing of the politics of the flight’ (Gaelic literature surveyed, 1929)
Tá fianaise sa dán le hAodh Buí Mac Cruitín [q.v.], ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, gurbh é Aindrias a bhí mar oide ag Aodh ··· Breatnach ar an bhfile, scríobhaí agus ginealeolaí seo agus é ag tagairt don mharbhna ‘Ní buan brón go bás ollaimh’, a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín[q.v.] (Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997) ··· Gan amhras, tá tagairtí go leor dó ag Vincent Morley in An Crann os Coill: Aodh Buí Mac Cruitín, c.1680–1755, 1995 ··· Bhí gaol aige le hAodh Buí agus tuairimíonn Morley go raibh seisean ar dhuine dá dhaltaí scoile; agus bhí an file Séamus Mac Cruitin[B6] síolraithe óna dheartháir Tadhg ··· Rinne sé duanaire do mhuintir Uí Lochlainn ina bhfuil dánta a chum sé féin agus Aodh Buí
Tuairim 1490 a rugadh é agus ba é an mac ba shine é ag Aodh Dubh Ó Domhnaill (d’éag 5 lúil 1537 de réir Annála Connacht), ‘tiarna Thír Chonaill agus Íochtar Chonnacht agus Fhear Manach agus Chineál Muáin agus Inis Eoghain’ ··· Ó 1531 amach bhí sé féin agus Aodh Dubh i gcogadh le chéile ··· I have no hesitation in saying that the real situation is reversed in this paragraph; the nobleman is made to play the part of principal, while the translators and the delvers among ancient authorities remain nameless behind the scenes.’ In Gaelic literature surveyed deir Aodh de Blacam [B1]: ‘The result is a vivid and fascinating book, written in language that the Gaelic speaker of today can read with but little difficulty, since it is not the artificial Gaelic of the professional historians, but the very speech of the people, that has changed comparatively little since the days in which the book was written.’ Sa tulrá i leabhar Mhic Giolla Chomhaill deir Tomás Ó Fiaich: ‘Seo an saothar litríochta ón 16ú haois is cosúla le “caint na ndaoine” ··· Bheadh na mic Calbhach agus Aodh ina dtaoisigh ar ball ··· Tugann Pól Breathnach in The life of Aodh Rua Ó Domhnaill (1948–57) ainmneacha na n-iníní mar shampla de na hainmneacha ban a bhí coitianta ag Uí Dhomhnaill: Róise, Mairghréag, Aibhilín, Gráinne, Siobhán, Máire, Nuala
Mhúineadh sé rang Gaeilge sa chathair i rith an gheimhridh agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh ceoil in éineacht le hAodh Ó Duibheannaigh i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste ··· I 1944, i gcomhar le hAodh Ó Duibheannaigh agus Réamonn Ó Frighil, chuir sé le chéile Cnuasacht de Cheoltaí Uladh chun go mbeadh amhráin in a gcanúint féin ar fáil ag daltaí an chúige
Tar éis bunoideachais i dTír an Fhia fuair Aodh meánscolaíocht i gColáiste Mhuire i nGaillimh sula ndeachaigh sé go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe
Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa ··· In 1601 bhí sé ag iarraidh a bheith ina ollamh ag Aodh Rua Ó Domhnaill agus go mbronnfadh seisean fearann air (‘Ionnmhas ollaimh onóir ríogh’)
Luaitear é i gcomhluadar staraithe mar Aodh Mac an Bhaírd[q.v.], Seán Mac Colgáin[q.v.], Stephen White[q.v.], Pádraig Pléimeann[q.v.], John Lynch[q.v.], David Rothe[q.v.]... ··· Bhí i gceist go mbeadh sé féin, Aodh Mac Aingil[q.v.], Pádraig Pléimcann agus Aodh Mac an Bhaird ag comhoibriú le chéile san fhiontar seo
Glactar leis coitianta gur don fhear s’againne an tagairt sa line ‘Aodh Mac Gabhráin, an Gaedhul glic’ agus dá réir sin gur chaith sé tamall i mBaile Átha Cliath
Ba iad Patrick Farrell, tiománaí veain, agus Esther Farren a thuismitheoirí agus bhí cónaí orthu ag 47 Sráid Chaoimhín Íochtarach sular aistrigh siad go dtí an Cuarbhóthar Theas nuair a bhí Aodh sna déaga
Ba é Aodh an duine ba shine de cheathrar buachaillí agus triúr cailíní
Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· In Ónainn, baile fearainn i gCill Chainnigh, trí mhíle ó Charraig na Siúire, a rugadh é agus ba iad Aodh Ó Néill, feirmeoir agus muilleoir, agus Siobhán Ní Chochláin a thuismitheoirí
Chuaigh sé isteach i gColáiste Naomh Antaine i Lováin i 1607 agus rinne staidéar ann faoi Aodh Mac Aingil[q.v.] agus Aodh Mac an Bhaird[q.v.] ··· Bhí sé ceaptha le dul i gcomhar le Seán Mac Colgáin[q.v.] agus le hAodh Mac An Bhaird sa saothar staire a bhí beartaithe ag na Froinsiasaigh
Ba iad an cúigear eile: Aodh, Bidí, Sally, Áine, agus Bell ··· Chuir siad amach freisin caiséad ina bhfuil Aodh Ó Duibheannaigh (1914–84) ag casadh cuid dá amhráin
Is é a dúirt Aodh Mac Aingil[q.v.] faoina chomhghleacaí in Scáthán shacramuinte na haithridhe: ‘Ór, gé go bhfuilid mórán daoine foghlamtha ag ár náision .. ··· Tá cuntais air: ag Tomás Ó Cléirigh[B4] in Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaedhilge i Lobháin (1936); agus ag Cuthbert Mhág Craith sa leabhar thuas ··· D’Aodh Rua Ó Domhnaill a chum sé an chéad dán dá dhéantús dá bhfuil ar marthain ach tuairimítear freisin gurbh é a chum roinnt de na dánta atá leagtha ar Eochaidh Ó hEodhasa ··· Foilsíodh ranna Uí Eodhasa freisin in Suim bhunudhasach an teaguisg Chríosdaidhe a bprós agus a ndán (1663) le Seán Ó Dubhlaoich[q.v.], i dteagasc Críostaí Aindriais Uí Dhuinnshléibhe [q.v.], in The e;ements of the Irish language le hAodh Mac Cruitín[q.v.], agus i leabhar Phóil Uí Longáin[B6], Gairdín an anama (1844) (Mac Raghnaill)
Ina measc bhí Tuibear, Aodh Bui Mac Cruitín[q.v.], Cathal Ó Luinin[q.v.], Proinsias Bhailis[q.v.], Diarmuid Ó Conchubhair[q.v.], Anthony Raymond[q.v.], Aodh Mac Gabhráin[q.v.], Cathal Ó Conchubhair[B6], John Fergus[q.v.] agus gan amhras Seán Ó Neachtain[q.v.]
Ba chlann an dá dheartháir é féin agus Aodh, Conall agus Neilí Mhicí Hiúdaí ··· Ba san am sin a chuir triúr – deartháir le John, Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Ó Baoill agus Réamonn Ó Frighil – an leabhar Cnuasacht de cheoltaí Uladh (1944) le chéile ··· Tá sé le cluinstin ar an dlúthdhiosca Ceol Cheann Dubhrann (2006) chomh maith ag canadh ‘Níon an Bhaoighilligh.’ D’ainneoin nach raibh an clú céanna air is a bhí ar a dheartháir Aodh i dtaca leis an cheol de, bhí eolas domhain fairsing aige ar amhráin agus guth maith lena rá fosta, rud is léir ó na taifeadtaí
Ba é príomhbhunaitheoir an choláiste é agus tá cuntas cuimsitheach ar a pháirt sa tionscnamh ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in caibidil a 5 de Bráithrín Bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil, 1985 ··· B’fhéidir gurbh é Aodh Ó Néill (1550–1616) faoi deara gur ceapadh é ··· Is i gcomhthéacs an dáin ‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird[q.v.] a scríobhann Ó Buachalla ar an scéim sin in Aisling Ghéar
Ba leasdeartháir é dá réir sin le hAodh Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a maraíodh sa chogadh ar 1 Márta 1600 i gCorcaigh, agus ba dheartháir é lena chomharbasan, Cúchonnacht óg, a d’imigh chun na Mór-roinne leis na hIarlaí ··· Bhí a mhac Aodh páirteach san éirí amach agus maraíodh é i Scairbh Sholais, Co ··· Garmhac le Cúchonnacht Mór ba ea an Coirnéal Aodh Mag Uidhir (d’éag 1763)
Bhí Ó hUaithnín comhaimseartha le filí aitheanta eile sa Chlár: Micheál Coimin[q.v.], Aindrias Mac Cruitín[q.v.], Aodh Buí Mac Cruitin [q.v.] ··· Duine measúil ba ea Bháitéar, é in acmhainn dul i mbannaí £50 an duine ar bheirt shagart; é ina Ardchonstábla ar bharúnacht Chorca Mrua tamall; tá sé i measc na síntiúsóirí atá ainmnithe ag Aodh Buí Mac Cruitín in A brief discourse in vindication of the antiquity of Ireland, 1717
Tamall i ndiaidh 1603 pósadh Brighid ar Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus rugadh mac, Aodh, dóibh i 1606 ··· I bhfómhar 1607 bhí sí ar ais i Maigh Nuad, í gar dá haimsir, nuair a sheol Ruairí as Éirinn 14 Meán Fómhair in éineacht le hAodh Ó Néill
Bhí ‘Príomhstair an Stocáin le hAodh Mac Domhnaill (1802–1867)’, cuntas ar ‘aithrí’ Mhic Dhomhnaill, i gcló aige in Éigse, geimhreadh 1972 ··· Chuir sé roimhe ansin dánta Mhic Dhomhnaill a fhoilsiú agus ba chuid de shraith Éigse Oirialla é Aodh Mac Domhnaill: Dánta, 1987 ··· ‘Chonacthas dom gur mhinice a d’fheictí é ag siúl an bealach a théadh Aodh Mac Domhnaill idir Millfield agus teach cónaithe Roibeaird Mhic Ádhaimh [B3] i gCearnóg an Choláiste, agus, ar ndóigh, bhí ciall leis sin’
Tháinig Aodh Rua Ó Domhnaill a dhéanamh creiche i dTuamhain i 1599 agus thóg leis cuid d’eallach an fhile ··· Chuir Maoilin i gcuimhne d’Aodh Rua i rann go raibh an chreach inghlactha i ndíoltas na hargana a rinne Ó Briain ar Aileach 400 bliain roimhe sin
Tá cuntas breá fada air ag Aodh P ··· Cuireann Aodh P
Breatnach ('An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward [Aodh Mac an Bhairdq.v.] and the Louvain Hagiographical Enterprise' in Éigse XXXI, 1999), agus ag Richard Sharpe (Medieval Irish Saints' Lives: an lntroduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991) ··· Bhí sé mar chompánach ag Aodh Mac Aingil[q.v.] ar a bhealach chun na Róimhe i 1623; ba é a scríobhfadh beatha Aoidh agus a chumfadh an inscríbhinn ar a thuama ··· I bPáras dóibh d'éirigh Pádraig cairdiúil le hAodh Mac an Bhaird[q.v.]
Bhí fear dá mhuintir, an Captaen Seán Ó Néill, ina bhall de reisimint Eoghain Rua Uí Néill sa Spáinn agus bhí seisean páirteach sa chosaint a rinne Aodh Dubh Ó Néill (c.1605–c.1660), fear ceannais Chluain Meala, in aghaidh Chromail i 1650 ··· Chill Chainnigh, a cuireadh meánoideachas air féin agus ar a dheartháireacha Aodh agus Feidhlim
Tá réimse a chuid oibre mar eagraí Chonradh na Gaeilge agus mar mhúinteoir clasaicí léirithe i mbeathaisnéis an tsagairt chéanna, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006 le hAodh Ó Canainn ··· (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo)
In éineacht le hAodh Mac Dhubháin[B4], Cilian Ó Brolcháin[q.v.] agus Coiril Ó Mathúna d’aistrigh sé Ten Little Niggers Agatha Christie faoin teideal An tOileán Doilfe (léiríodh é 10-13 Meitheamh 1948)
Bhí caidreamh aige le hAodh Mac Aingil[q.v.], Aodh Mac an Bhaird[q.v.], Anthony Hickey[q.v.], agus Flaithrí Ó Maoil Chonaire[q.v.]
An fabht is mó sa bheatha, dar le Breathnach, gur chuir Lughaidh a laoch ar chomhchéim le hAodh Ó Néill ··· Edward O Reilly [Éadbhard Ó Raghallaigh B6] says that Cúchoigcríche Ó Clérigh “wrote a life of Aodh roe O’Donnell” and that “the original copy of this work is in the library of William Monck Mason, Esq ··· Deir Breathnach: ‘The Life of Aodh Ruadh is written throughout in a highly artificial and archaic style of Irish, much more artificial than the language of the Four Masters where they write in free prose
In Éigse, fómhar 1961 tá dán a leagtar air i gcló ag Máirtín Ó Murchadha (‘Dán le hEón Ó Caoimh’) agus tá mar scríbhinn teidil air i gceann de na lámhscríbhinní: ‘An tAthair Eoghan Ó Caoimh cct an tan chuaidh go connochtuibh ag glaca na ngradh ccoisreagtha ón Easbog.’ Aodh Mac Diarmada, Easpag Achadh Chonaire a bhí i gceist ··· Deir Ó Murchadha: ‘Ach go háirithe, níorbh é Eón Ó Caoimh an t-aon Mhuimhneach amháin a chaith a chúrsa a thabhairt ar an Easpag Aodh Mac Diarmada i gCúige Chonnacht.’ Acraistic is ea an dán; ach céad litreacha chéad fhocal na gceathrúna a chur in ord beidh AODHA MAC DIARMODA agat mar thoradh
Bhí caisleán ag athair Ruairí, Aodh Ó Flaithbheartaigh, ‘captain of the nation of the O’Flahertys,’ i Maigh Cuilinn, Co ··· Nuair a d’éag Aodh ar 20 Deireadh Fómhair 1631 rinneadh coimircí faoin gcoróin de Ruairí