Líon alt a aimsíodh: 8
Tuairim 1490 a rugadh é agus ba é an mac ba shine é ag Aodh Dubh Ó Domhnaill (d’éag 5 lúil 1537 de réir Annála Connacht), ‘tiarna Thír Chonaill agus Íochtar Chonnacht agus Fhear Manach agus Chineál Muáin agus Inis Eoghain’ ··· Ó 1531 amach bhí sé féin agus Aodh Dubh i gcogadh le chéile ··· Tugann Pól Breathnach in The life of Aodh Rua Ó Domhnaill (1948–57) ainmneacha na n-iníní mar shampla de na hainmneacha ban a bhí coitianta ag Uí Dhomhnaill: Róise, Mairghréag, Aibhilín, Gráinne, Siobhán, Máire, Nuala ··· Tháinig sé in aois oirbhirt go luath; in 1510–11 bhí sé ag feidhmiú thar ceann Aodha Dhuibh a bhí ar oilithreacht chun na Róimhe ar feadh 18 mí ··· The indeterminacy of the arrangements for the transference of rule within the Gaelic system facilitated the kind of free enterprise politics that characterised the Italian Renaissance.’ In aiste in Comhar, Lúnasa 1957 (‘Maghnus Ó Domhnaill’) deir Gearóid Mac Níocaill: ‘Cinnte, tig linn glacadh leis nach beag an tionchar a bhí ag an snaidhm chleasaíochta is foréigin a bhí comónta sa tír uilig le linn a óige, is roimpi is ina diaidh: is luath a d’fhoghlaimeodh sé an coup d’état – nach amhlaidh a fuair a sheanathair féin tiarnas Thír Chonaill?’ Ba chuid den pholaitíocht sin sa troid in aghaidh a athar, b’fhéidir, gur phós sé Siubhán, iníon le Con Bacach Ó Néill, taoiseach
Tá a bhfuil d’eolas i dtaobh an fhile seo cruinnithe ag Colm Beckett agus i gcló in: Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, An Clóchomhar, 1967, mar a bhfuil eagar curtha aige ar thráchtas fealsúnachta a scríobh an file; agus in Aodh Mac Domhnaill: dánta, An Clóchomhar, 1987 ··· Fiú nuair nach raibh aon scoláirí ag freastal ar na scoileanna, tharla gur fhógair easpag Caitliceach na deoise bac a bheith ar Chaitlicigh sin a dhéanamh, d’éirigh le hAodh an dubh a chur ina gheal ar an Home Mission d’fhonn a phost a choimeád ··· Tá fiúntas inti fosta ó thaobh an eolais atá inti ar mhodhanna feirmeoireachta; na barra a shaothraítí; béasaí agus bealaí na tuaithe—cuid acu a bhí imithe as úsáid cheana féin nuair a bhí Aodh Mac Domhnaill ag scríobh, go ndéantaí bágún d’fheoil an bhroic, go n-ití an ghráinneog, go gcuirtí eorna sna garraithe sula raibh na prátaí coitianta.’ Cuir lena ais-sean cur síos a rinne an Canónach Feardorcha Ó Conaill[B2] ar an ‘Fealsúnacht’ ina léacht ‘The Philosophy of Aodh Mac Domhnaill’ (Journal of the County Louth Archaeological Society, Samhain 1915): ‘He was not an Empedocles, nor a Plato, nor a Lucretius, but he proved conclusively that neither penury nor lack of book knowledge can altogether suppress the development of natural genius ··· Faoin am sin is ag obair don London Hibernian Society i nGlinnte Aontroma a bhí Aodh ··· Nuair a tharla easaontas idir é agus Art Mac Bionaid[q.v.], duine eile de chúntóirí Mhic Ádhaimh, chum Art an aoir ‘An t-ollamh úr’ leis an ionadh a bhí air Aodh a bheith ‘ag ceartú ceoil is ag cumadh rann’ a chur in iúl
Duine eile dá phátrúin ba ea Aodh Ó Domhnaill[q.v.] agus tá na dánta a scríobh sé dósan liostaithe ag Tomás Ó Cléirigh[B4] in Éigse, earrach agus samhradh 1939 (‘A Poem book of the O’Donnells’) ··· Tar éis do Mhág Craith tuairimí an Bhreathnaigh a phlé déanann sé an suimiú seo ar an tranglam: ‘Fágann sin go bhféadfaí gurb ionann Pádraig Dubh Ó Coirnín agus the Rev
Deir si: ‘Eoghan Rua Mac an Bhaird’s address to Nuala, daughter of Aodh Dubh Ó Domhnaill, conceived as a solitary mourner at the tomb in Rome of her kinsmen is, I think from its subject and treatment, the noblest and most moving of all the known elegies in the classical style.’ Tugann an scoláire céanna ‘a thoughtful and graceful writer’ ar an bhfile in Irish Syllabic Poetry..., 1928 ··· Scríobh Eoghan dán d’Aodh Ruadh Ó Domhnaill ar a imeacht chun na Spáinne (‘Rob soraidh t’eachtra a Aoidh Ruaidh’) ··· Chuir sé dán (‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’) chuig Aodh Ó Domhnaill, mac le Ruairí, in éineacht le ‘leabhar ar riaghlachaibh et ar inneall an chogaidh’ ··· an dá dhán úd “Fogas furtacht don tír thuaidh” agus “A leabhráin ainmnighthear d’Aodh”.’ Tá an dara dán sin chomh maith le trí cinn eile le hEoghan Rua in eagar ag Osborn Bergin[B2] in Irish bardic poetry, 1970: ‘Dána an turas trialltar sonn’, ‘Rob soruidh t’eachtra, a Aodh Ruaidh’ agus ‘Truagh do chor a chroidhe tim’ (dán a chum sé nuair a chuala sé Ruairi Ó Domhnaill a bheith go dona tinn) ··· Agus é ag tagairt d’ionsaí ar Éirinn a bhí á bheartú 1625–27 deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar..., 1996: ‘Is ar an ócáid sin, ceapaim, agus Aodh Ó Dónaill ag ullmhú chun tabhairt faoi Éirinn a scríobh Eoghan Rua Mac an Bhaird ..
Drámadóir, file agus liriceoir ab ea Aodh Ó Domhnaill a chaith a shaol oibre i mBanc Ceannais na hÉireann; scríbhneoir go smior ó na 1970idí nuair a chum sé amhráin don bhanna ceoil Na hUaisle, trí na 1980idí agus 1990idí nuair a foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, agus go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin ··· I mBaile Átha Cliath a rugadh Aodh ar an 19 Meán Fómhair 1947, an tríú duine clainne ag Anton Ó Domhnaill, príomhoide scoile ó Mhín Beannaid, na Rosa, Co ··· Nuair a comóradh leathchéad bliain Aisteoirí Bulfin ar eagrán Mhárta 2017 de Comhar, grianghraf d’Aodh a bhí ar an gclúdach, agus in alt ag Mícheál Ó Gruagáin, duine de bhunaitheoirí an chompántais, tugadh aitheantas ar leith d’Aodh: Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus saibhreas clár drámaíochta a bhaint amach murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn – Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann ··· Aon dráma is tríocha ar fad a scríobh Aodh Ó Domhnaill, 25 don stáitse ar léirigh Aisteoirí Bulfin (AB) 16 acu: Fuílleach (AB, 1980idí); Caifé-ar-ais (AB, 1987); Oíche le Pádraig (AB, 1988); Muirc (AB, 1990); Loic ar leac (AB, 1994); Bean ar tí léime (AB, 1995); Lá breá (AB, 1996); Republica (Aisling Ghéar, 1996); Luaithrín (1997); Bertie Bush agus Mamó an Diabhail (AB, 2004); Mac a’ Stanley (AB, 2006); Cillín Shaddaim (2007); Raic (2008); An campa (AB, 2008); Biffó béar (AB, 2009); Ar deireadh (2009); Na leabhra (2010); Idir an dá shúil (An Taibhdhearc, TíAitreo sa Phéacóg, 2010;) Gur eile (AB, 2011); LaraeDó (AB, 2013); Dúnmharú (2012); Tuile (2014); 1915 (AB, 2015); Lón Leningrad (AB, 2016); Dearmad na fola (AB, 2018) ··· Bhí cuntas iarbháis ar Tuairisc.ie, ‘An Scríbhneoir ildánach: Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne’, 25 Eanáir 2018, agus foilsíodh ‘Aodh Ó Domhnaill agus a Oidhreacht Drámaíochta’, aiste chuimsitheach le Fidelma Ní Ghallchobhair, ar Comhar, Bealtaine 2018
Bhí a dheirfiúr Lil Bean Uí Chiardha ina huachtarán náisiúnta ar an Réalt agus chaith an deirfiúr eile, Máire Bean Uí Ghógáin, tamall fada ag obair ar son na teanga i Lú agus i gCúige Uladh, í ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh (1974–1978), tamall freisin ina huachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina rúnaí ag Éigse Oirialla, agus baint mhór aici i rith fiche bliain leis na comórtha móra a rinneadh ar Chathal Buí Mac Giolla Ghunna[B7], Peadar Ó Doirnín [B7], Aodh Mac Domhnaill [B6], Peadar Ó Dubhda [B1], Énrí Ó Muirgheasa [B1], Peadar Ó Gealacáin [B6], Art Mac Bionaid [B6] ··· B’as an gCarraig Dhubh dá athair, Lorcán, fear a chuaigh le ceird an bhúistéara, agus dá sheanathair; dar le seanchas na clainne gurbh as Co ··· Bhí sean-Lorcán ina bhall de Chraobh na Carraige Duibhe i mblianta tosaigh an 20ú haois ··· Ní raibh ach beagán Gaeilge aige ach bhí bá aige léi ó d’fhreastalaíodh sé tamall ar rang Mhichíl Mhig Ruaidhrí [B1], ‘the greatest seanchaí of our time’ (dar le hEoin Mac Néill), a bhí ag garraíodóireacht in Stradbrook Hall, an Charraig Dhubh, san am sin
In Pádraig Ó Conaire agus aistí eile, 1936 scríobh Seosamh Mac Grianna: ‘Tá sé de chlú ar an Dall Mac Cuarta gurbh é an file é ba mhó de chuid Chúige Uladh, ar scor ar bith ó Chionn tSáile anall.’ Áitíonn Aodh De Blacam[B1] orainn in Gaelic Literature surveyed, 1929: ‘He lived most of his life at Omeath, where the persistence of the Gaelic tradition down to our own day possibly is due to the abiding influence of his personality.’ Dá chomhartha sin tá seacht ndán leis in Nua-Dhuanaire II, 1976, trí cinn in An Duanaire.. ··· Is iad na dánta is minice a luaitear: ‘Fáilte don éan’, ‘An lon dubh báite’, ‘Tithe Chorr an Chait’, agus ‘Is fada mé ’mo luí i Lúghaidh’ ··· Is dóigh go bhfaigheadh sé pátrúnacht ó na huaisle sin a mhol nó a chaoin sé: Somhairle Mac Domhnaill a cailleadh in Eachroim, an Cornal Brian Mac Naois, Murcha Crúis, Barún Sláine, Clann Mhic Dhiarmada, agus Tiarna Lú
Peadar Mac Fhionnlaoich agus Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chuir le chéile, 1907; Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill, 1911; Ciall na sean-ráidhte: Sé sgéalta gearra nuadh-dhéanta, 1914; Conchubhar Mac Neasa, 1914; An Cogadh Dearg agus Scéalta eile, [c.1918]; Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh: ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go hEaspog Ó Gallchobhair (1750), 1925 ··· I ndiaidh freastail ar an scoil náisiúnta ann chaith sé bliain sanArd-Scoil i nGlas Naíon agus dhá bhliain i gColáiste na Carraige Duibhe