Líon alt a aimsíodh: 15
Phós sí Aodh Ó Tuama, múinteoir taistil, 30 Meán Fómhair 1919 i gCathair Chorcaí ··· In alt dar teideal ‘Turas ar Ghaeltacht an Chláir’ (An Claidheamh Soluis 5 Aibreán 1913) dúradh: ‘Tá sprid mhaith Ghaelach ins na daoine san iarthar agus is dea-chomhartha é sin ar an obair atá déanta ag Aodh Ó Tuama ina measc ar son cúise na teanga’ ··· Nuair a d’fhiafraítí di conas a casadh Aodh uirthi deireadh sí gur tharla an bheirt acu i rang foghraíochta an Dr Risteáird Ó Dálaigh [B2] i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, go mbíodh scáthán ag gach duine chun féachaint an raibh an teanga san áit cheart le fuaim áirithe a dhéanamh agus go bhfaca sí Aodh sa scáthán ··· Bhí seachtar mac acu, Conchubhar, Seán (an scoláire agus an scríbhneoir), Aodh, Pádraig, Liam, Tadhg, Barra, agus triúr iníon, Máire, Siobhán agus Bríd ··· Fuair sí bás 12 Nollaig 1979 agus a bhog Aodh go ‘Inchiquin’, Páirc an Charraigín, Baile an Locha ansin
In ‘Love in the Medieval Irish Lyric’ (Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage, 1995) tá curtha síos ag Seán Ó Tuama ar na dánta grá a scríobh sé ··· Tuairim 1490 a rugadh é agus ba é an mac ba shine é ag Aodh Dubh Ó Domhnaill (d’éag 5 lúil 1537 de réir Annála Connacht), ‘tiarna Thír Chonaill agus Íochtar Chonnacht agus Fhear Manach agus Chineál Muáin agus Inis Eoghain’ ··· Ó 1531 amach bhí sé féin agus Aodh Dubh i gcogadh le chéile ··· / Fúbún fán ngunna nGallghlas, / fúbún fán slabhra mbuidhe, / fúbún fán gcúirt gan Bhéarla / fúbún séanadh Mheic Mhuire.’ Tá macalla den bhfobún sin i dteideal dhráma Sheáin Uí Thuama, Gunna cam agus slabhra óir ··· I have no hesitation in saying that the real situation is reversed in this paragraph; the nobleman is made to play the part of principal, while the translators and the delvers among ancient authorities remain nameless behind the scenes.’ In Gaelic literature surveyed deir Aodh de Blacam [B1]: ‘The result is a vivid and fascinating book, written in language that the Gaelic speaker of today can read with but little difficulty, since it is not the artificial Gaelic of the professional historians, but the very speech of the people, that has changed comparatively little since the days in which the book was written.’ Sa tulrá i leabhar Mhic Giolla Chomhaill deir Tomás Ó Fiaich: ‘Seo an saothar litríochta ón 16ú haois is cosúla le “caint na ndaoine”
Tá cuntas breá fada air ag Aodh P ··· Ba í Bríd Ní Thuama ó Chontae an Chláir a mháthair ··· Cuireann Aodh P ··· Faoin ainm ‘Abhuistín Ó Tuama’ chuir sé ar fáil Na Camánaithe Óga, 1944, aistriúchán ar The Boys of St Declan’s, 1944
Bhí sé mar chompánach ag Aodh Mac Aingil[q.v.] ar a bhealach chun na Róimhe i 1623; ba é a scríobhfadh beatha Aoidh agus a chumfadh an inscríbhinn ar a thuama ··· Breatnach ('An Irish Bollandus: Fr Hugh Ward [Aodh Mac an Bhairdq.v.] and the Louvain Hagiographical Enterprise' in Éigse XXXI, 1999), agus ag Richard Sharpe (Medieval Irish Saints' Lives: an lntroduction to Vitae Sanctorum Hiberniae, 1991) ··· I bPáras dóibh d'éirigh Pádraig cairdiúil le hAodh Mac an Bhaird[q.v.]
Ba iad a thuismitheoirí Aodh Ó Tuama (1890-1985), múinteoir taistil ag Conradh na Gaeilge agus saoiste i gcomhlachtaí árachais ar ball, agus Eibhlín Ní Éigearta (1893-1979) [B5], múinteoir ··· I nDoire an Aonaigh, Ré na nDoirí, in aice le Baile Bhuirne, a rugadh Aodh, ar dheartháir é le Seán Fear Ó Tuama [B2] a bhí tamall ina Thánaiste ag Conradh na Gaeilge ··· Chuir Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin eagar ar Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (2000); ba é a iardhalta an tOllamh Máirtín Ó Murchú a scríobh an ‘Focal tiomnaithe’ ann ··· Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal ··· The same approach to literature was to be the hallmark of Seán Ó Tuama’s own criticism whether of traditional folk love song or medieval love lyric, or of contemporary writing in prose or poetry.’ Bhí céim mháistir aige agus scoláireacht Theach an Ard-Mhéara gnóite agus gan ach fiche bliain d’aois aige
Níl eolas ar a bheatha sa chuntas gairid atá ag Tomás Ó Cléirigh in Aodh MacAingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lováin, 1935 agus níl le rá ag Colm Ó Lochlainn[B4] sa nóta a chuir sé le Tobar Fíorghlan Gaedhilge: deismireachta na teanga 1450–1853 , 1939 ach go raibh sé ina ab ar mhainistir Chill Manach, Co ··· deirtear gur dochtúir le diagacht a bhí ann agus go raibh sé ina bhiocáire ginearálta i ndeoise Thuama ··· 1475-1700, 1997 deir Tony Sweeney go raibh sé ina bhiocáire ginearálta ar Thuaim agus níos deireanaí ina bhiocáire aspalda ar Chill Ala, agus cumhacht easpaig aige
An tuairisc sin, agus í a mhéadú faoi sheacht, ní bheadh inti ach tús tráchta chun leac an laoich seo a líonadh.’ Tá cuntas iarbháis air ag a chara Aodh Ó Canainn in Comhar, Aibreán 1996 agus in Donegal Annual, 1994 tá cuntas ag an údar céanna agus béim á cur aige ann ar ar bhailigh Ó Cuinn d’ábhar in áiteanna i nDún na nGall inar shíothlaigh an Ghaeilge ó shin ··· Is cuid dár bhailigh sé atá in Scian a caitheadh le toinn: Scéalta agus amhráin as Inis Eoghain agus cuimhne ar Ghaeltacht Iorrais, 1990 in eagar ag Aodh Ó Canainn agus Seosamh Watson ··· Déanann Ó Glaisne cur síos ar an gcaoi ar dhiúltaigh Ardeaspag Thuama an chomaoineach naofa a thabhairt dó ag Aifreann speisialta an Oireachtais i 1972 agus ar an gcaoi ar thug an tAthair Tom Stack ar ball cúiteamh dó sa bhfaillí sin
Dúirt Aodh Ó Tuama [B5: 179] le Risteárd Ó Glaisne go mbíodh seirbhísí i nGaeilge ar siúl aige uaireanta i gCúil Cheileabhar
Bhí sé ina bhall de choiste Choláiste Chonnacht agus nuair a bhí Ardeaspag Thuama ag áitiú i 1909 gur aigesean amháin a bhí cearta chun príomhoide a cheapadh, tharla gur leis talamh an choláiste i bPartraí, bhí Conchubhar ar dhuine díobh sin a bhí ag seasamh go daingean ina aghaidh ··· Aturnae ba ea mac eile leis, Gearailt, agus maraíodh a mhac Aodh sa Fhrainc i gCogadh 1914–18
In An duanair, 1600-1900 (1981) deir Seán Ó Tuama agus Thomas Kinsella: ‘An té ar mhaith leis léargas a fháil ar an difríocht idir traidisiún liteartha na hÉireann agus traidisiún liteartha Shasana san aois sin, níor mhiste dó an duan tíriúil Nollag seo a léamh taobh ar taobh le Ode on the morning of Christ’s nativity a scríobh scoláire mór Laidine eile a bhí comhaimseartha le Mac Aingil, John Milton.’ Is le Richard Crashaw (1613–45) is túisce le Tadhg Ó Dúshláine comórtas a dhéanamh (‘Athléamh ar Aodh Mac Aingil’ in Irisleabhar Mhá Nuad, 1975–76) ··· In A new history of Ireland III (1976) in eagar ag Moody, Martin agus Byrne, deir Benignus Millet (‘Irish literature in Latin, 1550–1700’): ‘Mac Caghwell [Mac Aingil] was the first really bright star shining in the Irish theological sky for more than a hundred years, since the death of Maurice O’Fihely in 1513.’ Tá a bheathaisnéis scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill, Bráithrin bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985) agus thug Cainneach Ó Maonaigh[B2] cuntas air ina eagrán de Scáthán shacramuinte na haithridhe (1952) arb é an chéad imleabhar é sa tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr ··· Ní mór saothar ceannródaíoch Thomáis Ui Chléirigh[B4] a lua freisin, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1935) ··· In Seanchas Ard Mhacha, 1975 (‘Aodh Mac Aingil, Gael san Eoraip’) deir Noel Ó Gallchóir: ‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne.’ I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh é; deir Ó Gallchóir gur tugadh fianaise air sin nuair a bhí ardeaspagóideacht Ard Mhacha i gceist in 1626 agus nach bhfuil fianaise ar bith gur i Sabhall a rugadh é ··· Ar fhilleadh abhaile dó, d’fhostaigh Aodh Ó Néill mar oide tí é dá bheirt mhac, Anraí agus Aodh Óg
Vincent Morley is grinne a rinne staidéar ar a bheatha agus a shaothar in An crann os coill: Aodh Buí Mac Cruitín c.1680–1755 (1995) ··· Foilsíodh Aodh Buí Mac Cruitín (2012) ina bhfuil 21 dá dhánta curtha in eagar ag Vincent Morley ··· Phós Aodh agus bhí beirt iníonacha aige ··· Chum Aodh dánta moltacha do Dhonnchadh Ó Lochlainn; scríobh sé lámhscríbhinn do Sir Donnchadh Ó Briain i Léim an Eich ··· Bhí sé ina bhall den ghrúpa arbh iad an triúr ba thábhachtaí díobh Tadhg Ó Neachtain[q.v.], Risteárd Tuibear[q.v.], agus Aodh féin; is dóigh gurbh é an scoláire ba mhó orthu é; ‘an crann os coill’ an cur síos air i ndán Thaidhg (‘Sloinfead scothadh na Gaoidheilge grinn’)
In Pádraig Ó Conaire agus aistí eile, 1936 scríobh Seosamh Mac Grianna: ‘Tá sé de chlú ar an Dall Mac Cuarta gurbh é an file é ba mhó de chuid Chúige Uladh, ar scor ar bith ó Chionn tSáile anall.’ Áitíonn Aodh De Blacam[B1] orainn in Gaelic Literature surveyed, 1929: ‘He lived most of his life at Omeath, where the persistence of the Gaelic tradition down to our own day possibly is due to the abiding influence of his personality.’ Dá chomhartha sin tá seacht ndán leis in Nua-Dhuanaire II, 1976, trí cinn in An Duanaire.. ··· 1981 (Ó Tuama agus Kinsella), agus péire in The Field Day Anthology of Irish Writing, 1991
Bhí eolas ag Conchúr ar na baill ba mhó sa teaghlach a thuill clú na filíochta i ndeireadh ré órga na Gaeilge Clasaicí: Fearghal Óg, Eoghan Rua, Aodh Buí agus go háirithe Diarmuid (Mac Laoisigh) a raibh nasc aige le dúiche Fhearnaí féin ··· Píosa lom gonta, de réir a thola féin, atá greanta ar a thuama: ‘I ndíl-chuimhne an Monsignor Éamonn Conchúr Mac an Bháird, Sagart Paróiste Chluain Eois a rugadh 2adh Lúghnasa 1889 a d’éag 6adh Deireadh Fóghmhair 1973
Seán Ó Cochláin agus Eibhlín Ní Éigeartaigh (a phósfadh an múinteoir taistil Aodh Ó Tuama) na múinteoirí a bhí aige
Ag tagairt dó sin agus do Trí bior-ghaoithe an bháis deir Cunningham; ‘Faced with this task, or ministering to students whose task this was, it is perhaps not surprising that one of Geoffrey Keating’s lengthy theological writings would be a meditation on death.’ Deir sí freisin gur ar na seacht bpeacaí marfacha a chuireann sé an bhéim go léir, murab ionann agus Aodh Mac Aingil[q.v.] arb iad na Deich nAitheanta is rogha leis in Scáthán shacramuinte na hAithridhe ··· Deir Seán Ó Tuama in An Duanaire 1600–1900: Poems of the dispossessed (1981): ‘Bíodh nár chum sé líon mór dánta, caithfear Seathrún Céitinn a áireamh ar dhuine de na húdair mhóra is túisce a bhain leas as na meadarachtaí “nua” aiceanta i gcuid shubstaintiúil dá shaothar fileata.’ Chuir Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin eagar ar 18 de dhánta a leagtar air in Dánta, amhráin is caointe Sheathrúin Céitinn dochtúir diadhachta (1570-1650 A.D) (1900)