Líon alt a aimsíodh: 45
Ar feadh cuid mhór dá thiarnas bhí sé idir tine agus fraigh: Toirealach Luineach Ó Néill agus Sasanaigh araon ag brú air ··· Ghearáin sé uair le Sir Henry Sidney go raibh Ó Néill ag at le mórtas, nach dtugadh sé aird ar aon socrú a rinne Sidney d’fhonn Cúchonnacht a chosaint, agus bhagair sé mura seasfadh Sidney in aghaidh ghangaid Uí Néill, go dtiocfadh sé ina aiféala ar na Sasanaigh ar ball ··· Ach mar sin féin thug na Sasanaigh aitheantas an bhliain dár gcionn d’ardtiarnas Thoirealaigh Uí Néill ar Fhear Manach ··· A mhac Aodh a tháinig i gcomharbacht air in ainneoin fhreasúra Chonchubhair Rua Mhig Uidhir ··· Bhí Eochaidh Ó hEodhasa ina ollamh agus ina chara ag an Aodh sin (d’éag 1600) agus is é Aodh atá i gceist ina dhán mórchlúiteach
Inné, 24 Meán Fómhair 1609, adhlacadh mac agus oidhre dílis diongbhála Uí Néíll – Aodh Ó Néill, Barún Dhún Geanainn, agus ábhar tiarna Chineál Eoghain agus an taobh ó thuaidh d’Éirinn gan imreasain gan freasúra ··· Tugadh pardún do sheachtar dá mhuintir in Ard Mhacha 6 Nollaig 1602 agus ba dhuine díobh ‘Teige O Kinnane gentleman’ agus ‘Coconnaght O Kinan, priest.’ B’fhéidir go bhfuair sé tailte in Ard Mhacha ó Aodh Ó Néill ··· ‘Nuair a bhíothas ag socrú i bhfómhar 1607 cé rachadh chun na Spáinne in éineacht le hAodh Ó Néill agus cé d’fhanfadh i Lováin, leagadh amach go bhfanfadh Ó Cianáin i bhFlóndras i gcuideachta na Cuntaoise agus na bpáistí ··· Scríobh sé cuntas laethúil ar thuras Aodha Uí Néill, Ruairí Uí Dhomhnaill, Chúchonnacht Mhig Uidhir agus a gcomhluadair, ar dhuine díobh é féin, chun na Róimhe in 1607 ··· Mo chreach Aodh!’ Bhain Tadhg le teaghlach léannta a bhí ina gcroinicithe ag Mag Uidhir Fhear Manach le cúpla céad bliain; tugann Ó Fiaich liosta dá shinsir ar shaoithe agus sheanchaithe iad a d’éag 1373–1537
‘Maghnus, mac Aodha, mhic Aodha Rua, mhic Néill Ghairbh, mhic Toirealaigh an Fhíona Uí Dhomhnaill’ a thug sé air féin in Betha Colaim Chille ··· Tuairim 1490 a rugadh é agus ba é an mac ba shine é ag Aodh Dubh Ó Domhnaill (d’éag 5 lúil 1537 de réir Annála Connacht), ‘tiarna Thír Chonaill agus Íochtar Chonnacht agus Fhear Manach agus Chineál Muáin agus Inis Eoghain’ ··· Chaith sé suas le fiche bliain ag tacú lena athair chun cur le flaithiúnas Uí Dhomhnaill i gConnachta, agus sa tseanchoimhlint le hUí Néill ··· Ó 1531 amach bhí sé féin agus Aodh Dubh i gcogadh le chéile ··· The indeterminacy of the arrangements for the transference of rule within the Gaelic system facilitated the kind of free enterprise politics that characterised the Italian Renaissance.’ In aiste in Comhar, Lúnasa 1957 (‘Maghnus Ó Domhnaill’) deir Gearóid Mac Níocaill: ‘Cinnte, tig linn glacadh leis nach beag an tionchar a bhí ag an snaidhm chleasaíochta is foréigin a bhí comónta sa tír uilig le linn a óige, is roimpi is ina diaidh: is luath a d’fhoghlaimeodh sé an coup d’état – nach amhlaidh a fuair a sheanathair féin tiarnas Thír Chonaill?’ Ba chuid den pholaitíocht sin sa troid in aghaidh a athar, b’fhéidir, gur phós sé Siubhán, iníon le Con Bacach Ó Néill, taoiseach
Ainmneacha eile sa chrann sin is ea Liféar Grás, Seán Mac Uaitéir Breathnach agus Aodh Buí Ó Néill a throid faoi Aodh Dubh Ó Néill chun Cluain Meala a chosaint ar Chromail i 1650 ··· In Ónainn, baile fearainn i gCill Chainnigh, trí mhíle ó Charraig na Siúire, a rugadh é agus ba iad Aodh Ó Néill, feirmeoir agus muilleoir, agus Siobhán Ní Chochláin a thuismitheoirí ··· Ach fág an eachtra sin as an áireamh ar fad, is díol suime é Pádraig Ó Néill ar mhórán cúiseanna ··· Is é príomhphearsa Gleann an Óir: ar thóir na staire agus na litríochta in Oirthear Mumhan agus i nDeisceart Laighean, 1988 le Eoghan Ó Néill é agus gheofar cuntas níos giorra air ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny history and society ...,1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) ··· Tá curtha go mór leis an eolas ina thaobh ag Eoghan Ó Néill in The Golden Vale of Ivowen: between Slievenamon and Suir, [c 2003]
Bhí sé féin agus Aodh Mag Uidhir i bhfochair a chéile den chéad uair tuairim 1586 ag cóisir, i gCaisleán Inis Ceithleann, b’fhéidir, mar a ndearna siad conradh le chéile go gcuirfeadh Eochaidh ceathrú ag moladh Aodha i ngach dán a chumfadh sé (‘Connradh do cheanglas le hAodh’) ··· Bhronn Aodh feirm air sa Chorrán in aice le Béal Átha na Mallacht ach ní róshasta leis a bhí Eochaidh agus rinne a ghearán le hAodh sa dán ‘T’aire ríomsa a rí ó nUidhir’ ··· Its effect was this: that such language could be used to a patron, that the resulting poem could pass for an expression of the deepest passion.’ Is mar seo a mhínigh David Greene [B3] an scéal in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 in eagar ag Seán Mac Réamoinn: ‘What I want to point out here is that the later bards made use of the language of love poetry to describe the relationship between themselves and their patrons, the poet being seen as the woman and the patron as the man.’ Nuair a maraíodh Aodh I Márta 1600 in arm Uí Néill i gCorcaigh dar le hEochaidh go raibh sé anois fágtha ina bhaintreach (‘Fada re hurchóid Éire’) ··· Scríobh sé dánta molta d’Aodh Rua Ó Domhnaill (‘Díol fuatha flaitheas Éireann’), do Thoirdhealbhach Ó Néill (‘An sluagh sidhe so i nEamhain’) agus do thaoisigh eile agus is minic an cheathrú sin d’Aodh Mag Uidhir iontu ··· Ach roimhe sin d’impigh sé ar Aodh Ó Néill dul i ngleic aris leis na Sasanaigh (‘Fríoth an uainsi ar inis Fáil’)
I bhfómhar 1607 bhí sí ar ais i Maigh Nuad, í gar dá haimsir, nuair a sheol Ruairí as Éirinn 14 Meán Fómhair in éineacht le hAodh Ó Néill ··· Tamall i ndiaidh 1603 pósadh Brighid ar Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus rugadh mac, Aodh, dóibh i 1606 ··· Is é an chaoi a dtagann Brighid agus a hiníon isteach sa scéal a insíonn Ó Fiaich gur chuid de phlean Fhlaithrí Uí Mhaoil Chonaire [B7] chun Éire a ionradh go bpósfaí Mary Stuart ar Iarla Thír Eoghain; chabhródh an cleamhnas chun cairdeas a shnaidhmeadh idir cheannairí míleata na sluaíochta, Ó Domhnaill agus Ó Néill
Bhí fear dá mhuintir, an Captaen Seán Ó Néill, ina bhall de reisimint Eoghain Rua Uí Néill sa Spáinn agus bhí seisean páirteach sa chosaint a rinne Aodh Dubh Ó Néill (c.1605–c.1660), fear ceannais Chluain Meala, in aghaidh Chromail i 1650 ··· Ba iad Conn Ó Néill, Lios Ruanach, agus a bhean Mai Leonie Ní Chuirc ó Bhaile an Phoill, Cill Chainnigh, a thuismitheoirí ··· Mhaíodh sé gur sa 11ú céad a tháinig an mhuintir sin Uí Néill ar díobh é anuas ó Ulaidh agus bhí sé in ann a ghinealach a rianú siar go 1460 ··· Chill Chainnigh, a cuireadh meánoideachas air féin agus ar a dheartháireacha Aodh agus Feidhlim ··· Is léir freisin ar an leabhar sin go raibh gaol fola aige le Pádraig Ó Néill (1765–1832) [q.v.], fear ildánach atá ar phríomhphearsana an leabhair sin
Ar fhilleadh abhaile dó, d’fhostaigh Aodh Ó Néill mar oide tí é dá bheirt mhac, Anraí agus Aodh Óg ··· In A new history of Ireland III (1976) in eagar ag Moody, Martin agus Byrne, deir Benignus Millet (‘Irish literature in Latin, 1550–1700’): ‘Mac Caghwell [Mac Aingil] was the first really bright star shining in the Irish theological sky for more than a hundred years, since the death of Maurice O’Fihely in 1513.’ Tá a bheathaisnéis scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill, Bráithrin bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985) agus thug Cainneach Ó Maonaigh[B2] cuntas air ina eagrán de Scáthán shacramuinte na haithridhe (1952) arb é an chéad imleabhar é sa tsraith Scríbhinní Gaeilge na mBráthar Mionúr ··· Ní mór saothar ceannródaíoch Thomáis Ui Chléirigh[B4] a lua freisin, Aodh Mac Aingil agus an Scoil Nua-Ghaeilge i Lobháin (1935) ··· In Seanchas Ard Mhacha, 1975 (‘Aodh Mac Aingil, Gael san Eoraip’) deir Noel Ó Gallchóir: ‘Níl amhras ar bith ná go raibh sé ar an diagaire ba mhó a mhair in Eoraip a linne.’ I gContae an Dúin, i nDún Phádraig, a rugadh é; deir Ó Gallchóir gur tugadh fianaise air sin nuair a bhí ardeaspagóideacht Ard Mhacha i gceist in 1626 agus nach bhfuil fianaise ar bith gur i Sabhall a rugadh é ··· In 1600, chuir Ó Néill go Salamanca é, más fior, chun a mhac Anraí a chlárú mar mhac léinn san ollscoil ansiúd
Tháinig sé ar ais go hÉirinn i 1599 agus bhí ina a anamchara ag Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain ··· Lean sé air ag cuidiú le hAodh Ó Néill agus thugadh cuairt air ··· Ba é a scríobhadh litreacha Uí Néill chuig Rí na Spáinne ··· De réir tuairiscí Iarla Essex ba é a thioncharsan a d’fhág nach raibh Ó Néill sásta teacht chun réitigh leis an mBanríon Eilís ··· Bhí Énrí Ó Néill, mac an Iarla, i gceannas ar reisimint Éireannach in Ísiltír na Spáinne agus bhí dlúthchairdeas eatarthu
An fabht is mó sa bheatha, dar le Breathnach, gur chuir Lughaidh a laoch ar chomhchéim le hAodh Ó Néill ··· Ag tagairt do Sir Thomas More deir Tadhg Ó Dúshláine in The Irish in Europe..., 2001 in eagar ag Thomas O’Connor (‘Devout humanism Irish-style...’): ‘[Thomas] More too is considered the originator and master of a school of historical writing, centred at Louvain, and his biography of Richard III is considered the possible exemplar for the life of Red Hugh O’Donnell, compiled by the professional historian, Lughaidh Ó Cléirighcirca 1630.’ Cibé dáta a bheadh ceart, déantar talamh slán de gurbh i ndiaidh bhás Aodha Uí Néill i 1616 a scríobh sé é ··· Edward O Reilly [Éadbhard Ó Raghallaigh B6] says that Cúchoigcríche Ó Clérigh “wrote a life of Aodh roe O’Donnell” and that “the original copy of this work is in the library of William Monck Mason, Esq ··· Deir Breathnach: ‘The Life of Aodh Ruadh is written throughout in a highly artificial and archaic style of Irish, much more artificial than the language of the Four Masters where they write in free prose
Ba í a bhí freagrach as stáitsiú Aodh Ua Néill, dráma Éamoinn Uí Néill (1876-1946) [B4] nuair a bhí ceolchoirm i gcuimhne Liam Uí Mhaolruanaidh [B3] ar siúl i Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara
B’éigean dó géilleadh d’Aodh Ó Néill i 1600 ··· I 1565 thabhaigh sé cáil sa chogadh in aghaidh Sheáin Uí Néill an Díomais, rinne Sir Henry Sidney ridire de i nDroichead Átha, agus fuair sé léasanna ar thailte breise ··· Cé nár léir gur chabhraigh sé le Ó Néill ar bhealach ar bith cuireadh tréas ina leith
Bhí Art Ó Néill [q.v.] mar mhúinteoir baile acu agus mhúin sé an chruit dóibh ··· D’íoc sé pinsean le hArt Ó Néill, múinteoir an chumainn, ó 1813 go bhfuair sé bás in 1816 ··· Chum Aodh Mac Domhnaill[q.v.] tuireamh air
Scríobh sé péire dráma: Bás Aodha óig Uí Néill a léiríodh san Ard-Chraobh i rith na hoíche a cuireadh ar siúl le hómós do Liam Ó Maolruanaidh[B2]—d’fhoilsigh an Conradh é i 1902 faoin teideal Aodh Ó Néill ach is faoin teideal ‘Na Díbeartaigh’ a foilsíodh é in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1901 ··· no less a person than Mr Éamonn Ó Néill gravely asked “An dteastaíonn foclóir uainn?”’ ··· Ó Ceallaigh[q.v.] páirt giolla a bheith aige féin sa dráma i dtaobh Uí Néill ··· Deir Pádraig Ó Siadhail in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, 1993: ‘Ba é Na Díbeartaigh le hÉamonn Ó Néill an chéad dráma bolscaireachta stairiúil’ ··· mar eireaball le hainm Éamoinn Uí Néill, Cionn tSáile, lena dhealú amach ó Éamonn Bhaile Átha Cliath
Is iad na leabhair eile a scríobh sé: Cloich Cheannfhaolaidh (1908) agus eagrán nua dar teideal Cloich Cheannfhaolaidh agus scéaltaí eile in 1911; Faire Phaidí Mhóir (1914); Cú na gcleas agus sgéalta eile (1914) (scéalta Rúraíochta i bpáirt le Íde Nic Néill); Ceol na n-éan agus scéaltaí eile (1919) (scéalta a scríobh sé féin agus Íde Nic Néill síos); Fios feasa I-IV (1931); Nua-sgríbhneoirí na Gaedhilge (1933); Pádraig Mac Piarais (1938); Comhréir Ghaedhilg an Tuaiscirt (1939); Buaidh na tuigse (1940); Scéaltaí as an tsean-litridheacht (1945); Beatha Cholm Cille (1967) ··· Thug an tAthair Aodh Mac Cnáimhsí léacht ar a shaol is a shaothar ar Raidió na Gaeltachta agus tá sé i gcló in Scríbhneoireacht na gConallach (1990), in eagar ag Nollaig Mac Congáil
‘Mheas seisean nár chiallmhar in aon chor an aiste [ar Aodh Ó Néill] a fhoilsiú fhad is bheadh sé de chlú ar an údar nach raibh léamh ná scríobh aige, agus ba é a thuairim gur cheart don Chonradh bheith sásta i dtosach fá cé acu a bhí sin fíor nó nach raibh ··· Thugadh sé cuairt ar Mhac Néill agus scríobhadh seisean síos ábhar uaidh ··· ‘The greatest seanchaí of our time’ a thug Mac Néill air ··· Foilsíodh Beatha Aodha Uí Néill, an aiste dár thagair an Duinníneach, in 1903
An bheirt scríobhaí, Niall Gruamdha Ó Catháin agus Aodh Ó Dochartaigh, a rinne ‘Duanaire Finn’ a chóipeáil agus críochnaíodh an obair in imeacht 365 lá ··· Ba gharmhac é leis an taoiseach cáiliúil Somhairle Buí Mac Domhnaill (c.1505–90), agus bhí gaol aige le príomhtheaghlaigh Uladh dá réir sin; ba iníon le Conn Ó Néill, céad Iarla Thír Eoghain, a sheanmháthair ··· Ba í Máire, iníon Aodha, mac Fhéilim Uí Néill Chlann Aodha Bhuí, a mháthair; i ndiaidh bhás Sir Séamuis dúradh nach raibh siad pósta go dleathach ··· D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilge in dhá chuid é faoin teideal Duanaire Finn: the Book of the Lays of Fionn: Eoin Mac Néill[B4] a chuir an chéad chuid in eagar 1908 agus Gearóid Ó Murchadha[B2] a chuir eagar ar an dara cuid 1933
Ba mhac é le Cúchonnacht Mag Uidhir [q.v.], tiarna Fhear Manach (d’éag 1589) agus a bhean Mairéad, iníon leis an taoiseach Seán Ó Néill a d’éag 1567 ··· Ba leasdeartháir é dá réir sin le hAodh Mag Uidhir, tiarna Fhear Manach, a maraíodh sa chogadh ar 1 Márta 1600 i gCorcaigh, agus ba dheartháir é lena chomharbasan, Cúchonnacht óg, a d’imigh chun na Mór-roinne leis na hIarlaí ··· Bhí a mhac Aodh páirteach san éirí amach agus maraíodh é i Scairbh Sholais, Co ··· Garmhac le Cúchonnacht Mór ba ea an Coirnéal Aodh Mag Uidhir (d’éag 1763)
Luaitear é i gcomhluadar staraithe mar Aodh Mac an Bhaírd[q.v.], Seán Mac Colgáin[q.v.], Stephen White[q.v.], Pádraig Pléimeann[q.v.], John Lynch[q.v.], David Rothe[q.v.]... ··· Cuireadh oideachas air sa mhór-roinn agus bhí sé sa choláiste Éireannach in Douai i rith Chogadh na Naoi mBliain: deirtí paidreacha ann ar son Uí Néill ··· Bhí i gceist go mbeadh sé féin, Aodh Mac Aingil[q.v.], Pádraig Pléimcann agus Aodh Mac an Bhaird ag comhoibriú le chéile san fhiontar seo
Bhí caidreamh aige le hAodh Mac Aingil[q.v.], Aodh Mac an Bhaird[q.v.], Anthony Hickey[q.v.], agus Flaithrí Ó Maoil Chonaire[q.v.] ··· Is de bharr an tionchair mhóir a bhí aige i gcúirt an Phápa gur cuireadh Scarampi i 1643 agus Rinuccini i 1645 go hÉirinn agus gur soláthraíodh airgead, airm, loingeas agus beannacht an Phápa d’Eoghan Rua Ó Néill
Tá gach gné dá shaol is dá shaothar pléite ag Séamas Ó Saothraí in An Ministir Gaelach Uilliam Mac Néill (1774-1921) agus an oidhreacht a d’fhág sé againn (1992) ··· I nDún Dealgan in 1798 a scríobh sé leagan giorraithe de The English Irish dictionary: an focloir Bearla Gaoidheilge (1732) le Conchobhar Ó Beaglaoich agus Aodh Buí Mac Cuirtín agus is sa Leabharlann Náisiúnta atá an lámhscríbhinn sin
Tar éis tamaill fuair siad teach eile ar cíos i gCill Ulta, an Fál Carrach, leathmhíle ó theach a bhí ar cíos ag an am sin ag Aodh de Blacam[B1] agus ansin ag Úna Ní Fhaircheallaigh[B1] ··· Dúirt Séamus Ó Néill [B3] in Inniu 5 Deireadh Fómhair 1972: ‘Ach ba í cúis na Gaeilge ba rogha léi, agus rinne sí obair éachtach ar a son
Bhí sé ar dhuine den ghrúpa a théadh ag fánaíocht i sléibhte Chill Mhantáin agus a chuir suas plaic tuairim 1931 san áit a cuireadh Art Ó Néill tar éis gur éalaigh sé le hAodh Rua Ó Domhnaill as Caisleán Bhaile Átha Cliath i 1591/2
Bhí Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa ··· Ar na dánta is minice a luaitear tá: ‘Uaibhreach mise ar Mhág Uidhir’ nuair a ghabh sé pardún Mhág Uidhir tar éis dó gloine fiona a chaitheamh san aghaidh air le teann stuaice, dán a gcuireann Caball tábhacht leis; ‘Trí Coróna i gcairt Shéamuis’ ag fáiltiú roimh Shéamus I a theacht i gcoróin; ‘Beannacht siar uaim go hÉirinn’ nuair a bhí sé ar deoraíocht in Albain; ‘Truagh liom Máire agus Mairgréag’ ina ndéanann sé oidhe chlann Uí Dhomhnaill a chásamh; ‘Teasta Éire san Easpáinn’, marbhna ar Aodh Rua Ó Domhnaill; ‘Mór an lucht arthraigh Éire’ i ndiaidh Imeacht na nlarlaí; ‘Slán uaim ag oileán Pádraig’ (i gcló ag Shane Leslie in St Patrick’s Purgatory, 1932); ‘Brian Ó Ruairc mo rogha leannán’, a ndeir Knott faoi in Irish Syllabic Poetry; ‘Most inaugural odes run to fifty or sixty stanzas; we are fortunate in having an example complete in three stanzas, illustrating practically all the characteristic features of this species of composition.’ In The Contention of the Poets.. ··· In 1601 bhí sé ag iarraidh a bheith ina ollamh ag Aodh Rua Ó Domhnaill agus go mbronnfadh seisean fearann air (‘Ionnmhas ollaimh onóir ríogh’)
(1901), Mac Fínghín Dubh (1903), Aodh Ó Néill, dráma (1902), Eoghan Paor (1917 an dáta foilsithe a thugtar i gcóip na Leabharlainne Náisiúnta
Tar éis bunoideachais i dTír an Fhia fuair Aodh meánscolaíocht i gColáiste Mhuire i nGaillimh sula ndeachaigh sé go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe ··· Scríobh Séamus Ó Néill [B3] cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige air ansiúd in Inniu 8 Aibreán 1980
Mhaíodh a clannsan go raibh siad síolraithe go díreach ó Eoghan Rua Ó Néill ··· Aturnae ba ea mac eile leis, Gearailt, agus maraíodh a mhac Aodh sa Fhrainc i gCogadh 1914–18
‘An tráth a bhí an cath ar siúl i dtaobh Gaeilge a dhéanamh riachtanach san Ollscoil Náisiúnta b’é Séamus Ó Néill an taca ab fhearr a bhí againn i gComhairle Contae Chorcaí agus d’ainneoin dá raibh ráite i dtaobh na ceiste ag na heaspaig an lá roimhré mhol sé don Chomhairle sin dul ar thaobh na teanga—agus chuaigh—rud a neartaigh go mór linn sa chath ar son na Gaeilge ··· Ach tá an mhír seo in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900: ‘Mr O’Néill is chairman of the District Council, a true Irishman and wanting only the tongue to be perfect ··· Tá an méid seo ina thaobh ag an Athair Peadar Ó Laoghaire [B2] in Scothbhualadh, 1903, sa chur síos a dhéanann sé ar Fheis Mhainistir na Corann: ‘Bhí buachaill de mhuintir Néill ann aniar ó Cheann Sáile agus thug sé dhá amhrán uaidh chomh breá agus ba mhaith leat aireachtain ··· Is mar chuntasóir agus mar bhainisteoir a bhí sé ag obair i ngnólacht Uí Néill ar dtús ··· Bhain an bácús na duaiseanna ab airde ar arán (‘Arán bonn-órga Uí Néill’) i Londain
Domhnach Cásca 1916 thaistil sé chomh fada le Baile Átha an Rí le horduithe Mhic Néill ··· Is iad na leabhair is minice a luaitear: Mil na mbeach (1911); Gleanings from Irish manuscripts (1919); Leabhar Chlainne Suibhne (1920); The Place-names of Westmeath (1915); The Flight of the Earls (Ó Cianáin) (1916); The Life of Aodh Rua Ó Domhnaill (Lughaidh Ó Cléirigh) (1948–1957); Irish men of learning (1947); Irish chiefs and leaders (1960)
Ag tagairt do léiriú na ndrámaí Aodh Ó Néill agus Eilís agus an bhean déirce dúirt An Claidheamh Soluis ar 1 Feabhra 1902: “The scenery and dresses for which Miss Milligan was responsible were as perfect as one could expect from the designer of the ‘Gaelic Tableaux’.” Théadh sí timpeall ar chraobhacha an Chonartha ag leachtóireacht ar stair na hÉireann le cabhair laindéir draíochta agus sleamhnáin
Dúirt timire Chonradh na Gaeilge, Aodh Ó Dubhthaigh [faoi Ó DUBHTHAIGH, Niall B1], in An Claidheamh 7 Samhain 1914; ‘Ní féidir do aoinneach a insint go deo an méid oibre a rinne sé ar son chúis na Gaeilge’ ··· Nuair a bunaíodh Ardscoil Cholm Cille (nó Coláiste Uladh) bhí sé ar dhuine den cheathrar ba mhó a dhéanadh an obair, é féin, Séamus Ó Searcaigh [q.v.], Úna Ní Fhaircheallaigh[B1], agus Íde Nic Néill
Bhí Seán agus a dheartháir Tom ina mbaill de Fhianna Éireann toisc, b’fhéidir, col ceathar lena máthair, Seán Ó Néill, a bheith ina oifigeach i mBriogáid Bhéal Feirste d’Arm na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse ··· Mhúineadh sé rang Gaeilge sa chathair i rith an gheimhridh agus chaitheadh sé an samhradh ag múineadh ceoil in éineacht le hAodh Ó Duibheannaigh i gColáiste Bhríde i Rann na Feirste ··· I 1944, i gcomhar le hAodh Ó Duibheannaigh agus Réamonn Ó Frighil, chuir sé le chéile Cnuasacht de Cheoltaí Uladh chun go mbeadh amhráin in a gcanúint féin ar fáil ag daltaí an chúige
Bhí caidreamh aige le hAodh Mac Aingil[q.v.], Aodh Mac an Bhaird[q.v.], Anthony Hickey[q.v.], agus Flaithrí Ó Maoil Chonaire[q.v.] ··· Is de bharr an tionchair mhóir a bhí aige i gcúirt an Phápa gur cuireadh Scarampi i 1643 agus Rinuccini i 1645 go hÉirinn agus gur soláthraíodh airgead, airm, loingeas agus beannacht an Phápa d’Eoghan Rua Ó Néill
‘Beidh cuimhne ar Liam mar Rúnaí na Roinne Poist agus Telegrafa ach tá cuimhne agamsa air mar chomharsa caoin agus mar dhuine den dream a chuir dlús le hiriseoireacht agus le foilsitheoireacht na Gaeilge leathchéad bliain ó shin’, a scríobh Aodh Ó Canainn i bhfeartlaoi in Foinse 26 Feabhra 2006 ··· Luann Seán Mac Réamoinn é in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, 1985: ‘Cuimhní níos taitneamhaí ar théarma eagarthóireachta Shéamuis Uí Néill[B3]..
Tá réimse a chuid oibre mar eagraí Chonradh na Gaeilge agus mar mhúinteoir clasaicí léirithe i mbeathaisnéis an tsagairt chéanna, Teacht den tSliabh Tráthnóna, 2006 le hAodh Ó Canainn ··· De bharr turais a thug Eoin Mac Néill [B4] ar na Speiríní sa bhliain 1900, cuireadh Tomás Bán Ó Conceanainn [B2] ó thuaidh an bhliain dár gcionn le dlús a chur faoi obair an Chonartha i gceantar Shliabh Speirín ··· (Tá na húdair buíoch d’Aodh Ó Canainn a sholáthair an cuntas seo)
Tá eolas ina thaobh le fáil in Seanchas Clainne: Aodh Ó Coirbhin agus a mhuintir, 2003 lena iníon Aedín Ní Choirbhin, i gcuntas le Liam Mac Reachtain [B4] in Inniu 10 Deireadh Fómhair 1975 agus i dtuairisc a bháis in Irish News and Belfast Morning News 29 Meán Fómhair 1975 ··· Is beag duine a raibh aon bhaint bheag ar bith aige le cúrsaí na Gaeilge sa Tuaisceart nach raibh aithne aige nó aici ar Aodh Ó Coirbhin a cailleadh cúpla seachtain ó shin’, a deir Mac Reachtain ··· Ach duine de na Bráithre Críostaí a thug ‘Ó Coirbhin’ ar Aodh agus é ina bhuachaill scoile ··· Bhaineadh Aodh úsáid as na leaganacha Gaeilge agus Béarla; tá an dá leagan sna fógraí báis san Irish News ··· I bparóiste Naomh Pól, Béal Feirste, a rugadh Aodh (Hugh Cristopher) 25 Nollaig 1899
Ní raibh ach beagán Gaeilge aige ach bhí bá aige léi ó d’fhreastalaíodh sé tamall ar rang Mhichíl Mhig Ruaidhrí [B1], ‘the greatest seanchaí of our time’ (dar le hEoin Mac Néill), a bhí ag garraíodóireacht in Stradbrook Hall, an Charraig Dhubh, san am sin ··· Bhí a dheirfiúr Lil Bean Uí Chiardha ina huachtarán náisiúnta ar an Réalt agus chaith an deirfiúr eile, Máire Bean Uí Ghógáin, tamall fada ag obair ar son na teanga i Lú agus i gCúige Uladh, í ina hUachtarán ar Chomhaltas Uladh (1974–1978), tamall freisin ina huachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ina rúnaí ag Éigse Oirialla, agus baint mhór aici i rith fiche bliain leis na comórtha móra a rinneadh ar Chathal Buí Mac Giolla Ghunna[B7], Peadar Ó Doirnín [B7], Aodh Mac Domhnaill [B6], Peadar Ó Dubhda [B1], Énrí Ó Muirgheasa [B1], Peadar Ó Gealacáin [B6], Art Mac Bionaid [B6]
Ba é a scríobh síos ón bhfear céanna Beatha AodhNéill
Peadar Mac Fhionnlaoich agus Eoin Mac Néill agus Seosamh Laoide do chuir le chéile, 1907; Eachtra Aodh Ruaidh Uí Dhomhnaill, 1911; Ciall na sean-ráidhte: Sé sgéalta gearra nuadh-dhéanta, 1914; Conchubhar Mac Neasa, 1914; An Cogadh Dearg agus Scéalta eile, [c.1918]; Scríobhnóirí Móra Chúige Uladh: ó Mhaghnus Ó Domhnaill (1530) go hEaspog Ó Gallchobhair (1750), 1925
I 1981 foilsíodh leabhrán le Pádraig Ó Néill, Peadar Ó Dubhda, ‘The Forgotten Man’, agus leabhar le Aodh Ó Cearra agus Séamas Céitinn, Peadar Ó Dubhda: a shaol agus a shaothar
Ba iad Aodh Mac an Bhaird[q.v.] agus Pádraig Pléimeann[q.v.] a chuir tús leis an obair i 1623 agus ba é Michél Ó Cléirigh[q.v.] a bhailigh cuid mhór den ábhar ··· In aiste sa leabhar céanna tuairimíonn Cuthbert Mhág Craith gurb é an Seán s’againne a chum an dán ‘Rob soraidh an séad-sa soir’ do Thoirdhealbhach Ó Néill go gairid roimh Imeacht na nlarlaí
Ba é Aodh Mac an Bhaird[q.v.] a chuir abhaile go hÉirinn é in 1626 a bhailiú gach a raibh ar marthain d’ábhar naomhsheanchais agus d’ábhar staire ··· Michél féin a scríobh na hiontrálacha do na blianta ó 1600 amach agus is le bás Aodha Uí Néill sa Róimh 1616 a bhaineann an iontráil deiridh
Aodh Rua” an t-ainm cleite a roghnaigh sí ··· Bhí sí ag cabhrú le hEoin Mac Néill chun An Claidheamh Soluis a thabhairt amach
Ba é cosantóir Eoin Mhic Néill[B4] é nuair a cuireadh cúirt airm air agus ní ghlacfadh sé le costais ··· Dúirt Aodh Ó Cinnéide sa pháipéar céanna 22 Samhain: ‘I will only say that he was a man of undeviating adherence to principle and he was prepared to—and did—make great sacrifices rather than waver by one hair’s breath from the principles which he held’
B’fhéidir gurbh é Aodh Ó Néill (1550–1616) faoi deara gur ceapadh é ··· Ba é príomhbhunaitheoir an choláiste é agus tá cuntas cuimsitheach ar a pháirt sa tionscnamh ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in caibidil a 5 de Bráithrín Bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil, 1985 ··· Is i gcomhthéacs an dáin ‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird[q.v.] a scríobhann Ó Buachalla ar an scéim sin in Aisling Ghéar