Líon alt a aimsíodh: 1
I mBaile Átha Cliath a rugadh Aodh ar an 19 Meán Fómhair 1947, an tríú duine clainne ag Anton Ó Domhnaill, príomhoide scoile ó Mhín Beannaid, na Rosa, Co ··· Drámadóir, file agus liriceoir ab ea Aodh Ó Domhnaill a chaith a shaol oibre i mBanc Ceannais na hÉireann; scríbhneoir go smior ó na 1970idí nuair a chum sé amhráin don bhanna ceoil Na hUaisle, trí na 1980idí agus 1990idí nuair a foilsíodh trí chnuasach filíochta leis, agus go ceann fiche bliain ina dhiaidh sin ··· Nuair a comóradh leathchéad bliain Aisteoirí Bulfin ar eagrán Mhárta 2017 de Comhar, grianghraf d’Aodh a bhí ar an gclúdach, agus in alt ag Mícheál Ó Gruagáin, duine de bhunaitheoirí an chompántais, tugadh aitheantas ar leith d’Aodh: Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus saibhreas clár drámaíochta a bhaint amach murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn – Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann ··· Aon dráma is tríocha ar fad a scríobh Aodh Ó Domhnaill, 25 don stáitse ar léirigh Aisteoirí Bulfin (AB) 16 acu: Fuílleach (AB, 1980idí); Caifé-ar-ais (AB, 1987); Oíche le Pádraig (AB, 1988); Muirc (AB, 1990); Loic ar leac (AB, 1994); Bean ar tí léime (AB, 1995); Lá breá (AB, 1996); Republica (Aisling Ghéar, 1996); Luaithrín (1997); Bertie Bush agus Mamó an Diabhail (AB, 2004); Mac a’ Stanley (AB, 2006); Cillín Shaddaim (2007); Raic (2008); An campa (AB, 2008); Biffó béar (AB, 2009); Ar deireadh (2009); Na leabhra (2010); Idir an dá shúil (An Taibhdhearc, TíAitreo sa Phéacóg, 2010;) Gur eile (AB, 2011); LaraeDó (AB, 2013); Dúnmharú (2012); Tuile (2014); 1915 (AB, 2015); Lón Leningrad (AB, 2016); Dearmad na fola (AB, 2018) ··· Bhí cuntas iarbháis ar Tuairisc.ie, ‘An Scríbhneoir ildánach: Aodh Ó Domhnaill ar shlí na fírinne’, 25 Eanáir 2018, agus foilsíodh ‘Aodh Ó Domhnaill agus a Oidhreacht Drámaíochta’, aiste chuimsitheach le Fidelma Ní Ghallchobhair, ar Comhar, Bealtaine 2018