Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Cruinníodh £380,000 in Éirinn faoi Mhean Fómhair 1920, rud a d’fhág go rabhthas in ann rialtas na dála a bhunú ··· Ní nach ionadh, is iomaí fadhb a bhí ann i ngeall ar oiread cúraimí bheith faoina smacht, agus tharraing an tionchar a bhí bainte amach aige olc ó dhaoine eile ··· Is i ngeall ar theagmhálacha pearsanta agus ar fhuinneamh Uí Choileáin a bhí tionchar ag ceannáras an IRA ar fud na gcúigí, ach bhí tábhacht chomh maith leis an tionscnamh áitiúil sa treallchogaíocht, agus bhí míshásamh ann nuair a dhiúltaíodh ó Coileáin d’iarratais ar airm agus ar armlón ··· Is amhlaidh a bhí sé in ann bheith ag rothaíocht timpeall Bhaile Átha Cliath agus bheith ag ól i dtithe ósta i gCearnóg Parnell, ainneoin go raibh iomrá air mar an fear is mó a raibh tóir ag Briotanaigh air ar fud na himpireachta ··· Níor tháinig ann do na lastais mhóra arm a bhí beartaithe ón Iodáil agus ón nGearmáin; is ar an gCoileánach, ar ball, a chuir ceannaireacht an IRA i gCorcaigh an locht nár cuireadh i gcrích an idirbheartaíocht maidir le hairm ón Iodáil
ann innéacs a chlúdaíonn logainmneacha, daoine agus araile ··· Tá cuntas air in DIB ag Vincent Morley c.1680-1755 na blianta breithe agus báis atá ann ··· D’fhoghlaim sé Béarla agus Gaeilge óna athair agus bhí ar scoil ag a fhear gaoil, Aindrias Mac Cruitín[q.v.], agus bhí in ann Laidin a léamh ··· Breatnach go raibh iníon aige, Úna, agus tá dán a chum sí, ‘A bhuime den bhród mhórdha ba rathamhail réim’, in eagar aige ann maille le haistriúchán ··· D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath tuairim 1713 agus chaith deich mbliana ann
Bhí siopa grosaera agus teach báicéireachta ann ag a athair Samuel ··· Ar 12 Bealtaine 1900, cuireadh an fhoireann iomána “Na Gaeilgeoirí” ar bun ann; Pádraig Archer agus Torna an bheirt ba mhó ba chúis leis ··· Bhíodh cruinnithe Chumann na bPíobairí ar siúl ann freisin, Rowsome agus Pádraig Mac an Fhailghe ag teagasc ceoil agus Archer ag teagasc rince ··· Bunaíodh cór Gaelach ann ar 12 Lúnasa 1900 ··· Bhíodh toitíní dá dhéantús féin ar díol ag Cathal ann: “Róisíní Dubha”, “Nóiníní”, “Píobairí”
B’fhéidir gurbh ann a cheangail sé leo siúd ··· 30 bliain a chaith sé ann agus ba rómhaol mar chur síos ar an tréimhse sin a rá gur fhág sé a rian ar an áit ··· Ní raibh siopa ann ··· Ní raibh aon aonach ann agus thiomáineadh feirmeoirí na beithigh chomh fada le Maigh Chromtha ··· Chuir Dónall aonach ar bun ach ní thiocfadh na ceannaithe toisc nach raibh iarnród ag dul ann
Tar éis bunscolaíochta chuaigh sé isteach i gColáiste na Carraige Duibhe; bhí sé ann ag an am céanna le de Valera, lena chol seisir Pádraic Ó Conaire[B2], agus le John Francis D’Alton a bheadh ina chairdinéal ··· Duine den tseanshaol a bhí ann agus ba mhór aige an tsaoithiúlacht a bhí ag roinnt le fir agus mná na tíre idir sheanchaithe agus fhonnadóirí ··· An té a bheadh ar thóir béaloideasa in Iorras Aithneach b’ait uaidh iad a chur ar an eolas, mar bhí togha na haithne aige ar an dream ar thit oidhreacht Ghael orthu, agus é in ann a dhul chun cainte leo, mar fear tíriúil suáilceach a bhí ann a dtabharfadh a leithéidí gnaoi dó’ ··· Agus má bhí an bia go maith ann bhí na praghsanna ard ··· D’fhanadh daoine móra ann
na Gaillimhe, é ina mhac léinn ann ar dtús agus ina ollamh ar ball ··· Foilsíodh Coláiste Chonnacht 1910-2010, céad bliain faoi bhláth (2010) in eagar ag Seán Ó Neachtain, agus tá aistí ann ag Nóirín Ní Nuadháin, iníon le Peadar ··· Tar éis dhá théarma ann bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir Gaeilge agus sa cheathrú samhradh ann dó is ea a bhronn Conradh na Gaeilge ardteastas múinteora Gaeilge air ··· Ó na 1950idí ar aghaidh is i gceardscoil Bhealach an Doirín amháin a bhí sé fostaithe agus i dteannta na Gaeilge bhí ábhair eile á múineadh aige ann ··· In 1933 a tógadh halla in aice an choláiste agus is ann feasta a bheadh na céilithe
I ndiaidh na bunscolaíochta chuaigh sé ag obair ar scéim na móna faoin gComhairle Contae agus is dá bharr a bhí sé in ann rothar a cheannach ··· na hIarmhí, ach níor leor é chun an costas iomlán a íoc agus ina áit sin chaith sé tamall i meánscoil lán-Ghaelach na mBráithre Críostaí sa bhaile sin agus rothaíodh ann sé lá na seachtaine, 144 míle sa tseachtain ··· Go luath ina shaol bhí spéis sa Ghaeilge múscailte ann ag a mháthair agus ag a seanmháthair, rud a d’fhág go raibh ríspéis aige ar feadh a shaoil i nGaeilge agus i mBéarla na hIarmhí ··· B’fhéidir a rá gurbh ó chainteoirí dúchais ann a d’fhoghlaim sé Gaeilge go paiteanta ··· Agus é sa Roinn Oideachais go fóill, ceapadh é ina chláraitheoir i nDánlann Náisiúnta na hÉireann le linn do Thomas McGreevy (1893–1967) a bheith ina Stiúrthóir ann
In Béaloideas (2001) scríobh Gearóid Denvir: ‘Is é atá ann i ndáiríre tuairisc íogair, mhacánta ó bhonn aníos ar aistear saoil an duine bhig nach mbactar lena leithéid sna leabhair mhóra staire ná sna cáipéisí oifigiúla stáit.’ Leabhar eisceachtúil é ar bhealach eile, go bhfuil suas is anuas le seachtó leathanach d’aguisíní ann ag Ó Giollagáin faoi na teidil ‘Modh eagarthóireachta,’ ‘Aguisín foclóra’ agus ‘Aguisín na dtéipeanna,’ chomh maith le leathanach is fiche de réamhrá ··· Is inspéise an cur síos ann ar an teach inar tógadh iad: gan ann ach an dá sheomra agus an chlann ina gcodladh istoíche i seomra díobh agus cuirtín idir na buachaillí agus na cailíní (a dtugann Micil iron curtain air!) ··· ‘Bhí sé chomh maith agus dhá mbeidís ag goil go Meiriocá ná goil go Sasana…Mar a bheadh teach tórraimh ann, bhíodar ag teacht isteach agus ag croitheadh lámha.’ Tá cur síos aige ar na difríochtaí saoil go léir arbh éigean aghaidh a thabhairt orthu i gContae na Mí ··· In ainneoin na mblianta sin den scolaíocht i dTír an Fhia is ar éigean a bhí sé in ann litreacha a scríobh abhaile ón sanatóir chuig a bhean Bríd ··· Tharla múinteoir as Loch Garman ann mar othar agus bhí seisean sásta scríbhneoireacht ní b’fhearr a chur ar a chumas
Clódóir sa chathair sin ba ea Harry ar ball agus é freisin ina chisteoir ag Sinn Féin ann ··· Dhún na nGall, do sheanmhuintir Pearse ar thaobh a mháthar, Caitlin Sara McElhinney, arbh i nGlaschú a rugadh agus a tógadh í agus a bhí freisin ina ball de Shinn Féin ann ··· Bhí aithne le fada aige ar an bhfear litríochta Anthony Cronin agus is in éineacht leis a thaithíodh sé teach tábhairne McDaids i mBaile Átha Cliath agus a chuir sé aithne mhaith ann ar Bhreandán Ó Beacháin [q.v.], Patrick Kavanagh agus John Jordan ··· Chaith sé samhradh 1951 sa Spáinn ach níor fhéad sé post a fháil ann ··· ‘Chuaigh mé ann le cailín a raibh a hathair saibhir
Phort Láirge, trí bliana is tríocha díobh ina phríomhoide ann ··· Ní raibh ach leathchéad dalta ann i dtús a ré ach bhí 183 ann sular éirigh sé as an bpost ··· Cuireadh fáilte roimhe ann agus d’fhás buanchairdeas idir é agus muintir na háite, a chomhghleacaithe agus a iarscoláirí sa chomhaireamh sin ··· Sna ceithre alt aige in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDeise tá curtha síos aige ar laochra mar Mhichéal Ó Cionnfhaola [q.v.], agus Paddy Tóibín, ar chócairí agus ar cheardaithe an Choláiste, agus ar na himeachtaí spóirt agus rince ann ··· Is é a dúirt Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ina thaobh (The Irish Times 18 Iúil 2009, go gairid i ndiaidh a bháis): ‘Na tréithe a thaitin le Muiris i ndaoine eile – Gaelachas, féith an ghrinn, dílseacht agus bua caradais – tréithe is ea iad a bhí ann féin go smíor.’
Léacht a thug Charles Lysaght is ea Edward MacLysaght 1887-1986, 1988; i gcló ann mar aguisín tá leabharliosta le Etienne Rynne (i gcló freisin in North Munster Antiquarian Journal XVII, 1975 (‘Féilsgríbheann Éamonn Mhic Giolla Iasachta’) ··· Feasta is Cláiríneach a bheadh ann agus bheadh blas an Chláir ar a Bhéarla, fiú ··· Is í an abairt deiridh ann: ‘Níl aon dabht ach go leanfaimís den obair tar éis an chogaidh ach—ní síocháin a lean an cogadh: an “Civil War” a laghdaigh spiorad na ndaoine agus a thug buille marfach do athbheochaint na teanga, is trua liom a rá.’ Ach má chuaigh trá ar an dóchas d’fhan sé dílis don bharrshamhail ··· Casadh Mabel Pattison air i dteach banaltrais i mBaile Átha Cliath, mar a raibh sí ina mátrún, nuair ab éigean dó tamall a chaitheamh ann ··· Saoradh é ach tugadh le tuiscint dó gur bhaol dó feasta; chuir sé a chlann go dtí an Fhrainc agus tar éis tamaill bhí air féin dul ann
Ba é an chéad duine riamh é a cuireadh i gclós an tséipéil ann ··· Dúirt Seán Tóibín: ‘Oíche dá raibh scoraíocht i dteach ósta i gCorca Baiscinn i mbliain a 1907 bhí ábhar sagairt, Aindrias Ó Céileachair, ar saoire ann ··· Ní bhfuair sé an post – toisc ar deireadh nach raibh aon phost ann le líonadh – agus bhíothas lena chur ag obair i bparóiste Inis Córthaidh ··· Le cabhair Kuno Meyer [B2] d’éirigh leis post léachtóra le Ceiltis a fháil san ollscoil ann ··· San iris An tÉireannach, Samhain 1910 (iris an Chonartha i Londain), tá an nóta seo: ‘Thosaigh an tAthair Ó Céileachair ag múineadh na Gaeilge in Olscoill Learphoill ar an 10ú lá den mhí seo agus is é atá in ann gach cruacheist agus seanleagan sa teanga a mhiniú go soiléir’
Bhí sé ar an duine ba mhó tábhacht ann lena linn, b’fhéidir, toisc gur oscail sé siopa agus teach tábhairne ··· Mar nach raibh aithne ar bith againn air shíleamar gur cigire de chuid an Bhoird Náisiúnta a bhí ann ··· Bhí caladh á thógáil ann 1903 ag Bord na gCeantar Cúng ··· Ann a d’fhan Ruairí Mac Easmainn nuair a thug sé cuairt ar Thoraigh ··· Bhí rince mór ar siúl sa scoil oíche agus theastaigh go géar ó Shéamus bheith ann
an Chláir, ar 26 Iúil 1893 a rugadh é agus is ann a cuireadh bunoideachas air ··· Do chaith sé cúpla bliain i mBaile Átha Cliath i Siopa na Leabhar nGaedhealach, ach thugamar thar n-ais chun an Ráithín arís é mar bhainisteoir ar ár bpríomhoifig ann ··· Bhíomar chun dul ann lena chéile an oíche a gabhadh é, ach pé mí-ádh a bhí orm ní bhfuaireas dul leis ··· ‘Mura rugadh ann é, ní miste a rá gur tógadh ann é—chaith sé blianta ann fadó agus é ina gharsún—i dtigh an Fhaoitigh, ar ndóigh—agus tabhair an leabhar gur beag duine sa Rinn anois nach bhfuil fíorbhrón air i ndiaidh Chonchúir Mhic Chlúin’ ··· Ar feadh na tréimhse 1913-23 bhí iarracht ar siúl sna Ráithíní in aice le Tuaim Gréine ar Ghaeltacht nua a chur ar bun agus tugadh fir oibre ann ón Rinn
Is ann a thaispeáin sé den chéad uair an drochmheas a bhí aige ar thiarnaí talún ··· Bhailigh sé airgead in Albain agus i Sasana le haghaidh séipéil nua le linn dó a bheith ann ··· Bháití daoine ann go minic ··· Aistríodh go dtí an Cheathrú Rua é i ndiaidh dhá bhliain eile agus bhí sé ann go 1896 ··· Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ann 25 Eanáir 1894
Tá léargas ar an gcaidreamh a bhí aige leis an bhfile Micheál Ó Tuama [q.v.] i 1901-3 le fáil san iris St Patrick’s; Diarmuid a sholáthair roinnt amhrán dá dhéantús ann ··· Bhí sé ar dhuine de scoláirí Choláiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh i rith an chéad téarma sin i 1904 agus bhain teastas amach ann i 1906 (idem 15 Meán Fómhair 1906) ··· Ag an Athair Gearóid Ó Nualláin [B2] tá an abairt seo in Beatha dhuine a thoil, 1950: ‘Bíonn gach tosnú lag, agus, chomh fada is is cuimhin liom, ní raibh de lucht léinn ann [Coláiste na Mumhan] ach cúigear—an tAthair Aibhistín [Ó hAodáin] [B4], Eibhlín Ní Chróinín [B3], Seán Ó Cuill [B2], Diarmuid Ó Laoghaire (is dóigh liom) agus mé féin’ ··· Ach is dóigh nach ina mhac léinn amháin a bhí sé ann ó thosach ··· Agus dúradh ann 20 Iúil 1907 gur ag obair a bhí sé ann ó thosach, é de chúram air daoine nach raibh ann cheana a chomhairliú
Bhí ann freisin Kate (15), cailín aimsire, John (13), dalta scoile; Denis (11); Maurice (7); Ellen ( 5); Edward (3); Michael (naoi mí) ··· Béarla ar fad a bhí ann lena linn ach dúirt sé féin le Muiris Ó Droighneáin[B2]: ‘Ní foláir go dtuigimís an Ghaeilge go maith, ámh, mar is cuimhin liom go mbaininn taithneamh mór as an scéalaíocht a bhíodh ar siúl ag na seandaoine le linn tórraimh nó ócáide dá shaghas’ (Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936) ··· Bhí baint aige le bunú Choláiste an Daingin in 1908 agus bhí sé ag múineadh ann (An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912) ··· Bhí sé ina ollamh ann go dtí tuairim 1921 ··· Bhí amhráin lucht an Bhéarla in uachtar anso ó thánamar ann ach tá buaite orthu anois’
Bhí feirm ochtó acra ann ag a athair James Blythe, ball d’Eaglais na hÉireann ··· Bhí sé ina bhall de Chlub Dhún Geanainn i mBéal Feirste agus go ceann cúpla bliain bhí ina cheannasaí ar chiorcal Bhráithreachas na Poblachta ann ··· Chonaic Peadar Ó hAnnracháin [B1] é i mBaile an Fheirtéaraigh: ‘Bhíos oíche ann agus Earnán Mac Meidhrigh [sic] ag caint go poiblí i dtaobh gnóthaí na Féinne agus ba bhreá mar a thaitin a chaint agus a theagasc leo san a bhí ag éisteacht leis, ach amháin le roinnt stróinséirí atá faoi thuarastal Gall a bhí i láthair’ (An Claidheamh Soluis 18 Márta 1916) ··· Nuair nár chomhlánaigh sé coinníollacha an díbeartha cuireadh i bpríosún Oxford é agus bhí sé in Brixton le linn do Roger Casement a bheith ann ··· Chaith sé tamall in Reading ina dhiaidh sin agus is ann a d’éirigh sé cairdiúil le hArt Ó Gríofa
Buachaillí agus cailíní aimsire ba ea formhór na gCaitliceach ann i gcaoi nárbh acmhainn don pharóiste sagart cúnta a fhostú agus gur bheag má fhéadadh an tAthair Lorcán dul ar saoire lae fiú ··· Aon sagairt a bhí ann roimhe níor fágadh ach tamall gairid ann iad, más fíor, ach b’éigean dósan aon bhliain déag a thabhairt ann ··· Tírghráthóir díograiseach a bhí ann cinnte, agus dá mbeadh an chaoi aige bheadh sé in ann seirbhís ar fheabhas a thabhairt don tír... ··· Paróiste mór a bhí ann
Trí bliana déag a chaith sé ann ··· I ndiaidh Dhomhnach na Fola cuireadh é féin agus beirt deartháireacha leis i ngéibheann i gCampa Bhaile Coinnleora agus bhí siad ann go dtí Nollaig 1921 ··· Ó 1914 amach bhíodh aistí i gcló aige agus foilsíodh trí leabhar dá chuid i 1920: Slighe na Saoirse, leabhar druileála do na hÓglaigh; aistriúchán ar leabhar le Adam Mickiewicz, Leabhar na Polainne; Cad ba dhóbair dó agus Sgeulta eile a meastar faoi gur ann atá na chéad scéalta a bhfuil an chathair mar chúlbhrat iontu, gur rud nua ar fad a bhí sa leabhar ··· Bhí sé ina Phríomh-aistritheoir ann nuair a d’éag sé ar 3 Deireadh Fómhair 1943 ··· Tá eolas inspéise faoina óige in aiste ann dar teideal ‘Mar chuas le ceird’
Tá tuairim 30 teach fós ann, ach deir [William] Wilde go raibh 1,100 de líon daoine ann in 1841.’ Deir de Bhaldraithe: ‘Cois na Coiribe, ar an mbruach thoir den abhainn, atá Mionlach, i bhfoisceacht timpeall trí mhíle do Chathair na Gaillimhe de shiúl cos agus níos cóngaraí ná sin di bealach na habhann ··· Níl aon líne tithe i bhfostú dá chéile ann, níl siopa, beairic, monarcha, teach sagairt ná teach ósta ann.’ Ann a rugadh Tomás Laighléis (Tomás Mháire Ní Fhathaigh); baisteadh é ar 2 Meitheamh 1895 ··· Is gearr go raibh m’athair in ann ceart a bhaint díobh agus in ann í a léamh agus chomh luath is a bhí, níorbh fhada go raibh mise freisin.’ Cuid insuime dá sheanchas an chaoi ar tugadh an Ghaeilge isteach sa scoil náisiúnta; gan dua a d’fhoghlaim na daltaí léamh agus scríobh na teanga agus bhí an múinteoir ag foghlaim na teanga labhartha uathusan agus í buíoch go háirithe de Thomás; thairngir sí go rachadh an Ghaeilge chun leasa dó lá éigin ar ball ··· Ba é freagra na máthar: ‘Is cuma liom é ach Nóra a bheith i ngar dom.’ Rugadh iníon agus cúigear mac dóibh: ‘Is í an Ghaeilge an teanga teallaigh a bhí ag mo mhuintir chomh fada siar is atá mé in ann a dhul, agus fós
Deir Norman Moore[B2] in Dictionary of National Biography: ‘Nearly all these illustrations deserve careful study, and have much artistic merit as well as absolute antiquarian merit.’ An obair seo, agus go háirithe a chuairt ar Chluain Mhac Nóis in 1820, a spreag mórdhúil ann i stair agus i seandálaíocht, agus thug sé leis isteach sna disciplíní sin an cruinneas a ghabhann le ceird an línitheora ··· Ó Raifeartaigh [q.v.], eagarthóir) ar an gcaoi a ndearna sé an bailiúchán ollmhór sin agus deir ann: ‘Perhaps when building up the collection Petrie regarded it as a type of life insurance policy, as the capital sum realised after his death would make provision for his daughters.’ Bhí fonn air riamh a eolas ar ealaín agus chultúr na hÉireann a roinnt ar an ngnáthphobal ··· Bhí baint aige leis an Dublin Penny Journal 1832-33 agus scríobh go leor aistí ann agus ba é a bhí ina eagarthóir ar an Irish Penny Journal in 1842 ··· Tharla daoine acmhainneacha ag breith ar an bhfaill seo chuir an tAcadamh an socrú ar ceal agus d’éirigh Petrie as a phost ann ··· Ar feadh 1833-46 bhí sé ag obair sa tSuirbhéireacht Ordanáis, é i gceannas ar roinn na topagrafaíochta ann
Bhí uncail leis ina shagart paróiste ann go 1817 ··· Bunaíodh coiste Parlaiminteach i Londain in 1850 chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh an chruatain a lean sin agus chuaigh Ó Míocháin ann chun fianaise a thabhairt ··· Paróiste mór fairsing a bhí aige, gan ann ach dhá scoil scairte ··· Tá an tuairim ann gurbh é bosca snámha na bhfámairí a chuir ina cheann é ··· Bothán so-ghluaiste a bhí ann agus is istigh ann, thíos ar an trá, a bhíodh aifreann á rá
Chuir Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin eagar ar Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (2000); ba é a iardhalta an tOllamh Máirtín Ó Murchú a scríobh an ‘Focal tiomnaithe’ ann ··· Páirceanna móra glasa timpeall orainn is gan aon tithe nua ann fós ··· Molann sé a shaothar agus a chumas mar mhúinteoir agus déanann cosaint ar a chlú in Feasta, Márta 1958, Feabhra 1965, in Studia Hibernica 5, 1965, in Scríobh a 4, 1979, in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995) agus le haiste in Comhar, Feabhra 1965 arb iad na chéad abairtí ann: ‘Deisceabal mé do Dhónall Ó Corcora ··· Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal ··· Deir Seán Ó Coileáin faoi: ‘D’áireoinn ar na díolaimí is tábhachtaí i litríocht na Nua-Ghaeilge trí chéile í, ar aon chéim le Reliques Charlotte Brooke, go raibh an nuaíocht chéanna san am san ann, nó Irish minstrelsy Hardiman nó an chéad chóiriú de Poets and poetry of Munster...
Is é cuntas Uí Eochaidh is faide agus, b’fhéidir, is taitneamhaí díobh sa mhéid go bhfuil béim ann ar chumas grinn agus ar dhaonnacht Wagner ··· Chaith sé cúig mhí i nDún Chaoin ag foghlaim Gaeilge agus bhailigh ábhar ann ó dhaoine, Peig Sayers[B5] ina measc ··· In 1959 foilsíodh a thuairisc uirthi, Gaeilge Theilinn, saothar a gcuirtear mórthábhacht leis toisc a bhfuil taifeadtha ann go cuimsitheach de chaint nach bhfuil le cloisteáil anois ··· Thug sé cuairt ar 87 baile in Éirinn a raibh Gaeilge á labhairt iontu, ar oileán Mhanann agus ar Albain agus chuir sé 1175 ceist ar dhuine i ngach ceantar le eolas a chruinniú ar chanúintí na Gaeilge.’ I léirmheas in Scéala Éireann 27 Feabhra 1959 deir Brian Ó Cuiv[q.v.]: ‘I know no other scholar with the necessary determination and energy to plan and carry out such a work in so brief a time.’ In 1949-51 bhí sé ag obair mar scoláire i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus tháinig go mór faoi thionchar an scoláire Ernst Lewy ann ··· Bhí sé chomh trom ar a thoit agus gur mhinic go raibh an seomra a raibh sé ag obair ann mar bheifí ag dó ceilpe ann le a mhéad is bhíodh de thoit tobaca ann
Murab é Coimisiún Béaloideasa Éireann, tá seans an-láidir ann nach gcluinfí iomrá ar Anna Bean Mhic a’ Luain taobh amuigh dá pobal ná dá ceantar féin riamh ··· Ach taca an ama chéanna (1936) a thosaigh Liam Mac Meanman ag bailiú san áit, agus níorbh fhada ann é nó gur chuir sé aithne ar Anna mar bhean a raibh spéis ar leith aici sa bhéaloideas agus fonn uirthi a cuid eolais a roinnt ··· I mí na Bealtaine 1947, corradh agus deich mbliana i ndiaidh do Mhac Meanman a bheith sa cheantar, a d’éirigh le Seán Ó hEochaidh a dhul ann agus tosú ar an bhailiúchán ··· Is gráthach go mbíonn a leithéid tirm i gcomhnuidhe ag gabhail ó sholas dó ach nuair a rachas tú arais chuige ar maidin béidh an braon céadna ann a bhí ann an mhaidin roimhe sin ··· Dálta go leor tithe nach raibh páistí óga ann, ionad rialta cuartaíochta a bhí i dteach Mhic a’ Luain, agus luann Seán Ó hEochaidh gurbh annamh nach mbíodh daoine as an áit istigh aici, ó liath go leanbh
Sa Bhlascaod a rugadh é; is í an chéad abairt in An tOileán a tréigeadh: ‘I measc na n-éan agus na róinte a rugadh mise in oileáinín mara mar a mbíodh radharc ar an ngréin ag éirí agus ag dul fé ann ··· Le cur lena chuid Béarla rinne sé freastal ar cheardscoil ann ar feadh leathbhliana ··· D’fhill sé ar an mBlascaod agus i 1941 ba é a ceapadh ina mháistir poist ann, post a bhí aige go dtí gur tréigeadh an t-oileán i 1953 ··· Is é atá ann, deir Uí Ógáin, ‘fianaise ann féin ar a mheas agus a thuiscint ar an traidisiún béil agus fianaise ar a dhúthracht féin chomh maith’
I mBaile Átha Cliath a rugadh é 7 Feabhra 1927; ba é an chéad leanbh é ag James Cleary, ceannaí, agus Johanna Connolly; 17 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, a thugtar mar áit bhreithe sa taifead beireatais ach is dóigh gur theach banaltrais a bhí ann ··· Thug scoláireacht taistil go Zurich é agus rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht Cheilteach, ar na teangacha Ind-Eorpacha agus ar an gcanúineolaíocht; bhí Julius Pokorny[B3] i measc a ollúna ann agus is é Conn a scríobh an cuntas iarbháis atá in Celtica ··· Bhí sé ina léachtóir cúnta i Roinn na Breatnaise sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, 1955-57 agus ina léachtóir ann le Sean-Ghaeilge agus le Meán-Ghaeilge Mhoch 1957-64 ··· Deirtear ann freisin: ‘Conn Ó Cléirigh’s contribution to the history of linguistics in Ireland cannot be measured in terms of his scholarly publications ··· Phós sé Ann MacCabe i 1955 agus bhí beirt iníonacha agus ceathrar mac acu
In Comhar, Deireadh Fómhair 1984 tá ‘Máirtín Ó Direáin—Clár Saothair’ le Máire de Grás agus tá teacht ann ar fhoinsí na ndánta nár roghnaigh Ó hAnluain ··· ., 2002, in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, agus tugann Ó Direáin roinnt eolais ar a shaol féin ann ··· D’éirigh leis i scrúduithe Oifig an Phoist agus thosaigh ag obair i nGaillimh Eanáir 1928; bhí sé ann go deireadh Iúil 1937 ··· Ní ghearradh sí airgead lóistín air agus bhíodh sé in ann deich scilling as pá cúig scilling déag a chur chuig a mháthair gach seachtain (Ó Gráinne) ··· Toradh eile ar an tamall san amharclann is ea a fheabhas a bhí sé in ann aithris ar dhaoine
I nGaeilge a mhúintí gach ábhar ann ach amháin an teagasc críostaí ··· Is dóigh nach ndearna sé aon dochar don fhear óg cáil a bheith ar a athair; chuidigh sin leis, agus gan amhras an dul chun cinn a bhí ann féin, chun aithne a chur ar dhaoine ar bhain tábhacht leo: scríbhneoirí, iriseoirí, polaiteoirí, ollúna ··· Is mar seo a chuireann Póilín Ní Chiaráin síos air in Foinse 5 Deireadh Fómhair 2003: ‘Bhí féinmheas de dhlúth agus d’inneach ann; ní sotal ná ardnós, ach thuig sé a chumas agus a bhuanna féin ··· ‘Aisteoir den chúigiú grád’ a bhí ann, dar leis féin (Inniu) ··· An chéad chonspóid mhór a raibh sé páirteach inti agus a chuir a ainm i mbéal an phobail clár a rinne ACT i nDeireadh Fómhair 1960 i dtaobh a laghad a bheadh Éire in ann déileáil le hionsaí adamhach
D’fhoilsigh An Clóchomhar Seosamh Mac Grianna: an mhéin rúin (2002) le Fionntán de Brún a ndeir Pól Ó Muirí in ‘Tuarascáil’ (Irish Times 23 Aibreán 2003) faoi gurb é atá ann ‘an chéad mhórstaidéar acadúil atá i gcló ar a chorpus litríochta’; is é a deir an t-údar féin: ‘I dtaca leis an leabhar seo agam féin, saothar critice atá ann agus, mar sin de, tugtar eolas faoi shaol Mhic Grianna de réir mar a bhaineann sé le hábhar na tráchtaireachta.’ Deireadh sé féin gurbh i Lúnasa 1900 a rugadh é ach is é 15 Eanáir 1901 atá sa teastas beireatais a fuair Liam Ó Dochartaigh ón gcláraitheoir i Srath an Urláir (‘Mo Bhealach Féin: saothar nualitríochta’ in Scríobh 5, 1981); níor cláraíodh an bhreith go dtí 9 Feabhra 1901 agus is inspéise gur tharla mórán an rud céanna i gcás lá breithe a dhearthár Séamus Ó Grianna [B2] ··· Cuireadh bunoideachas air i Rann na Feirste agus bhí sé ina mhonatóir ann ··· In 1916, thug scoláireacht é go Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, ach níor fhan sé ann ach bliain ··· Imtheorannaíodh sa Droichead Nua é i samhradh 1922 in éineacht le Séamus, Domhnall agus le deartháir eile leis, Hiúdaí, agus bhí ann go deireadh na troda ··· Níor éirigh leis an t-úrscéal Dá mbíodh ruball ar an éan a chríochnú agus is í an abairt deiridh ann: ‘Thráigh an tobar ins an tsamhradh 1935
Bhí Tadhg ar scoil i Loch an Iúir agus ina mhonatóir ann ar ball sularbh éigean dó dul ag sclábhaíocht in Albain ··· Nuair a aistríodh Coláiste Bhríde go Rinn na Feirste bhí sé in ann cáilíocht mhúinteora a fháil ann ··· Bhí a fhear gaoil Seosamh Mac Grianna ag obair sa Choláiste ag an am agus bhí post aige féin ann ar ball ··· D’aistrigh sé as sin go dtí Ceardscoil Loch an Iúir agus bhí ann go ndeachaigh sé amach ar pinsean 1975
Pearsa thábhachtach ba ea é ach tá de thuairim ag roinnt daoine gur tugadh faillí ann ··· Deirtear ann go raibh gaol i bhfad amach ag a mháthair le hEoghan Rua Ó Súilleabhain ··· Deirtear ann freisin gur chaith sé tréimhsí sna trí scoil san oileán agus go raibh sé ar intinn aige dul le sagartacht (‘The church narrowly missed having Sceilg’) ··· Tá tuairim ann go raibh sé fostaithe ag comhlacht iarnróid ar feadh tamaill, é ina chléireach sna Cealla in aice le Cathair Saidhbhín ··· Tugann aiste an Irish Peasant le tuiscint gur éirigh sé as an bpost sin toisc nach raibh sé in ann réiteach lena raibh ar siúl ag an gCoiste Gnó nua
Ba é Cornelius O’Leary a athair; in Inse Geimhleach a rugadh eisean ach nuair a cuireadh a mhuintir as seilbh d’imigh siad go Meiriceá agus gan ann ach naíonán agus is ann a tógadh é; d’fhill sé ar Éirinn agus fuair post mar chúipéir i ngrúdlann Beamish & Crawford agus bhí ina chuntasóir ann ar ball ··· Chuaigh sé isteach i gcór na hArdeaglaise in aois a sé le linn sean-Aloys Fleischmann a bheith ann ··· Bunaíodh Cór Chois Laoi i 1949; bhí oibrithe monarchan ann, chomh maith le múinteoirí, mic léinn, Caitlicigh agus Protastúnaigh ··· Bhí sé ina theagascóir sa roinn cheoil ansiúd agus ar feadh tamaill ghairid i ndiaidh bhás Uí Riada bhí sé ag léachtóireacht ann
Tráchtfar scéal na hÉireann ann agus scéalta na cruinne maraon leis ··· Beidh cead cúitimh agus iomarbhá ag cách ann, d’réir mar a bheidh má agus machaire chuige ··· Leathanach na Gaeilge a bhí ann dáiríre sna blianta sin agus iomlán leathanaigh i nGaeilge ann lá i ndiaidh an lae eile gona gceannlínte móra dea-chumtha agus idir chúrsaí na hÉireann agus chúrsaí an domhain mhóir á bplé ann agus sin i nGaeilge snasta soléite ··· Is sa leathanach sin a foilsíodh céadshaothar chéad-eagarthóir an pháipéir seo [Ciarán Ó Nualláin] agus is ann a foilsíodh cuid maith de shaothar Sheosaimh Mhic Grianna don chéad uair ··· Ann a d’éag sé 21 Márta 1978 agus is i Snaidhm a cuireadh é
Scríobh a chomharsa Micheál Ó Cionnfhaolaidh[B4] síos uaidh Beatha Mhichíl Turraoin maille le scéalta agus seanchas (1956) agus is í an chéad abairt ann: ‘Rugadh mise san mbliain 1878 i gCnocán an Phaoraigh íochtarach, i bparóiste na Rinne ··· Bhí tigh ceangailte den tigh againn-ne agus uncail dom’ athair a bhí ina chónaí ann ··· Tá a sliocht ann i gcónaí ··· Thug siad blianta éigin ann nó go bhfuair teach nua i mBaile na nGall Beag ··· Seo cuntas aige ar theach eile a raibh sé ag obair ann: ‘Trí seachtaine a thugas ag baint na bprátaí san tigh sin sa Rinn agus ar mo leabhar duit nach aon áras ar fónamh codlata a bhí ann
Rinne Liam Gógan [B2] an tagairt seo dá chumas chun aisteoireachta: ‘Sílim gur fear é atá ag feitheamh le hoidhe éigin nár scríobhadh fós b’fhéidir chun iomlán na dtréithe atá ann a chur i bhfeidhm’ (Fáinne an Lae I Márta 1924) ··· D’aistrigh sé ansin go Scoil Náisiúnta Naomh Bréanainn sa Daingean agus bhí ann go 14 Aibreán 1919 ··· In Fáinne an Lae 29 Bealtaine 1926 dúradh go raibh comórtas liathróide láimhe ar siúl aige ann chun an Ghaeilge a chur á labhairt i measc na mbuachaillí ··· Bhí ann go 1928 nuair a fuair sé post príomhoide i Scoil Cholmcille, Sráid Maoilbhríde, an chéad bhunscoil lán-Ghaelach i mBaile Átha Cliath ··· Deir Peadar Ó hAnnracháin [B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944: ‘Chuaigh Muiris Ó Catháin ag obair ann [in Uíbh Ráthach]
Tá a scríbhinní leighis agus aistí eile liostaithe ann ··· Bhí Séamus Ó Néill [B3] ina mhac léinn ann lena linn agus dúirt seisean, dar leis an mBléineach, gurbh é Séamus a d’athbheoigh an Cumann Gaelach ann agus go raibh sé ina rúnaí air ··· Bhí Brian Mac Thréinfhir ina mhac léinn ann san am agus scríobh seisean faoi Shéamas in Irisleabhar Mhaigh Nuat, 1934: ‘Togha mic léinn ··· Iarracht ionraic atá ann ach ní foláir a rá nach seasann sé an chomparáid lena mhacasamhail de leabhair i dteangacha eile, ní amháin ó thaobh ealaíne ach fiú ó thaobh tuiscint don diagacht Chaitliceach ··· níl aon léargas ann ar choimhlint inmheánach an tsagairt’
Moladh go hard a iarrachtaí sa chomórtas aithriseoireachta agus sna comórtais le haghaidh aistí ar ‘Baint urlabhra le náisiúntacht’ agus ‘Céard is fírinne ann?’ ag an gcéad Oireachtas (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897) ··· Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 17 Meitheamh 1899 gur fhreastail sé ar chruinniú de Choiste an Oireachtais agus san iris chéanna ar 12 Lúnasa 1899 go raibh sé ar saoire in Inis Meáin agus go raibh sé sa láthair ag cruinniú de Chraobh na mBan ann ··· D’inis easpag na deoise do Phádraig Mac Piarais[B4] agus do Francis Bigger[B4] go raibh pleananna aige chun an teanga a shábháil i Machaire Eabha agus chuige sin go raibh an tAthair Ó hEidhin curtha aige ann (idem 7 Meán Fómhair 1907) ··· Níorbh ann dó i gcúrsaí acadúla ··· Ach duine ionnasach a bhí ann
In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 deir Peadar Ó hAnnracháin [B1]: ‘Dhein sé saothar trír anseo an fhaid a bhí sé ann ··· Bhí seisear múinteoir taistil ag obair ann ··· Má bhí sé ann is ait nach n-áiríonn O’Mahony é i measc na n-amhránaithe ann ná i measc mhúinteoirí na Gaeilge ··· Ann a casadh Earnán de Blaghd air agus fuair sé post timire dó in iarthar Chorcaí ··· Measadh go raibh tionchar rómhór ag an eagraíocht rúnda san Arm féin le linn Ó Murthuile a bheith ina leifteanantghinearál ann
In 1881 d’aistrigh an teaghlach go Dún Garbhán agus is i gColáiste Naomh Aibhistín a bhí sé ar scoil ann ··· Tar éis bliana i gColáiste Naomh Eoin i gcathair Phort Láirge, chuaigh sé isteach i Maigh Nuad in 1890 agus oirníodh ann é in 1895 ··· Agus is le linn dó bheith ann a bhí Eoghan Ó Gramhna ina ollamh le Gaeilge ann ··· Ó 1905 go 1922 bhí sé ina Ollamh le Gréigis i Maigh Nuad agus ina Leas-Uachtarán ann ó 1919 go 1922 nuair a ceapadh é ina ardeaspag cúnta ar Sydney agus ina ardeaspag teidealach ar Germia ··· Chaitheadh sé a shaoire ann ag breacadh focal, nathanna cainte, seanchais agus eolais faoi mhuintir an cheantair
Bhí gabháltas beag talún ann ag a athair Tomás ··· Nuair a foilsíodh litir a scríobh sé abhaile ón Afraic Theas ar 18 Iúil 1897 (Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1897) chuir an t-eagarthóir Eoin Mac Néill an méid seo mar réamhrá: ‘Tháinig an litir seo tamall ó shin ó sheanchara don Irisleabhar agus do chúis na Gaeilge, ón té b’fhéidir dob fhearr eolas ar Ghaeilge agus ba mhó spéis inti i gConnachtaibh an fhaid a bhí sé ann ··· Tá cur síos aige ar an saol ann in aiste dar teideal ‘An coigcríoch thar sáile’ (Irisleabhar na Gaedhilge, Aibreán 1900) ··· Níl a fhios cén obair a bhí ar siúl aige ach deirtear gur i mBaile Átha Cliath a bhí sé ar dtús, gur chláraigh sé mar bhall den Ard-Chraobh timpeall an ama seo agus go raibh sé i mbun ranga ann ··· Deir Donncha Ó Súilleabháin in An Piarsach agus Conradh na Gaeilge (1981): ‘Is cosúil go raibh míshástacht éigin ann faoi An Claidheamh Soluis mar cuireadh fochoiste ar bun ag cruinniú den Choiste Gnó 5 Eanáir 1903 chun an scéal a fhiosrú agus tuairisc a thabhairt chuig an gcéad chruinniú eile’
Ní raibh san Iarmhí ach an t-aon scoil amháin, Scoil na gCailíní i mBealach an Tirialaigh, agus ba í Mary Malone an múinteoir a bhí ag teagasc na teanga ann ··· Chaith sé dhá bhliain ag teagasc Gaeilge agus staire i Scoil na mBráithre ar an mbaile sin agus théadh sé gach Satharn chuig léachtaí sa chraobh de Choláiste Laighean a osclaíodh ann ar 17 Samhain 1912 agus a raibh Éamonn Ó Tuathail [B2] i gceannas uirthi ··· Le linn dó bheith ann d’iarr Liam Ó Maoilíosa air bheith ag spiaireacht agus ag lorg eolais ··· Faoi Lúnasa 1915 bhí post aige i scoil Íosánach i Luimneach agus is ann a fuair sé orduithe dul abhaile go Bealach an Tirialaigh Céadaoin an Bhrath 1916 ··· B’as Ros Muc do Hubert ó cheart agus bhí poist acu beirt sa cheantar sin go dtí gur tharla aighneas idir Hubert agus an sagart paróiste nua ann
Ach is é an duine díobh is lú a raibh buneolas dearfa ann ina thaobh ··· Chláraigh mac léinn darb ainm James Cogan i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath 1893 ach níl fianaise ann gurbh é an fear seo againne é, cé gur dóigh gurbh é ··· Fior-Ghael forránta faobhrach nár ghéill riamh don namhaid a bhí ann ··· Bhí seisean ann ar scoláireacht i mbliain 1888–9 ··· Chapel’, Oldham, pósadh James Cogan, baitsiléir 23 bliana d’aois, ‘clerk in Inland Revenue Office’, ar mhac é le John Cogan (a bhí marbh), maor talún, agus Ann Jane Cunliffe, baintreach 51 bliana d’aois arbh iníon í le George Croft, feirmeoir
Dúirt Breandán Ó Buachalla: Ní chuirfeadsa fiacal ann: chomh fada agus a bhaineann liomsa, b’é príomhscoláire Gaeilge a linne féin é gan dabht, agus is áirithe liom go n-áireofar fós ar cheann de mhórscoláiri na haoise seo é, duine den bhfíorbheagán acu a raibh cáil idirnáisiúnta dáiríre air ··· ‘Army lieuteanant’s widow’ an cur síos atá ar a slí bheatha sa teastas báis, cé go bhfuil tuairim dhoiléir ann go raibh post múinteora aici sa choláiste deoiseach atá nasctha ó shin le The High School, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath ··· Múinteoir aige ann ba ea Seán Óg Caomhánach [q.v.] nó Seán a’ Chóta ··· Bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach ann agus ar dhuine díobh sin a bhunaigh an Comhchaidreamh ··· Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Comhar i 1942, é ina bhall den choiste eagarthóireachta, agus scríobhadh sé ann colún cúrsaí reatha faoin ainm pinn ‘Aithirne.’ Cuimhnítear go háirithe ar ráiteas láidir ann nuair ab éigean do Nollaig de Brún éirí as a phost mar Aire Sláinte i mí Aibreáin 1951
I mbun na hoibre sin a tharla i nDroichead na Bandan é i samhradh 1875 nuair a casadh Dáithí Coimín air ann ··· Chaith sé trí bliana ann ··· Bhí sé tamall i mBéal Feirste agus é i mbun rang Gaeilge ann roimh 1898 ··· In Eanáir 1903 bhí litir aige in An Claidheamh Soluis agus an abairt seo ann: “Cé hiad a bhí ag múineadh na Gaeilge i mBéal Feirste cúig bliana ó shin nuair a bhíos féin agus Cú Uladh i dteannta a chéile ann ··· In 1910 bhí comórtas Oireachtais do ‘Leabhar ar nós Beirt Fhear ón dTuaith ach amháin go gcaithfear cur síos go cruinn ann ar ghnáth-shaol na cathrach’
Ann a oirníodh ina shagart é ar 30 Samhain 1892 de réir cuntais iarbháis in oifig Choiste Stair Dheoise Canberra agus Goulburn ··· Deirtear san aiste seo gur fhreastail Risteard ansin ar Ollscoil Sydney agus gur bhuaigh sé boinn ann ar Laidin, Gréigis, Béarla, Fraincis, agus Gearmáinis ach ní dócha go raibh sé riamh san Ollscoil sin, dar le Brian Maher P.P., staraí na Deoise ··· Scríobh Domhnall Ó Laoghaire, Inse Geimhleach, amhrán i dtaobh Choláiste na Mumhan, agus tá an cheathrú seo ann: ‘Tá Coláiste Gaelach i mBéal Átha an Ghaorthaidh/ Agus sagart naofa dá múineadh/ Bráthair gaolmhar le Máire Ní Laoghaire/ B’í bláth is craobh na n-údar í’ ··· Deirtear freisin ann go raibh biseach ag teacht air ··· Níl a leithéid de chathaoir ann anois agus ní luaitear é in aon cheann d’fhéilirí an choláiste
Scríobh sé Glimpses of Erin (1888), cnuasach a bhfuil cuid de dhéantús Alice ann ··· through the length of my childhood lonely,/ Throughout the toilsome hours of my schooling days,/ No mention of thee was made unto me, save only/ By speakers in heedless scorn or in harsh dispraise.” Bhí sí tamall i gColáiste Mhag Aoidh i nDoire agus ann a cháiligh sí mar mheánmhúinteoir ··· Ann freisin a d’fhoghlaim sí conas drámaí a léiriú ··· Bhí gaol ag an aisteoir Shakespeareach cáiliúil, John McCulloch, Meiriceánach, le duine de na múinteoirí ann, Miss McKillop, agus thugadh sé cuairt ar an gcoláiste agus thugadh ceadail ann ··· Bhí páirt “gallóglaigh” ag a deartháir Ernest ann
Deir Leslie gur spéis leis an reachtaire a bhí ann roimhe freisin, fear dar sloinne Browne, an Ghaeilge a úsáid ··· I 1711 freisin d’fhoilsigh sé Seanmora ar na Priom Phoncibh na Chreideamh, arb é atá ann cúig sheanmóir: ceann dá chuid féin an chéad cheann acu, b’fhéidir, agus is aistriúcháin le Pilib Mac Brádaigh[q.v.] agus Seán Ó Maolchonaire ar shaothar le heaglaisigh cháiliúla na ceithre cinn eile ··· Ar leagan Uilliam Uí Dhomhnaill [q.v.] atá an ceann sin bunaithe, deir Williams, ach ní hionann le chéile iad sa mhéid gurb aistriúchán ar leagan Béarla 1662 den Book of Common Prayer is ea saothar Richardson agus go bhfuil ábhar breise ann dá réir ··· Tá fianaise ann gur thug Cathal Ó Luinín [q.v.] cabhair san aistriúchán sin ··· D’fhoilsigh sé paimfléad dar teideal Fíorthairbhe na ngaoidheal arb é atá ann seanmóir Bhéarla a thug sé i dteampall Bhéal Tairbirt, paróiste Eanaigh, i 1715 mar aon le haistriúchán Gaeilge a rinne sé féin
Tugadh eagrán nua amach in aon imleabhar amháin in 2001 agus foinn agus eolas breise faoi fhoinn ann ag Bonnie Shaljean ··· Do bhí bua an cheoil aige ach ní raibh ach beagán d’fhéithe na filíochta ann’ (Éigse Nua-Ghaedhilge II [1934]) ··· Admhaíonn Breandán Breathnach (Ceol agus rince na hÉireann [1989]) ‘gurb é an file agus an ceoltóir de Chlanna Gael é is mó a bhfuil tuairisc agus eolas le fáil faoina shaol agus faoina shaothar’ ach deir sé: ‘Ní cláirseoir foirfe a bhí ann ná níor cheoltóir é a raibh oiliúint faighte aige ar an gceol mar ábhar léinn ··· Is buille den tsamhlaíocht a áitiú gur chumadóir a bhí ann a shnaidhm nó a shnaimhfeadh dhá chultúr, ceol léinn na hEorpa agus ceol dúchasach na hÉireann ina chéile nó go bhfuil tábhacht ar leith leis dá réir sin, sa saol corrach atá anois ann.’ Deir sé freisin nár mhair aon cheann dá amhráin ag na daoine mar a mhair amhráin Raiftearaí ··· Feirmeoir a athair, Seán, ach luaitear freisin gur ghabha dubh a bhí ann