Aimsíodh breis is 50 alt. Níl á liostú anseo ach an 30 ceann is fearr a fhreagraíonn do d'iarratas.
Seo é Éamonn an Chnoic ··· Deirtí gurbh é a chum ní hamháin ‘Éamonn an Chnoic’ ach ‘Bean Dubh an Ghleanna’ freisin; an fáth atá leis an tuairim sin, dar le heagarthóirí Nua-Dhuanaire I, 1971 go bhfaightear véarsa as ‘Éamonn an Chnoic’ san amhrán eile ··· De réir an traidisiúin is in Áth Seanbhó i gCnoc Maothail in aice le Teampall Uachtarach a rugadh Éamonn ··· D’aimsigh an Callanánach tagairt do Dhomhnall Ó Riain i gCnoc Maothail a d’éag 1630 agus arbh é Éamonn, fear pósta, a oidhre ··· Deir O’Sullivan go mb’fhéidir gurbh é an Éamonn sin seanathair Éamonn an Chnoic
Shíl Pat agus a dheartháir Frank gur ag na Bráithre Críostaí i nDún Dealgan a bhí Éamonn ar scoil agus b’fhéidir gur timpeall 1918, i ndiaidh bhás an athar, a d’aistrigh an teaghlach go Baile Átha Cliath ··· Murach bás an athar b’fhéidir go gcuirfí Éamonn chun na hollscoile ··· Bhí ceol Gaelach a d’oirfeadh dóibh gann agus is ar an ábhar sin a thosaigh Éamonn ag gléasadh agus ag cóiriú ceolta ··· sa Chapitol uair den saol agus Éamonn ina measc ··· Díséadaithe aitheanta ba ea an lánúin agus ba mhinic Éamonn ag tabhairt tionlacain pianó do Mhollie
Deirtear gurbh í an scoil sin an scoil ba Ghaelaí i nGalltacht na Mumhan agus gurbh é Éamonn an chéad mhúinteoir náisiúnta sa Ghalltacht a thug faoi ábhair a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ··· Ba mhinic an t-ainm cleite ‘Éamonn an Chnoic’ aige freisin ··· Éamonn a bhunaigh agus a d’eagraigh Éarna (1922–5), irisleabhar Scoil na Ceiltise sa Choláiste
I lár Mheitheamh 2003 foilsíodh Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887-1986: beathaisnéis le Seán Ó Ceallaigh ··· Léacht a thug Charles Lysaght is ea Edward MacLysaght 1887-1986, 1988; i gcló ann mar aguisín tá leabharliosta le Etienne Rynne (i gcló freisin in North Munster Antiquarian Journal XVII, 1975 (‘Féilsgríbheann Éamonn Mhic Giolla Iasachta’) ··· Scríobh Éamonn a bheathaisnéis, S.R ··· B’as Lincolnshire do Katherine Clarke ach mhaíodh Éamonn gurbh as Laois dá sinsir i bhfad siar ··· Luann Éamonn deartháir amháin, Pat
Tá gach cuma ar an scéal gur le linn d’Éamonn a bheith ina gharsún óg a d’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath ··· Cheangail siad beirt le hArd-Chraobh Chonradh na Gaeilge agus toghadh Éamonn ina rúnaí cúnta (An Claidheamh Soluis 9 Márta 1901) ··· no less a person than Mr Éamonn Ó Néill gravely asked “An dteastaíonn foclóir uainn?”’ ··· Nuair a ceapadh é siúd ina Aire Airgeadais i 1939 fuair sé Éamonn ag obair sa Roinn sin ··· mar eireaball le hainm Éamoinn Uí Néill, Cionn tSáile, lena dhealú amach ó Éamonn Bhaile Átha Cliath
I gCathair Luimnigh ar 3 Nollaig 1920 a rugadh Éamonn de hÓir, saineolaí ar logainmneacha na hÉireann ··· Bhí Éamonn (1895–1972) cairdiúil le Seán Mac Diarmada, é tráth ina gharda cosanta aige ··· Fuair Éamonn óg a chuid oideachais cois teallaigh i dtosach roimh dhul go dtí an scoil náisiúnta ··· Bhí Éamonn ar scoil sa Rinn i bPort Láirge ar dtús, ansin sa Mhodhscoil, bunscoil lán-Ghaelach i Luimneach agus ansin ag na Bráithre Críostaí, Sráid Sexton, Luimneach
Chaith Éamonn an tréimhse 1925–9 i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, agus ó 1929 go 1936 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad ··· Chuir Cumann na Sagart ‘Ómós do Éamonn Ó Doibhlin’ ar siúl in Óstán Mhic Scanláin ar 27 Nollaig 1972 ··· Dúirt Ó Fiaich: ‘Sagart gnaíúil cráifeach dúthrachtach a bhí san Athair Éamonn, Gaeilgeoir líofa dícheallach, scríbhneoir cumasach, óráidí spreagúil, tírghráthóir láidir, compánach aoibhinn gealgháireach’ ··· Tá stair iomlán na hÉireann sa leabhar sin don té a thuigeann cad a bhí an tAthair Éamonn a dhéanamh, mar ní raibh i nDomhnach Mór ach microcosm d’Éirinn go hiomlán, nó go háirithe den Tuaisceart go hiomlán’
Chuir sé fearg ar Éamonn go molfaí duine díobh ··· Tá tuairisc ag an mbeirt sin ar a gcuairt ar reilig Dhún Guairne: ‘The most interesting find here was the monument to the memory of Edmund Wall (Éamonn de Bhál), a notable eighteenth century Gaelic scholar who lived at Couragh... ··· MAY HE REST IN PEACE AMEN.” That this is the resting place of Éamonn de Bhál can hardly be doubted: the surname is rare in this part of east Cork (we cannot trace any other family of the name belonging to this area except that of the poet) and it is obvious from the dates of his compositions that he died in the sixties of the 18th century.’ Tá seo le rá ina thaobh ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 1996): ‘Bíodh gur scríobh Éamonn de Bhál breis agus daichead amhrán, is deacair teacht ar amhrán ina measc a bhféadfaí a rá gur saothar follasach polaitiúil é
Baineann tábhacht leis freisin mar gurbh é a mhúin an teanga d’Éamonn Mac Giolla Iasachta, údar Cúrsaí Thomáis, ceann d’úrscéalta fiúntacha na Gaeilge ··· Tamall gairid i ndiaidh a bháis scríobh Éamonn Mac Giolla Iasachta cuntas air (Leathanaigh ó mo dhialann, 1978): ‘Tháinig Conchúr go dtí an Ráithín seacht mbliana ó shin ··· Chuaigh Éamonn agus Conchubhar le chéile go Baile Átha Cliath Dé Sathairn an 20 Samhain 1920 ··· Mhínigh Éamonn ina dhiaidh sin gur chun gnó iniúchtha leabhar an chomhlachta a chur sa tsiúl a rinne Conchubhar an turas ··· D’fhan Éamonn ina árasán féin agus is chuig a ghnáthlóistín ag 54 Bóthar Haddington a chuaigh Conchubhar
Seisear buachaillí agus aon chailín amháin a bhí ag a thuismitheoirí agus ba é Éamonn an séú duine díobh, an dara duine ab óige ··· In 1883 aistríodh an t-athair go Baile Átha Fhirdhia agus d’fhreastail Éamonn ar Scoil Náisiúnta De La Salle ansiúd ··· Tar éis cúig bliana sa bhaile sin d’aistrigh siad go Droichead Átha agus is i Scoil na mBráithre Críostaí ansiúd a bhí Éamonn ··· D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath tuairim 1891 agus d’fhreastail Éamonn ar Scoil Uí Chonaill ··· Foilsíodh Supreme Sacrifice: the story of Éamonn Ceannt 1881-1916, 2005 le William Henry
Agus a cuid meánscolaíochta críochnaithe aici fuair sí post le Bardas Bhaile Átha Cliath agus ba ansiúd a chas Dóirín ar Éamonn Mac Murchú, as Eochaill, Co ··· Nuair a phósadar in 1954 chuadar chun na Breataine – ar dtús go Cardiff agus ina dhiaidh sin go Londain, áit a raibh Éamonn ag obair i gConsalacht Ghinearálta na hAirgintíne ··· Chaitheadar tamall in Brisbane agus tamall eile in Jacobs Well in Queensland, áit a raibh Éamonn fostaithe ag comhlacht siúcra ··· Bhí sé de rún i gcónaí ag Dóirín agus ag Éamonn filleadh abhaile agus a gclann a thógáil sa Ghaeltacht, rud a rinneadar i dtús na 1960idí, ag cur fúthu ar dtús i mBaile an Fheirtéaraigh, Co ··· I dtús báire bhí sí féin agus Éamonn i bhfeighil siopa, an Stór, a bhí glactha ar láimh ag Gael-Linn
Níorbh aon ionadh rómhór mar sin go raibh a mhac Éamonn ina thaca don Ghaeilge’ ··· Bhí Hugh (10) agus Catherine (6) sa teach oíche an Daonáirimh ach ní raibh an chuid eile den chlann, Pilib agus Éamonn ··· Bhí Éamonn ar scoil ag Bráithre na Toirbhirte i gCionn tSáile agus ag na Bráithre Críostaí in Eochaill sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhungairit ··· Dar le Peadar Ó hAnnracháin gur scríobh Éamonn chuig an gCoiste Gnó i 1901 ag iarraidh orthu timire a sheoladh síos go Cionn tSáile agus gurbh é a bhunaigh craobh ann i 1902 agus a bhí ina chomhrúnaí acu ··· Nuair a d’imir Corcaigh agus Tiobraid Árann ar pháirc chatha Fontenoi sa Bheilg i 1910 bhí imreoir in easnamh ar Thiobraid Árann—bhí cuid dá bhfir imithe ar strae sa Bhruiséal agus tugadh Éamonn dóibh mar fhear ionaid, an fáth, b’fhéidir ar bhuaigh Corcaigh an cluiche
‘The children of the police were attending the Irish classes taught by Éamonn ··· Now the police have fittingly rewarded Éamonn for his efforts to enlighten their offspring
Bhí beirt eile clainne ag Terence agus Mary, James a bhí níos sine ná Éamonn, agus Mary ··· Is dóigh gur fhreastail Éamonn ar an scoil áitiúil ··· Tá tuairim ag a mhac gur chaith Éamonn tamall i nDoire i dtús an chéid
Toisc gur sa Ráithín i gceantar Bhaile an Mhanaigh, Corcaigh, mar a raibh siopa beag ag a mháthair, a tógadh Éamonn is meas Corcaígh a bhí aige air féin ··· Ba iad Seaghán Ó Síothcháin agus Éamonn eagarthóirí Oispidéil na hÉireann: Ireland’s Hospitals 1930-1955, [1956] ··· D’éag Éamonn 21 Iúil 1996
Tá fianaise ann go mba lia Éamonn féin: ‘Edmond cetna Ó Coisside .i
Luann Ó Foghludha daoine eile a raibh caidreamh ag ár bhfile orthu: Liam Inglis[q.v.], Seán Smíst, An tAthair Domhnall Ó Duinnín (Uachtarán Choláiste na nÉireannach in Toulouse), Aindrias Mac Cruitin [q.v.], Éamonn de Bhál[q.v.], an tAthair Seán Ó Briain, Eoghan an Mhéirin Mac Cárthaigh[q.v.] ··· Ní Mhurchú sloinne a mháthar agus bhí beirt deartháireacha aige, Éamonn agus Séamus Mór ··· Chaoin Seán Ó Murchú na Ráithíneach, Éamonn de Bhál, agus a nia Séamus Beag Mac Coitir é: labhair de Bhál ar a chumas lúthchleasaíochta
Fuair a athair, James Heathar Thomas, oifigeach sa bhriogáid dóiteáin, bás nuair a bhí Éamonn cúig bliana d’aois agus is in Inse Chór a d’fhás sé suas
Sa mhéid gur scoláire focleolaíochta agus údar aitheanta a dheartháir Éamonn agus gur sin-seanuncail le Dáithí ba ea William Carrigan [q.v.], údar The history and antiquities of the diocese of Ossory (1905), b’fhéidir a rá go raibh agus go bhfuil an scoláireacht ag rith lena mhuintir ··· Ar mhaithe leis an gcuntas seo deir a dheartháir Éamonn Ó hÓgáin: Le linn na 1970aí bhí sé páirteach i ngnóthaí a bhain le polasaithe socheacnamaíocha agus síochána a fhorbairt do Shinn Féin, le súil is go n-aimseofaí réiteach ar theannas agus ar achrann na haimsire sin a chuimseodh Éireannaigh de gach sórt ··· Deir Éamonn Ó hÓgáin: Is i 2001 a thosaigh an bhaint a bhí aige le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ··· Éamonn Ó hÓgáin, as eolas tábhachtach breise a sholáthar)
Tá gearrthuairisc ar Éamonn ag Marian Keaney in Westmeath authors: a bibliographical and biographical study (1969) agus tá tagairtí dó in Connaught Telegraph 4 Meitheamh 1970 agus 18 Meitheamh 1970
Gaeilge a labhraíodh na daoine ba shine sa teaghlach ach ní raibh sí ó dhúchas ag Éamonn
Bhí Éamonn de Valera ina rang ann i 1908 ··· Líon Éamonn Ó Tuathail [B2] a háit i gColáiste Laighean i nDeireadh Fómhair 1910 ··· Bhí seachtar clainne acu: Vivion, Máirín (déag 11 Lúnasa 1984), Éamonn, Brian (d’éag 9 Feabhra 1936 de dheasca timpiste marcaíochta), Ruairí (d’éag 28 Deireadh Fómhair 1978), Terry (Traolach), Éimear (a phós an tOllamh Brian Ó Cuív) ··· D’éag sí 7 Eanáir 1975, 65 bliana ach lá ó phós sí Éamonn de Valera
Bhí caidreamh aige ar fhilí a linne sa Mhumhain: Éamonn de Bhál [q.v.], Seán Ó Tuama [q.v.], an tAthair Nioclás Ó Domhnaill [q.v.], Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Inglis [q.v.], Conchubhar Mac Cairteáin [q.v.], Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.], Liam Dall Ó hIfearnáin [B6] ··· Chun iad a chur amú scríobh filí mar Sheán Ó Tuama agus Éamonn de Bhál beochaointe air, mar dh’ea go raibh sé marbh nó thar sáile ··· He was an acknowledged master of lyric poetry.’ Chum Éamonn de Bhál, Seán Ó Tuama agus Seán na Ráithíneach marbhnaí air ··· I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin
I gCreig an Chéirín san oileán a rugadh Éamonn 17 Meán Fómhair 1922; ba é an t-aon leanbh é ag a mhuintir, Seán Ó Tuathail agus Mairéad Ní Dhireáin
I measc na nithe atá le rá ag Eoghan Ó hAnluain sa réamhrá a chuir sé le Dánta 1939-1979, 1980 tá an méid seo: ‘Is tuairisc bharainneach a shaothar ar an athrú saoil a bhfuil fuadar faoi leith faoi le tríocha bliain anuas, ní amháin in Árainn ach ar fud na tíre.’ Ba é a scríobh Tomás Mac Síomóin cúpla lá i ndiaidh a bháis: ‘Beidh sé le rá faoi go brách go mba eisean a d’oscail filíocht na Gaeilge i gcéaduair do shaol agus do thionchar na fichiú aoise.’ Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar: inInniu 30 Aibreán 1971 (‘Máirtín Ó Direáin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’); in Máirtín Ó Direáin, file tréadúil, 1982 le Liam Prút; ag Tomás Mac Siomóin agus Micheál Ó Conghaile in Irish Times 21 Márta 1988; in Cime mar Chách: Aistí ar Mháirtín Ó Direáin, 1993 in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith (aistí le Mícheál Mac Craith, Tomás Mac Síomóin, Eoghan Ó hAnluain, Caoimhín Mac Giolla Léith, Liam Prút, Éamonn Ó Tuathail[q.v.], agus agallamh Mhuiris Mhic Conghail leis an bhfile); in An tOileán Rúin agus Muir an Dáin: staidéar ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin, 1993 le Micheál Mac Craith; in Comhar, Bealtaine 1988 (aistí le Eoghan Ó hAnluain, Breandán Ó hEithir, Máire Mhac an tSaoi, Éamonn Ó Tuathail[q.v.] agus Críostóir Ó Túinléigh); in Comhar, Nollaig 1989 (‘Mo chomhráití le Máirtín Ó Direáin’ le Diarmuid Ó Gráinne) ··· Deir Éamonn Ó Tuathail (idem) go bhfuil sna haistí sin ‘stíl phróis chomh glinn is atá sa nua-Ghaeilge.’ Bhíodh alt in aghaidh na coicíse aige dar teideal ‘Seo is Siúd’ in An Glór 1940-42, iris an Chonartha, faoin ainm sin Ruaidhrí Beag (Prút); in Ón Ulán Ramhar Siar is ‘lagaithris ar Mhyles na gCopaleen’ a thugann sé féin ar na hailt sin ··· Bhí feirm bheag 24 acra acu a lig an bhaintreach amach ar cíos; dhéanadh sí cniotáil chun pinginí breise a thuilleamh; ‘Bhí máthair Mháirtín an-oilte ar an obair agus, ó fágadh ina baintreach í, bhíodh sí seasta ag déanamh criosanna agus á ndíol’ (Éamonn Ó Tuathail)
Bhí triúr mac aige, Micheál agus Éamonn beirt acu, agus triúr iníonacha ··· Deir Ó Raghallaigh agus Mac Cruitín gur le drochmheas ar an nGaeilge a mhill a mhac, Éamonn, is dóigh, a lámhscríbhinní i ndiaidh a bháis ··· Rud eile a chuirfeadh an chéad scéal sin in amhras is ea gur scríobh Sean de hÓra[q.v.] dán molta ar Éamonn
Ó Cochláin in Donegal Annual37, 1985 (‘Hugh O’Donnell of Larkfield’), agus in Éigse, samhradh 1941 ag Éamonn Ó Tuathail [B2] (‘On Hugh O’Donnell of Larkfield’) agus in Éigse, earrach agus samhradh 1939 ag Tomás Ó Cléirigh [B4] (‘A poem book of the O’Donnells’) ··· Tuairimíonn Éamonn Ó Tuathail: ‘Doubtless O’Donnell hoped by these alliances with influential Ascendancy families to ensure that he would be left in possession of the Larkfield property.’ Ní raibh cead ag Caitliceach léas níos faide ná 31 bliain a bheith aige
It is clear from the second verse that he foresaw that he would be compelled to leave Ireland and it is probable that he accompanied his cousin into exile.’ Bhí an Éamonn sin i gceannas ar bhriogáid sa chogadh i dTiobraid Árann, Port Láirge agus Luimneach ··· Maraíodh an Cornal Éamonn sa chogadh sin Lúnasa 1654
Mhaigh Eo di (d’éag sí Iúil 1916), a dheirfiúracha Máire (36), Caitlín (34), Sinéad (30), a dheartháireacha Peadar (23), Tomás (20) agus Éamonn (17) ··· I mBealtaine 1918 rinne póilíní iarracht ar é a ghabháil i Muintir Eoghain ach chuir sé féin agus a dheartháir Éamonn baracáid suas agus scaoil siad leis na póilíní ··· D’éirigh le Pádraig, Éamonn, Tomás agus an colún reatha ealú ar deireadh ach dódh an teach mar dhíoltas
Chaill siad cibé talamh a bhí acu agus is ag siúl na mbóithre a chaith Éamonn Rua cuid dá shaol ··· Is in 1835 a casadh Éamonn Rua agus a bheirt mhac ar Sheán Ó Donnabháin agus dúirt Ó Donnabháin gur 61 bliain aois Éamoinn Rua ag an am agus is léir go mba fhir lánfhásta an bheirt mhac
Bhunaigh sé féin agus a chomrádaí Éamonn Ó Néill (1876–1946) [q.v.] an New Ireland Literary Society an bhliain chéanna sin ··· Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhaigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912 chun cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú chun cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in An Barr Buadh 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc in Feasta, Feabhra 1978)
Chuir sé a mhac Éamonn go Scoil Éanna ··· Bhí sé féin agus Éamonn, mac William, le chéile in Frongoch ··· Bhí Éamonn i mBráithreachas na Poblachta agus sna hÓglaigh agus bhí in Ardoifig an Phoist um Cháisc 1916
Tá cuntas ar an sagart dícheallach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny: History and Society: interdisciplinary essays on the History of an Irish County, 1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) ··· Tá cuntas Éamonn Uí Ógáin ar a thréimhse i Londain an-inspéise
Bhí an Brian seo síolraithe ó Éamonn na Cúile a bhí ina rí ar Fhear Manach anuas go 1484 ··· Tá pictiúr tarraingteach de Chnoc Ninne as seanleabhar, Henry’s Upper Lough Erne in 1739, i gcló ag Éamonn Ó Tuathail[B2] in Éigse, samhradh 1939: ‘In this County are two notable hills for beauty, pleasure, profitt, and stately situation not inferior to many in Ireland the one is called Knockninny being the principall seate of that family descended of Patrick son of Edmond na Cooley Maguire king of fermanagh
Tá cuntais ar Uilliam Nuinseann: in Dictionary of National Biography; ag Pádraig Ó Fágáin in Éigse na hIarmhí; ag Éamonn Ó Tuathail[B2] in Éigse, earrach 1940 (‘Nugentiana’); ag Gearóid Ó Murchú[B2] in Éigse, geimhreadh 1948 (Poems of exile by Uilliam Nuinseann Mac Barúin Dealbhna) agus ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 ··· Tá péire eile in eagar ag Éamonn Ó Tuathail: ‘Dursan cuimhne an chompánaigh’ agus ‘Dorcha an lísi ar Loch Éirne’
Ba é Éamonn Ó hArgáin a athair agus ba í Julia Herlihy a mháthair ··· Cuireadh síos nach raibh Béarla ag Éamonn ná ag Julia
Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912, a raibh d’aidhm aige cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Bua 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc sin in Feasta, Feabhra 1978)
8 1910 atá cuntas Charlotte Milligan Fox uirthi féin agus a deartháir Éamonn
Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791
Cuireadh Ned in aithne d’Éamonn de Valera san oileán i 1947 agus d’iarr seisean ar an gCoimisiún Béaloideasa ábhar a thaifeadadh uaidh; cuireadh Caoimhín Ó Danachair ann chun an gnó a dhéanamh
Tá cur síos ar a bheatha agus a shaothar ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) in Kilkenny: history and society: interdisciplinary essays on the history of an Irish county (1990) in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan, agus ag Eoin O’Kelly (‘In the Footsteps of an Irish Antiquary’) in Old Kilkenny Review (1959) ··· Is é an focal scoir ag Éamonn Ó hÓgáin ina thaobh: ‘Dhein Ó Scoireadh bunobair fhiúntach i gcúrsaí ortagrafaíocht, ghramadach agus fhoclóireacht na Gaeilge
Tá cuntas ag Éamonn an Chnoic (Éamonn Ó Donnchadha [B1]) ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902
Tá tagairt in Inquisitio sa bhliain 1633 d’Éamonn agus Piaras Feiritéar a bheith i mBaile Sibéal ··· Éamonn a bhí ar athair Phiarais
Dlúthchara le Pádraigín le linn a óige ba ea oidhre Dhún Búinne, Éamonn Mac Piarais nó ‘Éamonn an Chuirnín’ (d’éag 1640)
Bhí sé ar dhuine de Sheacaibítigh mhóra na hÉireann agus scríobh filí tuairim scór dán air féin agus ar a mhac, Séamus Óg (1689–1720) [q.v.], ina measc Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Mac Cairteáin[q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], agus Éamonn de Bhál[q.v.] ··· Éamonn a bhí ar athair Shéamuis agus bhí tailte aigesean i mBarraigh Mhóra
Is luaithe a bhí baint aige fein, ag an bPiarsach, agus ag Éamonn Ceannt le gluaiseacht na teanga ná ag aon duine eile de na ceannairí sin ··· Is do na mná sin a thugadh an bleachtaire Éamonn Broy eolas faoi rún sular earcaigh Micheál Ó Coileáin é, dar le Tim Pat Coogan in Michael Collins: a biography, 1990