Líon alt a aimsíodh: 29
Deir sé: ‘Ba é Liam Rua an prionsa ar fhilí na dúiche sin .i ··· Luann Ó Foghludha daoine eile a raibh caidreamh ag ár bhfile orthu: Liam Inglis[q.v.], Seán Smíst, An tAthair Domhnall Ó Duinnín (Uachtarán Choláiste na nÉireannach in Toulouse), Aindrias Mac Cruitin [q.v.], Éamonn de Bhál[q.v.], an tAthair Seán Ó Briain, Eoghan an Mhéirin Mac Cárthaigh[q.v.] ··· Ní Mhurchú sloinne a mháthar agus bhí beirt deartháireacha aige, Éamonn agus Séamus Mór ··· Bhí mac ag Séamus Mór ar tugadh Séamus Beag air agus tá de thuairim ann go raibh an triúr filí sin, Liam Rua, Séamas Mór agus Séamas Beag, in aontíos le chéile ··· Cuireadh Liam Rua i mBréachmhaigh ar 14 lúil 1738
Chaill siad cibé talamh a bhí acu agus is ag siúl na mbóithre a chaith Éamonn Rua cuid dá shaol ··· Is in 1835 a casadh Éamonn Rua agus a bheirt mhac ar Sheán Ó Donnabháin agus dúirt Ó Donnabháin gur 61 bliain aois Éamoinn Rua ag an am agus is léir go mba fhir lánfhásta an bheirt mhac ··· ‘Ba mhac é le hÉamonn Rua, a shíolraigh ó Chlann tSuibhne na dTuach, a raibh fuil ríthe ina gcuislí’ (Anois 6–7 Samhain 1993) ··· Is léir ar léacht sin Sheáin Uí Ghallchóir gur ‘Charlie Éamoinn Rua’ a thugtaí go coitianta ar Tharlach ··· Sa ghinealas siar go Sir Maolmhuire Mac Suibhne, a chuir an Donnabhánach lena litir de 5 Meán Fómhair 1835 (i gcló ag Francis Bigger [q.v.] in Ulster Journal of Archaeology, Feabhra, Bealtaine, Lúnasa 1908), luann sé Tarlach agus Donncha díreach i ndiaidh Éamoinn Rua
Sa Leathbhaile Rua i bparóiste Chill Tulach, Baile Átha an Rí, Co ··· Thosaigh sé ag aistriú an Tiomna Nua go Gaeilge i Maigh Nuad ach níor chríochnaigh é de barr cúraimí eile a thit air (tagairt ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny history and society
Niall Rua a bhí ar a athair agus bhí a mhuintir ina lianna ag Mag Uidhir Fhear Manach leis na céadta blian; bhí cuid díobh freisin ina bhfir léinn ··· Tá fianaise ann go mba lia Éamonn féin: ‘Edmond cetna Ó Coisside .i
Tá eolas faoin sagart Froinsiasach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in ‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’ (Kilkenny: History and Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan, 1990) ··· Deimhníonn taifid pharóiste Chill Mhic Bhúith go raibh sagart darb ainm Francis Donovan ag obair i bparóistí an Ghleanna Mhóir agus Shliabh Rua idir 1768 agus 1786
Ar an gCarraig i nGaoth Dobhair a rugadh é (Owen McBride) 1 Eanáir 1898 agus ba é an dara mac é ag Conal Anna Mac Giolla Bhríde (cé gur ‘Colum McBride’ atá sa teastas breithe) agus Máire Nic Ghiolla Easbuic (Máire Eoghain Rua nó Mary Gillespie) ··· Bhí spéis mhór aige sa tseanchas agus théadh ag airneál go minic i dteach a uncail, Éamonn Mac Giolla Easbuic
Tá cuntas ar an sagart dícheallach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in Kilkenny: History and Society: interdisciplinary essays on the History of an Irish County, 1990 in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan (‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’) ··· Ba iad William Walsh agus Bridgitte Nox a thuismitheoirí agus baisteadh é i Ráth Nua i bparóiste Shliabh Rua, Co ··· Tá cuntas Éamonn Uí Ógáin ar a thréimhse i Londain an-inspéise
Thugadh an gnó sin ar fud Chontae Chorcaí é agus bhí aithne aige ar Phiaras Mac Gearailt[B6], Éamonn de Bhál[q.v.], Aindrias Mac Cruitín[q.v.] agus Liam Rua Mac Coitir[q.v.] ··· Deir Ó Foghludha go dtugtaí ‘Eoghan an Bhéil bhinn’ air freisin, agus gur leis an t-ainm sin ó cheart, agus nach le hEoghan Rua Ó Súilleabháin[B6] é
Chuir sé fearg ar Éamonn go molfaí duine díobh ··· Is iad na daoine ar chum sé tuirimh orthu: Micheál, athair Phiarais Mhic Gearailt[B6]: Conchubhar Ó Briain (‘Carn Tighearnaigh’) [q.v.]; Liam Rua Mac Coitir [q.v.]; Seán Clárach Mac Domhnaill [q.v.] ··· Tá tuairisc ag an mbeirt sin ar a gcuairt ar reilig Dhún Guairne: ‘The most interesting find here was the monument to the memory of Edmund Wall (Éamonn de Bhál), a notable eighteenth century Gaelic scholar who lived at Couragh... ··· MAY HE REST IN PEACE AMEN.” That this is the resting place of Éamonn de Bhál can hardly be doubted: the surname is rare in this part of east Cork (we cannot trace any other family of the name belonging to this area except that of the poet) and it is obvious from the dates of his compositions that he died in the sixties of the 18th century.’ Tá seo le rá ina thaobh ag Breandán Ó Buachalla (Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn 1603-1788 1996): ‘Bíodh gur scríobh Éamonn de Bhál breis agus daichead amhrán, is deacair teacht ar amhrán ina measc a bhféadfaí a rá gur saothar follasach polaitiúil é
Chaith Éamonn an tréimhse 1925–9 i gColáiste Phádraig, Ard Mhacha, agus ó 1929 go 1936 bhí sé i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad ··· Scríobh sé dráma dar teideal ‘Eoghan Rua’ a léiríodh i nDún Geanainn ar dtús i 1946 ··· Chuir Cumann na Sagart ‘Ómós do Éamonn Ó Doibhlin’ ar siúl in Óstán Mhic Scanláin ar 27 Nollaig 1972 ··· Dúirt Ó Fiaich: ‘Sagart gnaíúil cráifeach dúthrachtach a bhí san Athair Éamonn, Gaeilgeoir líofa dícheallach, scríbhneoir cumasach, óráidí spreagúil, tírghráthóir láidir, compánach aoibhinn gealgháireach’ ··· Tá stair iomlán na hÉireann sa leabhar sin don té a thuigeann cad a bhí an tAthair Éamonn a dhéanamh, mar ní raibh i nDomhnach Mór ach microcosm d’Éirinn go hiomlán, nó go háirithe den Tuaisceart go hiomlán’
Bhí meas dílseora air ag an rialtas; fuair sé post mar choimisinéir contae, mar a fuair Brian Rua (1589–1632) [q.v.], agus faoi Phlandáil Uladh bhí 2,000 acra aige i dTulach Mhaol agus san Iompú Deisceal, móide 500 acra nuair a fuair a dheartháir Toirdhealbhach bás ··· 'The King’s Maguire’ a thugann Ó Gallachair air agus é ag cuimhneamh, ní foláir, gur 'The Queen’s Maguire’ a thugtaí ar athair Bhriain Rua: tugann sé 'Tadhg an Dá Thaobh’ air freisin agus tá fianaise gur thug sé eolas don rialtas i dtaobh éirí amach a bheith á bheartú i 1641 ··· Deirtear gur dá mhacsan Brian (d’éag Deireadh Fómhair 1712 i gcaisleán Thulach Mhaol) a chum Toirdhealbhach Ó Cearbhallán[q.v.] an fonn a bhfuil a ainm mar theideal air; tá dán ('Faoilidh Fir-mhanach a nocht’) a chum Éamonn Ó Caiside[q.v.] dó in eagar ag L.C
Chum Mac Cairteáin, Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], Liam Rua Mac Coitir[q.v.] agus Éamonn de Bhál[q.v.] marbhnaí
Deir Éamonn Ó Ciosáin in An t-Éireannach (lch 66) go ndearna sé ‘tuilleadh purgadóra i gCampa an Churraigh i rith an Dara Cogadh Mór’ ··· I 1950 phós sé Máire Ní Mhuirí, múinteoir ón gCeathrú Rua, Co
Scéal saoil fir eile a raibh ardmheas aige air ab ea an dara leabhar a scríobh sé, Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887–1986 (2003), beathaisnéis an ghinealeolaí, an scoláire agus an phoblachtaigh a rugadh i Sasana ach a chuir faoi in oirthear an Chláir, áit ar bhunaigh sé Nua-Ghaeltacht ··· D’fhreastail Seán ar Scoil Náisiúnta Fhíoch Rua, áit a raibh múinteoir de shloinne Mhic Mhathúna ag teagasc ··· Ag an am sin bhíodh timirí de chuid Chonradh na Gaeilge ag taisteal na tíre agus iad i mbun ranganna, agus fiú agus an bhunscoil fágtha ina dhiaidh aige agus é ag obair ar fheirm a uncail, d’fhreastail Seán ar na ranganna sin i dteach na scoile i bhFíoch Rua ··· Thuig sé tábhacht an oideachais, chaith tréimhsí ar bhoird bhainistíochta scoileanna éagsúla, ina measc an scoil náisiúnta ina cheantar féin, Fíoch Rua, agus Gaelcholáiste an Chláir in Inis
Tá cuntas ag Éamonn an Chnoic (Éamonn Ó Donnchadha [B1]) ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902 ··· Luadh go raibh dráma scríofa aige, Seán Rua an Ghaorthaidh, agus bhí an cheathrú seo sa tuairisc: ‘Tá Tadhg Saor ag imeacht,/ ’S is ainnis a bheam ina dhiaidh;/ Ach go n-éirí an rath air/ ’S go leana sé air go síor’ (An Claidheamh Soluis 15 Samhain 1902)
Ghlacadh sé páirt i rásaí capall agus i bhfiach an mhadra rua ··· I rith an Éirí Amach chuir sé Éamonn Ó Duibhir[q.v.] go Luimneach agus Seán Ó Treasaigh go Corcaigh leis an teachtaireacht go dtosódh Briogáid Thiobraid Árann ag troid dá mbeadh Corcaigh agus Luimneach sásta an rud céanna a dhéanamh
Tar éis a bháis, scríobh Éamonn Ceannt ina thaobh in An Claidheamh Soluis: ‘Thaistil sé Cúige Laighean tráth in éineacht le Liam Ó Maolruanaidh [q.v.] ag tóraíocht píobairí agus amhránaithe ··· I gcuntas ar an bpíobaire dall Máirtín Ó Raghallaigh in An Claidheamh Soluis 7 Márta 1903, deir ‘Craobh Rua’: ‘Ní raibh aon trácht ar Mháirtín leis na ciantaibh go dtí go ndeachaigh Pádraig Mac an Fhailghe ar lorg na bpíobairí timpeall is a hocht nó naoi de bhlianta ó shin
Scríobh Éamonn Ó hÓgáin[B1] cuntas fada air sa tsraith ’Irish Historical Studies in the Seventeenth Century’ (Irish Ecclesiastical Record, Samhain 1870) ··· Meastar gurbh é an Eoghan seo an file aitheanta Eoghan Rua Mac an Bhaird[q.v.] a d’fhág Éire i 1608 agus a bhí ina chónaí sa Róimh anuas go 1625
Thugadh sé ‘Ard-Sirriam Leithe Mógha’ air féin agus glactar leis gur mhinic i gcomhluadar filí eile é: luaitear Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin[q.v.], Donnchadh Rua Mac Conmara [q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill, Éamonn de Bhál agus Éamonn Ó Flaithbheartaigh, an file ar ghéill sé ‘Bata na Bachaille’, comhartha Ard-Sirriam Chúirt na mBúrdún, dó i 1791
Ba é an seachtú duine é agus an tríú mac den naonúr clainne a rugadh d’Éamonn Óg Ó Donnabháin agus a bhean Eileanóir Hoberlin ··· In 1852 chuir sé eagar ar an aoir a scríobh Aonghus Rua Ó Dálaigh agus d’aistrigh é faoin teideal The tribes of Ireland
Bhí sé ar dhuine de Sheacaibítigh mhóra na hÉireann agus scríobh filí tuairim scór dán air féin agus ar a mhac, Séamus Óg (1689–1720) [q.v.], ina measc Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Mac Cairteáin[q.v.], Seán Clárach Mac Domhnaill[q.v.], agus Éamonn de Bhál[q.v.] ··· Éamonn a bhí ar athair Shéamuis agus bhí tailte aigesean i mBarraigh Mhóra
Mac Piarais ina chathaoirleach) in Óstán Mhuigh Ráth, BÁC, 2 Aibreán 1912, a raibh d’aidhm aige cumann de Ghaeilgeoirí a bhunú d’fhonn cúnamh a thabhairt chun saoirse na hÉireann a bhaint amach, ba é Éamonn Ceannt a mhol an rún ‘go gcuirtear cumann ar bun darbh rún a chúnamh a thabhairt chun saoirse Gael a bhaint amach.’ Éamonn Cuirtéis[q.v.] amháin a bhí ina aghaidh (i gcló in Barr Bua 12 Aibreán 1912 – athchló ar an tuairisc sin in Feasta, Feabhra 1978) ··· I 1916 chabhraigh sé chun an iris An Crann a thabhairt ar an saol agus foilsíodh ann an dán “Tadhg Dall agus Niall Mac a’ Bhaird” a scríobh sé síos ó Sheán Rua Mac a’ Bhaird in aice na Dúchoradh
I mBaile Sheoin Rua, Baile an Phoill, Co
Bhí caidreamh aige le filí a linne: an tAthair Seán Ó Briain, Éamonn de Bhál[q.v.] a thugadh cuairt air go minic, Liam Rua Mac Coitir[q.v.], le Liam an Dúna Mac Cairteáin agus a mhac Liam, agus leis na filí a d'fhreastalaíodh ar an gcúirt éigse sa Bhlarna, sa Teampall Geal agus i gCarraig na bhFear
Bhí eolas ag Conchúr ar na baill ba mhó sa teaghlach a thuill clú na filíochta i ndeireadh ré órga na Gaeilge Clasaicí: Fearghal Óg, Eoghan Rua, Aodh Buí agus go háirithe Diarmuid (Mac Laoisigh) a raibh nasc aige le dúiche Fhearnaí féin ··· Píosa lom gonta, de réir a thola féin, atá greanta ar a thuama: ‘I ndíl-chuimhne an Monsignor Éamonn Conchúr Mac an Bháird, Sagart Paróiste Chluain Eois a rugadh 2adh Lúghnasa 1889 a d’éag 6adh Deireadh Fóghmhair 1973
Ag cur eagair ar fhilí na Mumhan an gnó is mó ar chaith sé a shaol leis: Piaras Mac Gearailt (1905), Donncha Rua Mac Conmara (1908, 1933), Brian Merriman (1912, 1949), Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin (1929), Pádraig Phiarais Cúndún (1932), Seán Clárach Mac Domhnaill (1932), Liam Dall Ó hIfearnáin (1939), Eoghan Rua Ó Súilleabháin (1937), Liam Inglis (1937), Pádraig Denn (1942), Liam Rua Mac Coitir (1937), Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh (1938), An tAthair Conchubhar Ó Briain (1938), Éamonn de bhFál (1946), filí na Máighe (1952) ··· Bhí iasacht ag Piaras Béaslaí de chóip Risteaird d’eagrán an Duinnínigh d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin
Níorbh aon ionadh rómhór mar sin go raibh a mhac Éamonn ina thaca don Ghaeilge’ ··· Bhí Hugh (10) agus Catherine (6) sa teach oíche an Daonáirimh ach ní raibh an chuid eile den chlann, Pilib agus Éamonn ··· Bhí Éamonn ar scoil ag Bráithre na Toirbhirte i gCionn tSáile agus ag na Bráithre Críostaí in Eochaill sula ndeachaigh sé go Coláiste Mhungairit ··· Dar le Peadar Ó hAnnracháin gur scríobh Éamonn chuig an gCoiste Gnó i 1901 ag iarraidh orthu timire a sheoladh síos go Cionn tSáile agus gurbh é a bhunaigh craobh ann i 1902 agus a bhí ina chomhrúnaí acu ··· Nuair a d’imir Corcaigh agus Tiobraid Árann ar pháirc chatha Fontenoi sa Bheilg i 1910 bhí imreoir in easnamh ar Thiobraid Árann—bhí cuid dá bhfir imithe ar strae sa Bhruiséal agus tugadh Éamonn dóibh mar fhear ionaid, an fáth, b’fhéidir ar bhuaigh Corcaigh an cluiche
Bhí caidreamh aige ar fhilí a linne sa Mhumhain: Éamonn de Bhál [q.v.], Seán Ó Tuama [q.v.], an tAthair Nioclás Ó Domhnaill [q.v.], Liam Rua Mac Coitir[q.v.], Liam Inglis [q.v.], Conchubhar Mac Cairteáin [q.v.], Seán Ó Murchadha na Ráithíneach [q.v.], Liam Dall Ó hIfearnáin [B6] ··· Chun iad a chur amú scríobh filí mar Sheán Ó Tuama agus Éamonn de Bhál beochaointe air, mar dh’ea go raibh sé marbh nó thar sáile ··· He was an acknowledged master of lyric poetry.’ Chum Éamonn de Bhál, Seán Ó Tuama agus Seán na Ráithíneach marbhnaí air ··· I 2011 mar Filí 3 sa tsraith ar fhilí na tréimhse c.1700-1900 d'fhoilsigh Field Day Publications Seán Clárach Mac Dónaill, é curtha in eagar ag Éamonn Ó hÓgáin agus is é a deir seisean sa réamhrá: 'Tá ar a laghad sé dhán is caoga leagtha ar Sheán Clárach Mac Dónaill sna lámhscríbhinní ach níl cóip d'aon cheann acu tagtha slán óna lámh féin
I lár Mheitheamh 2003 foilsíodh Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887-1986: beathaisnéis le Seán Ó Ceallaigh ··· Léacht a thug Charles Lysaght is ea Edward MacLysaght 1887-1986, 1988; i gcló ann mar aguisín tá leabharliosta le Etienne Rynne (i gcló freisin in North Munster Antiquarian Journal XVII, 1975 (‘Féilsgríbheann Éamonn Mhic Giolla Iasachta’) ··· Scríobh Éamonn a bheathaisnéis, S.R ··· B’as Lincolnshire do Katherine Clarke ach mhaíodh Éamonn gurbh as Laois dá sinsir i bhfad siar ··· Luann Éamonn deartháir amháin, Pat