I Learpholl a rugadh é. Tá cuntas air ag Donncha Ó Súilleabháin in Na Timirí . . .1893-1927, 1990. Bhí páirteach san Éirí Amach. Le timireacht i Muineachán agus i gCabhán is mó a chaith sé a dhúthracht. Tharraing sé trioblóid air féin nuair a bheartaigh sé leath-Fháinní a bhronnadh ar fhoghlaimeoirí (Misneach 22 Bealtaine 1920). Faoi 1920 bhí sé ina rúnaí ar Fheis Ráth Droma agus ag múineadh Gaeilge sa bhaile sin. Bhí ranganna aige i mBealach Conglais, Ráth Daingin, Dún Luáin. . . . Cháiligh sé mar mhúinteoir tráchtála. Pósadh é le Veronica Ní Riain 27 Deireadh Fómhair 1926. Fuair sé bás 10 Bealtaine 1936. Cuireadh é i reilig Chnoc Ieróm.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú