Bhí páirt mhór aige i gCogadh na Saoirse sa cheantar timpeall ar Theampall Uachtarach, Co. Thiobraid Árann. Bhí siopa agus teach tábhairne ag an nGaeilgeoir seo sa tsráid­bhaile sin nuair a toghadh ina Theachta Dála é thar ceann Chlann na Poblachta i bhfothoghchán 29 Deireadh Fómhair 1947. Chaill sé an suíochán i 1951. A eachtraí i gcló in Tipperary Historical Journal 1995-96. D’éag 15 Iúil 1957.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú