An mac seo le hIarla an Dísirt agus an Bantiarna Elizabeth Lucy Campbell, rugadh é ar 11 Eanáir 1853. I ndiaidh scolaíochta i Radley, ceann d’institiúidí móra ardaicmeacha Shasana, chaith sé a sheal san arm agus ghlac páirt san fheachtas in Ashanti in 1874. Bhí sé ina aide-de-camp ag Diúc Chonnacht, mac leis an mBanríon Victoria. I ndiaidh dó éirí as an saighdiúireacht chaith sé tamall ina fhear gnó agus tamall eile sna Stáit Aontaithe mar a raibh post aige sna hiarnróid. San Iodáil músclaíodh a shuim sa leabharcheangal agus sa snoíodóireacht adhmaid. Sa Spáinn dó d’fhoghlaim sé ceird an tarbhchomhraiceora. De bharr tréimhse san India chuaigh an diasúnacht i bhfeidhm air agus bhí sé ina rúnaí ar chraobh den ghluaiseacht i Londain tráth. Casadh William Morris air in Éirinn agus bhí tionchar ag a fhealsúnachtsan air freisin.

In 1891 phós sé Elizabeth Blanch Emma St Aubyn, iníon an Bharúin St Levan. Ní raibh clann acu. Ní raibh ag a dheartháir an tIarla (Ulick O’Connor Cuffe) ach an oiread ná ag an deartháir eile (Hamilton John Agmondeshain) ab oidhre dó. D’fhág sin gurbh é Otway an t-oidhre dóchúil.

In 1899 d’fhill sé ar Éirinn agus chuir faoi i dTeach Bhaile an Fhasaigh cúpla míle slí ó Chill Chainnigh. Bhraith sé dualgas a bheith air i leith na hÉireann agus a chontae dúchais agus gur thrí chúrsaí oideachais, cultúir agus eacnamaíochta ab fhearr a chomhlíonfadh sé a dhualgas. Bhí comhghleacaí a dhiongbhála aige san obair seo, baintreach Iarla an Dísirt (Ulick, d’éag 1898), Ellen Bischoffheim, iníon le baincéir Giúdach i Londain. Rugadh í ar 1 Meán Fómhair 1857. Bhí deirfiúr léi pósta ar Mhuiris Mac Gearailt, Ridire Chiarraí. I 1910 bhronn Bardas Chill Chainnigh saoirse na cathrach uirthi. Mhaíodh sí gurbh í an t-aon bhean amháin sna hoileáin seo i ar tugadh a leithéid d’onóir di agus an t-aon bhan-Ghiúdach amháin ar domhan. Bhí sí an-saibhir ina ceart féin agus chuir sí an t-airgead ar fáil do scéimeanna tionsclaíochta agus cultúir Otway.

Chuaigh seisean isteach i gConradh na Gaeilge i dtosach báire. Bhí sé ina uachtarán ar Chraobh Chill Chainnigh as sin go lá a bháis. Riamh níor éirigh leis a bheith líofa sa teanga agus is leis an taobh tionsclaíoch is mó a chaith sé a dhúthracht. Chuireadh sé uime baill éadaigh den seanfhaisean Gaelach, bríste glún agus cóta gorm, mar dhea-shampla. Le cabhair airgid ón gCuntaois chuir sé ar bun Kilkenny Woodworkers, comhlacht ina raibh céad ag obair, tionscal tobac agus muileann olla. Thóg siad leabharlann sa chathair agus chuir tús le hamharclann agus ospidéal sráidbhaile in Inse an Talbóidigh (Aut Even—Áit Aoibhinn!). Measadh ag an am gur chaith siad timpeall £70,000, nó breis agus trí mhilliún punt in airgead an lae inniu.

Chreid Otway nach raibh a Ghaelachas féin ag teacht salach ar a dhílseacht do choróin Shasana. Ba náisiúnaí ar nós Grattan é. Chuaigh sé chomh fada le cathlán d’óglaigh a bhunú i gCill Chainnigh. Bhí tuairim ag a chara Staindis Séamus Ó Gráda (a bhí seal ina eagarthóir ar an Kilkenny Moderator) go dtarraingeofaí trúpaí Shasana amach as Éirinn ach a thaispeáint gurbh acmhainn d’Éireannaigh féin an tír a chosaint. Cloch chúinne eile i gcreideamh náisiúnta na beirte go mbeadh toradh céadach sibhialtachta ar an aontacht chroí agus aigne a shnaidhmfí idir Phrotastúnaigh Uladh agus an chuid eile den tír. B’fhéidir go raibh baint aige sin leis an gcuireadh a thug Otway do na Cave Hill Players i mBéal Feirste teacht go Baile an Fhasaigh agus dráma leis an nGrádach i dtaobh Aoidh Rua Uí Dhomhnaill a léiriú faoi sholas ghealach na gcoinleach sa bhall álainn sin cois Feora. Tháinig 2,000 chun é a fheiceáil agus ba chuid mharthanach de bhéaloideas an cheantair feasta é.

Tríd agus tríd bhí ag éirí go maith le hiarrachtaí Otway. Toghadh in a Mhéara é d’aonghuth. Ach ansin thosaigh rudaí ag dul sa mhuileann air. Tharla aighneas a raibh leid den fhrith Ghiúdachas ann. Bhí caibinéadóir ag teastáil ón monarcha troscán le fada. I ndeireadh báire d’fhostaigh Otway fear as Glaschú. Níor bhall é den cheard-chumann (National Amalgamated Furnishing Trades Association i Sasana). Ar an drochuair tharla gur Ghiúdach an caibinéadóir nua. Comhthitimeach ar an aighneas nochtadh go raibh cúigleáil airgid ar siúl ag cuid d’fheidhmeannaigh na monarchan. Dúnadh é. Bhí an mhonarcha olla ar tí a briste murach £10,000 breise a thug an Chuntaois. Bhí an díomá ag brú ar intinn Otway agus theip ar a shláinte. Moladh dó dul ar turas farraige. Bhuail niúmóine é ar bord loinge agus cuireadh i dtír é ag Fremantle na hAstráile. Ann a cailleadh é ar 2 Eanáir 1912. Bhí club iomána i bPerth agus iománaithe arbh as Cill Chainnigh dóibh a d’iompair corp Otway Cuffe chun na huaighe. Dúirt An Claidheamh Soluis faoi: ‘Is mór an chreach bás an uasail sin, go háirithe do Chonradh na Gaeilge agus é ag síorchabhrú le Craobh Chill Chainnigh ar gach aon tslí i leith na teanga agus i leith na ndéantús Gaelacha. Tháinig sé os comhair an phobail tá tuairim le deich mbliana ó shin nuair a ghabh sé le Conradh na Gaeilge agus d’fhan sé mar sin go ceann a ré agus a théarma. Bhí spéis aige i ndéantúis na hÉireann agus sa ghnó seo fuair sé cúnamh ó Eibhlín Cuntaois an Dísirt nár stad riamh ach ag caitheamh a maoine chun cabhraithe leis’.

1 Nollaig 1922 cheap Liam T. Mac Coscair an Chuntaois ina Seanadóir. Cé nach raibh cónaí uirthi ann le fada an lá, mar fhreagra ar an gceapachán sin loisceadh teach ársa Chúirt an Dísirt in aice le Callainn. D’éag an Chuntaois ar 29 Meitheamh 1933 agus cuireadh í le hais a fir chéile i bhFalmouth de réir deasghnátha an chreidimh Ghiúdaigh.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú