An iníon ba shine le Cornelius Pelly, cónaí uirthi ag 64 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. ‘She was an enthusiatic patriot and the leading spirit and the originator of all such movements in College as the Irish class. Ireland and all things Irish lay very near her heart’ (Alexandra College Magazine, Meitheamh 1903). Foilsíodh a halt ar Dhún Emer in An Claidheamh Soluis 4 Iúil 1903. D’éag sí ar 17 Lúnasa 1903. Tuairisc a báis sa pháipéar sin 29 Lúnasa 1903.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú