MEANY, Patrick Patrick MEANY 1889 M sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An sagart seo, Seán Pléimeann[B1] agus Liam Mac Liam a chuir ‘Fuirionn Dhochtúir Céitin’ ar bun, ar foilsíodh faisnéis faoi in The Nation 4 Bealtaine 1861. Bhí de chuspóir acu scríbhinní Gaeilge a bhain leis an gcreideamh a fhoilsiú agus imleabhar a chur ar fáil gach bliain. Dúradh go raibh scoláire ag obair cheana féin ar Eochar-Sciath an Aifrinn. I Mí an Mhárta 1863 foilsíodh An Teagasc Chriostuidhe agus na Gnáth-Urnaighte: Nuadh-Scríobhtha agus Léir-Cheartuighthe. Bhí sé ina shagart cúnta i Maothail tuairim 1860 agus ina shagart paróiste sa Chloichín 1885-6. D’éag sé ar 12 Lúnasa 1889. Tá eolas breise ar fáil air i gcuntas beatha an Phléimeannaigh. Tá cuntas níos iomláine air ag Pádraig Ó Macháin in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 3, 1999 (‘Sagairt an Leasa’).