An sagart seo, Seán Pléimeann agus Liam Mac Liam a chuir ‘Fuirionn Dhochtúir Céitin’ ar bun, ar foilsíodh faisnéis faoi in The Nation 4 Bealtaine 1861. Bhí de chuspóir acu scríbhinní Gaeilge a bhain leis an gcreideamh a fhoilsiú agus imleabhar a chur ar fáil gach bliain. Dúradh go raibh scoláire ag obair cheana féin ar Eochar-Sciath an Aifrinn. I Mí an Mhárta 1863 foilsíodh An Teagasc Chriostuidhe agus na Gnáth-Urnaighte: Nuadh-Scríobhtha agus Léir-Cheartuighthe. Bhí sé ina shagart cúnta i Maothail tuairim 1860 agus ina shagart paróiste sa Chloichín 1885-6. D’éag sé ar 12 Lúnasa 1889. Tá eolas breise ar fáil air i gcuntas beatha an Phléimeannaigh. Tá cuntas níos iomláine air ag Pádraig Ó Macháin in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 3, 1999 (‘Sagairt an Leasa’).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú