Sagart paróiste Chluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma. Ina bhall de Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge. Thairg sé duais £100 don dá aiste ab fhearr ar Phrós agus ar Fhilíocht na Gaeilge faoi seach. Ó Duinnín a bhuaigh duais an Phróis, an Craoibhín a bhuaigh san fhilíocht. D’éag ar 4 Aibreán 1906.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú