Dar le Ciarán Ó Duibhín gur i Seanród, cúig mhíle soir ó Dhroichead na Banna, Co. an Dúin a rugadh é ar 25 Eanáir 1902. Múinteoir scoile a athair Alexander McCavitt ón Droim Mór, Co. an Dúin, agus b’as Meiriceá dá mháthair. . Mar Óglach ar a choimeád a shroich sé Tír Chonaill an chéad lá. D’fhoghlaim sé Gaeilge i nGort an Choirce agus cháiligh mar mhúinteoir Gaeilge. Chuaigh sé ar iasacht go Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar stiúrthóir ó 1945 go 1956. Nuair a d’éirigh sé as a phost i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge chuaigh sé ar ais mar mhúinteoir Gaeilge faoi Choiste Gairmoidis Dhún na nGall. I mBun Dobhráin a bhí cónaí air. Faoin teideal "Aoi na bpáisdí", 1954 d’aistrigh sé The children’s guest le Dorothy Macardle. D’éag sé 11 Feabhra 1973 i mBun Dobhráin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú