Ó hÓGÁIN, Éamonn (1831–1917) Éamonn Ó hÓGÁIN 1831 1917 Béal an Bhealaigh, Co. Chorcaí M sagart Caitliceach Rómhánach [B9] Íosánach scoláire staraí scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é meas scoláirí óga a linne air gur nasc soiléir é idir Ó Donnabháin agus Ó Comhraí agus iad féin, gur lúb ar leith é i dtraidisiún scoláireacht na Gaeilge. Tá cuntas údarásach air ag William Hogan in Journal of Cork Historical and Archaeological Society, Vol LXX, no 211, Jan.–Jun. 1965. Deir sé gur rugadh é ‘in the shadow of the ancient Norman keep of the little hamlet of Belvelly near Cobh ...’. Ba í Mary Morris ó Chill Ia a mháthair. In Agus, Márta 1982, deir Pilib Ó Mathúna gur ‘mhaor-siúinéir’ ar eastát Smith Barry ag Fota a athair. Is i mBéal an Bhealaigh, in aice le Cóbh, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 23 Eanáir 1831. Agus ba é Corcaigh a chontae dúchais dar le Daonáireamh 1911. Gaeilge a labhraíodh na daoine ba shine sa teaghlach ach ní raibh sí ó dhúchas ag Éamonn. Chuaigh sé isteach sna hÍosánaigh nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois agus oirníodh ina shagart é in 1856. Chaith sé sé bliana i gColáiste an Chroí Naofa i Luimneach agus in 1865 chuaigh sé chun na Róimhe. Dhein sé neart taighde i dtaobh na hÉireann sna cartlanna ansin. Bhí oiliúint sa naomhsheanchas faighte aige i gCumann na mBollandach agus bhí beatha Naoimh Pádraig á scríobh aige. Le linn dó bheith ag obair ar na foinsí Laidine is ea a mhúscail a spéis sna foinsí Gaeilge. Deirtear freisin gur tarcaisne éigin a chaith sagart iasachtach leis a thiomáin i dtreo na Gaeilge é. In Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1933 deir Séamus Ó Casaide gur inis an tAthair Ó Hógáin féin dó: ‘that he had begun to study Irish in 1847 from—Haly [ S.J.?] and I think he mentioned that his teacher was a son of Haly the well-known ballad printer in Cork.’

Ní raibh céim ollscoile aige go dtí 1885 cé gur ceapadh ar fhoireann Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath é an bhliain roimhe sin. Ó 1890 go 1894 bhí sé ag obair i bPáirc Bhaile an Mhuilinn agus nuair a d’fhill sé ar an gColáiste Ollscoile in 1894 toghadh ina Chomhalta den Ollscoil Ríoga é. Bhí gradam ollaimh aige san Acadamh Ríoga freisin.

Eagarthóir, tochaltóir agus saothraí an-mhaith a bhí ann ach ní mheastar gurbh aon mhórscoláire é. Ba mhó an luí a bhí aige le stair ná le scoláireacht na Gaeilge. Agus níorbh aon ghnáth-mhúinteoir é. Dúirt mac léinn amháin: ‘His teaching activity was at its best with a single student in an untidy bedroom’. Nuair a bhíodh scata beag, beirt nó triúr ar a mhéid, sa rang ina sheomra aige ba mhinic é féin caite sa leaba, hata ard air agus píopa á chaitheamh aige. Ach ní mór a rá gurbh eisean a mhisnigh Eoin Mac Néill, a chuir ag foilsiú ábhair é, a chuir printíseacht scoláire ar fáil dó agus a dhírigh i dtreo na staire é. Mic léinn cháiliúla eile a bhí aige Pádraig Mac Suibhne, Seoirse Mac Fhlannchaidh, Seán Mac Fhir Léinn, Séamus de Chlanndiolúin, Seán Ó hÓgáin, Dr. Séamus Ó Ceallaigh.

Idir 1866 agus 1910 d’fhoilsigh sé ábhar ilchineálach: staidéar ar Chumann Íosa in Éirinn; beathaisnéis Naoimh Pádraig; leabhar gramadaí; liostaí de théarmaí agus de chora cainte; téacsanna; leabhair ar nós History of the Irish Wolf Dog (1897) agus The Irish People: their height, form and strength (1899). Is beag má d’fhoilsigh sé rud ar bith i dtaobh na Gaeilge roimh 1889. In 1892 tháinig a eagrán de Cath Ruis na Rig for Boinn amach agus in 1895 The Irish Nennius. Tá a chlú ag seasamh ar Onomasticon Goedelicum ... an Index with Identifications, to the Gaelic Names of Places and Tribes, 1910. Bhí sé 70 bliain d’aois nuair a chuir sé tús leis agus deich mbliana a bhí sé ag gabháil dó. Bhí sé ina mholtóir sna comórtais liteartha ag an gcéad Oireachtas in 1897. D’éag sé ar 26 Samhain 1917. In Studies na míosa dár gcionn tá leabharliosta agus cuntas ómósach ó lámh an Chraoibhín Aoibhinn.