Ó TUAMA, Micheál [‘George Curtin’] (1877-1927) Micheál Ó TUAMA George Curtin 1877 1927 Na Leaca, Co. Bhaile Átha Cliath Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí M scríbhneoir saothraí feirme Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Gur léigh Seán Ua Súilleabháin agus Donncha Ó Conaill páipéar ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar 2 Nollaig 1995 níorbh fhéidir a rá go soiléir cérbh é féin. I mBaile Mhic Íre in Eanáir 1996, sheol an Dr Seán Ua Súilleabháin fístéip ar a shaothar agus a shaol. I lámhscríbhinní Roinn Bhéaloideas Éireann, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, d’aimsigh Seán tagairt ag Seán Ó Cróinín[q.v.] do mhuintir a mháthar: gur bhean de mhuintir Iarlaithe na Tuinne í. Bhí a fhios go raibh gaol ag Micheál le Conchubhar Ó Deasumhna[B4] agus rinne Seán amach go mba dheirfiúracha iad máithreacha na beirte. Bhí a fhios ón eolas atá tugtha i nDaonáireamh 1901 go raibh Micheál 24 bliana d’aois agus a mháthair Ellen 72. Leis an eolas sin ar ainm agus ar shloinne na máthar agus ar bhliain bhreithe Mhichíl bhíothas in ann an teastas breithe a aimsiú. Sna Leaca a rugadh é ar 22 Meitheamh 1877. Ba é Denis Twomey, na Leaca, a athair agus ba í Ellen Herlihy an mháthair. Rud a chuireann le hinspéiseacht an eolais sin, ráfla a bheith á chur timpeall nach raibh na tuismitheoirí pósta. Fuair Donncha bás sular saolaíodh Micheál agus cá bhfios nárbh é sin a chuir tús leis an ráfla? Níl sé cinnte cá bhfuil na Leaca ach tuairimíonn Ua Súilleabháin agus Ó Conaill gurb é Leaca na Stuaice é, dhá mhíle ó Chnoc na Graí agus cúig mhíle ó Chuileann Uí Chaoimh. Is dóigh go raibh teaghlach mór díobh ann. Ní hamháin go raibh Ellen 48 bliana d’aois nuair a rugadh Micheál ach bhí ochtó bliain d’aois ag a dheartháir Mathúin Ó Tuama, dar le Seán Ó Cróinín, in Eanáir 1941. D’fhágfadh sin gur phós Eibhlín tuairim 1860 nó roimhe.

I mbothán aon seomra ar an teorainn idir an Doire Liath agus an Chorra Liath a bhí Michéal agus a mháthair ag cur fúthu i 1901. Faoi Dhaonáireamh 1911, bhí siad imithe as. Deir Ó Súilleabháin agus Ó Conaill gur chaith Micheál cuid mhaith ama ina oibrí feirme ag Micheál Ó hIarlaithe sa Doire Liath, gur aistrigh sé ag pointe éigin go dtí Baile Uí Ghibealláin in aice Cheann Toirc agus ansin gur chaith sé an chuid eile dá shaol i dteannta Thomáis Uí Chorcora i mBarr an tSeana-Chnoic.

Nuair a d’oscail an tAthair Peadar Ó Laoghaire [B2]Feis na Mumhan i 1901, thagair sé do Mhicheál agus do cheann dá amhráin, ‘Íde an Ghandail’: ‘Táid na filí ag tosnú ar labhairt arís, áfach. Níl ach cúpla lá ó airíos cuid dá gcaint. . . . Tá file óg san áit. De mhuintir Thuama é. Bhí aithne mhaith agam ar a athair agus ar a sheanathair. Ní raibh daoine sa Mhumhain ba líofa ar an nGaeluinn ná iad. Do labhair an file seo:- “Um thráthnóna inné / ’Seadh chualas-sa scéal / Ar scafaire gléigeal gandail / D’imigh thar caol / In imeall móinéir / Is do thug roinnt féir ina chabhail leis”. Sin ar airíos de, ach má tá an chuid eile dhe chomh maith leis an méid sin tá buaite ag an bhfile óg san ar Bhurns. Má tá puinn dá shórt ar fud na Mumhan anois tá an Ghaeluinn ó bhaol’ (An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1901). Dúradh sa pháipéar sin ar 28 Meán Fómhair 1901 gurbh in é an chéad uair a tógadh óráid Ghaeilge síos i luathscríbhinn agus gurbh é Fiachra Éilgeach (Risteard Ó Foghludha) [B1] a rinne é. Lean comhfhreagras san iris St Patrick’s, ó 9 Samhain ar aghaidh, an óráid sin. Chuir an tAthair Peadar aistriúchán de ‘Íde an Ghandail’ ar fáil (agus d’aistrigh ‘Chuirfeadh sé bláth ar ghéannaí’ mar ‘He was an ornament to geese’!) agus chaith tuairim nach raibh Thomas Moore féin inchomórtais leis an Tuamach. Chuir sé freisin chuig ‘Fear na Móna’ [Norma Borthwick] [B2], colúnaí in St Patrick’s, amhrán eile leis an bhfile, ‘Na Cleaganna’, agus thug d’eolas gurbh é a fhear gaoil agus cara an Tuamaigh, Diarmuid Ó Laoghaire [q.v.], a scríobh síos é.

Ba é Diarmuid a mhol dó an t-amhrán seo a chumadh i dtaobh eachtra ghrinn sa cheantar. Chuir ‘Fear na Móna’ beagán eile amhrán leis i gcló san iris ina dhiaidh sin, ina measc ‘Bhí slua ’gainn lá geimhre ar fhíora chnoc na nUllán’ agus ‘Ar airiúir an gháróid a bhí ar an gCáitig ?’, a bhfuil an nóta seo ag an Athair Peadar ina thaobh: ‘It pictures the commotion caused among certain classes by the advent and success of the Gaelic League.’ Deirtear sa chomhfhreagras nach ndeachaigh Micheál thar an dara leabhar ar scoil.

In Leader 2 Márta 1903 san ‘Agallamh idir Tadhg agus Donncha’, molann an tAthair Peadar Gaeilge Mhichíl go hard na spéire arís. ‘Tá Gaoluinn ag Micheal Ó Tuama níos fearr agus níos dílse agus níos líonmhaire ná mar a chonacsa ó aon scoláire riamh é. Is ó dhaoine dá shaghas a chaithfear í fhoghluim’. Roghnaíodh ‘Íde an Ghandail’ in Staraidheacht: pieces for recitation in Irish, 1905 a d’fhoilsigh an Irish Book Company.

Tá alt ag Pat Kelleher dar teideal ‘The life and times of George Curtin’ in Time that was in Clondrohid, Macroom, Millstreet, Kilnamartyra, Ballyvourney, [1993] le Denis A. O’Connell. Deir sé nár chaith sé ach lá i scoil Charraig an Ime. Liostaíonn sé cuid dá dhéantús: ‘Na Cleaganna’, ‘An Gandal’, ‘The Pup came home from Claodach’ (amhrán dátheangach), ‘Mick Sullivan’s Clock’, ‘The Man that came home from Pretoria’, ‘The Threshing machine’, ‘Creedon the runner’. Deir sé freisin gur chol ceathar leis an Jack Walsh a chaith 16 bliana i bpríosún i bPort Laoise toisc comharsa a dhúnmharú.

Thug Seán Ua Súilleabháin eolas ar a dhéantús i léacht a thug sé don Chumann Ceol Tíre 22 Aibreán 1995 agus luaigh ‘A Dhiarmaid, a stóraig’, ‘Mo chreach is mo chás’, ‘Ger Foley’s boat’ agus ‘The Two Donkeys’. Dúirt sé nach raibh fianaise gur ghlac Micheál páirt i gCogadh na mBórach agus go meastar go coitianta gurbh as a shamhlaíocht a tháinig ‘The man that came home from Pretoria’. Cuirtear in iúl i mír seanchais i Roinn Bhéaloideas Éireann gurbh é an fáth a bhí lena chumadh gur thug sé cuairt ar aintín leis in Cardiff, gur fhág sí airgead aige, gur ól sé an t-airgead agus go mba éigean dó a bheith ag sclábhaíocht anseo is ansiúd. Rinne sé an t-amhrán nuair a shroich sé baile agus lig air gurbh in Pretoria a bhí sé.

Sa léacht a thug Ua Súilleabháin agus Ó Conaill ag Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin deir siad: ‘Ní heol dúinn gur chum sé aon amhrán eile i nGaolainn i ndiaidh 1903, cé gur mhair sé ceithre bliana fichead eile. B’fhéidir nár bhac sé leo, mar is dócha go raibh an Ghaolainn ag teip go tiubh i gceantar Chluain Droichead an uair sin .... B’fhéidir arís gur chum sé scata eile ach gur cuireadh i gcré iad i dteannta na glúine deireanaí i mbord Chluain Droichead gurbh í an Ghaolainn ba thúisce a labhradar.’

Maidir leis an alias a bhí ag Micheál thagair sé féin uair do George Curtin: ‘Bhí Seoirse a’ Churtánaigh ’n shuidhe ar churcán ann / Ag déanamh ramhcán ar gach rud do bhí ar siúl’. I gcomhfhreagras fileata ag Diarmuid Ó Laoghaire agus Micheál a foilsíodh in St. Patrick’s i Lúnasa 1903 labhair Diarmuid mar seo: ‘A Sheóirse an Churtánaigh, níor chloiseas amhrán uait / Le breis agus rátha, mar mheasaim. . .’.

D’aimsigh Donncha Ó Conaill teastas báis ina bhfuil an dáta 12 Meán Fómhair 1927. Is cosúil ón bhfianaise san alt úd le Pat Kelleher go raibh sé imithe as a chiall le cúpla lá, gur ghearr sé a scornach agus gur thit isteach san abhainn i nDaingean na Saileach. Níorbh fhéidir tuairisc ar choiste cróinéara a aimsiú sa Chartlann Náisiúnta ná i bpáipéir náisiúnta ná áitiúla. Níl a fhios cá bhfuil an uaigh i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne. Tá caoineadh a scríobh ‘Gael na nGael’ (Pádraig Ó Cruadhlaoich) [B1] in Saothar Dhámh-sgoile Mhúsgraighe.