Ó SÚILLEABHÁIN, Proinsias [Ní Shúilleabháin] (1867-1944) Proinsias NÍ SHÚILLEABHÁIN 1867 1944 15 Plás Newcomen, Baile Átha Cliath Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath F amhránaí [B9] amhránaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó SÚILLEABHÁIN Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sí ar na daoine a thóg páirt sa dráma Casadh an tSúgáin (Gaiety, Baile Átha Cliath, 21 Deireadh Fómhair 1901). Ag 15 Plás Newcomen, Baile Átha Cliath, a rugadh í ar 28 Samhain 1867. Ba é a hathair an T.D. Sullivan (1827-1914) a scríobh ‘God save Ireland’ agus mórán bailéad eile, a bhí ina eagarthóir ar an Nation, a bhí ina fheisire, agus a bhí ina ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath. Ba í Catherine Healy a máthair. Fanny a thugadh a muintir uirthi. Naonúr mac agus ochtar iníonacha a rugadh don lánúin.

Cláraíodh í mar bhall de Ard-Chraobh Chonradh na Gaeilge i Meán Fómhair 1898 (Fáinne an Lae 1 Deireadh Fómhair 1898). Seans go raibh sí ag foghlaim na teanga le tamall roimhe sin: faoi thús 1900 bhí sí i mbun ranga i gCraobh na Carraige DuibheAn Claidheamh Soluis 27 Eanáir 1900) agus naoi mí ina dhiaidh sin ceapadh í i gceannas an rang Gaeilge i gColáiste Oiliúna Chlochar na Trócaire i Sráid Bhagóid (idem 6 Deireadh Fómhair 1900). Bhí cumas aici ar amhrán a chasadh go poiblí: bhain sí an chéad duais ar amhránaíocht ag Feis Laighean (idem 10 Feabhra 1900) agus tuairiscíodh (idem 27 Deireadh Fómhair 1900) gur chas sí féin agus E.E. Fournier D’Albe [B3] le chéile ‘An Spailpín Fánach’, agus bhí cáil an cheoil air siúd. Bhí sí sa láthair nuair a bunaíodh Craobh Mhic Héil (idem 8 Márta 1901) agus toghadh í ar choiste Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh í (idem 11 Bealtaine 1901); bhí a hathair ina leasuachtarán. D’éirigh léi onóracha a fháil i gceann de scrúduithe Chompántas an Phléimionnaigh (idem 20 Meán Fómhair 1902).

Thapaíodh na hirisí Gaeilge an deis lena chur i gcuimhne dá léitheoirí cérbh é a hathair. Is mar seo a chuir Banba, Lá ’le Pádraig 1903, síos uirthi: ‘Iníon Thaidhg Uí Shúilleabháin file is ea í, agus is dúthrachtach í ag obair ar son na teanga. Is í ollamh na Gaeilge i gColáiste na mBan Rialta i Sráid Bhagoit in Áth Cliath í; agus mura mbeidh grá ag mná óga an Choláiste seo ar a dtír, ar a dteanga agus ar a chéile, ní ar Ollamh na Gaeilge a bheidh an locht. Bhí baint ag Proinsias le Casadh an tSúgáin. . . agus ní ba dhéanaí leis An Tobar Draíochta. Mar le duine nach raibh an Ghaeilge ón gcliabhán aici is rólíofa a chuir sí a scar di gach tráth. Tá sí ar Chomhaltas Chraobh an Chéitinnigh, agus is tairbheach dúthrachtach a cuid oibre ann’. In ainneoin gur rugadh a hathair i gceantar Bheanntraí in 1827 agus go raibh sé ina leasuachtarán ar an gcraobh, is cosúil nach raibh Gaeilge aige. Ba chuimhin le Earnán de Siúnta [B1] cuairt a thabhairt ar a theach (Fáinne an Lae 17 Bealtaine 1919): ‘Bhí Gaeilge bhinn na Mumhan ag an mnaoi óig seo ach ní raibh an teanga ag a hathair .... Ag dul isteach an doras dom casadh a iníon orm. Cailín cuimseach Gaelach a bhí intise agus is maith is cuimhin liom chomh béasach agus chomh banúil is bhí sí ag tabhairt cupáin tae dhom’.

Toghadh Proinsias ina ball de Choiste Gnó an Chonartha i 1903. Ainmníodh ach níor toghadh í i 1904. Is beag tagairt di ina dhiaidh sin. Ag 1 Plás Belvedere, Baile Átha Cliath, a bhí teaghlach Uí Shúilleabháin. Is mar seo a bhí siad i nDaonáireamh 1901: T.D. (73), iriseoir; Frances (33), gan phost; Kate (31); Timothy (26), abhcóide; Josephine (20); Alice (19); John Higgins (12), garmhac le T.D. Ag Proinsias agus ag Josephine amháin a bhí Gaeilge. Deich mbliana ina dhiaidh sin bhí T.D. ann go fóill agus é in aontíos le Proinsias, múinteoir teangacha, Kate, Timothy, agus Josephine, múinteoir teangacha. Níor phós Proinsias. Bhí cónaí uirthi lena deirfiúr neamhphósta Kate nuair a d’éag sí 27 Nollaig 1944. Tá sí curtha i nGlas Naíon.