Ó SÉAGHDHA, Seán (c.1873-1921) Seán Ó SÉAGHDHA c.1873 1921 Eadargóil, Co. Chorcaí M múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

‘Cuimhnigh ar an mball seo [Doire an Chairn] an fhaid a mhairfir. . . mar ní raibh in Éirinn fear ba dhílse don Ghaeilge ná an fear a bhí ag múineadh scoile anseo. Réalt eolais don cheantar ba ea é agus bhí meas dá réir air i gcéin agus i gcóngar. Ba é ba bhuime don Chonradh i mBéarra lena linn’, a scríobh Peadar Ó hAnnracháin[B1] in Fé bhrat an Chonnartha, 1944. In Eadargóil, Co. Chorcaí, a rugadh é. Ba iad Conchubhar, feirmeoir, agus Cáit Ní Shúilleabháin a thuismitheoirí agus deartháir leis ba ea Muircheartach Ó Séaghdha[q.v.]. Foilsíodh sraith dar teideal ‘Beacha Meala’ a scríobh sé féin agus Pádraig Ó Séaghdha[B1] (‘Gruagach an Tobair’) in An Claidheamh Soluis, 1900. Ghabh T. O’Neill Lane [B2] buíochas leis faoin gcabhair a thug sé dó chun foclóir 1904 a thabhairt amach. Tuairiscíodh gur phós sé Nóra Ní Shúilleabháin ón mBunán i gCill Fhachtna (idem 21 Deireadh Fómhair 1905). Thuigfeá ón epithalamium le Torna go raibh Seán tráth ina bhall de Chraobh an Chéitinnigh (An Claidheamh Soluis 18 Samhain 1905) agus is dóigh gur le linn dó a bheith i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, a ghlacadh sé páirt in imeachtaí na craoibhe sin. Bhí a dheartháir Muircheartach ag déanamh ionaid dó i scoil Dhoire an Chairn i rith an ama sin.

Bhuaigh sé duais chuimhneacháin Philib de Barún mar gheall ar a fheabhas a bhí staid na Gaeilge sa scoil i nDoire an Chairn (idem 28 Iúil 1906) agus an bhliain chéanna sin d’éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan. An bhliain sin freisin in éineacht le Pádraig Ó Duinnín [B3] agus Cathaoir Ó Braonáin [B1] bhí sé ar dhuine den Chúirt Uachtair i gCúirt na hÉigse ag Feis na Mumhan. Thagadh an Éigse le chéile ag an Oireachtas ina dhiaidh sin (Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 le Donncha Ó Súilleabháin). Sna blianta 1907 agus 1908 bhuaigh sé Corn Uí Ghramhnaigh (‘to be won by a teacher in a national school in which a bonafide bilingual system of teaching is conducted and which earns for the year ending September 1901 the largest grant in proportion to the total number of pupils on the roll’ (idem)). In Féilire na Gaeilge 1909 tuairiscíodh go bhfuair triúr dá dhaltaí scoláireachtaí go Coláiste na Mumhan. Bheadh sé féin ar fhoireann an Choláiste an bhliain dár gcionn (An Claidheamh Soluis 6 Bealtaine 1911). Toghadh é ina leasuachtarán ar an gCumann Dátheangach a chuir Tomás Ó Colmáin [q.v.] ar bun (idem 19 Márta 1910) agus bunaíodh craobh i nDoire an Chairn (idem 14 Aibreán 1910).

Is mar seo a bhí an teaghlach nuair a rinneadh Daonáireamh 1911. I nGaeilge a líon Seán an fhoirm. Oide scoile a rugadh i gContae Ciarraí ba ea a bhean Nóra agus bhí triúr leanbh acu agus gan ach Gaeilge amháin ag beirt díobh—bhí an duine ab óige mí d’aois. D’éag Seán 26 Bealtaine 1921 tar éis dó dul thar fóir air féin ag cabhrú le hÓglaigh i nDoire an Chairn chun carr dá gcuid a thabhairt trí bharacáid. Faoin am sin bhí cúigear leanaí acu. Scríobhadh faoi in Freeman’s Journal 2 Meitheamh 1921: ‘Bhí aithne ar Sheán ag Gaeilgeoirí ar fud na hÉireann agus bhí meas acu air. Múinteoir scoile ba ea é agus scoil dátheangach a bhí aige. Bhí sé ag múineadh i gColáiste na Mumhan leis agus is mó múinteoir a d’fhoghluim uaidh conas obair scoile a dhéanamh as Gaeilge. Ar nós a lán múinteoirí eile b’éigean dó féin ceachta a cheapadh ar áireamh agus ar ábhair eile léinn toisc gan leabhair oiriúnacha bheith le fáil agus na ceachtanna san iontu. D’oirfeadh a chomhairle dúinn anois nuair atáthar a d’iarradh feidhm a bhaint as an Ghaeilge chun obair na scoileanna do dhéanamh. Is mór an trua é a bheith imithe uainn’.