Ó MURCHADHA, Pádraig (1877-1971) Pádraig Ó MURCHADHA 1877 1971 An Ghléib, Co. Loch Garman An Chill Mhór, Co. Loch Garman An Gleann, Co. Loch Garman M Coláiste Pheadair, Loch Garman Congregatio pro Doctrina Fidei, an Róimh Coláiste na nGael, an Róimh sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ceannródaí i ngluaiseacht na teanga i Loch Garman ba ea an sagart seo. Sa Ghléib, Whitehill, an Chill Mhór, Co. Loch Garman, a rugadh é 25 Eanáir 1877. Ba iad Patrick Murphy agus Anty [sic] Hayes a thuismitheoirí. Tar éis bunoideachais bhí sé i gColáiste Pheadair, Loch Garman, ó Lúnasa 1888 amach, agus ansin sa Róimh (1892-), i gColáiste an Phropaganda ar dtús agus ansin i gColáiste na nGael. Is i ngeall ar dhrochshláinte a d’aistrigh sé go Coláiste Chluain Life in 1897. Oirníodh é sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath 4 Meitheamh 1900. Chuaigh sé isteach i Misinéirí na Sacraiminte Ró-Naofa in Inis Córthaidh i mí Lúnasa dár gcionn agus d’fhan ina bhall den chomhluadar sin go ceann 35 bliana. I rith an ama sin thugadh sé misin agus cúrsaí spioradálta ar fud na hÉireann, sa Bhreatain agus i gColáiste na nGael sa Róimh. Bhí sé ina uachtarán i dTeach na Misean, Inis Córthaidh, ar feadh 1924-28 agus arís 1930-33. I 1934 chuaigh sé go dtí an Airgintín chun sraith de chúrsaí spioradálta a stiúradh ansiúd. Fad a bhí sé ina bhall den chomhluadar chuir sé leabhar beag urnaithe Gaeilge i dtoll a chéile agus scríobh freisin leabhar ar Oileán Mhuire. Ceapadh é ina shagart paróiste sa Ghleann i nDeireadh Fómhair 1935 agus bhí sa phost sin go 1969.

I gcomhpháirt le Micheál Ó Súilleabháin [B4] bhunaigh sé Feis Charman i 1902. Tá an tagairt seo dó ag William Bulfin [q.v.]: ‘He gave great assistance to Micheál Ó Súilleabháin when that unforgettable Irishman raised the standard of Irish-Ireland in Enniscorthy a few years ago’. Toghadh é ina bhall de Choiste GnóChonradh na Gaeilge i 1905-07. Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 22 Meán Fómhair 1906 ag iarraidh ar Chomhlacht Iarnróid an Deiscirt agus an Iarthair logainmneacha Gaeilge a chur suas i stáisiúin Loch Garman.

Ar feadh leathchéad bliain bhí dlúthbhaint aige le Cumann Seanchais Uí Cinsealaigh; b’fhéidir a rá gurbh é a bhunaigh é, tuairim 1921. Ba é ba mhó freisin a bhí freagrach sa chomóradh a rinneadh i 1938 agus arís i 1948 i Loch Garman ar Éirí Amach 1798 agus sna leachtanna cuimhneacháin a cuireadh suas ar fud Loch Garman. Deirtear in The Past Uimh. 9 (1972): ‘One of his most prized possessions was the Tricolour which was flown over the Atheneum in Enniscorthy in 1916’. Deirtear sa chuntas sin gur tugadh bonn 1916 dó i 1952 mar chomhartha ar a ndearna sé. D’éag sé sa Chill Mhór 13 Eanáir 1971 agus tá sé curtha sa Ghleann.