Ó MAOLCHATHA, Risteárd (1886–1971) Risteárd Ó MAOLCHATHA 1886 1971 Port Láirge M Scoil na mBráithre Críostaí, Cnoc Síon, Port Láirge Teachta Dála [B9] polaiteoir státseirbhíseach rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] óglach 1913–1922 [B9] státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ní mór é a áireamh ar an ochtar airí rialtas idir 1922 agus 1962 ba mhó a ndeachaigh soiscéal Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm orthu i dtús a saoil. Leis na blianta 1916-24 amháin a bhaineann Portrait of a revolutionary: General Richard Mulcahy and the founding of The Irish Free State, 1992 le Maryann Gialanella Valiulis; níl i dtaobh a chúlra clainne ná an tríocha bliain tosaigh dá shaol ann ach naoi leathanach. I bPort Láirge a rugadh é 10 Bealtaine 1886. Ba iad Pádraig Mulcahy agus Elizabeth Slattery a thuismitheoirí. Saoiste in oifig an phoist ba ea Pádraig agus b’as Carraig na Siúire dó, áit a raibh a athair ina tháilliúir. B’as an teorainn idir Tiobraid Árann agus Port Láirge do Elizabeth.

Bhí cúigear deirfiúracha ag Risteárd, a mbeadh ceathrar díobh ina mná rialta, agus beirt deartháir, a mbeadh fear acu, Samuel, sna Cistéirsigh. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i gCnoc Síon, Port Láirge. Aistríodh a athair go Durlas mar mháistir poist agus sa Chearnóg os cionn Oifig an Phoist a bhí cónaí orthu. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901: Patrick (44); a bhean Lizzie (42); Mary (16); Richard (14); Nano (13); Lillie (12); Kittie (11); Nellie (6); Patrick (3). Béarla amháin a bhí acu. Faoi 1911 bhí an teaghlach i bPlás an Bhainc in Inis agus is mar seo a bhí siad: Patrick (54), baintreach fir; Lily (22); Patrick (13); Samuel (9). Bhí Gaeilge acu go léir ach amháin ag Samuel. Sa teach freisin bhí Kate Walshe, neacht le Pádraig, a raibh Gaeilge aici.

Bhí Risteárd i gceann de na ranganna Gaeilge a bhí curtha ar bun i scoil na mBráithre i nDurlas ag múinteoir tuata a bhí tagtha ó Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé isteach sa seirbhís poist in aois 16 bliana dó agus bhí ag obair i nDurlas, Beanntraí agus Loch Garman. I mBeanntraí bhí sé ag foghlaim na teanga ó mhúinteoir taistil sa cheantar, Conchubhar Ó Muimhneacháin[B4]. Ba chuimhin le Peadar Ó hAnnracháin[B1] ansiúd é: ‘. . . agus dhein sé rud ná dearna aon duine eile sa tsráid an uair sin. D’fhoghlaim sé an teanga chomh maith sin nár ghá dhó a mhalairt a labhairt i measc Gael ó shin dá mb’áil leis é’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). Théadh sé ar saoire go Béal Átha an Ghaorthaidh go minic agus bhí spéis mhór aige i mbéaloideas an cheantair. Nuair a ceapadh é ina Aire Oideachais i 1948 dhúblaigh sé deontas stáit an Choimisiúin Béaloideasa. Tá ‘An Gárlach Coileánach’, scéal a scríobh sé síos ó Shiobhán [Ní Chróinín] an tSagairt, i gcló in An Lóchrann, Aibreán 1926. Mhaíodh sé gurbh ollscoil aige Béal Átha an Ghaorthaidh. In Studies, Márta 1927 tharraing sé pictiúr inspéise d’ócáid shuntasach: ‘I sat one afternoon, in the summer of 1913 or 1914, under the little stairs beside the fire in Siobhán an tSagairt’s cottage in Béal Átha an Ghaorthaidh, while Siobhán at the farther corner of the kitchen sat knitting socks and talking. Footsteps rattled over the cobblestones outside, and forthwith three figures crossed the threshold: John Fraser, a Scotchman, Professor of Celtic in the University of Oxford; Dr Joseph Loth, Professor of Celtic Languages in the University of Paris; and Dr Osborn Bergin[B2], Professor of Early Irish, University College, Dublin—the “Preserver ó Bhaile Átha Cliath”, as Siobhán used to call him. They had come to hear some of Siobhán’s fund of story and verse. Professor Fraser was the only one who talked very much, in an Irish perhaps that lacked something to Siobhán’s ear; the Frenchman hardly ventured a word; and Dr Bergin made no serious intrusion into conversation. After a few stories the three visitors filed out the door again, and as the last of them stepped across the threshold, Siobhán bent towards me and in a vigorous undertone remarked: “Ariú is dócha, a Risteáird, go bhfuil an Ghaoluinn acu san”. The footsteps of the visitors rattled over the cobblestones, their silent minds lingering, no doubt, in appreciation on the vigour and the delicacy and the stored lore of the language they had just listened to. As to Siobhán, her three visitors and their Irish and their interest in Irish were an enigma to her, but they left her buoyed up and stimulated with a pride in her language, a pride in those things that linguistically and mentally were traditionally hers’.

Aistríodh go Baile Átha Cliath é i 1907. Chuaigh sé isteach i gCraobh an Chéitinnigh láithreach agus ba ghairid gur tuairiscíodh é a bheith ina rúnaí ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 25 Eanáir 1908). I gCraobh an Chéitinnigh a chuir sé aithne ar Chathal Brugha [q.v.], Micheál Ó Coileáin, Seán Ó Murthuile [B4], Gearóid Ó Súilleabháin [B4], Diarmuid Ó hÉigceartuigh [q.v.] agus a leithéidí. Tuairim an ama seo freisin a chuaigh sé isteach i mBráithreachas na Poblachta, cé gur léir nach raibh aon tábhacht lena ainm sa ghluaiseacht sin go dtí i ndiaidh 1916. Lean sé air ag staidéar: rinne sé an máithreánach ar a chonlán féin agus chaith ocht mbliana ag freastal ar chúrsaí oíche i gcoláistí teicniúla Shráid Chaoimhín agus Sráid Bolton. I 1911 bhuaigh sé scoláireacht go dtí an Coláiste Eolaíochta ach níor ghlac leis nuair nach dtabharfadh údaráis an phoist trí bliana saoire gan phá dó. Liostáil sé sna hÓglaigh ag an gcruinniú sa Rotunda 25 Samhain 1913. Ó bheith ina chorparáil i gComplacht C d’éirigh sé chun bheith ina chéad leifteanant: bhain tábhacht mhíleata leis an oiliúint a bhí faighte aige mar innealtóir poist. Bhí baint aige le cúrsaí na teanga i rith an ama. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 15 Eanáir 1916 é a bheith ar dhuine den triúr a bhunaigh craobh den Chonradh i mBinn Éadair agus ar 26 Feabhra 1916 go raibh sé ar bhaill tionscnaimh an Fháinne.

Bhí sé páirteach san Éirí Amach mar thánaiste ag Tomás Ághas[B1] i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Is trí thimpiste a tharla sé sin. Is é a bhí beartaithe go rachadh sé chuig Ard-Oifig an Phoist tar éis dó féin agus dá chompánaigh na cáblaí cumarsáide ag Acomhal Bhinn Éadair a ghearradh. Ach toisc nár aithin siad é ghabh Óglaigh an Ághasaigh an fear a bhí curtha isteach sa chathair acu mar thaiscéalaí; is de thoradh na teagmhála sin a tháinig an dá dhream le chéile. Nuair a ghéill an Piarsach is ar an Maolchathach a thit sé dul le póilíní chun sin a dheimhniú. Tar éis tamaill i bPríosún Risteamain cuireadh go Knutsford é ar feadh sé sheachtain agus ansin go Frongoch. ‘Richard Mulcahy, Baview, Sutton - Clerk’ [sic] an cur síos air i liosta na bpríosúnach in Sinn Féin Rebellion Handbook, 1917 a d’fhoilsigh an Weekly Irish Times. Bhí sé ar dhuine de na múinteoirí Gaeilge in Frongoch. Scaoileadh saor é um Nollaig 1916. Cuireadh i gceannas an Dara Cathlán de na hÓglaigh é. Scríobh sé in aiste, ‘The Irish Volunteer Convention 27 October 1917’ in The Capuchin Annual 1967: ‘This involved the acceptance of a responsibility, but for the present, no work. How nominal was the responsibility will be gathered from the fact that from 17 March 1917, to the opening of the Gaelic LeagueOireachtas in Waterford in August, I was traversing County Cork by bicycle, from Castletown Bere to Youghal and from Charleville to Clonakilty, making contact with the principal officers of the Gaelic League there and getting them to organise collections for the Gaelic League funds. It was a long, lonely journey surrounded by many inhibitions ...’ . Measann Valiulis nach foláir nó bhí obair na nÓglach á déanamh aige freisin. I lár na tréimhse sin, ar 9 Meitheamh, thaistil sé go Bromyard, Hertfordshire, le seasamh le Traolach Mac Suibhne[q.v.] lá a phósta. Ar 1 Lúnasa 1917 bhí sé ar dhuine den deichniúr nó mar sin a bhí sa láthair ag cruinniú i gCraobh an Chéitinnigh lena shocrú ar chomhdháil de na hÓglaigh a ghairm. Bhí sé i gceannas ar na socruithe míleata ag sochraid Thomáis Ághas 30 Meán Fómhair 1917. Ceapadh é ina Stiúrthóir Oiliúna ag na hÓglaigh ag an gComhdháil ar 27 Deireadh Fómhair 1917. I Márta 1918 ceapadh é ina Cheann Foirne agus toghadh é ina fheisire i dtoghlach Chluain Tarbh in Olltoghchán 1918. Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 11 Eanáir 1919 go raibh sé ag foghlaim dochtúireachta le tamall. Is dóigh gurbh i bhfómhar 1917 a chláraigh sé mar mhac léinn. Chuige sin bhí cabhair airgid le fáil aige ó Chiste Chleithiúnaithe na bPríosúnach.

Ceapadh é ina Aire Cosanta sa rialtas sealadach a bhunaigh an Chéad Dáil. I ndiaidh Aibreán 1919 bhí sé ina aire cúnta faoi Chathal Brugha. As sin amach go 1923 bhí sé gafa go hiomlán le cúrsaí Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Bhí ionadh ar chuid mhaith go raibh sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé ina Aire Cosanta 1922-24 agus ina ardcheannasaí ar fhórsaí an tSaorstáit 1922-23. I ngeall ar na fir a cuireadh chun báis i rith an Chogaidh Chathartha is air is mó i rialtas an tSaorstáit a bhí gráin ag Poblachtaigh, in ainneoin, nó de bharr, b’fhéidir, gur ghaire dóibh é ina mheon ná cuid d’airí eile an tSaorstáit. Murach an Cogadh Cathartha is cinnte nach gceilfí air an t-ómós a bhí dlite dó, ionad ard i bpainteon na laochra náisiúnta. Fear an-mhisniúil a bhí ann. Dúradh in Nationalist i ndiaidh a bháis: ‘In 1923 as Minister for Defence he discarded his arms and in the midst of national strife walked unattended’.

D’éirigh sé as an rialtas 19 Márta 1924 mar gheall ar an gceannairc san arm. Ba é ba mhó faoi deara gur bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta agus ceapadh é ina chathaoirleach 27 Eanáir 1925. Foilsíodh an tuarascáil 14 Iúil 1926. Deir J.J. Lee in Ireland 1912-1985: politics and society, 1989: ‘The Cosgrave government duly appointed a Gaeltacht Commission and duly sabotaged its report. Finance, though presided over by a language enthusiast in Blythe, took panic at the proposals’. Dúirt de Blaghd [q.v.] i ndiaidh a bháis in Irish Times: ‘Under his guidance the Commission prepared a careful and comprehensive report on the state and prospects of the language in the various Gaeltacht and semi-Gaeltacht areas and on the measures necessary to preserve and strengthen it. That report has continued to be the basis of most of the language policy of the State since its publication though changes in the interval should have suggested new measures’. É féin agus an Blaghdach a thug ar John Marcus O’Sullivan, an tAire Oideachais, tacú le bunú Choláiste Mhuire i 1931.

Bhí sé ina Aire Rialtais Áitiúil 1927-32, ina Aire Oideachais 1948-51, ina Aire Oideachais arís 1954-57 agus ba é an chéad Aire Gaeltachta é 1956-57. Ó 1944 go 1960 bhí sé ina uachtarán ar Fhine Gael. Anuas go 1944 is thar ceann Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh a bhí sé sa Dáil agus ó 1944 go 1961 thar ceann Tiobraid Árann agus Tiobraid Árann Theas. Chaill sé a shuíochán dhá uair, i 1937 go ceann bliana agus arís i 1943 go ceann bliana.

I rith a shaoil pholaitiúil bhí baint aige le forbairt an cheoil: chuir sé bannaí ceoil an airm ar bun i 1922; síltear gurbh é a cheap Fionán Mac Coluim [B1] mar chomhairleoir ceoil don Aire Oideachais; mar Aire Oideachais freisin d’iarr sé ar an Athair Séamus Ó Floinn [B1] scoil cheoil a stiúradh gach samhradh faoi scáth na roinne.

I Meitheamh 1919 phós sé Min (Mary Josephine) Ní Riain, deirfiúr leis an Dr Séamus Ó Riain, le Máire Cáit Ní Riain, bean Sheáin T. Uí Cheallaigh, le Agnes, bean chéile Denis McCullough, agus le Filis Ní Riain, dara banchéile Sheáin T. Uí Cheallaigh [B4]. Triúr mac agus triúr iníonacha a rugadh dóibh. Bhí tamaill caite ag Min ag múineadh sa Ghearmáin agus i Londain, mar a raibh sí ina cara ag Pádraic Ó Conaire [B2], agus bhí lámh agus focal idir í agus Seán Mac Diarmada. Bhí sí ina ball de choiste a bhí ag iarraidh bunscoileanna Gaeilge a bhunú sa chathair (Fáinne an Lae 5 Nollaig 1925). D’éag Risteárd 16 Nollaig 1971 agus tá sé curtha i reilig Bhaile Amoraoin in aice le hÁth na Cairte, Co. Thiobraid Árann. Fuair Min bás 11 Aibreán 1977. I dTeach Lissenfield, Ráth Maonais, a bhí cónaí ar an teaghlach ar feadh 45 bliain.

Dúradh in ‘Tuarascáil’ (Irish Times ) i ndiaidh a bháis: ‘Ar ndóigh níor chuir éinne amhras ariamh ina mhisneach ná i ndaingne a dhúthrachta chun na nithe ar chreid sé iontu. An misneach agus an daingne úd féin, áfach, ’siad a chuir d’fhiachaibh air bóthar a shiúl agus beart a dhéanamh, go minic, a chuir olc ar a lán daoine macánta nach raibh ar aon intinn leis. Má shaothruigh sé meas agus moladh ar thaobh amháin, shaothruigh sé cáineadh agus naimhdeas ar an dtaobh eile. . . . Ach tagann an dá leath dá cháil le chéile arís le sláine a dhílseachta don náisiún Gaelach, le léire a thuisceana don teanga Ghaelach agus don traidisiún atá ceangailte léi .... Cheannaigh sé saoirse dúinne agus bhí sé i bhfad ag díol an phraghais’.

Tá a chuid páipéar sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in éineacht le cuid mhór agallamh a rinne sé a thaifeadadh le daoine a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse agus le daoine ar an dá thaobh sa Chogadh Cathartha. Deirtear go raibh sé ar na daoine ba thúisce in Éirinn a bhain feidhm as gléas sreinge ar dtús agus ansin as gléas téipthaifeadtha. Foilsíodh Richard Mulcahy (1886-1971): a family memoir, 1999 le Risteárd Mulcahy.