Ó LOINGSIGH, Donncha (c.1860-1942) Donncha Ó LOINGSIGH Donncha an Chéama c.1860 1942 Cill Gharbháin, Co. Chiarraí M múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é seo an duine a bhuaigh an chéad duais ar aithriseoireacht ag Oireachtas 1897 agus arís i 1900. AgOireachtas 1901 bhí sé ina mholtóir ar an gcomórtas céanna in éineacht le Pádraig Mac Piarais[B4] agus Dubhghlas de hÍde[B4] (An Claidheamh Soluis 2 Márta 1901). I gCill Gharbháin, Co. Chiarraí, a rugadh é. Múinteoir ba ea é agus i dtuairisc a bháis in Scéala Éireann dúradh go raibh sé ag múineadh i gColáiste Dhún Chéirí agus i mBelvedere. Ó 1907 go 1926 bhí post mar mhúinteoir teangacha aige i gColáiste na Carraige Duibhe. Comharba ar Risteárd Ó Foghludha[B1] ba ea é sa phost sin. I dtús an chéid, agus go ceann i bhfad, bhí sé ina bhall de Bhord Chaomhnóirí Thithe na mBocht i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, é ina chathaoirleach ar feadh tamaill. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 29 Meán Fómhair 1900 go gcuirfeadh an Bord fógraí i nGaeilge san iris. Bhí sé ina bhall de Choiste Fheis Laighean. I 1901 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh an Chéitinnigh. Mhol Pádraig Ó Duinnín[B3] agus Seosamh Laoide[B1] go gcomhthoghfaí é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Nuair nár glacadh leis an rún dúradh in Banba, Nollaig 1902: ‘There is scarcely a man in Dublin who has worked so earnestly and unselfishly for the Language movement as has Mr Lynch. He has worked for it both in the metropolis and in his own native county of Kerry. He is an Irish speaker, gifted with much organising ability, and there are very few branches in Dublin which are not indebted to him in one way or another. On a very critical occasion last March, in connection with the Dublin Demonstration, Mr Lynch was instrumental in saving the Gaelic League when the action of a member of the Executive placed it in a perilous position’. Toghadh ina bhall den Choiste Gnó é i 1904. Baineadh a ainm as liosta bhaill Chraobh an Chéitinnigh nuair a d’fhostaigh Bord Chaomhnóirí Thithe na mBocht duine gan Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 13 Bealtaine 1911). Luaitear i dtuairisc a bháis gur scríobh sé téacsleabhair scoile a bhain leis an nGaeilge, ina measc Free Composition in Irish. D’éag sé 15 Meitheamh 1942 in aois 82.