Ó hÓGÁIN, Seán (1874–1963) Seán Ó hÓGÁIN 1874 1963 Baile na Fuirnéise, Co. an Chláir M oifigeach custaim is máil [B9] státseirbhíseach státseirbhíseach státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo é an tÓgánach a bhí páirteach san fheachtas a bhí ann tuairim 1947 chun leacht cuimhneacháin a chur suas le hómós do Bhrian Merriman i reilig na Fiacaile. Nuair nach dtabharfadh na húdaráis cead a tógála caitheadh an t-airgead a bhí bailithe ar Cúirt an Mheánoiche in eagar ag Risteárd Ó Foghludha a thabhairt amach i 1949. Tá cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir Seo Againne’ in Scéala Éireann 13 Samhain 1954. I mBaile na Fuirnéise, san Fhiacail, Co. an Chláir, a rugadh é (baisteadh é ar 29 Nollaig 1874). Feirmeoir ba ea a athair Micheál agus ba í Brigid Kennedy ó Thulach a mháthair. I nDaonáireamh 1901 is i mbaile fearainn na Fiacaile a bhí siad: Michael Hogan (61); Bridget (56). Bhí Gaeilge ag an mbeirt acu. Béarla amháin a bhí ag a mac Thomas (27). I nDaonáireamh 1911 bhí mac eile sa teach, Michael (26). Dúradh go raibh Gaeilge acu go léir. Bhí iníon acu, Bridget, ach ní raibh sí sa teach.

Breac-Ghaeltacht ba ea an ceantar agus deirtear go dtugadh Seán cuairt agus é sna déaga go fóill ar aon teach a raibh Gaeilge ann. Ghnóthaigh sé an chéad áit sna scrúduithe le haghaidh Custaim agus Máil. Chaith sé tamall i nGaillimh ar dtús agus d’fhreastalaíodh ar ranganna Gaeilge a bhí ar bun ann ag na Proinsiasaigh. Is cosúil gur Ghaeilge Chonnacht a labhraíodh sé. Shíl a chomhoibrí Proinsias Mac an Bheatha gur Ghaillimheach é ‘agus Gaeilge bhinn an chontae aige ó dhúchas nó sin a thuig mé, de réir mo chuimhne’ (An Earnáil agus an Ghaeilge,1985) Faoi 1907 bhí sé ag obair i dTuaim. Air a thit cúram na chéad Fheise ansiúd. Scríobhadh sé na príomhailt in Tuam Herald. Bhíodh fo-alt aige i bpáipéir Airt Uí Ghríofa. Bhí sé i nDún Éideann agus Manchain ina dhiaidh sin. D’fhill sé ar Éirinn i 1914 agus bhí i nGrúdlann Mhic Aonghusa as sin amach. Deirtear gurbh é is mó a chuir saothar fhilí an Chláir os comhair an phobail. Dúradh in ‘An Mhuintir s’againne’: ‘Bhí baint ag Seán ar feadh a shaoil leis na páipéir áitiúla agus na mionirisí polaitíochta agus saoithiúlachta’. B’fhéidir gur sna páipéir áitiúla a bhíodh saothar sin fhilí an Chláir i gcló aige. Bhí ar intinn aige bailiúchán den fhilíocht sin a fhoilsiú. Sholáthair sé dánta in An Stoc 1927-30 ach is de dhéantús Raiftearaí agus Chonnachtach eile a bhformhór. Bhíodh ailt aige in Ar Aghaidh, The Leader, Clare Champion. . . . Scríobh sé péire dráma: An Fheilm, 1962 agus Smacht, 1962.

Bhíodh dídean le fáil ag Micheál Ó Coileáin ina theach, Teach Colepark, Bóthar Le Fanu, Baile Formaid. Bhí 40 acra talaimh aige san áit ar tógadh an scéim mhór tithíochta. Deir Proinsias Mac an Bheatha go mba dhlúthchara ag Pádraic Ó Conaire [B2] é ach níl tagairt dó ag beathaisnéisithe an údair sin; deirtear freisin gur aistrigh sé scéalta de chuid Uí Chonaire agus go raibh baint aige le tógáil na deilbhe ar Fhaiche Mhór na Gaillimhe. I measc na ndánta a chum sé tá caoineadh ar Phádraic in An Stoc, Samhain 1928. Eolas eile atá ag Mac an Bheatha go gcaitheadh sé an Fáinne i gcónaí, go raibh lámh aige i mbunú Chraobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge agus go raibh sé ina phátrún ar feadh blianta fada ar an gcraobh sin, go gcaitheadh sé an-chuid ama sa Leabharlann Náisiúnta agus san Acadamh Ríoga. Lena linn choimeádtaí na leabhair agus na cuntais i nGaeilge sa stáisiún Custaim agus Máil i nGrúdlann Mhic Aonghusa. D’éag sé 16 Nollaig 1963. Bhí sé pósta ar Alice Gannon ó Thuaim. Ní raibh sliocht orthu.