Ó hAODHA, Micheál (1889–1976) Micheál Ó hAODHA 1889 1976 42 Sráid Lombard Thiar, Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath bailitheoir béaloidis [B9] polaiteoir bailitheoir béaloidis Teachta Dála [B9] rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] óglach 1913–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é Ceann Comhairle Dháil Éireann é ó 1922 go 1932 agus bhí sé ina Ollamh le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar feadh naoi mbliana. Ag 42 Sráid Lombard Thiar i mBaile Átha Cliath a rugadh é 1 Nollaig 1889. B’as baile mór Thiobraid Árann dá thuismitheoirí, John Hayes, siúinéir, agus Jane Finn, agus ba é an chéad leanbh acu é. Bhí sé ar scoil i Sráid Synge. Bhí baint ag a athair le Bráithreachas na Poblachta agus thug sé Micheál isteach i gCraobh Chaoimhín (Sráid Chlann Bhreasail) de Chonradh na Gaeilge nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois. ‘This is a separatist organisation’ a dúirt a athair leis (‘Fios Fátha’, clár teilifíse, 3 Feabhra 1972). Bhuaigh sé scoláireacht a thug go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é. Chaith sé ráithe i rang an Phiarsaigh ann. Tuairim 1906 chuaigh sé go dtí an Rinn ar rothar ó bhaile Thiobraid Árann agus deireadh sé go raibh Gaeilge dhúchais i ngach áit i rith na slí. Théadh sé go dtí an Rinn gach samhradh. Mar reachtaire ar an gCumann Gaelach i gColáiste na hOllscoile thug sé an óráid tionscnaimh i 1911 agus cuireadh i gcló é in An Claidheamh Soluis 16 agus 23 Nollaig 1911. I mBéarla, Gaeilge agus Fraincis a bhain sé céim BA amach i 1909 (MA sa Fhraincis i 1920). Ceapadh é ina chúntóir i Roinn na Fraincise sa Choláiste Ollscoile i 1912. Bhí sé ag múineadh go páirtaimseartha i Sráid Synge ó 1909 go 1919. In ainneoin nár thaitin an sóisialachas idirnáisiúnta riamh leis bhí sé ar thaobh Jim Larkin i 1913. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh an bhliain sin. Bhí sé páirteach san Éirí Amach i Monarcha Jacob agus d’éirigh leis fanacht saor ina dhiaidh. Bhí aiste aige ‘Thomas MacDonagh and the Rising’ in 1916 and University College Dublin, 1966.

Bhí sé ina stiúrthóir toghchánaíochta ag Sinn Féin i dtoghlach Ollscoil na hÉireann i 1918. Gabhadh é 6 Samhain 1920 toisc Risteárd Ó Maolchatha[q.v.] a bheith ag fanacht ina theach cónaithe ag 49 Ascaill Longwood. D’fhanadh Traolach Mac Suibhne[q.v.] ann freisin. Bhí sé le tosú mar léachtóir i Roinn na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile an mhaidin sin. Cé is moite de bheagán léachtaí a thug sé i 1922 ní bheadh aon mhúinteoireacht á déanamh aige arís go 1933. Toghadh ina Theachta Dála é in Ollscoil na hÉireann nuair a bhí sé i ngéibheann i mBaile Coinnleora (1920-21) agus bhí an suíochán aige ó 1920 go 1933. Ba é an stiúrthóir oideachais sa champa é. Bhí sé ina theachta chuig Comhdháil Chine Gael i bPáras 21-28 Eanáir 1922. Vótáil sé ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. Sa tréimhse 10 Eanáir 1922- 9 Meán Fómhair 1922 bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha tamall agus tamall ina Aire Oideachais. Is mar seo a mhíníonn Aindrias Ó Muimhneacháin scéal na hAireachta Oideachais i rith na tréimhse seo inDóchas agus duainéis: ‘Ba é an tOllamh Micheál Ó hAodha Aire Oideachais na Dála, ach ba é Fionán Ó Loingsigh[B4] Aire an Rialtais Shealadaigh, agus, bíodh nach dealraitheach gur déanadh aon idir­dhealú ró-fhoirmiúil idir cúraimí na beirte seo Airí, glacadh leis gur faoi Fhionán Ó Loingsigh a bhí cúrsaí bunoideachais agus gur faoin Ollamh Ó hAodha a bhí an meánoideachas. . . . Ansin nuair a bhris an cogadh cathartha amach, i ndeireadh an Mheithimh 1922, ghabh Fionán Ó Loingsigh, ina oifigeach, le harm an tSaorstáit, agus thit cúram an bhunoideachais feasta ar an Ollamh Ó hAodha i dteannta chúram an mheánoideachais’. Bhí sé ina Cheann Comhairle ó 1923 go 1933. Sa chlár ‘Fios Fátha’ dúirt sé gurbh é an fáth ba mhó ar fad ar toghadh ina Cheann Comhairle é Gaeilge a bheith aige: síleadh go mbeadh teachtaí le Gaeilge ag baint leas as an teanga chun moill a chur ar ghnó an tí d’aon ghnó—rud nár tharla. Bhí aiste, ‘Importance of Dáil Éireann’, aige in Capuchin Annual 1969. Glaodh chun an bharra é 1929—dála polaiteoirí eile, sórt árachais ba ea é. Chaill sé a shuíochán i 1933 ach bhí ina bhall den Seanad ó 1938 go 1965, é ina fhear ceannais ann i 1948-51 agus 1954-57. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choiste Seasta Fhine Gael ar feadh i bhfad. Ó 1932 go 1951 bhí sé ina léachtóir i Roinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus ansin ina Ollamh le Gaeilge ann ó 1951 go 1960. Bhí sé ina chathaoirleach ar Choimisiún na Státseirbhíse ó 1922 go 1932.

Tháinig sé i láthair ag comhdháil speisialta éigeandála Chonradh na Gaeilge 8 Eanáir 1925 agus dúirt nár thug sé aon airgead don eagraíocht, gur dochar don Ghaeilge a bhí á dhéanamh aici. ‘Tá an Conradh curtha as a riocht ag an bpolaitíocht’, dúirt sé. Deir Proinsias Mac Aonghusa in Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993, 1993 gur síleadh ag an am é a bheith beartaithe aigesean agus ag Risteárd Ó Maolchatha deireadh a chur scun scan le Conradh na Gaeilge. D’fhan cuimhne air sin tríocha bliain anonn: ‘Cé gur Conraitheoir a bhí i Risteárd Ó Maolchatha, Aire Oideachais an Chomhrialtais 1948-1951 agus 1954-1957, agus go raibh tionchar agus cumhacht ag an Seanadóir Micheál Ó hAodha, Conraitheoir eile tráth, ní raibh dearmad déanta ar a naimhdeas don Chonradh ar uairibh agus bhíodar faoi amhras’ (idem).

Is beag má chuir sé aon rud i gcló i nGaeilge. Bhailigh sé scéalta ó Mhicheál Turraoin [q.v.], ó Sheán Mac Gearailt, ó Sheán Ó Donnabháin, ó Thomás Ó Harta agus ó Nóra Ní Chinnéide idir 1933 agus 1941 agus foilsíodh iad in Béaloideas 14, 1944. Baineann 17 de na scéalta leis na spailpíní fánacha. B’fhéidir gurbh é an saol polaitiúil a bhac air níos mó ná sin a chur i gcló. Phós sé Margaret Kavanagh 11 Iúil 1917. Bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé 11 Iúil 1976.