Ó FLOINN, Séamus (1881–1962) Séamus Ó FLOINN 1881 1962 Corcaigh M Scoil na mBráithre Críostaí, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh Cliarscoil Naomh Fionnbarra, Fearann Phiarais, Co. Chorcaí Coláiste Phádraig, Maigh Nuad amhránaí [B9] sagart bailitheoir amhrán amhránaí bailitheoir amhrán [B9] sagart Caitliceach Rómhánach [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Eanáir 1961 chraol an B.B.C. ‘It All Happened’, clár a dhein Hywel Davis faoi. Bhuaigh sé Duais Chomhdháil Idirnáisiúnta na Teilifíse Caitlicí. Pearsantacht shuaithinseach an tseansagairt, gona chumas neamhghnách ar mháchailí urlabhraíochta a leigheas faoi deara a fheabhas a bhí an scannán.

I gCorcaigh a rugadh é ar 12 Nollaig 1881. Bhí a athair Cornelius O’Flynn ag obair i Margadh an Ime. De shliocht Protastúnach an mháthair Catherine Uppington. Bunscolaíocht sa Linn Dubh agus ansin go dtí an Mhainistir Thuaidh. Chaith sé dhá bhliain le hobair chléireachais. Bhí sé i gcliarscoil shóisearach Fhearann Phiarais ó 1899 amach agus ar feadh seacht mbliana i Maigh Nuad, mar ar oirníodh é ar 20 Meitheamh 1909. Ba bhall é de Chuallacht Cholm Cille sa Choláiste.

Thug sé a chéad chuairt ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh i 1910 agus d’éirigh cairdiúil le Dónall Ó Corcora agus Osborn Ó hAimhirgín. Nuair a bhí saoirse Chorcaí á bronnadh ar Kuno Meyer agus ar an Athair Peadar i mBealtaine 1910 dúirt buachaillí na Mainistreach Thuaidh ‘Amhrán dóchais’ Uí Aimhirgín faoi stiúir an Athar Séamus. Ba é a bhí i mbun an fháiltithe. Thathantaigh sé ar an Athair Peadar leabhar urnaí Mo shlí chun Dé scríobh. Cara eile ba ea an Dr Risteard de Hindeberg. Thagadh an scoláire ar cuairt chuige i dTeach na nGealt mar a raibh sé ina shéiplíneach ó 1911 go 1920. De Hindeberg a d’áitigh air mar obair shaoil tábhacht an tsean-nóis a chraobhscaoileadh.

Bhí spéis aige sna hamhráin ó d’fhoghlaim sé leagan Bhaile Bhuirne de ‘Eibhlín a Rún’ ó mhac léinn i bhFearann Phiarais. Ba mhinic éideafón aige le linn saoire sa Ghaeltacht gach bliain ó 1910 amach. Bhí guth maith aige féin agus iarrtaí chuig feiseanna ar fud na hÉireann é. Chuir sé aithne ar Charl de Hardebec i mBéal Feirste i 1915 agus ba é ba mhó faoi deara an dall a bheith ina ardmháistir i Scoil Cheoil Chorcaí i 1918.

Ó 1920 go 1946 bhí sé ina chúntóir san Ard-Eaglais agus ansin ina shagart paróiste sa Phasáiste Thiar. Thosaigh sé ag múineadh amhrán traidisiúnta do chailíní Chlochar na Trócaire ann. Tá taifid dá gcantain i gCartlanna RTÉ. Risteard Ó Maolchatha a bhí ina Aire Oideachais san am agus d’iarr sé ar a sheanchara scoil cheoil a stiúradh gach samhradh faoi scáth na Roinne.

Rud mór eile ina shaol ba ea Shakespeare. I 1926 bhunaigh sé an Chríoch-Scoil i seomra (‘The Loft’) os cionn monarchan milseán i Sráid Mulgrave chun drámaíocht agus gach gné den chultúr a fhorbairt. ‘Áilleacht in Uachtar’ mana na scoile. Ar feadh leathchéad bliain, ar ndóigh, bhí sé ag múineadh na hurlabhraíochta i bhFearann Phiarais go seachtainiúil. Ba chuid dár fhoghlaim sé ón Ollamh Mac Cardie Flint i Maigh Nuad an urlabhraíocht agus Shakespeare araon.

Cé go raibh sé i gceannas ar Chonradh na Gaeilge i gCorcaigh bliain chorraitheach amháin le linn Chogadh na Saoirse, níorbh fhear eagraíochta é. Ach riamh ó d’éirigh leis seanmóir i nGaeilge a thabhairt uaidh, le cabhair ó Sheán Tóibín, Lá Fhéile Pádraig 1910 anuas go dtí an t-am ar chuir sé scríbhinní Gaeilge ar Thuras na Croiche sa Phasáiste Thiar bhí sé le háireamh ar an dream a bhí ag coimeád seol na Gaeilge in airde i gCorcaigh. Níorbh ionann is formhór a chomrádaithe, áfach, ní rómhaith a bhí polasaí an éigeantais ná modhanna eile na Roinne Oideachais i leith na teanga ag réiteach leis. D’éag sé ar 18 Eanáir 1962.