Scríobh an sagart seo Dómhnaill Ó Conaill, 1949 agus bhí sé ar na chéad leabhair a roghnaigh an Club Leabhar. Tháinig cló nua amach i 1967. Ní cosúil go raibh aon rud i gcló roimhe sin aige seachas cúpla aiste in Irisleabhar Mhaigh Nuad. I gCill Dairbhre, Co. Chorcaí, a rugadh é 22 Samhain 1903. Ba iad Timothy O’Dwyer, feirmeoir agus siopadóir, agus Mary Fouhy a thuismitheoirí. Faoi Dhaonáireamh 1911 bhí cónaí ar an teaghlach i siopa ar bhóthar na Fairche i gCill Dairbhre. Dúradh gur bheirt chlainne a bhí acu ach ní raibh Antoine ann an oíche sin. Bhí sa teach Timothy (48), feirmeoir; a bhean Mary (42); agus a n-iníon Mary Gerard. Le naoi mbliana a bhí an lánúin pósta.

Oirníodh i Maigh Nuad é i 1926. Chaith sé tamall i Sasana. Nuair a d’fhill sé ar Dheoise Chluana ceapadh é ina rúnaí ag an easpag agus lean sé sa phost sin faoin gcomharba. I 1939 chuaigh sé go Gleanntán mar shagart cúnta agus tar éis tamaill de blianta go Ceann Toirc. Aistríodh go hAbhann Dhubh é i Márta 1947. Bhí sé i ndrochshláinte le tamall agus d’éag sé 16 Márta 1947. San fhógra báis luadh a athair, a dheartháir William, agus a dheirfiúr Mary. Lá ’le Michíl 1935 an dáta a chuir sé lena leabhar agus is i gCóbh a bhí sé agus an réamhrá á scríobh aige.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú