Ó CRÓINÍN, Eibhlís [Uí Chróinín] [Bess Cronin] (1879-1956) Eibhlís UÍ CHRÓINÍN Bess Cronin Eibhlís Ní Iarlaithe 1879 1956 An Ráth, Ré na nDoirí, Co. Chorcaí Maigh Chromtha, Co. Chorcaí Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí F amhránaí [B9] bailitheoir amhrán amhránaí bailitheoir amhrán [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó CRÓINÍN Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba iníon í le Seán Máistir Ó hIarlaithe. Bhí seisean ag múineadh i scoil Chúil Aodha agus ina dhiaidh sin i scoil Bharr Duínse agus bhí feirm ag na Foithrí aige. Ba í Mairéad Ní Thuama ón Ráth, Ré na nDoirí, paróiste Thuath na Dromann, a máthair. Ba í Mairéad an dara bean ag Seán Máistir agus bhí beirt leasdeartháireacha ag Bess, chomh maith le deartháir agus ceathrar deirfiúracha. Ar 29 Bealtaine 1879 sa Ráth a rugadh í. An 30 Bealtaine atá ag a muintir. Phós sí Seán, mac le Dónall Phronnséis Ó Cróinín. Bhí cónaí orthu i gCarraig an Adhmaid i mBaile Mhic Íre. Bhí ceathrar mac acu agus aon iníon amháin. Beirt de na mic ba ea an scoláire Donncha Ó Cróinín agus an bailitheoir béaloidis Seán Ó Cróinín [q.v.]. Garnia di an t-amhránaí Iarla Ó Lionáird.

Scríobh a mac Donncha in Béaloideas 32, 1964: ‘Ba mhaith an díol ar a [Seán] mháthair tuairisc a thabairt uirthi, ós í a mhúin dó bunús a raibh aige den Ghaoluinn agus den tseana-nós amhránaíochta. Is mó duine a ghlaoigh an treo chúithi, cuid acu ag lorg Gaeluinne agus tuilleadh acu ar thóir sean-amhrán, agus ní miste a rá ná go raibh an dá rud i dteannta a chéile aici ar áilleacht. Bhí ard-chruinneas cainte aici in aice na líofachta úd is dual dos na mná, agus i dtaobh na n-amhrán de, b’fhéidir nár mhiste tagairt a dhéanamh don rud aduairt Brian George mar gheall uirthi agus é ag trácht uirthi ar an BBC tar éis a báis: “ In all my experience of folk-music collecting, I must say I have never found greater satisfaction nor such wide variety”. Amhráin Bhéarla is mó a thóg an BBC síos uaithi, fóríor’.

Dúradh fúithi in alt i dtaobh Sheáin Uí Chróinin sa tsraith ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 18 Aibreán 1959: ‘Gach duine dá ndeachaidh ar an mbóthar riamh ag lorg amhrán thug sé aghaidh ar Charraig an Adhmaid—Séamus Ennis [q.v.], Diane Hamilton, Seán Mac Réamoinn, Alan Lomax, Jean Ritchie, Ciarán Mac Mathúna. D’éag sí beagnach trí bliana ó shin agus d’fhág sí ina diaidh oidhreacht amhrán, idir Béarla agus Gaeilge, nach raibh ag mórán lena linn’.

Scríobh a mac Donncha an scéal ‘Tobairín na Leamhnachta’ uaithi agus chuir i gcló é in Éigse Iml. XVII (Geimhreadh 1977-8). Chuir sé nóta leis: ‘Is mó go mór de chaint mo mháthar... a scríos ná de chaint éinne eile, ar nóin, agus is uaithi a scríos an scéal beag atá i gcló annso, ar 30 Nollaig 1945. Seacht mbliana is trí fichid a bhí sí an uair sin...’. D’éag sí 2 Meitheamh 1956 san ospidéal i Maigh Chromtha. Bhí cónaí uirthi ag an am i Sráid Chorcaí sa bhaile sin. Cuireadh í i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne 4 Meitheamh.