Ó CRIOMHTHAIN, Seán (1898-1975) Seán Ó CRIOMHTHAIN 1898 1975 An Blascaod Mór, Co. Chiarraí M craoltóir scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é an duine ab óige é den deichniúr clainne a bhí ag Tomás Ó Criomhthain [q.v.] agus a bhean Máire Ní Chatháin. Phós sé i 1933 a chol cúigir Éibhlís (nó ’Lís) Ní Shúilleabháin (1911-1971), a áireofaí ar ball mar dhuine de scríbhneoirí an Bhlascaoid. Tá léirithe ag Muiris Mac Conghail in The Blaskets: a Kerry Island Library (1987) a dheacracht a bhí sé teacht ar chéilí sa Bhlascaod i gcomparáid leis an mórthír agus dá réir sin go raibh trom na scríbhneoirí Blascaodacha den dara glún gaolmhar le chéile. Bhí seanathair ’Lís pósta ar dheirfiúr le Tomás Ó Criomhthain agus col seisir ba ea í le Muiris Ó Súilleabháin [q.v.].

Bhí beirt iníonacha acu. In 1942 chuaigh siad chun cónaithe ar an Muiríoch. In 1969 foilsíodh saothar dírbheathaisnéisneach Sheáin, Lá dár saol. Is mar seo a scríobh Seán Ó Ríordáin [B3] ar an leabhar sin: ‘Braithim féin gur clasaic is ea gach leabhar dá dtáinig as an mBlascaod Mór neamhspleách ar fheabhas mar gur fáisceadh iad uile as an gcúlra clasaiceach céanna—sé sin saol an Oileáin. Clasaic is ea aonleabhar Sheáin Uí Chriomhthain. Tá saol clasaiceach an Oileáin ar chúlaibh a chuid focal. D’ainneoin an smachta so bíonn pearsantacht na scríbhneoirí clasaiceacha so le braith ar a saothar má bhíonn cluas le héisteacht ort. Fear láidir ina mheon dar liom ba ea Seán Crithin, fear cruaidh fireann. Fear ba ea é go raibh tuiscint aige don dlí idir fhearaibh—fear a fáisceadh as traidisiún patriarcach—fear fear. Bhí ómós aige don rud is acht. Ní raibh aithne agam air. Níor bhuaileas leis ach uair amháin. As a leabhar agus as a chraolta atáim á léamh’ (Irish Times 18 Nollaig 1975). Ba mhinic páirt aige sa chlár ‘Fios Farraige’ ar Raidió na Gaeltachta agus shíl an Ríordánach gur chainteoir álainn é agus cainteoir cruinn. Bhraith sé doicheall ann, cé go raibh sé fial flaithiúil ina theach féin. ‘Bhí sé frithshagartúil ach críostaí cruthanta ba ea é’. Bhí aithne mhaith ag Breandán Feiritéar air agus scríobh seisean faoi in Scríobh 5, 1981 (in eagar ag Seán Ó Mórdha): ‘Ba chainteoir diongbháilte é, a chuid eachtraithe lán go barra de phictiúirí’. Tá pictiúr a tógadh in 1924 agus é ag seinm veidhlín i gcló ag Muiris Mac Conghail. An bhliain sin bhí leagan de ‘Caisleán Uí Néill’ i gcló aige in An Sguab i mí Lúnasa agus aiste ar Inis Mhic Aoibhleáin i mí na Samhna. Bhí beagán aistí agus scéalta aige ina dhiaidh sin in An Lóchrann. In Leoithne Aniar (1982) tá péire agallamh a chuir Pádraig Tyers[q.v.] air.

Maraíodh é i dtimpiste bóthair oíche ar 8 Nollaig 1975. ‘Kerry author killed in hit-and-run’ an cheannlíne a bhí ar thuairisc a bháis san Irish Times 10 Nollaig 1975. Fuair ’Lís bás ar 12 Meán Fómhair 1971. Níor foilsíodh a leabhar Letters from the Great Blasket go dtí 1978. Is é rud atá ann na litreacha i mBéarla i dtaobh a saoil san oileán agus sa mhórthír a chuir sí in imeacht fiche bliain chuig George Chambers, Sasanach a thug cuairt ar an oileán in 1931 agus arís in 1938.