Ó CORRDUIBH, Harry (1914-1982) Harry Ó CORRDUIBH 1914 1982 Cill Mhichíl, Co. an Chláir Cill Ghallagáin, Co. Mhaigh Eo M Scoil Ros Dumhach, Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo Coláiste De La Salle, Port Láirge Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sna 1950idí ba é an chéad duine é a chuir tús le feachtas ar son cearta sibhialta sa Ghaeltacht. Bhí aiste ag Nollaig Ó Gadhra faoi in Inniu 5 Márta 1982. I gCill Mhichíl, Co. an Chláir, a rugadh é ar 28 Aibreán 1914. Ball den Chonstáblacht Ríoga san áit sin ba ea a athair Michael; bheadh sé ina bhailitheoir béaloidis i Maigh Eo ar ball. Ba í Ann Gannon a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Fuair sé bunoideachas i Scoil Ros Dumhach, agus bhí ina dhiaidh sin i gColáiste De La Salle i bPort Láirge. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí ag múineadh i nGleann na Muaidhe, i bPoll an Tómais, agus i mBéal an Átha. Bhí sé ina phríomhoide i Ros Dumhach anuas go 1979 nuair a chuaigh sé ar pinsean.

Mar chisteoir Mhuintir na Gaeltachta (Amárach 9 Aibreán 1957) bhí sé i gceannas na hagóide a rinneadh i nGaeltacht Mhaigh Eo i 1957 i dtaobh a dhonacht a bhí na bóithre. Daoradh é sa chúirt dúiche i mí an Mhárta toisc gan mótarcháin a bheith íoctha aige. Gearradh fíneáil £4.18.0 air agus ní íocfadh sé é; i mBéarla a rinneadh an gnó ar fad. Cuireadh i bpríosún é. Éisteadh an cás i nGaeilge faoi dhó san Ard-Chúirt agus saoradh é ar 10 Aibreán. Tugadh iomlán na gcostas dó. Eagraíodh paráid agóide i mBaile Átha Cliath chun tacú leis agus bhí caoga gluaisteán gan cháin ó Mhaigh Eo agus slua ó Ros Dumhach páirteach. Tá cuntas ag Máirtín Ó Cadhain[B4] ar an bhfeachtas i Maigh Eo in An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, 2002 (lch 118-123) in eagar ag Seán Ó Laighin. Bhí sé i bpríosún arís i 1961 i ngeall ar agóid a bhain le scoileanna ina cheantar; bhí sé ina chathaoirleach tamall ar an INTO in Iorras. D’éirigh leis meánscoil a chur á bunú i Ros Dumhach. Bhí sé pósta ar Bhríd Sheerin, oide scoile, agus bhí beirt mhac agus iníon acu. D’éag sé ar 7 Feabhra 1982 agus tá sé curtha i gCill Ghallagáin. Dúradh i bpáipéar áitiúil: ‘The name of Harry Corduff was a household name in every village in Erris as down through the years he fought for the betterment of the people of the area’. Oibrí aitheanta i Roinn an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a dheartháir Leo ( d’éag ar 21 Samhain 1992). Phós a dheirfiúr Eva an polaiteoir Niall Blaney.