Ó CONCHUBHAIR, Tadhg (c.1838–1925) Tadhg Ó CONCHUBHAIR c.1838 1925 Tiobraid Árann M scéalaí/seanchaí [B9] scéalaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

‘Luafar Tadhg Ó Conchubhair i measc na bhfilí muinntire i gCiarraí—le Tomás Ruadh agus Seán Ó Duinnshléibhe[B4] do chuaigh roimis’, a dúirt an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) [q.v.] ina thaobh. Seo é an file ar scríobh Fionán Mac Coluim[B1] ábhar síos uaidh agus arbh é an Seabhac a chuir eagar air, drámaí, agallaimh beirte agus amhráin, in Reacaireacht ghrinn na tuaithe, 1925. Bhí scéalta a tógadh síos ó bhéalaithris Thaidhg i gcló in An Lóchrann idir 1909 agus 1920. Táthar deimhneach de gurbh é Tadhg féin a chum na hamhráin ach bhí drogall air sin a admháil. Tá eolas ar a shaol sa leabhar féin, agus tá cíoradh agus scagadh déanta ag Roibeard Ó Cathasaigh ar an eolas sin, agus tá cuimhní agus cuntais seanchomharsana agus gaolta bailithe aige, in Ár bhfilí: Iris na hoidhreachta 3, 1991 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Ag tagairt don Seabhac agus d’Fhionán Mac Coluim deir sé: ‘Mar thoradh ar shaothar na beirte úd gheibhimid féachaint ar mheon spleodrach, ar aigne fhiliúil bhinibeach, ar ghuth ceolmhar agus ar theanga na muintire d’imigh romhainn mar a tógadh ó Thadhg Ó Conchúir na Gráige í. Ní beag sin mar oidhreacht againn’. Foilsíodh Drámaíocht ó dhúchas ó bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, 2005 in eagar ag Seán Ó Morónaigh. Tá bailithe ann na drámaí, na dánta agus na hagallaimh a scríobh sé nó a thug sé leis nó a leagtar air mar aon le heolas beathaisnéiseach.

I dTiobraid Árann a rugadh é, mar a tugadh le fios i nDaonáireamh 1911. Baisteadh i bparóiste An Ghallbhaile é ar 22 Samhain 1840. Is léir ar an teastas baiste a d’aimsigh Seán Ó Morónaigh gur leanbh tabhartha é Tadhg. Cuireadh é go muintir an athar i Lios Póil, Co. Chiarraí. Bhí cónaí ar Thadhg ar an nGráig i Lios Póil, Co. Chiarraí. In Reacaireacht Ghrinn na tuaithe dúirt An Seabhac (1925) gur sheanfhear 87 bliana d’aois ba ea é agus gur feirmeoir slachtmhar cúramach a bhí ann. Phós sé Bríd Ní Bhrosnacháin ón bhFothrach Mór ar 26 Feabhra 1867 agus bhí seachtar mac agus ceathrar iníonacha acu. Póilín ba ea a athair, Timothy O’Connor. Julia Callaghan ab ainm dá mháthair. De réir chlár na bpóstaí, Tadhg a bhí ar a athair agus ba í Johanna Callaghan a mháthair. Ach deir Roibeard Ó Cathasaigh nach ‘féidir iontaoibh a bheith againn as cruinneas na fianaise sin’ agus tugann sé cúpla insint eile i dtaobh cérbh iad tuismitheoirí Thaidhg. Ó ghariníon Thaidhg a fuair sé insint díobh faoi mar a chuala sí óna haint í. Níor theastaigh ó mhuintir a sin-seanmháthar, Conchubharaigh i mBaile na Saor, go bpósfadh sí an Conchubharach seo sa Ghráig. Ach ní phósfadh sí aon fhear eile. ‘Ansin saolaíodh an leanbh di sin agus b’shin é mo sheanathair Tadhg Ó Conchúir. Bhí muintir na máthar á gcur go dtí na Stáit Aontaithe, ach ní ligfeadh mo shin-seanathair di a mhac a thabhairt léi go dtí na Stáit Aontaithe’. Tuairimíonn Ó Cathasaigh go mba uncail le Tadhg an file Micheál Ó Conchúir nó Guistí an Mhachaire (c.1790-1850) agus is dóigh leis gur ag tacú leis sin atá an Seabhac nuair a deir sé: ‘Bhí uncail aige le linn a óige a bhí ina scoláire maith agus ina mhúinteoir scoile’. Is mar seo a cuireadh síos eolas ar Thadhg agus a mhuintir sa Ghráig i nDaonáireamh 1901: Timothy (61) a rugadh i gCiarraí; Bríd, a bhean (54); na mic Timothy (33), Thomas (30), Patrick (16); an iníon Katie (18). Bhí sa teach freisin an oíche sin gariníon le Tadhg, Kathleen Kavanagh (2). Bhí Gaeilge ag an teaghlach go léir ach amháin Kathleen. Is mar seo a bhí an scéal i 1911: Timothy (43), ceann an teaghlaigh, a bhean agus a chlann; a athair Timothy (73). An babhta seo chuir a mhac síos gur i dTiobraid Árann a rugadh sean-Tadhg!

Is mar sheanduine beag bríomhar agus duine cráifeach ba chuimhin le seanchomharsana é. Timpeall 1903 a fuarthas amach go raibh na hamhráin agus an t-ábhar eile sin aige. Scríobh fear céile a iníne, Micheál Ó Cíobháin, oide scoile, an dráma Cleamhnas an Bhacaigh síos uaidh agus chuir páistí Scoil Bhréanainn ar an stáitse é ag Feis an Daingin i 1904. Ina dhiaidh sin cailleadh cibé cóipeanna den dráma a bhí ann, dar leis an Seabhac, agus bhí ar Thadhg é a chur ar fáil arís agus bhí mórchuid de imithe as a chuimhne. Nuair a scríobh Fionán Mac Coluim[B1]Cleamhnas an Bhacaigh’ ó bhéalaithris Thaidhg i 1917, bhí cuid den dráma dearmadta aige. Líon Pádraig Ó Fiannachta na bearnaí le cumadóireacht nua san eagrán seo. Fuair sé bás ar 7/8 Nollaig 1925 agus tá sé curtha i reilig Bhaile na Cúirte in Abhainn an Scáil. Nochtadh leac ina onóir i reilig Bhaile na Cúirte i 2004.