Ó COILEÁIN, Conchubhar (1911-1965) Conchubhar Ó COILEÁIN Fear Ó Laoghaire 1911 1965 Baile Mhá, Co. Chorcaí Reilig Fhionnbharra, Co. Chorcaí Gráinseach an Déin, Baile Átha Cliath M Scoil Náisiúnta Bhaile Nóra, Co. Chorcaí Scoil na mBráithre Críostaí, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh Bráthair Críostaí [B9] Bráthair Críostaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí baint mhór aige le forbairt na seirbhíse nuachta raidió agus teilifíse i Radio Éireann. Scríobhadh cuntas ar a shaol in Inniu 19 Feabhra 1954 agus bhain colún ‘An Mhuintir seo Againne’ le S.Ó D. in Scéala Éireann 18 Márta 1954 leis. I mBaile Mhá, Tobar an Iarla, i bparóiste Inis Chionaoith, Corcaigh, a rugadh é (Cornelius Anthony—‘Tony’ a thugadh a mhuintir air) 12 Meitheamh 1911. Ba é William Collins as Baile Mhá, oibrí iarnróid, a athair. Ba í Margaret O’Brien as Achadh Mille, Cloich na Coillte, an mháthair agus ba de na Brianaigh chéanna sin máthair Mhichíl Uí Choileáin. Bhí triúr deartháireacha aige agus ceathrar deirfiúracha. Bhí Gaeilge ag muintir a thuismitheoirí. ‘Tá leabhar urnaí Gaeilge-Béarla ina sheilbh a d’úsáideadh athair a mháthar ach ní raibh aon Ghaeilge aige féin go ndeachaigh sé ar scoil’, a dúradh in Inniu. Fuair sé bunoideachas i Scoil Náisiúnta Bhaile Nóra. Ón bpríomhoide Séamus Ó Longaigh, a bhí seal ina rúnaí ar Chraobh an Chéitinnigh, a fuair sé a chéad fhocal den teanga. I gColáiste na Mainistreach Thuaidh bhí sé in aon rang le Seán Óg Ó Tuama[B2]. Chuaigh sé go Baile Átha Cliath i 1926 agus é ar intinn aige bheith ina Bhráthair Críostaí. Mar bhráthair chaith sé tamaill ghairide ag múineadh i Scoil na mBráithre, Rae an Iarthair (1929-30), agus sa Daingean (1930-32). Faoi 1933-36 bhí sé ag múineadh i Scoil Saothair Naomh Pádraig, Baile Thancaird, Co. Chorcaí. Scríobhadh sé aistí in An Camán i 1933 agus ba mhinic an t-ainm pinn ‘Fear Ó Laoghaire’ lena dhéantús anseo is ansiúd.

Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge: i 1936 bhí sé ina rúnaí ar chraobh Bhaile Nóra; chaith seal ina rúnaí ar ghasra Inis Eonáin den Fháinne—é féin agus Pilib Ó Laoghaire[q.v.] a bhunaigh an gasra sin i 1934; ceapadh é ina rúnaí ar Chomhairle Chontae An Fháinne i gCorcaigh. Ar ais leis go Baile Átha Cliath ansin agus go post páirtaimseartha ag múineadh Gaeilge faoin gCoiste Gairmoideachais i 1937. Bhí Fine Gall siar go teorainn na Mí faoina chúram. Deireadh sé go bhfuair sé greim ar ‘nós na rúnaíochta’ nuair a chaith sé tamall ina rúnaí ar choiste Chontae Bhaile Átha Cliath den Chonradh agus tamall gairid ag gníomhú mar rúnaí ar Ard-Ghasra an Fháinne. Faoi 1940 bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ag an gCoiste Freastail Scoile i gceantar Dhún Laoghaire. Bhuaigh sé scoláireacht ón Roinn Oideachais chuig an gcéad chúrsa a bhí ann do mhúinteoirí Gaeilge. B’fhéidir gur ag an am sin a thosaigh a spéis i stair na múinteoirí taistil. Dúradh in Inniu : ‘. . . agus tá sé i bhfáth le scéal iomlán “taistealaithe tráchtála na Gaeilge” bheith scríofa’. Fuair sé an cháilíocht agus chuaigh ag obair faoin gComhairle le Leas Óige. Ba é a bhunaigh Foras Éireann le hallaí a chur ar fáil faoin tuaith. Timpeall an ama sin a chaith sé tréimhsí ag múineadh i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh.

Bhí baint aige leis na socruithe don chéad Oireachtas athbhunaithe i 1939 agus ar feadh dhá bhliain bhí sé ar choiste na féile mar theachta ón bhFáinne. Bhí sé ina oifigeach nuachta acu i 1954. Toghadh ina bhall de Choiste Gnó an Conartha é 1941-43. Ceapadh ina rúnaí oinigh é i 1942 agus ina Ardrúnaí lánaimseartha um Nollaig 1943. Air a thit trom na hoibre a bhain leis an Leabhar Cuimhne (in eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin) nuair a bhí Iubhaile Órga an Chonartha á chomóradh agus ba cheann dá chúraimí deireanacha an comóradh a rinneadh ar Eoghan Ó Gramhnaigh [B4] a stiúradh. Bhí sé i bpost sin an Chonartha gur ceapadh é ina leabharlannaí cúnta i Scéala Éireann i 1949. Le linn dó a bheith ansiúd bhí sé ina chomhchisteoir, in éineacht le hAonghus Ó Dálaigh, ar Chomhaltas Nuachtóirí Éireann, ceardchumann Éireannach na n-iriseoirí. Bhí sé ina chisteoir ag coiste na dtuismitheoirí a chuir Scoil Lorcáin ar bun i 1952. Ó 1954 go bhfuair sé bás bhí sé i mbun na nuachta Gaeilge i Radio Éireann agus níos deireanaí in RTÉ. Ceann dá chéad ghníomhartha ba ea tús a chur leis an gclár ceannródaíoch Nuacht Anall, Nuacht Abhus. Ag tagairt don tréimhse sin dá shaol deir Proinsias Mac Aonghusa: ‘Is eisean ina dhiaidh sin a bhí ina chéad Eagarthóir nuachta Gaeilge i Radio Éireann mar a ndearna sé sárobair agus gur chuir sé gairmiúlacht i gcion in áit a bhí faoi chúram amaitéarach go dtí sin’ (Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993: Stair Sheanchais, 1993). Tuairiscíodh in Amárach 7 Feabhra 1961 cúis dlí a bheith idir é agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath: ní raibh siad ábalta leagan Gaeilge de na foirmeacha a bhain leis na rátaí a cur ar fáil.

I 1943 phós sé Caitlín Máire Ní Uallacháin a bhí seal ina rúnaí ar an gConradh i Luimneach. Casadh ar a chéile iad ag Ard-Fheis an Chonartha a tionóladh i Luimneach i 1940. Bhí mac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé 18 Meitheamh 1965. Bhí cónaí air i nGráinseach an Déin. Cuireadh é i Reilig Fhionnbharra i gCorcaigh.

Scríobh Seán Mac Gearailt (Uachtarán Chonradh na Gaeilge 1945-46, 1952-55) faoi in Feasta, Deireadh Fómhair 1965: ‘Fear séimh cneasta a bhí ann ach bhí sé ullamh chun cáil an Chonartha agus ceart na Gaeilge a chosaint le fuinneamh am ar bith a raibh feidhm lena leithéid. . . . Fear dúthrachtach ba ea Conchubhar Ó Coileáin ach níor dhuine é go bhféadfaí an ró-dhúthracht a chasadh leis. Ba é a bhí foighneach; ba ghá dó a bheith. D’oibrigh sé moch déanach sa Chonradh seacht lá sa tseachtain go minic. Bhí an greann go tréan ann, rud a sheas dó go maith sna laethe duaisiúla úd’. Agus bhí an méid seo ag Liam G. Budhlaeir in Comhar, Lúnasa 1965 i dtaobh a shaoiste: ‘Go deimhin, b’fhurasta teacht ar mháistir níos measa ná é. Ba leasc leis a údarás a chur in iúl. Bhí sé cneasta ina mheon, caoin ina phearsa agus cineálta ina dhearcadh. . . iad sin a raibh fhios acu gur ón gcathair é, chuir feabhas a chuid Gaelainne iontas orthu i gcónaí mar ba é ba ghléine is ba léire foghar is fuaim. Ach ba é nár mhiste leis maolú ar a chanúint féin agus é ag caint leis an Ultach nó leis an gConnachtach. Ní raibh aon éirí anáirde ag roinnt leis ariamh agus ní fhéadfadh sé cur suas leis an mórtas thóin, pé acu le taca ná ina éagmais é. . . Ní raibh focal borb ina bhéal ná aon bhinib ina chorp. Ní raibh an drochbhraon ann.’