Ó CIOSÁIN, Éamon (1899-1979) Éamon Ó CIOSÁIN 1899 1979 Maigh Mheáin, Co. Chiarraí M Teachta Dála [B9] polaiteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I Maigh Mheáin, Ciarraí thuaidh, a rugadh é 4 Eanáir 1899. Cliamhain isteach san fheirm ba ea a athair James arbh as ceantar Bhaile an Bhuinneánaigh dó. Ba í Bridget Doherty a mháthair. Bhí baint ag muintir Chiosáin leis an saol poiblí le fada. Ba é Éamonn an duine ab óige den dáréag duine clainne agus bhíothas ag súil go bhfanfadh sé ar an bhfeirm ach ó 1916 i leith bhí sé gníomhach i Sinn Féin agus i ngluaiseacht na Gaeilge agus cheangail sé leis na hÓglaigh i 1917. Ba ghairid go raibh sé go lánaimseartha nach mór sa ghluaiseacht náisiúnta; thaistil sé in éineacht le Fionán Mac Coluim [B1] ar fud Ciarraí thuaidh ag bunú craobhacha de Chonradh na Gaeilge.

I 1920 comhthoghadh é ar Choiste Chontae Chiarraí. Bhí sé i bpríosúin anseo agus ansiúd go dtí 1924; bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Chaith sé tamall ag obair ar an bhfeirm ach ansin thosaigh sé ar obair na Gaeilge arís, an babhta seo mar thimire agus mar mhúinteoir faoi na comhairlí contae agus na coistí gairmoideachais i gContae Loch Garman agus i gContae Chill Chainnigh. Baint aige le heagrú Choláiste Mhichíl, coláiste samhraidh Gaeilge i mBaile na Sceilg, sna 1920idí agus sna 1930idí.

Bhí baint aige le Dáil Chúige Laighean. I gCill Chainnigh a bhí sé i 1932 nuair a roghnaíodh é mar iarrthóir do Fhianna Fáil i ndáilcheantar Chiarraí. Toghadh é an uair sin agus arís i 1933. Toghadh do Chiarraí Thuaidh é i ngach toghchán ó 1937 go 1948. Faoi 1943 bhí sé ina rúnaí parlaiminteach ag an Aire Tailte agus bhí seirbhísí na Gaeltachta go speisialta faoina chúram. I ndiaidh toghchán na bliana sin bhí sé ina rúnaí parlaiminteach ag an Taoiseach agus ag an Aire Cosanta. Bhí sé ar choiste Fhianna Fáil ó 1943 ar aghaidh. Ba é príomh-aoire Fhianna Fáil sa Dáil é. Níor éirigh leis i dtoghcháin 1951 agus 1954. Chaith sé tamall ina bhall den Seanad. Cháiligh sé mar abhcóide i 1938 agus chleachtadh sé sa chúirt chuarda san iarthar. Dúradh sa tuairisc bháis in Scéala Éireann go raibh baint aige le bunú Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí cáil air mar flúiteadóir agus mar bheidhleadóir. D’éag sé 20 Bealtaine 1979. Bhí sé pósta ar Anne Kehoe, dochtúir leighis. Bhí a dheartháir Risteard pósta ar Mhairéad Ní Ghráda[B1]. Ba sheanuncail é le hÉamon Ó Ciosáin, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.