Ó CEALLACHÁIN, Séamus (1883-1921) Séamus Ó CEALLACHÁIN 1883 1921 Láthair an Bhuailte, Co. Chorcaí M Coláiste Naomh Fionnbarra, Fearann Phiarais, Co. Chorcaí sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá sé ar dhuine den triúr sagart a dúnmharaíodh i rith Chogadh na Saoirse. Is cuntas maith ar ar tharla dó an chaibidil ‘Dúnmharú an Athar Uí Cheallacháin’ in Liam de Róiste, 1976 le Diarmuid Ó Murchadha. I Láthair an Bhuailte i bparóiste Bhaile Níos, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 22 Aibreán 1883. John Callaghan, feirmeoir, a athair agus ba í Mary Hennessy a mháthair. Faoi Dhaonáireamh 1901 bhí an t-athair agus an mháthair marbh. Chuir an iníon ba shine (32) síos go raibh Gaeilge aici féin agus ag a deirfiúr (20) agus ag a deartháir (19) agus ag uncail léi (50) ach nach raibh sí ag a deirfiúr (16) ná ag an bheirt deartháireacha óga (4 agus 9). Ní raibh Séamus sa teach oíche an Daonáirimh. Tar éis oideachais i gColáiste Bharra i bhFearann Phiarais bhí sé i Maigh Nuad. Chuir sé spéis sa Ghaeilge le linn dó a bheith ann. Oirníodh é um Meitheamh 1908. Sagairt ba ea cúigear dá uncailí.

Chaith sé tamall ag obair i bparóiste Uíbh Laoghaire timpeall 1911. Cuireadh siar ansin é mar chúntóir nuair a bhí an sagart paróiste gan a bheith ar fónamh. Ghlac sé páirt in obair Choláiste na Mumhan agus bhí ina ardmháistir ar feadh seisiúin amháin i 1912. Chaith sé tamaill ann ina mhúinteoir, ina dhéan cónaithe agus ina bhall den choiste. I 1913 ba é an chéad sagart cúnta é a ceapadh go lánaimseartha i mBéal Átha an Ghaorthaidh. Aistríodh é go paróiste na hArdeaglaise, cathair Chorcaí, i 1917, agus mhúineadh sé ranganna i gcoláiste geimhridh a bhain le Coláiste na Mumhan. I nDeireadh Fómhair 1920 ceapadh é ina shagart cúnta sna Cloichíní.

I mBéal Átha an Ghaorthaidh a d’éirigh sé cairdiúil le Liam de Róiste [B3]. D’iarr sé air cead fanacht ina theachsan sa chathair fad a bhí sé ag lorg tí sna Cloichíní. Chuaigh sé chun cónaithe ann Lá Samhna 1920. Ar 13 Márta 1921 lámhaigh saighdiúirí a uncail Tomás Ó hAonghusa i bhfeirm in aice Bhun an Tábhairne. Ar 14 Bealtaine 1921 maraíodh constábla sa Linn Dubh. Rud a chuir leis an gcontúirt go rabhthas díreach tar éis an Róisteach a thoghadh gan freasúra mar bhall parlaiminte agus comhairlíodh dó gan an oíche a chaitheamh sa bhaile. Tuairim a ceathair a chlog maidin Dhomhnach Cincíse (15 Bealtaine) bhris Dúchrónaigh isteach sa teach á lorg agus lámhaigh an sagart. D’éag sé an tráthnóna sin. Cuireadh é an Mháirt dár gcionn i séipéal na gCloichíní. Muintir an pharóiste a d’iarr an achainí sin. Cuireadh leacht suas ar a uaigh ar 16 Meitheamh 1971.

Dúradh in Cork Examiner 19 Bealtaine 1921: ‘Le deich mbliana ar a laghad dhein sé cúram mór den Ghaeilge—i bparóiste Uíbh Laoghaire agus anseo i gcathair Chorcaí. Agus aon ní nua a chabhródh le múineadh na teanga rachadh sé aon fhad ó bhaile chun an ní sin a scrúdú. Nuair a cuireadh i mbun Coláiste na Mumhan sa chathair seo é an chéad bhliain chaith sé an samhradh san go léir ag faire na hoibre ins na coláistí eile Gaeilge (go mór mhór i gColáiste Ó Méith Mara in Ultaibh mar a raibh Módh Múinte an Athar Domhnall Ó Tuathail [B4] ar bun) féachaint an raibh aon ní i dtaobh múineadh ceart na teanga ag dul ó Choláiste na Mumhan’.