Chaith sé cuid mhór dá shaol ag foghlaim Gaeilge ach níor spéis leis an athbheochan. In Battersea, Londain, a rugadh é ar 9 Meán Fómhair 1899. Ba é an t-aon leanbh é ag Beverley Grant Ussher, cigire scoileanna, agus Emily Horsley (nee Jebb) ó Shropshire. Ba é R. J. Ussher (1841-1893), éaneolaí, a sheanathair; ba é Birds of Ireland, 1906 leis sin agus le Robert Warren an leabhar ba thábhachtaí ar éin na hÉireann go dtí 1954 nuair a foilsíodh leabhar den teideal céanna le Kennedy, Ruttledge agus Scroope. Ba eisean an Mr Ussher, J. P., an Cheapaigh, Port Láirge, a bhí i láthair ag Feis Mhaigh Deilge in 1899 (An Claidheamh Soluis 15 Lúnasa 1899). B’fhéidir le Arland a mhaíomh go raibh i measc a shinsear John agus Sir William Ussher, beirt a raibh baint acu leis na chéad leabhair Ghaeilge a clóbhualadh. Mhaíodh sé freisin go raibh braon den Ghael-fhuil ann: ba dhuine de mhuintir Mhic Chraith duine dá shinsir. Sa Cheapaigh a tógadh é. Bhí sé ar Scoil Abbotsholme, Derbyshire. Tá an chaibidil ‘The Retrospect’ ina leabhar The Face and mind of Ireland, 1949 dírbheathaisniúil go pointe áirithe agus deir sé ann: ‘At my school in England I regularly had sent to me the various Irish patriotic and separatist journals, including the organ of the new Volunteer Movement. . .’. Turcach ba ea an cara ba mhó aige ann agus deir sé gur fhoghlaim sé an aibítir Thurcach uaidh mar mhalairt ar cheachtanna Gaeilge.

Chaith sé tamaill ghairide i gColáiste na Tríonóide agus i gColáiste Eoin, Cambridge, gan céim a ghnóthú. Dúirt sé uair gur shaothar neamhfhoilsithe le D. H. Lawrence a fuair sé ar iasacht a chuir ar strae ó na cúrsaí céime é. Agus é ag fás suas sa Cheapaigh bhí Gaeilge le cloisteáil aige timpeall air agus faoi 1917 bhí sé ina rúnaí ag craobh na Ceapaíden Fháinne a bhunaigh Micheál Ó Foghlú (1879-1952). Tharraing sé fraoch Phiarais Béaslaí anuas air féin nuair a scríobh sé, mar bhall den Fháinne, litir i mBéarla chuig An Claidheamh Soluis 24 Márta 1917. Chuaigh sé le feirmeoireacht ar an talamh athartha sa Cheapaigh. ‘I quickly picked up the language, to the uncomprehending amazement of “County neighbours”; though it was not, alas, till many years later—and when much had perished beyond recall—that I put together my two volumes of Gaelic colloquialisms. I may thus claim to have been present at the death of an old culture; an experience of some interest today, when we are likely to see the extinction of many another culture—but for the same reason, not to be taken too tragically’ (The Journal of Arland Ussher, 1980). Ba iad an dá leabhar sin Caint an tSean-Shaoghail, 1942 agus Cúrsaí an tSean-Shaoghail, 1948, ábhar a scríobh sé síos ón treabhadóir Tomás Ó Muirithe (c.1880-1958). Is cosúil gurbh é Micheál Ó Síocháin a spreag é chun an saothar sin a dhéanamh. Deirtear gurbh é a chuir an chéad aistriúchán liteartha de Chúirt an Mheán Oíche ar fáil, The Midnight Court and The Adventures of a Luckless Fellow, 1926 (réamhrá le W.B. Yeats).

Ní foláir nó chaitheadh sé tamaill i mBaile Átha Cliath sna luath-thríochaidí; ba chuimhin le Mervyn Wall drochaisteoir darb ainm Percy Ussher a bheith ar stáitse an Gheata go minic (‘Arland Ussher remembered’ in The Juggler, 1982). Rinne an cogadh eacnamaíoch dochar mór dá ghnó feirmeoireachta agus tuairim an ama sin chuir sé isteach ar phost mar chrochadóir oifigiúil. Tá an litir a chuir sé, más fíor, chuig an Roinn Dlí agus Cirt i gcló aige in The face and mind of Ireland. Tá an abairt seo ann: ‘I may mention that as a translator of Gaelic poetry I should hope to pass the bilingual test, necessary for all appointments in the Free State, and doubtless essential for taking down the last remarks of prisoners, which are made, presumably, in Irish only’. D’éirigh sé tuirseach den fheirmeoireacht agus d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1943. Bhí ioncam beag príobháideach aige chomh maith le cibé a bhí sé in ann a shaothrú lena pheann. Tá blas na fealsúnachta ar a shaothar go léir agus go háirithe ar an dialann a choimeád sé ar feadh na tréimhse 1943-1977, a bhfuil sleachta as i gcló in The Journal of Arland Ussher, 1981 agus The Juggler, 1982. Liostaigh sé an dialann sin agus cait mar chaithimh aimsire in Who’s who, what’s what and where in Ireland, 1973. Bhí sé ina uachtarán ar Acadamh Liteartha na hÉireann ar feadh dosaen bliain agus bronnadh Bonn Gregoryan Acadaimh air. D’éag sé 24 Nollaig 1980 agus tá sé curtha i Mount Jerome. Phós sé Emily Atkinson Whitehead i 1925 agus bhí iníon acu. Phós sé Margaret F. Keith 10 Samhain 1975. I measc na leabhar eile a scríobh sé tá The Magic People, 1952; Three Great Irishmen, 1953; Spanish Mercy, 1959.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú