SHORTALL, William (1878-1938) William SHORTALL 1878 1938 Sráid na Life Íochtarach, Baile Átha Cliath Ráth Maonais, Baile Átha Cliath M bailitheoir béaloidis [B9] múinteoir bailitheoir béaloidis rannpháirtí in Éirí Amach 1916 [B9] múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] óglach 1913–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba bheag duine dár rugadh i mBaile Átha Cliath a d’fhoghlaim Gaeilge chomh maith leis i mblianta tosaigh Chonradh na Gaeilge. Sampla is ea é freisin ar a óige a bhí cuid de cheannairí na gluaiseachta san ardchathair. Bhí sé ina mhúinteoir, nó ina mhonatóir, b’fhéidir, i Scoil na mBráithre Críostaí i bPlás Mhuire tuairim 1896. Duine dá dhaltaí ansiúd ba ea Seán T. Ó Ceallaigh[B4]. ‘Bhí meas mór agam ... ar an múinteoir Gaeilge, Liam Shortall, agus ar a chómhúinteoir tuata, Séamas Mac Cormaic. Sármhúinteoirí ba ea an bheirt acu agus tá na céadta fear i mBaile Átha Cliath—nó bhí lá den saol—a d’fhéadfadh an teist sin a thabhairt orthu chomh maith liomsa’ (Seán T.: scéal a bheatha á insint, 1963 in eagar ag Proinsias Ó Conluain). Bhí sé ina dhiaidh sin ag múineadh i Scoil na mBráithre i Sráid Synge agus thug cabhair don Bhráthair Mac Giolla Phádraig[B4] nuair a bhí Graiméar na Gaeilge, 1901 á scríobh aige; ba é a scríobh an chaibidil ‘Irish phonetics’.

Ag 28 Sráid na Life Íochtarach, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 16 Eanáir 1878. Ba é Peter Shortall, sclábhaí, a athair agus ba í Susan Mason a mháthair. Bheadh sin ag teacht lena aois i nDaonáireamh 1911. Ar 3 Aibreán 1871 a rugadh Mary don lánúin sin ag 60 An tSráid Nua agus rugadh Bridget dóibh ag an seoladh sin 7 Aibreán 1872. Arís bheadh aois na ndeirfiúracha sin ag teacht leis an eolas a tugadh sa Daonáireamh. Ar mhaithe leis an gcuntas seo d’aimsigh an Dr P.J. Shortall, fear a bhfuil eolas ar leith aige ar mhuintir Shoirtéal Laoise, uaigh Liam i nGlas Naíon agus fuair go raibh a thuismitheoirí, Peter (d’éag ar 13 Feabhra 1893) agus Susan (d’éag ar 20 Márta 1905), curtha ann. Trí bhotún tá 1936 curtha ar an leac mar dháta báis Liam (‘Uilliam Suirteal’). Fuair an dochtúir teastais pósta do Pheadar. Anthony ab ainm dá athair agus ba sclábhaí é. Cúpla ba ea é féin agus Pól a rugadh i gceantar Phort Laoise Lá ’le Peadar is Pól 1829.

Tuairiscíodh in The Nation 26 Meán Fómhair 1896 gur toghadh John, Joseph agus William Shortall ina mbaill den Ard-Chraobh den Chonradh. Toghadh Pádraig Mac Piarais an oíche chéanna. In Weekly Nation 30 Deireadh Fómhair 1897 tá an cuntas seo ar oíche sa chraobh: ‘Mr Shortall then read “Páidín Ó Dálaigh”, one of the most difficult as well as one of the most humorous of the stories collected by the late Mr Patrick O’Leary [Pádraig Ó Laoghaire] [B1] and surprised his audience with the fluency with which he read it. Mr Shortall has been only two years studying Irish and his accent was as pure as if he had been speaking the language all his life; another proof, if that were necessary, that Irish is not as difficult as some would have you suppose’.

Ba bheag uimhir de An Claidheamh Soluis nach raibh a ainm ann. Bhí rang aige i gClub na bhFear Oibre i Sráid Gloucester (11 Samhain 1899); toghadh é ina leasuachtarán ar Chraobh Mhichíl Uí Dhuibhir (3 Samhain 1900)—bhíodh an rang sinsearach agus rang na hamhránaíochta á stiúradh aige; bhí rang aige sa chraobh nua a osclaíodh i Siopa Uí Chléirigh i Sráid Uí Chonaill; amhránaí maith ba ea é—bhí sé ar dhuine de na hamhránaithe aitheanta ag mórscoraíocht na hArdchraoibhe in Ostán Gresham (27 Deireadh Fómhair 1900)—agus deireadh amhráin dá dhéantús féin uaireanta; faoi 1904 bhí an t-ardrang ar siúl aige i gCraobh Shliabh Arguis (23 Iúil 1904) agus bhí sé ag múineadh rang i gCraobh an Chraoibhín (17 Deireadh Fómhair 1904).

I Scoil na mBráithre i bPlás Mhuire a bhí sé ag obair go fóill in 1902 agus bhí naonúr ón scoil sin ag cur isteach ar chomórtais Fheis Laighean. In 1903 bhuaigh sé an bonn óir sa chomórtas ‘Céim an Oide’ agus dúradh i bpáipéar an Chonartha ar 15 Lúnasa 1903: ‘His great knowledge of Irish equals that of young native speakers, his knowledge of literature is both wide and accurate’. Ag Oireachtas na bliana sin bhuaigh sé an chéad duais ar ‘Bailiúchán de sheanscéalta nár cuireadh i gcló riamh fós’. Bhuaigh sé an comórtas arís in 1904 agus in 1906. Ba é Micheál Mac Ruaidhrí[B1] an scéalaí gach bliain díobh. Ba é a scríobh síos ón bhfear céanna Beatha Aodh Uí Néill. Dúradh an méid seo i léirmheas in An Claidheamh Soluis 22 Iúil 1905: ‘One fault—the undue length of the sentences—is to be attributed to the fact that, as may be deduced from the announcement on the title-page, the narrative was dictated to an amanuensis. When one is slowly dictating, sentences are apt to lengthen out and the conjunction “agus” to intrude itself when a full stop would be better. If the author had been given an opportunity of hearing the book read over to him he would doubtless have split up many of his sentences and omitted a number of the conjunction’.

Tugadh a sheoladh in Irish Weekly Times Handbook of Sinn Féin Rebellion mar 3 St Joseph’s Tce, Upr Wellington Street. Is ann a bhí sé i nDaonáireamh 1911: William Soirtéal (33), ‘múinteoir gan obair’, a rugadh i mBaile Átha Cliath; a dheirfiúr Máire (40), ‘cailín meaisíne’; Bríd (38), nár luadh aon slí bheatha léi; a uncail Pól (74), baintreach, a rugadh i Sráidbhaile, Co. Laoise (cé gur léir go raibh sé 81!). Maidir lena bheith gan obair ag an am níor mhúinteoir bunaithe Liam, dá fheabhas é mar mhúinteoir, sa mhéid gur lasmuigh den státchóras a bhí scoileanna na mBráithre Críostaí ag an am.

Tá cuntas air in Scéala Éireann 1 Lúnasa 1938. ‘Liam Shortall was one of the first Dubliners to obtain a perfect command of the National Language and his aid was often sought on account of his linguistic abilities’. Deirtear sa chuntas sin go raibh sé ina bhall de Shinn Féin ó thús agus de Bhráithreachas na Poblachta, go raibh sé ina bhall de na hÓglaigh (Céad Chathlán Bhaile Átha Cliath) agus, tar éis dó a bheith gníomhach i gceantar Shráid na hEaglaise san Éirí Amach, gur daoradh chun báis é agus gur chaith sé tamall in Frongoch. Níl a ainm sna liostaí in Frongoch: university of revolution, 1987 le Seán O Mahony. Ach in Irish Weekly Times Handbook of Sinn Féin Rebellion dúradh gur go Stafford a cuireadh é. Ag pointe éigin d’fhág sé an mhúinteoireacht agus chuaigh isteach sa státseirbhís. Deir tuairisc Scéala Éireann go raibh sé ag obair faoin gcéad Dáil agus go raibh sé ag obair i Roinn an Rialtais Áitiúil ina dhiaidh sin.

Bhí sé ar a bhealach isteach i gcineama an Stella i Ráth Maonais lá. Bhí sé dorcha, tharla an scannán (‘The Sky’s the limit’ agus Jack Buchanan ann) a bheith tosaithe. Thit sé gur bhris a chos agus a ghlún agus d’éag go gairid ina dhiaidh sin ar 30 Iúil 1938. Ag 17 Plás Charlemont a bhí cónaí air ag am a bháis. Is cosúil go raibh leabhar dar teideal The conquest of Granada á aistriú aige le tamall anuas.