Ó DUBHGHAILL, Leon (1907–1967) Leon Ó DUBHGHAILL 1907 1967 Caonach, Co. an Longfoirt An Chabrach, Baile Átha Cliath M Scoil Iósaf, Marino, Baile Átha Cliath Scoil Uí Chonaill, Sráid Richmond, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

‘Ar a raibh ann uile le mo linnse ag saothrú ar son athbheochan na Gaeilge-ní raibh éinne eile a chaith a raibh ann de chumas a mheabhrach, de neart a choirp agus d’éirim a intleachta chomh lántiomanta is a chaith Leon Ó Dubhghaill é de ló is d’oíche ar feadh furmhór an daichead bliain ó tháinig sé in aois fir’. Sin é a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin faoi in Feasta, Lúnasa 1967.

Rugadh Leon Ó Dubhghaill ar 2 Bealtaine 1907 i gCaonach, Co. an Longfoirt, mar a raibh a athair Patrick Doyle ina bhall den Chonstáblacht Ríoga. B’as ceantar an Neidín i gCiarraí é ó cheart agus b’as Co. Liatroma dá mháthair Mary Carey. Tháinig an teaghlach chun cónaithe i mBaile Átha Cliath agus d’fhreastail Leon ar Scoil Iosaif, Marino, agus ar Scoil Uí Chonaill. Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, i 1929. Bhí sé ag múineadh i Scoil Uí Chonaill ar dtús agus ansin i Scoil Chainnigh, an scoil náisiúnta a bhí bainteach le Scoil Uí Chonaill. Phós sé Chris Ní Fhactnáin. D’éag sise i 1961 agus phós sé Peig Nig Ruairí.

Bhí baint aige le Cumann Lúthchleas Gael sular cheangail sé le Conradh na Gaeilge ach chomh luath le 1925 bhí sé ina chisteoir ag Craobh Bhríde, Baile Bocht. Díríodh aird an phobail air a chéaduair nuair a bhí sé ina chomhrúnaí in éineacht le Eibhlín Ní Chathailriabhaigh i bhFeis Átha Cliath. A fheabhas a bhí ag éirí leis an bhFeis sin faoi deara Oireachtas na Gaeilge a athbhunú. Cinneadh i 1937 ar an athbheochan seo tar éis don fhéile bheith ar fionraí le 13 bliana. I Meán Fómhair 1938 cuireadh cúram na rúnaíochta ar Leon. B’éigean dó leanacht air ag iompar an ualaigh seo go dtí Meitheamh 1955 nuair a ceapadh Donnchadh Ó Súilleabháin ina rúnaí lánaimseartha. Bhí Leon ansin ina Leas-Chathaoirleach go 1962 agus ina Chathaoirleach ó 1963 go dtí lá a bháis. Chaith sé ocht mbliana déag ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrtha Feasta.

An cháil a bhí air riamh gurbh fhear mór coistíochta é ach, mar is léir ar na haistí a scríobh Aindrias Ó Muimhneacháin agus Seosamh Ó Duibhginn faoi in Feasta, Lúnasa 1967, ní suí chun boird ná plé díomhaoin a bhí i gceist ach síorobair. Dúirt Ó Duibhginn: ‘Más mó a shaothraigh aon fhear eile ná é riamh ar son na teanga agus an chultúir dhúchais, ní heol dom é’.

D’aithníodh na mílte a ghuth nuair a léadh sé amach na hathruithe foirne agus fógraí eile ag na cluichí móra i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí sé ina Phríomhoide i Scoil Fhionnbharra Naofa, Cabrach, Baile Átha Cliath, nuair a d’éag sé san oifig ann ar 30 Meitheamh 1967.