Dar le ceoltóirí traidisiúnta gurbh é an duine ba cháiliúla riamh é dár bhailigh ceol rince. Chuir Breandán Breathnach nóta fada beathaisnéise i gcló san athchló de Irish minstrels and musicians a chuir Preas Mercier amach i 1987. Scríobh Breathnach in Léachtaí Cholm Cille, 1976: ‘Ba dhuine díobh féin é Ó Néill agus ba orthu sin a dhírigh sé a shaothar. Bhí ómós acu dó dhá réir agus maireann a chliú ina measc i gcónaí’. I dTrá Líobáin, trí mhíle siar ó Bheanntraí, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 28 Lúnasa 1848. Deirtear in Oxford DNB gur ‘(Daniel) Francis’ a ainm. Feirmeoir láidir a athair John agus ba í Catherine O’Mahoney, ar de mhuintir Uí Mhathúna ó Chaisleán Uí Mhathúna í, a mháthair. Is óna mháthair agus ar theallach a hatharsan (Donal O’Mahony ,‘An Cianach Mór’, fear a raibh fairsingse talaimh aige agus a chuireadh cóir ar cheoltóirí taistil) a d’fhoghlaim Francis idir amhránaíocht agus portaireacht. Le Béarla a tógadh é agus is Béarla ar fad a bhí sa scoil. Ach Gaeilge ar fad a bhí ina thimpeall. I litir chuig Séamus Ó Casaide ar 23 Samhain 1911 (MS 8116 [5] sa Leabharlann Náisiúnta) dúirt sé go raibh labhairt agus léamh na Gaeilge aige ach nár thug sé riamh faoina scríobh. Dealraíonn sé gur bheag ar fad di a léigh sé riamh. Rud eile a bhí flúirseach sa cheantar ba ea an ceol. Deir Breathnach: ‘Bhí beirt phíobairí gairmiúla ann, Peadar Bán Ó hÉigeartaigh,. . . agus Cormac Ó Murchú, Cormac na bPaidreachaí. Ba uathu san, óna mháthair agus óna athair, agus ó cheoltóirí eile sa chomharsanacht a fuair Ó Néill bunsraith a chuid ceoil’. D’fhoghlaim sé an fheadóg mhór ó fheirmeoir sa chomharsanacht.

D’éirigh leis a bheith ina mhonatóir i Scoil Bheanntraí agus ina mhúinteoir ina dhiaidh sin. Toisc go gcaitheadh a dheartháir mór gach pingin dá saothraíodh Proinsias ar bheithígh a cheannach dó féin chuaigh sé go Corcaigh agus é ar intinn aige, b’fhéidir, dul sna Bráithre Críostaí. Ina áit sin chaith sé timpeall bliana ina ghiolla cábáin agus chonaic na hIndiacha Thiar agus an domhan thoir. D’imigh sé ar bord loinge go Nua-Eabhrac in Iúil 1866 agus chaith tamall eile ina mhairnéalach gur shroich sé San Francisco. Bhí sé tamaill ag buachailleacht bó, ag múineadh scoile, agus ag obair ar bhád seoil sna Lochanna Móra. Phós sé Anna Rogers tuairim an ama seo; casadh ar a chéile ar dtús iad ar an turas loinge go Nua-Eabhrac in 1866. Bhí sé ag sclábhaíocht ar na bóithre iarainn in Chicago ar feadh cúpla bliain sula ndeachaigh sé isteach sna póilíní 12 Iúil 1873. Fuair sé ardú céime mí ina dhiaidh sin nuair a gortaíodh é tar éis dó dul i ngleic le coirpeach nótáilte. Dar le Catholic Bulletin, Márta 1936 gur de thoradh an chéad áit a fháil i scrúdú poiblí a fuair sé céim chaptaein. Rinne ceannfort de i 1901 agus d’éirigh as an bhfórsa i 1905. ‘The Chief O’Neill’ a ghlaoití air i ngeall ar an bpost sin.

B’fhéidir a rá gurbh é Chicago lárionad cheolta tíre na hÉireann lena linn. D’fhostaíodh sé mar phóilín aon cheoltóir a bhí díomhaoin. Póilíní ann ba ea John Ennis, James Early agus John McFadden gan trácht ar an Sáirsint James O’Neill. Thagadh mórcheoltóirí mar Patsy Tuohy agus Barney Delaney go Chicago agus sagairt an cheoil mar Fielding agus Dollard. Agus bhí club ceoil mór ann a ndearna Ó Néill an cur síos seo air in Irish folk music; a fascinating hobby: ‘After less than eight years of unharmonious existence, the most enjoyable, companionable and representative association of Irish musicians, singers and dancers ever organised in America, degenerated into a mere shadow of its former prominence, until its disruption in 1909 following a clash of mercenary interests’.

D’fhéach sé chuige go gcaomhnófaí na foinn go léir a bhí aige féin agus ag ceoltóirí eile trína scríobh síos i gcliathnodaireacht. Deir Breathnach (Ceol agus rince na hÉireann, 1989): ‘Is díol iontais dhá mhéid spéis dhá raibh ag Proinsias Ó Néill sa gceol nár bhac sé riamh le foghluim lena scríobh. Duine ar a threibh féin, an Sáirsint Séamas Ó Néill, bheidhleadóir oilte as Co. an Dúin, a d’fheidhmigh mar scríobhaí dó’. The music of Ireland, 1903 an chéad chnuasach a chuir sé amach agus as a phóca féin a d’íoc sé costas a fhoilsithe. Ba é an cnuasach ba mhó de cheol na hÉireann é go nuige sin: 1,850 fonn ar poirt rince 1,100 díobh. Faightear de locht ar an gcnuasach seo foinn ar nós ‘Kathleen Mavourneen’, ‘Killarney’, ‘The Heart bowed down’. . . a bheith ann. Ach is é an leabhar is aitheanta dár sholáthair sé The dance music of Ireland, 1907, ar gheall le bíobla ag ceoltóirí tíre é ar feadh i bhfad. Leabhair eile leis is ea: Irish folk music: a fascinating hobby, 1910; Irish minstrels and musicians, 1913. Leathdhosaen leabhar a d’fhoilsigh sé ar a chostas féin. Chuir sé uirlisí á ndéanamh chun go ndéanfaí cló-aghaidh gaelach d’aonúim amháin chun teidil Ghaeilge a chur ar na foinn go léir ina chuid leabhar. Rugadh cúigear mac dó agus fuair an duine deireanach díobh bás i 1904. Deir Lawrence William White in DIB gur bhásaigh roimhe féin seisear den ochtar leanaí a bhí aige - cúigear mac agus aon iníon amháin. Bhí triúr de na mic sin a d’éag den diftéire in imeacht aon lae amháin. D’éag sé féin in Chicago ar 28 Eanáir 1936. D’fhág sé a bhailiúchán leabhar agus eile le huacht ag Ollscoil Notre Dame in Indiana.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú