O’CASEY, Seán (1880-1964) Seán O’CASEY P. Ó Cathasaigh Seán Ó Cathasaigh 1880 1964 85 Sráid na Driseoige Uachtarach, Baile Átha Cliath Torquay, Sasana M Scoil Naomh Barnabas, Baile Átha Cliath scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Saighdiúir coise i ngluaiseacht na teanga ba ea é i rith na tréimhse 1899-1914 ach tharraing sé aird ar leith air féin mar dhuine den ghrúpa beag a rinne iarracht ar shoiscéal na Gaeilge a chraobhscaoileadh i measc a gcomh-Phrotastúnach. Dá dhíograisí é, áfach, ní móide go mbeadh trácht air in annála na Gaeilge murach an cháil a bhain sé amach mar scríbhneoir Béarla agus murach an cur síos a rinne sé ar an gConradh agus ar Chonraitheoirí ina leabhair dhírbheathaisnéise. Ba liosta le lua na leabhair go léir a scríobhadh faoi féin agus a shaothar. Scríobh an scoláire Meiriceánach David Krause péire beathaisnéis: Sean O’Casey: the man and his work, 1960; Seán O’Casey and his world, (1976). Tá neart eolais i dtaobh a mhuintire ag Martin B. Margulies in The early life of Seán O’Casey, 1970. Scríobh a bhean Eileen Seán, 1971. Chuir Ronald Ayling agus Michael J. Durkin Seán O’Casey: a bibliography, (1978) ar fáil. Tá cuntas fada ag Proinsias Mac Aonghusa ar Sheán Gaeilgeoir in ‘Seán O’Casey and the Gaelic League’ (Féile Zozimus, Imleabhar 3, 1994 in eagar ag Vivian Uíbh Eachach agus Dónal Ó Faoláin). Scríbhneoir bisiúil litreacha ba ea é agus is iomaí gné dá shaol a bhfuil tagairt di sna ceithre himleabhar dá litreacha a foilsíodh 1975-1992 in eagar ag David Krause. B’fhéidir gurbh í an fhianaise phearsanta is láidre ar a náisiúnaíche a bhí sé a bhfuil ag Earnán de Blaghd [q.v.] ina thaobh in Trasna na Bóinne, 1957. Meastar go coitianta nach bhfuil an leathdhosaen imleabhar dírbheathaisnéise a scríobh sé intaofa, maidir le dátaí ná factanna, mar fhoinse eolais ar stair na linne ná fíu ar a eachtraí féin.

B’as LuimneachCiarraí dá athair Michael Casey. Protastúnach ba ea an mac feirmeora seo agus phós sé Susan Archer, iníon le ceantálaí, in Eaglais Naomh Caitríona, Sráid Thomáis, Baile Átha Cliath, ar 27 Eanáir 1863. Trí dhuine déag clainne a bhí acu ach níor shroich aois oirbhirt ach cúigear, cailín agus ceathrar buachaillí. Cléireach i gCumann Misean Eaglais na hÉireann ba ea an t-athair agus i gcomhtheács na haimsire sin ní raibh siad bocht. Ag 85 Sráid na Driseoige Uachtarach a bhí cónaí orthu ar dtús agus is ann a rugadh Seán ar 30 Márta 1880. Trí bliana ina dhiaidh sin d’aistrigh siad go dtí 7 Paráid Inis Faithleann. Chuaigh cúrsaí an teaghlaigh i ndonacht nuair a fuair an t-athair bás ar 6 Meán Fómhair 1886; an bheirt bhuachaillí a bhí ag obair i seirbhís an phoist chuaigh siad isteach san arm an bhliain dár gcionn; phós a ndeirfiúr Bella saighdiúir agus d’fhág a post múinteora nuair a bhí sí ag iompar clainne. Níor chabhair ar bith go raibh deartháireacha Sheáin tugtha don tromólachán.

Ar scoil ag Bella i Sráid Doiminic a bhí Seán ar dtús. Nuair a d’aistrigh an teaghlach go 25 Ardán Hawthorne in 1889 thosaigh sé ag dul go Scoil Naomh Barnabas. Ba mhinic as láthair é mar bhí trioblóid aige lena shúile ó bhí sé an-óg, tinneas a leanfadh é ar feadh a shaoil, agus níor fhoghlaim sé léamh ná scríobh go raibh sé sna déaga. Faoi 1894 bhí sé ag obair i ngnó coinneallóireachta i Sráid Anraí. An bhliain dár gcionn bhí páirt sagairt aige in The Shaughraun in Institiúid na Meicneoirí. Faoi 1896 nó 1897 bhí sé ag obair i ngnó Eason i Sráid na Mainistreach Íochtarach ar feadh seachtaine; tugadh bóthar dó i ngeall ar easumhlaíocht. Tuairim an ama sin d’aistrigh an teaghlach go 4 Bóthar Obar Chúirnidh. Is mar seo a bhí an teaglach i nDaonáireamh 1901: Susan (66); Michael (34); Thomas (23); John (21). ‘Junior delivery clerk’ an cur síos ann ar shlí bheatha Sheáin. Cheana féin bhí spéis á cur aige sa Ghaeilge agus thabharfá leat óna dhírbheathaisnéis go raibh spreagadh á thabhairt dó ag fear traim darb ainm Éamonn Ó Fearghail agus ag Seán Ó Conghaile [B3 lch 84]. Níl a fhios cé a mhúin Gaeilge dó ná cé a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é. Tuairim an ama chéanna bhí tionchar air ag an gcuráideach óg i bparóiste Naomh Barnabas, J.S. Fletcher, agus bhí sé ag cur spéise i liotúirge na heaglaise agus ag teagasc i scoil Domhnaigh Naomh Barnabas ó 1900 go 1903.

Thosaigh sé ag obair i 1903 mar chúntóir bríceadóra do Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (GNR) agus d’fhan leo go ceann naoi mbliana. Deir Proinsias Mac Aonghusa gur sa bhliain sin freisin a chuaigh sé isteach i gCraobh Dhroim Conrachden Chonradh agus go raibh sé ina rúnaí ag an gcraobh faoi 1908 agus ina mhúinteoir acu. Bhíodh sé ag iomáint le club iomána na hArd-Chraoibhe agus d’éirigh cairdiúil le hEarnán de Blaghd. Ní raibh radharc na súl sách maith chun na hiomána ag ceachtar díobh. ‘Nuair d’éirigh le tosnaitheoirí eile dul ar an bhfoireann agus nár tugadh aon aird orainne, thuigeamar gur chúpla sinn, mar a déarfá, agus d’éiríomar an-mhuinteartha lena chéile’. Agus bhí an méid seo le rá ag an mBlaghdach faoi chreideamh Uí Chathasaigh: ‘Bhí aigesean dearcadh na n-eaglaiseoirí “arda” sin go raibh claonadh acu aithris a dhéanamh ar dheasghnátha na gCaitliceach...’. Shíl sé gur ghairid eile go n-iompódh Seán ina Chaitliceach. Ba é Seán a thug de Blaghd isteach i gCiorcal Bhráithreachas na Poblachta a dtugtaí Cumann Liteartha agus Díospóireachta Phartholáin Teeling air agus ba é an Blaghdach féin a thug Seoirse Ó hEireamhóin[q.v.] isteach ann. Bhí an triúr acu agus fear eile de na bráithre sin, Séamas Deakin[q.v.], páirteach san ‘Gaelic Mission to Protestants’, iarracht eagraithe ar shoiscéal an Ghaelachais a chraobhscaoileadh i measc Protastúnach. Tá cuntas ar an bhfeachtas ag Risteárd Giltrap in An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann, 1990 ar léir air gur cuireadh i leith an ghrúpa bhig gur ag tarraingt seicteachais isteach sa Chonradh a bhí siad. Ar 25 Bealtaine 1907 bhí an chéad aiste i gcló aige, ‘Sound the Loud Trumpet’, in The Peasant and Irish Ireland.

Théadh Seán uaireanta go dtí rang a bhíodh san Ard-Chraobh ag Sinéad de Valera [q.v.]. Toisc an chairdis a bhí eatarthu thosaigh an Blaghdach ag dul go dtí Craobh Dhroim Conrach ‘mar a mbíodh Seán ag múineadh ranganna agus é ina threoraí ar na baill’. Uair sa mhí ann léití as irisleabhar lámhscríofa na craoibhe agus bhíodh gearrscéal grinn ann go rialta ó pheann Sheáin.

Chuir an íde a thug na heaspaig do Mhicheál Ó hIceadha[B1] i 1909 as dó go mór; thiomnódh sé Drums under the windows, 1945 dó: ‘. . . Forgotten, unhonoured, unsung in Éire, here’s a Gael left who continues to say Honour and Peace to your brave and honest soul, Michael O’Hickey, till a braver Ireland comes to lay a garland on your lonely grave’. An bhliain dár gcionn bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí Bhanna Píobairí Lorcáin Uí Thuathail; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chlub Lorcáin Uí Thuathail i 1907. Thugadh an banna seo tacaíocht don Chonradh agus dá fheiseanna. An bhliain sin freisin scríobh sé litir ag damnú ceolchoirm a reachtáladh Lá Fhéile Pádraig i gcuimhne Riobaird Emmet (i gcló ag Proinsias Mac Aonghusa) toisc a laghad Gaeilge a úsáideadh. Bhí litir bharrúil Ghaeilge i gcló aige in An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912 ag gearán faoin gcaoi ar chaith Michéal Ó Maoláin [B4] leis na píobairí. Bhí an Maolánach agus é féin in aontíos le chéile i 1920-21 agus is ar Mhicheál a bhunaigh sé carachtar Shéamuis Shields in The Shadow of a Gunman. Tá cuntas Mhichíl ar an eachtra ba bhun leis an dráma sin in Feasta, Bealtaine 1955.

Faoi 1911 bhí cónaí ar an teaghlach ag 18 Bóthar Obar Chúirnidh agus Seán a líon isteach an fhoirm i nGaeilge.

I 1913 d’iarr sé in Irish Worker go dtabharfaí tacaíocht airgid do Scoil Éanna agus toghadh é ina rúnaí ag Coiste Cuimhneacháin Wolfe Tone. Ach cheana féin bhí a dhíograis ag fuarú. Ghlac sé scannal le scéal a chuala sé ar Phádraig Mac Piarais[B4] gur thaistil sé ar thram i rith frithdhúnadh 1913. Toghadh é ina rúnaí in Arm na Saoránach ar 22 Márta 1914 agus faoin ainm ‘P.Ó Cathasaigh’ scríobh sé The story of the Irish Citizen Army, 1919. D’fhág sé an post i nDeireadh Fómhair 1914 nuair a chonaic sé go raibh siad ag druidim níos gaire do na hÓglaigh sin a bhí in aghaidh sheasamh an Réamonnaigh i leith an Chogaidh Mhóir. Bhí Bráithreachas na Poblachta fágtha aige agus ní léir go raibh baint aige le gluaiseacht na Gaeilge i ndiaidh 1914. B’fhéidir gurbh í géarchéim an lucht oibre i 1913 faoi deara an t-athrú meoin. Nó b’fhéidir gurbh é an cumannachas a bhí foghlamtha aige a bhí ag teacht salach ar a náisiúnachas. Tá cuntas ar an teannas a bhí idir Bráithreachas na Poblachta agus an Lucht Oibre i 1913, agus ar a mhéid a bhí O’Casey freagrach ann, ag Pádraig Ó Snodaigh in Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916, 1966. Bhí sé féin ina bhall de Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann (ITGWU) ó 1911 ar aghaidh agus briseadh as a phost iarnróid é ar 28 Samhain na bliana sin. B’fhéidir a rá gur chuir 1916 agus a lean é lena sheirbhe. Ach anuas go dtí Bealtaine 1923 is i nGaeilge a shíníodh sé a ainm. Thug The Leader faoi deara um Nollaig 1924 go raibh fogha tugtha aige ar mhúineadh na teanga sna scoileanna. Sa fhreagra a chuir sé chuig an bpáipéar sin thug sé dúshlán D.P. Moran [B4] díospóireacht a dhéanamh leis i nGaeilge i dtaobh na ceiste. Rinne sé magadh faoina laghad Gaeilge a bhí sa pháipéar aige. I gcomhfhreagras le Liam Ó Rinn[B1] in The Irish Statesman i 1925 bhí sé in aghaidh Gaeilge a mhúineadh do pháistí na mbocht agus chreid sé gur fimíneacht a bhí ar siúl ag cuid mhór de cheannairí na tíre; thug sé faoi deara gur i mBéarla a bhí feachtais an dá thaobh san olltoghchán i nGaeltacht Dhún na nGall agus as 34 fógra in Fáinne an Lae nach raibh ach trí cinn i nGaeilge ‘and the rest are in the much-abused but ever serviceable English’. ‘Unable to force the big people, Miss MacSwiney [Máire Nic Shuibhne q.v.] and the rest of them are determined to make national Atlases of the little ones, bearing up what she is pleased to call the nation on their frail little backs’. Bliain ina dhiaidh sin nuair a bhí duais Hawthornden á bronnadh air i Londain thagair an Bhantiarna Gregory dá dhíograis timpeall na Gaeilge: ‘With the revival (sic) of the Gaelic League, he became a great enthusiast for the language. He not only learned to speak Gaelic fluently, but he wrote it. Learning a second language was, in some ways, a classical education’ (Irish Times 24 Márta 1926).

Ba é a chéad fhoilseachán The story of Thomas Ashe (1918). An bhliain chéanna sin chuir sé ar fáil na leabhráin The sacrifice of Thomas Ashe, Songs of the Wren 1 agus 2, More songs of the wren. Scríobh sé roinnt drámaí sular ghlac an Mhainistir le The Shadow of a Gunman i 1923. Ba iad na drámaí Juno and the Paycock (1924) agus The Plough and the Stars (1926) a chuir a ainm i mbéal an phobail. Bhí léirsithe sa Mhainistir nuair a léiríodh an Plough agus go luath ina dhiaidh sin thug O’Casey Londain air féin. Phós sé thall Eileen Carey Reynolds, aisteoir, ar 23 Meán Fómhair 1927. I mBaile Átha Cliath a rugadh í agus b’as ceantar Bhéal an Mhuirthead dá máthair agus b’as an Iarmhí dá hathair. Rugadh beirt mhac agus iníon dóibh. Cuireadh casadh aigne arís in aghaidh na hÉireann ann nuair a dhiúltaigh an Mhainistir do The Silver Tassie i 1928. Go 1931 is i Londain a bhí cónaí orthu. D’aistrigh siad go Chalfont St Giles, Bucks. Chuir siad fúthu in Totnes, Devon, i 1940 agus faoi 1954 bhí siad lonnaithe in Torquay. Nuair a stáitsigh Cyril Cusack The Bishop’s Bonfire i mBaile Átha Cliath i 1955 bhíothas ag cur ina aghaidh i ngeall ar fhrithchléireachas agus arís i 1958 ní thabharfadh ardeaspag Bhaile Átha Cliath cead aifreann a rá mar chuid den Fhéile Amharclainne de bhrí dráma Uí Chathasaigh The Drums of Father Ned a bheith sa chlár. Ní hamháin gur tharraing sé an dráma sin siar ach ní thabharfadh cead feasta d’aon amharclann ghairmiúil in Éirinn a dhrámaí a stáitsiú. D’éag sé ar 18 Meán Fómhair 1964.

Tá fianaise éigin gur lean a spéis sa Ghaeilge tar éis dó Éire a thréigean. Scríobh sé chuig Brian Ó Nualláin[q.v.] faoi An Béal Bocht ar 2 Aibreán 1942 agus thagair do phrós an Athar Peadar Ó Laoghaire[B2]. Dúradh in Inniu 6 Lúnasa 1948: ‘Rud nach eol dona lán daoine ... tá Gaeilge ag Seán Ó Cathasaigh agus léann sé leabhraí agus tréimhseacháin Ghaeilge. Tá Tonn Tuile [úrscéal Shéamuis Uí Néil] léite aige. “I think it fine, all fine and very fine at times”.’ Tá litir chuig Walter Macken[q.v.] in imleabhar a trí dá litreacha:

Tell me have you ever read An Béal Bocht ? It was written by him who writes as Myles na Coppalleen [sic] in the Irish Times. I understand that it caused a lot of anger among the Gaels. I have read it. It is undoubtedly bitter but some of it excellently written and a good deal is true. There are a few Corca Dorchaí in Ireland still. The thing, in my opinion, that weakens the Gaelic movement is the same thing that weakens every movement here—too select a selection of leaders. . . . What a pity Jim Larkin wasn’t an Irish speaker and what a pity Pearse died in Easter week.

Dúirt Ciarán Ó Nualláin in Inniu 4 Aibreán 1980 go léadh sé an páipéar sin go rialta.